Ordú 3

Nós imeachta le toghairm speisialta

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo: 

 
 

Féadfar nós imeachta le toghairm speisialta a ghlacadh sna haicmí éileamh seo a leanas:—

 

(1) Riarachán eastáit réadaigh nó phearsanta duine éagtha, nó riarachán iontaobhas aon ghníomhais nó ionstraime ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseamh i mainneachtain thoiliúil nó sárú iontaobhais.

(2) Aon cheist a chinneadh a dhéanfaidh difear do chearta nó leasanna aon duine a bheidh á éileamh gur creidiúnaí, réadtiomnaí, leagáidí, neasghaol nó oidhre ginearálta duine éagtha é, nó cestui que trust faoi iontaobhas aon ghníomhais nó ionstraime, nó a bheidh ag éileamh trí shannadh nó ar dhóigh eile faoi aon duine den sórt sin.

 

(3) Aon airgead i lámha seiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe a íoc isteach sa Chúirt.

 

(4) Ordachán d’aon seiceadóirí nó riarthóirí nó iontaobhaithe chun aon ghníomh áirithe a dhéanamh, nó gan é a dhéanamh, ina gcáil mar sheiceadóirí nó riarthóirí nó iontaobhaithe den sórt sin (lena n-áirítear cuntais a thabhairt agus a dheimhniú).

 

(5) Aon díol, ceannach, comhréiteach, nó idirbheart eile i dtaca le riarachán aon eastáit nó iontaobhais a fhormheas.

 

(6) Aon cheist a thiocfaidh chun cinn i riarachán aon eastáit nó iontaobhais a chinneadh, nó aon aicme creidiúnaithe, leagáidithe, réadtiomnaithe, neasghaolta, nó eile, a fhionnadh.

 

(7) Aon cheist forléiriúcháin a thiocfaidh chun cinn faoi aon ghníomhas, uacht nó ionstraim scríofa eile a chinneadh, agus dearbhú ar chearta na ndaoine leasmhara.

 

(8) Díospóid i dtaobh an chion de dhleacht eastáit a bheidh le hiompar ag aon mhaoin nó duine a chinneadh, faoin Finance Act, 1894, alt 14 (2).

 

(9) Aon fhaoiseamh faoi na Settled Land Acts, 1882 go 1890, nó na Conveyancing Acts, 1881 go 1911.

 

(10) I gcás nach mbeidh aon imeacht ar feitheamh ar coimirí Cúirte an naíon dá dhroim, iarratas i dtaobh aon ábhair díobh seo a leanas:—

 

 

(a) ailt 12, 16 agus 17 den Infants Property Act, 1830, mar a tugadh réim dó, maidir le hÉirinn, leis an Infants Property (Ireland) Act, 1935; alt 4 den Leasing Powers Act for Religious Worship in Ireland, 1855, mar a tugadh réim dó leis an Glebe Lands (Ireland) Act, 1875, agus an Leases for Schools (Ireland) Act, 1881;

(b) aon mhaoin de chuid naín a shocrú ar phósadh faoin Infants Settlements Act, 1855, mar a tugadh réim dó, maidir le hÉirinn, leis an Infants Settlements (Ireland) Act, 1860;

 

(c) caomhnóireacht, cúram agus cothabháil aon naín nó réamhshocrú aon naín.

 

 

(11) Iontaobhaí nó iontaobhaí nua a cheapadh, le hordú dílseacháin nó ordú iarmhartach eile nó dá éagmais; nó ordú dílseacháin nó ordú eile a leanfaidh as iontaobhaí nua a cheapadh, cibé acu a dhéanfaidh an Chúirt an ceapachán nó a dhéanfar lasmuigh de Chúirt é; nó ordú dílseacháin nó ordú iarmhartach eile in aon chás ina mbeidh breithiúnas tugtha nó ordú déanta chun aon talamh nó stoc a dhíol, a thíolacadh nó a aistriú; nó ordú dílseacháin faoin Trustee Act, 1893, alt 39; nó ordú á ordú do dhuine tíolacadh.

(12) Aon cheist faoin Vendor and Purchaser Act, 1874, alt 9, a chinneadh.

 

(13) Aon fhaoiseamh faoin Acht um Stádas Ban Pósta, 1957, alt 12.

 

(14) Aon fhaoiseamh faoin Trustee Act, 1893, alt 42 nó alt 44.

 

(15) Díol, tabhairt suas seilbhe ag morgáisteoir, nó fuascailt; atíolacadh, nó tabhairt suas seilbhe ag morgáistí.

 

(16) Aon fhaoiseamh i leith cistí arna dtaisceadh sa Chúirt de bhun an Land Clauses Consolidation Act, 1845, alt 69.

 

(17) Ordú idirphléadála.

 

(18) Iarratais i dtaca le haon chistí a thaisceadh sa Chúirt, le haon chistí a bheidh taiscthe sa Chúirt a infheistiú, nó le haon chistí a bheidh taiscthe sa Chúirt a íoc amach, cibé acu de bhun fhorálacha aon reachta nó ar shlí eile, i gcás nach mbeidh aon imeachtaí ar feitheamh ina leith agus nach mbeidh aon nós imeachta eile forordaithe nó ceangailte leis na Rialacha seo.

 

(19) Iarratais chun billí costas a fhómhas agus a sheachadadh agus go ndéanfaidh aon aturnae gníomhais, doiciméid agus páipéir a sheachadadh i gcás nach mbeidh aon imeacht ar feitheamh ina bhféadfar an t-iarratas a dhéanamh.

 

(20) Aon imeacht eile ina mbeidh nós imeachta le toghairm speisialta ceangailte nó údaraithe leis na Rialacha seo.

 

(21) Aon imeacht eile a mbeidh ceangailte nó údaraithe le reacht é a thionscnamh go hachomair agus nach mbeidh aon nós imeachta eile forordaithe lena aghaidh leis na Rialacha seo.

 

(22) Cibé ábhair eile is cuí leis an gCúirt a chur i gcrích le toghairm speisialta.

 

 

Leasuithe

Uim3-I.R. Uimh. 97 De 1990: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 1) 1990
1. Scriosfar, in Ordú 3, riail 10 (c) agus riail 13; in Ordú 70, rialacha 54 agus 56; na focail “nó foraithne colscartha a mensa et thoro” gach áit ina bhfuil siad in Ordú 70, rialacha 4 agus 23; na focail “nó buan-ailiúnas” gach áit ina bhfuil siad in Ordú 70, riail 55, agus na focail “agus buan-ailiúnas freisin” gach áit ina bhfuil siad in Ordú 70, riail 57.

Uim3-I.R. Uimh. 269 De 2001: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 2) (Leasú Ar Ordú 3) 2001
1. Leasaítear leis seo Ordú 3, riail (21), de Rialacha na nUaschúirteanna trí riail (21) atá ann a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:
“(21) (a) aon imeacht eile a mbeidh ceangailte nó údaraithe le dlí é a thionscnamh go hachomair agus nach mbeidh aon nós imeachta eile forordaithe lena aghaidh leis na Rialacha seo;
(b) aon imeacht eile a bheidh ceangailte nó údaraithe le dlí agus nach mbeidh aon nós imeachta eile forordaithe lena aghaidh leis na Rialacha seo.”

Uim3-I.R. Uimh. 14 De 2007 - Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

Uim3-I.R. Uimh. 149 De 2010 - Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.