Ordú 123

Imeachtaí a thaifeadadh : I.R. Uimh. 325 de 2008

1. San Ordú seo, tá leis an abairt “taifead” an bhrí atá léi in Ordú 86.
2. Ag triail nó éisteacht aon chúise nó ábhair, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gCúirt agus faoi réir agus de réir aon ordacháin ón gCúirt, taifead a dhéanamh, nó a chur faoi deara taifead a dhéanamh, de na himeachtaí, agus áireofar sa taifead sin (faoi réir, i gcás imeachtaí coiriúla, riail 14(2) d’Ordú 86)–

(a) an fhianaise béil;

(b) i gcás caingne a bheidh á triail ag Breitheamh agus giúiré, coimriú agus treoruithe an Bhreithimh don ghiúiré, agus na haighneachtaí agus na foréilimh a bheidh curtha faoi bhráid an Bhreithimh agus a rialú orthu;

(c) in aon chás a bheidh á thriail ag Breitheamh gan ghiúiré, breithiúnas an Bhreithimh (mura breithiúnas i scríbhinn é).

3. Ag éisteacht aon fhiosrúcháin i dtaobh damáistí nó aon imeachtaí eile ag an Máistir, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón Máistir agus faoi réir aon ordaithe nó ordacháin ón Máistir, taifead a dhéanamh, nó a chur faoi deara taifead a dhéanamh, de na himeachtaí sa chás sin, agus áireofar sa taifead sin–

(a) aon fhianaise béil;
(b) aon óráid nó aighneachtaí ó abhcóide nó aturnae;

(c) breithiúnas an Mháistir (mura breithiúnas i scríbhinn é),

agus ní bheidh feidhm ag Ordú 36, riail 44, in aon chás den sórt sin.

4. Is é an páirtí a mbeidh taifead á dhéanamh aige, nó a bheidh ag cur faoi deara taifead a dhéanamh, i gcás dá dtagraítear i riail 2 nó riail 3, a íocfaidh costas táirgthe an taifid agus, i gcás ina mbeidh aon scríbhinn ag teastáil, costas táirgthe na scríbhinne sin, agus déanfaidh an páirtí sin an íocaíocht sin mura ndeimhneoidh an Breitheamh nó an Máistir (de réir mar a bheidh), tar éis na trialach nó na héisteachta, gurb é a thuairim go raibh sé fóirsteanach go ndéanfaí na himeachtaí nó aon chuid díobh a thaifeadadh amhlaidh, nó, de réir mar a bheidh, go ndéanfaí scríbhinn a tháirgeadh. Má thugtar an deimhniú sin, beidh an costas, arbh é déanamh an taifid (agus, i gcás ina ndeimhneofar é, aon chostas arna eascairt as scríbhinn a tháirgeadh den taifead nó ón taifead) lena mbaineann an deimhniú ba chúis leis, ina chuid de na costais sa chúis.

5. Beidh de chumhacht ag an mBreitheamh, i gcúrsa na trialach nó na héisteachta nó ar í a chríochnú, a ordú go dtabharfaí dó ar chostas an phobail, nó go dtabharfaí d’aon pháirtí a iarrfaidh í ar chostas an pháirtí sin, scríbhinn den taifead nó d’aon chuid de.

6. (i) I gcás achomhairc, ní dhéanfar ach an chuid sin den taifead de na himeachtaí a gcomhaontóidh na páirtithe í a bheith iomchuí a athscríobh agus a áireamh sna leabhair achomhairc a bheidh le taisceadh ag an achomharcóir de bhun Ordú 58, riail 12. Féadfaidh aon pháirtí, áfach, a chur faoi deara go ndéanfar aon chuid bhreise den taifead a athscríobh agus a áireamh sna leabhair achomhairc ach ní lamhálfar costais na coda breise sin den scríbhinn (nó na costais a bhainfidh le cóipeanna a dhéanamh di) dó mar chuid d’aon chostais a dhámhfar dó mura ndeimhneoidh an Chúirt Uachtarach, díreach tar éis an achomhairc, gurb é a tuairim go raibh sé fóirsteanach nó inmhianaithe go ndéanfaí an scríbhinn den chuid bhreise sin den taifead a thaisceadh leis na leabhair achomhairc.

(ii) Beidh de chumhacht ag an gCúirt Uachtarach, ar iarratas ó aon pháirtí nó gan aon iarratas den sórt sin, a ordú, roimh éisteacht achomhairc nó le linn achomharc a éisteacht, go ndéanfaí aon chuid den taifead de na himeachtaí nach mbeidh áirithe sna leabhair achomhairc a athscríobh agus a áireamh leo.

7. Féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt a cheangal go dtabharfaí taifead ar aird di ar cibé modh a theastóidh uaithi.

8. Mura rud é

(a) go gceadófar a mhalairt leis an Ordú seo agus de réir an Ordaithe seo, nó

(b) go gceadóidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt a mhalairt agus, sa chás sin, faoi réir agus de réir aon ordacháin ón gcúirt sin,

ní dhéanfaidh aon duine, seachas an tSeirbhís Chúirteanna nó duine a údaróidh sí thar a ceann, aon taifead d’imeachtaí seachas trí nótaí scríofa nó luathscríofa.”;
.