Ordú 95

Comhlachtaí araíonachta gairmiúla

1. (i) Is le toghairm speisialta a thionscnófar achomharc chun na Cúirte de bhun Acht na bhFiaclóirí, 1928, alt 33, Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931, alt 39 (arna leasú le hAcht na dTréidleá, 1960), Acht na nAltran, 1950, alt 49, nó Acht na Radharcmhastóirí, 1956, alt 30 nó alt 39.
(ii) Déanfar an toghairm a eisiúint laistigh den tréimhse ama atá ceaptha leis an alt áirithe den reacht faoina mbeidh an t-achomharc á thionscnamh agus seirbheálfar í ar an gComhairle, ar an mBord nó ar an gCoiste a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh i gcoinne a breithe nó a bhreithe. Déanfar an Chomhairle, an Bord nó an Coiste sin a ainmniú mar fhreagróir sa toghairm.

(iii) Luafar sa toghairm cad é an cineál breithe a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh ina coinne, forais an achomhairc agus cad é an cineál ordacháin nó ordaithe a bheidh á lorg ón gCúirt, agus déanfar í a fhíorú le mionnscríbhinn ón achomharcóir.

2. (i) Maidir le hiarratas chun na Cúirte, arna dhéanamh de bhun Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931, alt 34 (3) nó 36 (5) (arna leasú le hAcht na dTréidleá, 1960), chun breith a bheidh tugtha ag Comhairle na dTréidlianna a chealú nó de bhun Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978, alt 46 (3), 47 (3) nó 49 (3), chun breith a bheidh tugtha ag Comhairle na nDochtúirí Leighis a chealú, is le toghairm speisialta, a eiseofar laistigh den tréimhse ama atá ceaptha leis an alt áirithe den reacht iomchuí agus a sheirbheálfar ar an gComhairle a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh i gcoinne a breithe, a dhéanfar é. Ainmneofar an Chomhairle sin mar fhreagróir sa toghairm.

(ii) Fíorófar an toghairm le mionnscríbhinn ón iarratasóir, ina leagfar amach na fíorais ábhartha ar a mbeidh a sheasamh ag an iarratasóir.

3. (i) Is le toghairm speisialta, agus gan í a bheith le seirbheáil marcáilte uirthi, a dhéanfaidh Comhairle na dTréidlianna iarratas chun na Cúirte de bhun Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931, alt 34 (4) nó 36 (6) (arna leasú le hAcht na dTréidleá, 1960), nó a dhéanfaidh Comhairle na nDochtúirí Leighis iarratas chun na Cúirte de bhun Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978, alt 46 (4), 47 (4) nó 49 (4).

(ii) Leagfar amach go hachomair san fhormhuiniú ar an toghairm na fíorais ábhartha ar a mbeidh an bhreith bunaithe agus luafar ann cad é an cineál breithe í, agus fíorófar é le mionnscríbhinn ón gcláraitheoir nó ó oifigeach eile a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag an gComhairle iomchuí.

(iii) Is é teideal a chuirfear ar gach toghairm faoin riail seo ná maidir leis an Acht iomchuí agus ar iarratas ón gComhairle a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aici.

4. Féadfar toghairm nó aon doiciméad a sheirbheáil ar Chomhairle, ar Bhord nó ar Choiste dá dtagraítear san Ordú seo trína seirbheáil nó trína sheirbheáil ar rúnaí nó ar chláraitheoir (de réir mar a bheidh) na Comhairle, an Bhoird nó an Choiste sin, nó trína cur nó trína chur leis an bpost cláraithe arna dhíriú chuig an rúnaí sin nó chuig an gcláraitheoir sin ag oifigí na Comhairle, an Bhoird nó an Choiste sin.

5. Is le mionnscríbhinn a thabharfar an fhianaise nuair a bheidh aon achomharc nó iarratas lena mbainfidh an tOrdú seo á éisteacht, ach amháin a mhéid a ordóidh an Chúirt fianaise béil a thabhairt. Féadfaidh an Chúirt a cheangal go ndéanfaidh aon pháirtí aon fhógra, mionnscríbhinn, dearbhú nó doiciméad eile a bheifear tar éis a úsáid nó a chur i bhfianaise os comhair na Comhairle, an Bhoird nó an Choiste ar i ndáil lena breith nó lena bhreith a bheidh an t-achomharc á thionscnamh nó an t-iarratas á dhéanamh, nó athscríbhinn d’aon fhianaise béil nó taifead eile ar aon fhianaise béil a bheidh tugtha os comhair na Comhairle, an Bhoird nó an Choiste sin, a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil don Chúirt i cibé slí a ordóidh an Chúirt.