Ordú 96

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1. San Ordú seo—
ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Chlárú Teidil, 1964.

ciallaíonn ‘‘Oifig Chlárlann na Talún’’ an phríomhoifig a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Teidil, 1964, alt 7.

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Ordú seo, féadfar aon iarratas nó achomharc chun na Cúirte faoin Acht, agus aon iarratas eile chun na Cúirte ar ordú nó ordachán a bhainfidh le húinéireacht aon talún nó aon mhuirir a chlárú ar chlár arna chothabháil faoin Acht, a thionscnamh le fógra foriarratais tionscnaimh agus éistfidh cibé Breitheamh é a shannfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile chun é a éisteacht.

3.. Ar cheann fógra foriarratais tionscnaimh, agus mionnscríbhinní a úsáidfear sna imeachtaí faoi, beidh—


‘‘An Ard-Chúirt
Clárlann na Talún’’

agus is é teideal a chuirfear orthu ná maidir leis an Acht agus leis an alt (más ann) a mbeidh na himeachtaí á dtionscnamh faoi nó dá bhun, agus maidir le fóilió an chláir ina mbeidh teideal na dtailte lena mbainfidh na himeachtaí cláraithe, agus luafar ainm an úinéara chláraithe iontu. I gcás nach mbeidh an teideal cláraithe, is é teideal a chuirfear ar an bhfógra foriarratais agus ar na mionnscribhinní ná maidir le hiarratas ar chéadchlárú, maille lena uimhir, agus luafar ainm an iarratasóra iontu.
4. Déanfar gach duine dá ndéanfaidh, nó a bhféadfaidh sé go ndéanfaidh, an faoiseamh a bheidh á éileamh difear a ainmniú mar fhreagróir san fhógra foriarratais tionscnaimh, ach amháin i gcás nach feasach don iarratasóir nó don achomharcóir cé hé an duine sin nó cá bhfuil sé.

5. Luafar i bhfógra foriarratais tionscnaimh an faoiseamh a bheidh á éileamh, maille le forais an iarratais nó an achomhairc (de réir mar a bheidh), agus tagrófar ann don mhionnscríbhinn nó do na mionnscríbhinní (más ann) a bheidh beartaithe a úsáid mar thaca leis.

6. Is le mionnscríbhinn a thabharfar an fhianaise nuair a bheidh iarratas nó achomharc á éisteacht ach amháin a mhéid a ordóidh an Chúirt fianaise béil a thabhairt.

7. Déanfar fógra foriarratais tionscnaimh a chomhdú in Oifig Chlárlann na Talún seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh ainmnithe ann chun é a éisteacht; agus déanfar aon mhionnscríbhinn a mbeifear ar intinn í a úsáid mar thaca leis a chomhdú in Oifig Chlárlann na Talún san am céanna, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. Féadfaidh Cláraitheoir na dTeideal an tréimhse ama chun aon fhógra foriarratais tionscnaimh nó mionnscríbhinn a chomhdú a ghiorrú. Beidh feidhm ag riail 1 agus ag rialacha 4 go 20 d’Ordú 40, a mhéid is infheidhme, maidir leis na mionnscribhinní sin. Faoina réir sin, beidh feidhm ag Ordú 52, a mhéid is infheidhme, maidir le himeachtaí faoin Acht nó de bhun an Ordaithe seo.

8. Seirbheálfar fógra foriarratais tionscnaimh ar an bhfreagróir trí chóip de a chur chuige leis an bpost cláraithe sé lá glan ar a laghad sula n-éistfear é nó, i gcás ina mbeidh cónaí ar an bhfreagróir lasmuigh den dlínse, laistigh de cibé tréimhse ama is faide ná sin roimh an éisteacht a ordóidh Cláraitheoir na dTeideal; agus déanfar cóip de gach mionnscríbhinn a mbeifear ar intinn í a úsáid mar thaca leis a sheoladh ina theannta. Déanfar é a sheirbheáil, freisin, sa tslí chéanna ar cibé daoine eile (más ann) a ordóidh Cláraitheoir na dTeideal tráth nach déanaí ná seacht lá sula n-éistfear é, ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt, i gcás ar bith, a ordú gur seirbheáil phearsanta nó eile a dhéanfar.

9. I gcás ina mbeidh naíon ina fhreagróir, beidh feidhm, a mhéid is infheidhme, ag forálacha Ordú 9, riail 5, maidir le seirbheáil air; ar an gcoinníoll, i gcás ina mbeidh duine ceaptha ag an gCúirt chun feidhmiú ar son an naín sin, go ndéanfar seirbheáil ar an duine sin agus go measfar gur seirbheáil mhaith ar an naíon í.

10. I gcás ina mbeidh gealt nó duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne ina fhreagróir, beidh feidhm, a mhéid is infheidhme, ag forálacha Ordú 9, riail 6, maidir le seirbheáil air; ar an gcoinníoll, i gcás ina mbeidh caomhnóir ar an duine mímheabhrach sin ceaptha ag an gCúirt, go ndéanfar seirbheáil ar an gcaomhnóir sin agus go measfar gur seirbheáil mhaith ar an bhfreagróir í.

11. Féadfaidh an Chúirt seirbheáil fógra foriarratais tionscnaimh nó doiciméid eile ar aon duine a ligean thar ceal, nó a ordú go ndéanfar aon duine nach mbeidh seirbheáilte a sheirbheáil nó a ainmniú mar fhreagróir sna himeachtaí.

12. I gcás ina mbeidh go leor daoine ann a mbeidh an leas céanna acu sna himeachtaí, féadfaidh an Chúirt duine amháin nó níos mó de na daoine sin, ar freagróir é nó ar freagróirí iad, a cheapadh chun feidhmiú ar son na coda eile de na daoine sin.

13. Is ó Oifig Chlárlann na Talún a eiseofar gach ordú a dhéanfar in imeachtaí faoin Acht nó de bhun an Ordaithe seo. Is í an Phríomh-Oifig a eiseoidh gach ordú forghníomhaithe chun é a chur i bhfeidhm.

14. Déanfar nós imeachta le toghairm speisialta a ghlacadh i gcás iarratais chun na Cúirte, faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, alt 62 (7), ó úinéir muirir chun seilbh a fháil ar thalamh chláraithe, agus ní bheidh feidhm ag na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo maidir leis na himeachtaí sin.