Ordú 84C

I.R. Uimh. 14 de 2007

Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don ordú seo.

Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla. 

 

 

 

  1. 1 I gcás ina ndéantar socrú le haon achtachán maidir le hachomharc a bheith le déanamh chuig an Ard-Chúirt nó chuig breitheamh den Ard-Chúirt:
  1.  i gcoinne breith a bheidh tugtha nó cinneadh a bheidh déanta, nó
  2. i gcoinne ordachán a bheidh tugtha, nó
  3. i gcoinne ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra a bheidh eisithe,

ag duine nó comhlacht, seachas cúirt, is duine nó comhlacht a bheidh údaraithe le haon achtachán chun an bhreith sin a thabhairt nó an cinneadh sin a dhéanamh, chun an t-ordachán sin a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, chun an ceanglas sin a fhorchur nó fógra a thabhairt faoi (dá ngairtear “an comhlacht breithiúnachta” san Ordú seo), agus nach ndéantar socrú maidir leis an nós imeachta is infheidhme leis an achtachán lena mbaineann nó le hOrdú eile de na Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach sna rialacha seo a leanas den Ordú seo, ach sin faoi réir aon cheanglais den achtachán iomchuí.

 

 

  1. 1
  1. 2  i gcás ina ndéanfaidh comhlacht, eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúis lena mbaineann alt 120(2) d’Acht 2018 agus a mbeidh sainordú tugtha dó nó di ag ábhar sonraí achomharc a thionscnamh thar ceann an ábhair sonraí faoi alt 150 den Acht achomharc den sórt sin a thionscnamh,
    1. áireofar inti ráiteas á rá sin, agus
    2. daingneofar inti go gcomhlíonann an gearánaí gach ceanglas iomchuí d’Airteagal 80 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí.

 

 

  1. 3  Féadfaidh an Chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí eile in achomharc faoi alt 150 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, a ordú go ndéanfar cibé faisnéis bhreise is gá chun a dhaingniú gur comhlacht, eagraíocht nó comhlachas den sórt sin, lena mbaineann alt 120(2) den Acht sin, é nó í an gearánaí, a sholáthar don Chúirt tríbhíthin sonraí breise nó mionnscríbhinne.

 

 

1)  Riail 1(2) arna chur isteach ag I.R. Uimh. 223 de 2019 i bhfeidhm ón 19ú lá de Mheitheamh, 2019
2)  Riail 3(1)(h) arna chur isteach ag I.R. Uimh. 223 de 2019 i bhfeidhm ón 19ú lá de Mheitheamh, 2019
3) Riail 11 arna chur isteach ag I.R. Uimh. 223 de 2019 i bhfeidhm ón 19ú lá de Mheitheamh, 2019