Ordú 79

An Oifig Phrobháide

1. Ní bheidh feidhm ag an Ordú seo ach maidir le cleachtas agus nós imeachta probháide neamhchointinní san Oifig Phrobháide.


I. Iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin.


2. Is é teideal a chuirfear ar gach imeacht a bhainfidh le probháid agus riarachán:


‘‘AN ARD-CHÚIRT


PROBHÁID’’


3. Féadfar iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin a dhéanamh san Oifig Phrobháide i ngach cás. Féadfar na hiarratais sin a dhéanamh trí aturnae nó i bpearsa, ach ní dhéileálfar leo trí litir.


4. Ní cheadóidh an tOifigeach Probháide probháid nó litreacha riaracháin a eisiúint go dtí go mbeidh na fiosrúcháin go léir is cuí leis a thionscnamh freagartha chun a shástachta. Tá an tOifigeach Probháide, ina dhiaidh sin agus uile, lena oiread saoráide a thabhairt chun deonuithe probháide nó riaracháin a fháil agus a bheidh i gcomhréir le haird chuí ar earráid nó calaois a chosc.


5. (1) Agus cinneadh á dhéanamh cé dó a ndeonófar litreacha riaracháin eastáit duine a bheidh tar éis bháis ar an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis, agus é ina dhíthiomnóir go hiomlán agus sainchónaí air in Éirinn, beidh na daoine ag a mbeidh leas tairbhiúil in eastát an éagaigh i dteideal deonú riaracháin san ord tosaíochta seo a leanas, eadhon:—

(a) an céile marthanach;
(b) an céile marthanach i gcomhpháirt le leanbh leis an éagach arna ainmniú ag an gcéile sin;

(c) leanbh nó leanaí an éagaigh (lena n-áirítear aon duine ag a mbeidh teideal de bhua an Achta Dlisteanais, 1931, teacht i gcomharbas ar eastát an éagaigh);

(d) sliocht aon linbh a bheidh tar éis bháis le linn shaol an éagaigh;

(e) athair nó máthair an éagaigh nó, i gcás duine neamhdhlisteanaigh a bheidh tar éis bháis gan bheith dlisteanaithe, an mháthair;

(f) deartháireacha agus deirfiúracha an éagaigh (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(g) i gcás ina mbeidh aon deartháir nó deirfiúr tar éis maireachtáil i ndiaidh an éagaigh, leanaí dearthár nó deirféar a bheidh tar éis bháis roimh an éagach;

(h) nianna agus neachtanna don éagach (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(i) seantuismitheoirí;

(j) uncailí agus aintíní (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(k) sin-seantuismitheoirí;

(l) neasghaolta eile den ghlúin ghaoil is gaire (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó), agus tosaíocht á tabhairt do thaobhghaolta ar shinsearaigh réimdhíreacha;

(m) ainmnitheach an Stáit.


(2) Beidh an ceart céanna ar dheonú ag ionadaí pearsanta aon duine de na daoine atá luaite anseo roimhe seo (seachas ainmnitheach an Stáit) is a bheidh ag an duine arb é a ionadaí é, ach sin faoi réir fho-riail (9) (b) den riail seo lena bhforáiltear go dtabharfar tosaíocht do leasanna beo ar leasanna marbha.


(3) I gcás ina mbeidh éilimh easaontacha ar dheonú i measc comhaltaí d’aicme a bheidh i dteideal riaracháin, tabharfar an deonú do na héilitheoirí díobh a roghnóidh an tOifigeach Probháide tar éis dó fógra 21 lá ar a laghad a thabhairt do na héilitheoirí iomaíochta nó, ar agóid arna déanamh i scríbhinn laistigh den tréimhse sin, do cibé duine a roghnóidh an Chúirt.


(4) Más rud é go mbeidh na daoine go léir a bheidh i dteideal deonú faoi na forálacha sin roimhe seo den ordachán seo glanta as, féadfar deonú a thabhairt do chreidiúnaí de chuid an éagaigh nó, faoi réir fho-riail (9) (b) den riail seo, d’ionadaí pearsanta creidiúnaí.


(5) Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Uchtála, 1952-1976, agus an teideal chun deonú á chinneadh, faoi mar atá feidhm acu maidir le cineachadh maoine i gcás díthiomnachta.


(6) I gcás ina mbeidh an t-éagach tar éis bháis an 1ú lá d’Eanáir, 1967, nó dá éis, agus sainchónaí air in Éirinn, agus uacht fágtha aige gan aon seiceadóir a bheith ceaptha léi, nó lena mbeidh seiceadóir nó seiceadóirí ceaptha a bheidh glanta as trí bhás, tréigean nó forghairm, nó ar shlí eile, cinnfear an duine nó na daoine a bheidh i dteideal deonú riaracháin maille le huacht de réir an oird tosaíochta seo a leanas, eadhon:—

(a) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach ag teachtadh dó ar iontaobhas d’aon duine eile;
(b) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach saoil;

(c) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach eile nó, faoi réir fho-riail (9) (b) den riail seo, lena bhforáiltear go dtabharfar tosaíocht do leasanna beo ar leasanna marbha, ionadaí pearsanta aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharaigh den sórt sin;

(d) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach saoil i gcomhpháirt le haon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach deiridh ar thréigean nó ar thoiliú na coda eile de na leagáidithe nó réadtiomnaithe iarmharacha saoil;

(e) i gcás nach mbeidh an t-iarmhar i dtéarmaí a bheidh diúscartha go hiomlán, féadfaidh an tOifigeach Probháide, más dóigh leis an t-eastát go léir nó bunáite an eastáit, arna fhionnadh tráth an iarratais ar dheonú, a bheith diúscartha mar sin féin ag an tiomnóir, a cheadú deonú a thabhairt d’aon leagáidí nó réadtiomnaí a bheidh i dteideal an eastáit a bheidh diúscartha amhlaidh, nó i dteideal scaire ann, gan aird a thabhairt ar an duine a bheidh i dteideal scaire in aon iarmhar nach mbeidh diúscartha leis an uacht;

(f) i gcás nach mbeidh an t-iarmhar diúscartha go hiomlán leis an uacht, aon duine (seachas creidiúnaí) a bheidh i dteideal deonú i gcás díthiomnachta iomláine de réir an oird tosaíochta atá leagtha amach i bhfo-rialacha (1) go (5);

(g) aon leagáidí nó réadtiomnaí nó aon chreidiúnaí nó, faoi réir fho-riail (9) (b), ionadaí pearsanta aon duine den sórt sin.


(7) I gcás ina dteipfidh ar bhronntanas d’aon duine de bhíthin alt 82 den Acht Comharbais, 1965 (lena bhforáiltear go mbeidh bronntanais d’fhinnéithe fianaithe nó dá gcéilí ar neamhní), ní bheidh aon cheart ag an duine sin ar dheonú mar thairbhí arna ainmniú san uacht ach beidh sin gan dochar dá cheart ar dheonú in aon cháil eile.


(8) I gcás ina mbeidh an t-éagach tar éis bháis an 1ú lá d’Eanáir, 1967, nó dá éis, agus sainchónaí air lasmuigh d’Éirinn,

(a) féadfaidh an tOifigeach Probháide deonú riaracháin i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht, i leith an eastáit shochorraithe a thabhairt mar a leanas, eadhon:—
(i) don duine a mbeidh riarachán an eastáit shochorraithe curtha de chúram air ag an gCúirt ag a mbeidh dlínse san áit ina mbeidh an t-é agach tar é is bhá is agus sainchó náý air inti; nó

(ii) don duine a bheidh i dteideal an t-eastát sochorraithe a riaradh de réir dhlí na háite ina mbeidh an t-éagach tar éis bháis agus sainchónaí air inti;

(b) féadfaidh an tOifigeach Probháide deonú riaracháin i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht, i leith an eastáit dhochorraithe a thabhairt de réir an dlí a bheadh infheidhme dá mbeadh an t-éagach tar éis bháis agus sainchónaí air in Éirinn;

(c) ní fhorléireofar aon ní san fho-riail seo mar ní a dhéanfaidh dochar d’aon chumhacht a d’fhéadfadh a bheith infheidhmithe murach sin chun, más rud é nach mbeidh aon seiceadóir ainmnithe san uacht agus má thugtar san uacht tuairisc dhualgais duine ainmnithe i dtéarmaí ar leor iad chun seiceadóir a dhéanamh den duine de réir bhrí na huachta, probháid a dheonú don duine sin.


(9) (a) Féadfar deonú a thabhairt d’aon duine a bheidh ina theideal gan fógra a thabhairt do dhaoine eile a bheidh i dteideal deonú san aicme chéanna, ach féadfaidh an tOifigeach Probháide a cheangal go dtabharfar fógra;
(b) mura n-ordó idh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt tabharfar deonú do dhuine beo d’aicme a bheidh ina theideal i dtosaíocht ar ionadaí pearsanta duine den aicme sin a bheidh tar éis bháis i ndiaidh an éagaigh;
(c) mura n-ordó idh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt tabharfar deonú do dhuine nach mbeidh faoi mhíchumas dlíthiúil i dtosaíocht ar chúramaí nó ar chaomhnóir duine faoi mhíchumas dlíthiúil ag a mbeidh teideal comhionann, ar an gcoinníoll, i gcás iarratais ó chúramáý duine faoi mhíchumas dlíthiúil, go rachaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide, sula dtabharfar deonú, i gcomhairle le Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.


(10) I gcás ina mbeidh uacht in aon teanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla, féadfaidh an tOifigeach Probháide í a ligean faoi chruthú i dtéarmaí tiontaithe uirthi sa Ghaeilge nó sa Bhéarla.


(11) I gcás ina mbeidh a leas iomlán in eastát an éagaigh sannta ag an aon duine amháin a bheidh i dteideal an eastáit, cibé acu faoi uacht nó i gcás díthiomnachta, gabhfaidh an sannaí ionad an tsannóra san ord tosaíochta i gcomhair deonú.


(12) I gcás ina mbeidh duine i dteideal an leasa thairbhiúil in eastát iomlán éagaigh, féadfar riarachán, ar thréigean agus ainmniú an duine sin, a dheonú don duine, nó do na daoine i gcomhpháirt, a bheadh i dteideal eastát, nó scaire in eastát, an duine a bheidh ag tréigean amhlaidh dá mba rud é go raibh an duine sin tar éis bháis ina dhíthiomnóir.


(13) I gcás ina mbeidh tuismitheoirí éagaigh i dteideal an leasa thairbhiúil in eastát iomlán an éagaigh sin, féadfar riarachán, ar thréigean agus ar thoiliú na dtuismitheoirí sin, a dheonú don leanbh, nó do na leanaí i gcomhpháirt, a ainmneoidh na tuismitheoirí.


(14) Ní thabharfar aon deonú riaracháin do bhreis is triúr i gcomhpháirt mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


(15) Nuair is gá, ar bhás ionadaí phearsanta éagaigh gan an t-eastát a bheith riartha go hiomlán aige, riarachán eastát neamhriartha an éagaigh a dheonú, is iad na rialacha a mbeidh feidhm acu ar iarratas a dhéanamh ar dheonú bunaidh na rialacha a mbeidh feidhm acu maidir le fionnadh an deontaí nua.


(16) Agus cinneadh á dhéanamh cé dó a bhféadfar deonú riaracháin i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht, a thabhairt i gcás duine a bheidh tar éis bháis roimh an 1ú lá d’Eanáir, 1967, comhlíonfar na rialacha a bhí i bhfeidhm agus ab infheidhme go dtí seo maidir le cás den sórt sin.
II. Uacht a fhorghníomhú.
6. Más rud é nach mbeidh aon chlásal fianaithe ag gabháil le huacht a thíolacfar i gcomhair probháide, nó i gcomhair riaracháin maille le huacht, nó mura leor an clásal fianaithe a bheidh ag gabháil léi, éileoidh an tOifigeach Probháide mionnscríbhinn ó dhuine amháin, ar a laghad, de na finnéithe a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú, más rud é go mbeidh na finnéithe sin nó ceachtar acu ar marthain, chun a chruthú go mbeifear tar éis na forálacha reachtúla maidir le forghníomhú uachtanna a comhlíonadh. Cuirfear nóta arna shíniú ag an Oifigeach Probháide ar an gcóip léirscríofa den uacht a bheidh i gceangal leis an bprobháid nó leis an riarachán, á chur in iúl mionnscríbhinní forghníomhaithe cuí, nó de réir mar a bheidh, a bheith comhdaithe.


7. Má dhealraíonn sé don Oifigeach Probháide, ar cibé mionnscríbhinní a chomhdófar a ghrinnscrú dú , nach mbeifear tar éis na forálacha reachtúla is infheidhme a chomhlíonadh, diúltóidh an tOifigeach Probháide probháid na huachta airbheartaithe.


8. Más rud é go mbeidh an bheirt fhinné a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú tar éis bháis, nó mura féidir, mar gheall ar imthosca eile, aon mhionnscríbhinn a fháil ó cheachtar díobh, rachfar i muinín daoine eile (más ann) a bhféadfaidh sé go mbeidh siad tar éis bheith i láthair tráth forghníomhaithe na huachta, ach mura féidir aon mhionnscríbhinn ó aon duine eile den só rt sin a fhá il, gheofar fianaise i mionnscríbhinn faoin bhfíoras agus faoi lámhscríbhneoireacht an éagaigh agus na bhfinnéithe a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú, agus freisin faoi aon imthosca a bhféadfaidh sé go mbeidh siad ina gcúis le toimhde i bhfabhar an fhorghníomhaithe chuí.


9. Más rud é, ar an mionnscríbhinn nó na mionnscríbhinní ina mbeidh fíorais an cháis leagtha amach a ghrinnscrúdú, gur dealraitheach amhras a bheith ann faoin uacht a bheith forghníomhaithe go cuí, ceanglóidh an tOifigeach Probháide ar na páirtithe an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.
III. Idirlínithe agus Athruithe.
10. Beidh idirlínithe agus athruithe neamhbhailí mura rud é go mbeidh siad tar éis bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, nó, más rud é go mbeidh siad déanta dá éis sin, mura rud é go mbeidh siad forghníomhaithe agus fianaithe ar an modh is gá de réir dlí, nó mura rud é go mbeidh siad déanta bailí trí ath-fhorghníomhú na huachta, nó trí chodaisíl a bheidh ag gabháil leis an uacht a fhorghníomhú ina dhiaidh sin.


11. Nuair a bheidh idirlínithe nó athruithe san uacht (mura rud é go mbeidh siad forghníomhaithe go cuí, nó réamhaithriste sa chlásal fianaithe nó sainaitheanta ar dhóigh eile leis), comhdófar mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní i gcruthúnas ar iad a bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, ach amháin nuair is beag tábhacht a bheidh leis na hathruithe, agus go mbeidh siad fianaithe le hinisealacha na bhfinnéithe fianaithe.
IV. Scriosadh amach agus Díobhadh.
12. Ní bheidh feidhm ag scriosadh amach agus díobhadh mura rud é go gcruthófar é a bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, nó mura rud é go ndéanfar na hathruithe a bheidh déanta san uacht leis sin a fhorghníomhú agus a fhianú go cuí, nó mura rud é go mbeidh siad déanta bailí trí ath-fhorghníomhú na huachta, nó trí chodaisíl a bheidh ag gabháil léi a fhorghníomhú ina dhiaidh sin. Más rud é nach bhféadfar aon fhianaise shásúil a thabhairt ar aird i dtaobh thráth déanta an scriosta amach agus an díobhaidh sin, agus nach mbeidh na focail a bheidh scriosta amach nó díofa glanta amach ar fad, ach go bhféadfar, ar an bpáipéar a iniúchadh, iad a fhionnadh, ní foláir iad a bheith ina gcuid den phrobháid. I ngach cás ina bhféadfadh tábhacht a bheith le focail a bheidh scriosta amach nó díofa, beidh mionnscríbhinn ag teastáil.
V. Doiciméid dá dtagrófar in Uacht.
13. Má bhíonn tagairt in uacht d’aon ghníomhas, páipéar, meabhrán, nó doiciméad eile, de chineál a tharraingeodh ceist ar chóir nó nár chóir dó bheith ina chomhchuid den uacht, tabharfar an gníomhas, an páipéar, an meabhrán nó an doiciméad eile sin ar aird, d’fhonn a fhionnadh an mbeidh sé i dteideal probháide; agus mura dtabharfar ar aird é, tabharfar cuntas ina neamhthabhairt ar aird.


14. Ní ligfear aon ghníomhas, páipéar, meabhrán nó doiciméad eile chun probháide mar chuid d’uacht, mura rud é go mbeidh an gníomhas, páipéar, meabhrán nó doiciméad eile tar éis bheith ann tráth forghníomhaithe na huachta, agus go mbeidh tagartha dó san uacht.
VI. An dreach a bheidh ar an bPáipéar.
15. Más rud é go mbeidh aon rianta de chéir shéalaithe nó de shéalaí taois, nó marcanna eile, ar na páipéir thiomnacha, a bhféadfaí an tát a bhaint astu go mbeidh páipéar, meabhrán nó doiciméad eile tar éis bheith i gceangal leo nó ag gabháil leo, tabharfar an páipéar, an meabhrán nó an doiciméad eile sin ar aird, agus mura dtabharfar ar aird é, tabharfar cuntas ina neamhthabhairt ar aird.
VII. Scríbhneoireacht le peann luaidhe ar Uachtanna.
16 Nuair is le peann luaidhe a bheidh uacht scríofa, nó nuair a bheidh aon scríbhneoireacht le peann luaidhe ar uacht nó ar scríbhinn nó ar dhoiciméad eile a chomhdófar san Oifig Phrobháide, déanfar cóip mhacasamhla den uacht nó den scríbhinn nó den doiciméad eile, nó de na leathanaigh nó duilleoga den chéanna ar a mbeidh an scríbhneoireacht le peann luaidhe, a chomhdú freisin, agus na codanna sin a bheidh scríofa le peann luaidhe san uacht bhunaidh nó sa scríbhinn bhunaidh nó sa doiciméad bunaidh eile scríofa i ndúch dearg.
VII. Iarratas ó Chorparáid Iontaobhais.
17. Nuair a dhéanfaidh corparáid iontaobhais iarratas ar dheonú, déanfaidh oifigeach arna údarú chun déanamh amhlaidh an mhionnscríbhinn is gá faoi chomhair an deonaithe a mhionnú thar a ceann.


18. I gcás corparáide iontaobhais ag a mbeidh bord gobharnóirí, bord stiúrthóirí, nó comhlacht rialaithe eile, is le rún ón mbord gobharnóirí nó ón mbord stiúrthóirí nó ón gcomhlacht rialaithe eile sin a dhéanfar oifigeach a údarú chun an mhionnscríbhinn sin a mhionnú, agus, i ngach cás eile, is le rún ón gcorparáid iontaobhais a dhéanfar sin.


19. I dteannta iarratais den sórt sin ó chorparáid iontaobhais taiscfear cóip (arna séalú le séala na corparáide iontaobhais sin) den rún lena n-údarófar oifigeach chun an mhionnscríbhinn a mhionnú is gá chun an deonú a fháil. I gcás ina mbeidh an chóip sin a dúradh taiscthe cheana féin i dteannta iarratais roimhe sin is leor ina dhiaidh sin fótastat den chóip sin a thaisceadh.
IX. Riarachán teoranta.
20. Mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt, ní dheonófar riarachán teoranta mura rud é go mbeidh gach duine a bheidh i dteideal an deonaithe ghinearálta tar éis toiliú nó tréigean, nó go mbeidh sé forghairthe agus go mbeidh loicthe aige láithriú. Sa riail seo ciallaíonn an focal ‘‘teoranta’’ teoranta do chuid de shócmhainní nó d’eastát an éagaigh agus di sin amháin.


21. Ní cheadófar d’aon duine a bheidh i dteideal deonú ginearálta riaracháin i leith eastát an éagaigh deonú teoranta a ghlacadh, ach amháin le hordú ón gCúirt.
X. Riarachán faoin Acht Comharbais, 1965.
22. Aon uair a dhéanfaidh an Chúirt, faoin Acht Comharbais, 1965, alt 27, duine éigin a cheapadh ina riarthóir nach duine a bheadh i dteideal an deonaithe ar dhóigh eile, déanfar ordú a bheith déanta faoin alt a lua i mionn an riarthóra agus sa deonú riaracháin agus sa bhanna riaracháin.
XI. Deonú d’Aturnae.
23. I gcás duine a mbeidh cónaí air lasmuigh de dhlínse na Cúirte nó a bheidh ar tí dlínse na Cúirte a fhágáil, nó a bheidh, i dtuairim na Cúirte nó an Oifigigh Phrobháide, faoi mhíchumas géar leanúnach coirp, féadfar riarachán, nó riarachán maille leis an uacht, a dheonú dá aturnae, ag gníomhú dó faoi chumhacht aturnae.
XII. Deonú do Chaomhnóir.
24. Féadfar deonú riaracháin a thabhairt do chaomhnóir naín le haghaidh úsáid an naín.


25. I gcás nach mbeidh caomhnó ir tiomnach nó caomhnóir arna cheapadh ag an gCúirt, nó le forálacha nó faoi fhorálacha an Achta um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, ag naíon, déanfar caomhnóir a shannadh le hordú ón gCúirt nó ón Oifigeach Probháide. Is é foras a bheidh leis an iarratas ar an ordú sin mionnscríbhinn a thaispeánfaidh, oiread agus is féidir sin, méid na sócmhainní, aois an naín, cé leis a bhfuil cónaí air, gurb é atá sa chaomhnóir beartaithe an té is gaire i ngaol don naíon, nó go bhfuil an té is gaire i ngaol tar éis a cheart chun na caomhnóireachta a thréigean, nó go bhfuil sé ag toiliú le sannadh an chaomhnóra bheartaithe, agus go bhfuil an caomhnóir beartaithe sin réidh leis an gcaomhnóireacht a ghlacadh air féin. Ar an iarratas sin a dhéanamh chuici tabharfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide aird ar mhianta sainráite aon naín os cionn dhá bhliain déag d’aois.
XIII. Deonú do Chúramaí.
26. Féadfar riarachán a dheonú do churamaí duine mhímheabhraigh le haghaidh úsáid agus chun tairbhe an duine sin.


27. I gcás nach mbeidh cúramaí arna cheapadh ag an gCúirt ag duine mímheabhrach, féadfar deonú a eisiúint chuig cibé duine a shannfaidh an tOifigeach Probháide le hordú, le toiliú Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte. Is é foras a bheidh leis an iarratas ar an ordú sin mionnscríbhinn ón iarratasóir a thaispeánfaidh méid na sócmhainní, aois agus áit chónaithe an duine mhímheabhraigh agus a ghaol leis an iarratasóir, mar aon le mionnscríbhinn ó lia-chleachtóir i ndáil le héagumas an duine sin.
XIV Mionn riarthóra.
28. (1) Déanfar mionn riarthóra a fhoclú ar dhóigh go ndéanfar na daoine go léir a mbeidh ceart tosaíochta acu chun an deonaithe a ghlanadh as. I gcás ina mbeidh leasanna tosaíochta ann taispeánfar ar éadan an deonaithe conas a bheidh siad glanta as.


(2) I riarachán de chineál speisialta, cumfar an ráiteas sa mhionn agus na litreacha riaracháin de réir fhíorais an cháis.


(3) Déanfar luach na maoine a bheidh luaite i mionn an riarthóra a fhíorú le mionnscríbhinní eile má éilíonn an tOifigeach Probháide é.
XV. Banna riaracháin.
29. Déanfaidh an tOifigeach Probháide nó an tOifigeach Probháide Cúnta nó Cláraitheoir Ceantair, nó coimisinéir nó duine eile atá údaraithe anois nó a údarófar amach anseo chun mionnscríbhinní a thógáil, bannaí riaracháin a fhianú; ach i gcás ar bith ní dhéanfaidh aturnae nó gníomhaire an pháirtí a fhorghníomhóidh iad iad a fhianú. Maidir le síniú an riarthóra ar bhanna den sórt sin, mura dtógfar san Oifig Phrobháide é, is é an duine céanna a chuirfidh an riarthóir sin faoi mhionn a fhianóidh é mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt.


30. Féachfaidh an tOifigeach Probháide chuige (a mhéid is féidir) gur daoine freagracha a bheidh sna hurraí le bannaí riaracháin.


31. Déanfaidh na hurraí le bannaí riaracháin fírinniú sa tsuim chomhlán a mhionnófar i leith eastát an éagaigh, mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt.


32. Is é foirm an bhanna riaracháin arna forordú ag Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile a úsáidfear i gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis. Is é an fhoirm atá leagtha amach i bhFoscríbhinn Q, Cuid II, an fhoirm atá forordaithe ar dháta déanta na Rialacha seo. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis roimh an 1 Eanáir, 1967, úsáidfear na foirmeacha a bhí in úsáid go dtí seo i ndáil leis na heastáit sin.
XVI. Deonú a eisiúint.
33. Ní eiseofar aon phrobháid nó litreacha riaracháin go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta éagtha an éagaigh, mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide é.


34. Déanfar gach probháid nó litir riaracháin a eiseofar ón Oifig Phrobháide a líonadh isteach san Oifig sin; agus déanfar aon deonú roimhe sin a bheidh cúlghairthe nó a mbeidh deireadh tagtha leis a ghlanadh as san Oifig sin.


35. Déanfar mionn seiceadóra nó riarthóra a shíniú agus a mhionnú mar mhionnscríbhinn agus a chomhdú san Oifig Phrobháide.


36. Féadfaidh an tOifigeach Probháide, i gcásanna ina measfaidh sé gur gá é, cruthúnas a éileamh, de bhreis ar mhionn an tseiceadóra nó an riarthóra, ar chéannacht an éagaigh, nó ar chéannacht an pháirtí a mbeidh an deonú á iarraidh aige.


37. Gach uacht, nó cóip d’uacht, a fhoilseánfar i mionn seiceadóra nó riarthóra maille le huacht, déanfaidh an seiceadóir nó an riarthóir sin, agus an duine a mbeidh sé curtha faoi mhionn os a chomhair, í a mharcáil. Déanfar an mharcáil sin ar chúl na huachta nó in áit eile sa chaoi go mbeidh sí so-aitheanta ón uacht féin agus ón bhfianú uirthi.
XVII. Tréigean.
38. Aon duine a thréigfidh probháid uacht nó litreacha riaracháin eastát duine éagtha, i gcáil amháin, ní cheadófar dó uiríoll a fháil i leith an éagaigh chéanna i gcáil eile, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
XVIII. Mionnscríbhinní.
39. Beidh feidhm ag Ordú 40, Cuid I, maidir le mionnscríbhinní a chomhdófar nó a ú sáidfear san Oifig Phrobháide.


40. I ngach cás ina ndéanfaidh finné a mbeidh uacht fianaithe aige lena shíniú mionnscríbhinn d’fhonn forghníomhú na huachta sin a chruthú, teisteoidh an finné sin i dtaobh na slí ina mbeifear tar éis an uacht sin a fhorghníomhú agus a fhianú.
XIX. Caveat.
41. Aon duine a mbeidh ar intinn aige cur i gcoinne deonú probháide nó litreacha riaracháin a eisiúint, déanfaidh sé, go pearsanta nó trína aturnae, caveat a thaisceadh san Oifig Phrobháide, nó i gClárlann Cheantair.


42. Is é lá a thaiscthe an dáta a bheidh ar caveat, agus ní fhanfaidh sé i bhfeidhm ach go ceann sé mhí, agus ansin rachaidh sé in éag agus beidh sé gan éifeacht; ach féadfar caveat a athnuachan ó thráth go chéile.


43. I ngach caveat luafar ainm agus seoladh an duine a mbeidh sé á thaisceadh thar a cheann, agus áit chláraithe ghnó an aturnae a bheidh á thaisceadh, nó mura mbeidh aon aturnae ann, seoladh le haghaidh seirbheála (laistigh den dlínse) ag a bhféadfar rabhadh i leith an caveat a thabhairt, agus i gcás inarb amhlaidh a bheidh, luafar sa caveat nach mbeifear á thaisceadh ach d’fhonn a fheiceáil gur leor an t-urrús.


44. Aon duine a dhéanfaidh, go bhfios dó féin, caveat a thaisceadh, nó a chuirfidh faoi deara, go bhfios dó féin, caveat a thaisceadh, san Oifig Phrobháide, in ainm duine bréige, nó le seoladh bréige don duine a n-airbheartófar ann é a bheith taiscthe thar a cheann, measfar é a bheith ciontach i ndíspeagadh Cúirte.


45. Díreach ar caveat a thaisceadh, cuirfidh an tOifigeach Probháide fógra ina thaobh sin chuig Cláraitheoir Ceantair an cheantair ina mbeidh líomhnaithe cónaí a bheith ar an éagach tráth a bháis, nó inarb eol áit chónaithe sheasta a bheith aige tráth a bháis.


46. Ní dhéanfaidh aon caveat difear d’aon deonú arna dhéanamh lá taiscthe an caveat, nó an lá a gheofar fógra á rá caveat a bheith taiscthe i gClárlann Cheantair.


47. Tabharfar rabhadh i leith gach caveat ón Oifig Phrobháide. Déanfar an rabhadh a sheirbheáil trí chóip de a sheachadadh ag an áit a bheidh luaite sa caveat mar áit chláraithe ghnó an aturnae, nó an seoladh le haghaidh seirbheála a bheidh ag an duine a mbeidh an caveat taiscthe aige, de réir mar a bheidh, laistigh de 14 lá tar éis dháta an caveat; agus, mura ndéanfar amhlaidh, measfar é a bheith gan feidhm, mura ndéanfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide ordú speisialta ar an ábhar.


48. I dteannta an rabhadh a sheirbheáil, déanfaidh an tOifigeach Probháide, an lá céanna ar a síneoidh sé an rabhadh, cóip de a chur leis an post chuig an aturnae nó an duine a mbeidh an caveat taiscthe aige san áit chláraithe ghnó nó ag an seoladh le haghaidh seirbheála a bheidh luaite ann agus, ar an lá céanna, déanfar meabhrán faoin bpostáil sin a thaifeadadh sa leabhar a bheidh le coinneáil chun na críche sin.


49. Sa rabhadh i leith caveat luafar ainm agus leas an pháirtí a mbeifear á eisiúint thar a cheann; agus má dhéanann an duine sin éileamh faoi uacht, luafar ann dáta, más ann, na huachta sin, agus, in aon chás, luafar ann áit chláraithe ghnó an aturnae a bheidh á thaisceadh nó, mura mbeidh aon aturnae ann, seoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse.


50. Déanfar láithreas de réir rabhaidh a thaifeadadh san Oifig Phrobháide laistigh de 14 lá tar éis a sheirbheála, ar an gcoinníoll go bhféadfar a mheas fad a bheith curtha leis an tréimhse ama chun láithriú go dtí go mbeidh caingean ar mhainneachtain tionscanta faoi riail 51.


51. D’fhonn caveat a ghlanadh as, nuair nach mbeidh aon láithreas taifeadta i leith rabhaidh arna sheirbheáil go cuí, comhdófar mionnscríbhinn á mhionnú an rabhadh a bheith seirbheáilte sa tslí a cheanglaítear le riail 47, maille le deimhniú neamhláithrithe.
XX. Forghairmeacha.
52. Ní eiseofar forghairm faoi shéala na Cúirte go dtí go mbeidh mionnscríbhinn, mar fhíorú ar na deimhnisc a bheidh inti, comhdaithe san Oifig Phrobháide. Eiseofar gach forghairm ón Oifig Phrobháide.


53. (1) Nuair is laistigh den dlínse don duine ar a mbeidh forghairm le seirbheáil nó, ar bheith lasmuigh den Stát dó, nuair is saoránach d’Éirinn é, déanfar an fhorghairm féin a sheirbheáil air.


(2) Nuair nach saoránach d’Éirinn é an duine a bheidh le seirbheáil, ar bheith lasmuigh den Stát dó, ní dhéanfar ach fógra faoin bhforghairm a sheirbheáil air.


(3) Sa mhionnscríbhinn i gcomhair forghairme taispeánfar i ngach cás ina mbeidh aon duine a bheidh le seirbheáil lasmuigh den dlínse cé acu is saoránach d’Éirinn an duine sin nó nach ea.


(4) Seirbheálfar forghairm, nó fógra faoi fhorghairm, go pearsanta nuair is féidir é sin a dhéanamh.


(5) I gcás é a bheith ar intinn seirbheáil phearsanta a dhéanamh, ní gá aon ordú ón gCúirt chun an fhorghairm a eisiúint.


(6) I gcás nach féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh déanfaidh an páirtí ar mian leis an fhorghairm a sheirbheáil ordacháin i dtaobh an mhodha seirbheála a iarraidh ar an gCúirt.


54. Ní shíneoidh an tOifigeach Probháide forghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh caveat taifeadta i gcoinne aon deonú a dhéanamh i leith eastát an éagaigh lena mbainfidh an fhorghairm sin, agus cuirfear fógra ina thaobh sin chuig Cláraitheoir Ceantair an cheantair ina ndealróidh sé áit chónaithe a bheith ag an éagach tráth a bháis.


55. Beidh forghairm scríofa nó clóscríofa nó clóite, agus tabharfaidh an páirtí a bheidh á baint amach, nó a aturnae, an fhorghairm, mar aon le cóip di, go dtí an Oifig Phrobháide agus taiscfidh sé an chóip san Oifig sin, agus cuirfidh sé an fhorghairm á síniú agus á séalú. Beidh ráiteas san fhorghairm ar áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh an fhorghairm á baint amach aige, nó i gcás í a bheith á baint amach ag an bpáirtí féin, seoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse.


56. Déanfar láithreas de réir forghairme a thaifeadadh san Oifig Phrobháide laistigh de 14 lá tar éis í a sheirbheáil, ar an gcoinníoll go bhféadfar a mheas fad a bheith curtha leis an tréimhse ama chun láithriú go dtí go mbeidh caingean ar mhainneachtain tionscanta faoi riail 57.


57. Más rud é, ar fhorghairm a bheith seirbheáilte air, nach láithreoidh an páirtí a bheidh forghairthe chun glacadh le probháid nó riarachán, nó chun probháid nó riarachán a dhiúltú, laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha leis an bhforghairm, nó má fhadaíonn an Chúirt nó an tOifigeach Probháide an tréimhse ama chun láithriú agus nach láithreoidh an páirtí sin laistigh den tréimhse fhadaithe ama sin, measfar gur tréigean a chirt chun probháide nó riaracháin, de réir mar a bheidh, a bheidh sa neamhláithriú sin aige agus áireofar amhlaidh é agus glacfar amhlaidh leis, agus beidh an páirtí a bheidh ag forghairm i dteideal ordú taoibhe a fháil ón Oifigeach Probháide maidir le heastát an éagaigh leis an éifeacht seo a leanas:—

‘‘ar an bhforghairm agus an mhionnscríbhinn ó .... a léamh ordaítear neamhláithriú C.D. (ag ainmniú an pháirtí a bheidh forghairthe) a áireamh, agus glacadh leis, mar thréigean a chirt chun probháide (nó chun riaracháin)’’.

58. Déanfaidh páirtí a bheidh forghairthe chun glacadh le probháid nó riarachán, nó chun í nó é a dhiúltú, agus ar mian leis glacadh léi nó leis, é sin a lua nuair a bheidh a láithreas á thaifeadadh, agus air sin beidh an páirtí a bheidh ag forghairm i dteideal ordú taoibhe a fháil ón Oifigeach Probháide maidir le heastát an éagaigh leis an éifeacht seo a leanas:—
‘‘Ar an bhforghairm a léamh, agus ar é a bheith luaite ina láithreas ag (an páirtí a bheidh forghairthe) gur mian leis glacadh le probháid (nó riarachán), baineadh sé an céanna amach laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála an ordaithe seo air agus i gcás nach ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh den tréimhse ama sin, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ama (más ann) a lamhálfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide chun na críche sin, meastar gur tréigean a chirt chun probháide (nó chun riaracháin) é gan é do dhéanamh amhlaidh agus áirítear amhlaidh é agus glactar amhlaidh leis’’.

Seirbheálfar cóip den ordú taoibhe sin láithreach ar an bpáirtí a bheidh ag láithriú.
XXI. Uacht a thabhairt ar aird.
59. Féadfar iarratais ar ordú chun páipéir nó scríbhinní a airbheartóidh a bheith tiomnach a thabhairt ar aird a dhéanamh chun na Cúirte le foriarratas le mionnscríbhinn, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh agra ar feitheamh. Más féidir a shuíomh le mionnscríbhinn páipéar tiomnach a bheith i seilbh nó faoi chumhacht nó faoi rialú aon duine, féadfar subpoena chun an páipéar sin a thabhairt ar aird a eisiúint le hordú ón Oifigeach Probháide.


60. Déanfaidh aon duine a mbeidh aon pháipéar nó scríbhinn a airbheartóidh a bheith tiomnach á thabhairt nó á tabhairt isteach aige, de réir subpoena, an páipéar nó an scríbhinn sin a thabhairt ar an gcéad ásc go dtí an Oifig Phrobháide, mar a ndéanfaidh an duine a bheidh ainmnithe i scríbhinn chun na críche sin ag an Oifigeach Probháide miontuairisc a ullmhú agus a shíniú lena ndéanfar seachadadh an pháipéir nó na scríbhinne sin a thaifeadadh.


61. Taifeadfar an mhiontuairisc i leabhar a choimeádfar chun na críche sin; agus beidh an táille ar an taifeadadh, agus táille bhreise ar chomhdú gach páipéir thiomnaigh, iníoctha an tráth sin. Más amhlaidh nach ndéanfaidh an duine a mbeidh an uacht á tabhairt isteach aige na táillí sin a íoc, beidh siad le gearradh ar an duine is túisce a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh chun na hOifige Probháide chun úsáid a bhaint as an uacht a bheidh tugtha isteach amhlaidh. I gcás inar mian leis an duine a mbeidh uacht á tabhairt isteach aige dearbhán a bheith aige ar a seachadadh ar an Oifig Phrobháide, féadfaidh sé cóip fhianaithe den mhiontuairisc a thógáil ar an táille fhorordaithe a íoc.


62. Beidh de chead ag aon duine ar a seirbheálfar subpoena chun páipéar tiomnach a thabhairt isteach lá ithreas a thaifeadadh agus cúis a shuíomh le gan an páipéar tiomnach sin a thabhairt isteach.
XXII. Tiomnóir Dall agus Neamhliteartha.
63. Ní cheadóidh an tOifigeach Probháide probháid uacht aon duine dhaill nó neamhliteartha, nó riarachán maille le huacht aon duine dhaill nó neamhliteartha, a eisiúint mura deimhin leis, ó fhianaise i mionnscríbhinn, an uacht a bheith léite amach don tiomnóir roimh fhorghníomhú na huachta, nó eolas a bheith ag an tiomnóir an tráth sin i dtaobh ábhar na huachta.
XXIII. Athrú i nDeonú.
64. I gcás ina ndéanfar aon athrú i ndeonú a bheidh eisithe ó Chlárlann Cheantair, nó i gcás ina gcúlghairfear aon deonú den sórt sin, agus imleabhar an fhéilire chlóite ina mbeidh an taifead ar an deonú sin a bheith curtha ar aghaidh chuig na Cláraitheoirí Ceantair, déanfaidh an tOifigeach Probháide fogra faoin athrú sin nó faoin gcúlghairm sin a chur ar aghaidh gan mhoill chuig na Cláraitheoirí Ceantair uile.
XXIV. Fógra don Ard-Aighne.
65. I ngach cás ina ndéanfar iarratas ar litreacha riaracháin (i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht nach mbeidh an t-eastát go léir diú scartha léi) eastát duine neamhdhlisteanaigh a bheidh tar éis bháis agus é ina bhaitsiléir nó í ina bean neamhphósta, nó é ina bhaintreach fir nó í ina baintreach mná gan sliocht, agus ar eastát é nach mbeidh aon duine i dteideal teacht i gcomharbas air faoi fhorálacha an Achta Dlisteanais, 1931, nó i ngach cás ina ndéanfar iarratas ar litreacha riaracháin eastáit duine a bheidh tar éis bháis gan aon ghaol is eol a bheith aige nó aici, tabharfar fógra faoin iarratas sin don Ard-Aighne chun go bhféadfaidh sé a chinneadh an mbeidh sé fóirsteanach idirghabháil a dhéanamh ar thaobh an Stáit; agus ní bheidh aon deonú le heisiúint go dtí go mbeidh curtha in iúl aige cén beart is cuí a dhéanamh.


66. (1) I gcás duine a bheidh tar éis bháis ina dhíthiomnóir an 1ú lá d’Eanáir, 1967, nó dá éis, gan aon ghaol is eol a bheith aige, eiseofar forghairm arna díriú chuig an neasghaol (más ann) agus chuig na daoine go léir a mbeidh aon leas acu in eastát an éagaigh, nó a bheidh ag éileamh aon leas a bheith acu ann, agus (murab é an Stát a bheidh ag eisiúint na forghairme sin) chuig an Ard-Aighne.


(2) I gcás duine a bheidh tar éis bháis ina dhíthiomnóir roimh an 1ú lá d’Eanáir, 1967, gan aon ghaol arb eol é a bheith aige, déanfar forghairm a eisiúint arna díriú chuig cibé daoine a forordaíodh leis na rialacha a bhí i bhfeidhm go dtí seo.


(3) Déanfar an fhorghairm sin a sheirbheáil i cibé slí a ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide. Seirbheálfar an fhorghairm sin, freisin, ar an Ard-Aighne, agus gheofar fógra á rá é a bheith ar intinn aige gan idirghabháil a dhéanamh.
XXV. Páipéir a tharchur.
67. Nuair a dhéanfar iarratas chun na Cúirte, i ndáil le hiarratas ar dheonú i gClárlann Cheantair, déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair gach páipéar agus doiciméad bunaidh iomchuí a tharchur chuig an Oifig Phrobháide; agus, tar éis ordacháin na Cúirte a bheith glactha, déanfar na páipéir agus na doiciméid sin a chur ar ais, ar na páirtithe dá iarraidh sin (mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt), chuig an gCláraitheoir Ceantair, mar aon le cóip fhianaithe den ordú ón gCúirt.


68. Déanfar páipéir bhunaidh a chur ar aghaidh chuig an Oifig Phrobháide aon uair ar gá iad a iniúchadh chun a chur ar chumas an Oifigigh Phrobháide na ceisteanna a bheidh curtha faoina bhráid ag Cláraitheoir Ceantair a fhreagairt. Féadfaidh Cláraitheoir Ceantair páipéir agus doiciméid eile a tharchur chuig an Oifigeach Probháide, agus féadfaidh an tOifigeach Probháide páipéir agus doiciméid eile a tharchur chuig Cláraitheoir Ceantair, leis an bpost cláraithe.
XXVI. Cóipeanna d’uachtanna.
69. Beidh cóipeanna d’uachtanna a bheidh le cur i gceangal leis an bprobháid nó leis na litreacha riaracháin scríofa i bpeannaireacht sholéite, nó clóite nó clóscríofa nó, i gcásanna cuí, fótachóipeáilte, de réir mar a ordóidh an tOifigeach Probháide.


70. Déanfar cóipeanna d’uachtanna agus de dhoiciméid thiomnacha eile a chur ar ordú san Oifig Phrobháide. Gach cóip den sórt sin a mbeidh ceangailte í a dheimhniú déanfar í a dheimhniú faoi láimh an Oifigigh Phrobháide nó faoi láimh duine éigin san Oifig Phrobháide a bheidh ainmnithe i scríbhinn chun na críche sin ag an Oifigeach Probháide.


71. Ní ghreamófar séala na Cúirte d’aon chóip d’uacht nó de dhoiciméad eile, mura mbeidh an chóip sin fianaithe agus deimhnithe.
XXVII. Doiciméid a thabhairt ar aird.
72. (1) Má cheanglaítear uacht nó doiciméad eile a bheidh comhdaithe san Oifig Phrobháide a thabhairt ar aird in aon áit eile, déanfar iarratas chun na críche sin luath go leor chun déanamh agus scrúdú cóipe den uacht sin, nó den doiciméad eile sin, a chur san áireamh.


(2) Ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, déanfar (mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt) cóip den uacht sin nó den doiciméad eile sin, agus scrúdófar an chóip sin leis an scríbhinn bhunaidh, agus taiscfear an chóip scrúdaithe sin in ionad na scríbhinne bunaidh go dtí go gcuirfear ar ais í.


(3) Nuair a bheidh an uacht nó an doiciméad eile ag teastáil chun í nó é a thabhairt ar aird san Ard-Chúirt ar Cuaird, nó sa Chúirt Chuarda, féadfar, le hordachán ó n Oifigeach Probháide, an uacht sin nó an doiciméad eile sin a chur leis an bpost cláraithe chuig an gCláraitheoir Contae cuí.
XXVIII. Urraí.
73. Ní ghlacfar le haon aturnae cleachtach, nó le cléireach nó printíseach d’aturnae cleachtach, mar urra le banna riaracháin, gan cead ón gCúirt nó ón Oifigeach Probháide.
XXIX. Iarratas pearsanta ar dheonú.
74. Daoine ar mian leo deonuithe probháide nó litreacha riaracháin a fháil gan aturnae do dhéanamh idirghabhála, déanfaidh siad iarratas san Oifig Phrobháide i bpearsa, agus ní trí litir.


75. Ní ghlacfar aon iarratas den sórt sin trí ghníomhaire.


76. Maidir le duine a bheidh ag déanamh iarratais i bpearsa, ní bheidh duine eile ag freastal air agus é ag gníomhú dó, nó ar dealraitheach é a bheith ag gníomhú dó, mar chomhairleoir, mura gceadóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


77. Maidir le hiarratas a bheidh déanta ar an gcéad ásc trí aturnae, ní áireofar dá éis sin é mar iarratas pearsanta, mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


78. Ní dhéanfar iarratas ar dheonú probháide nó riarachán i gcás a bheidh tar éis bheith os comhair na Cúirte cheana féin (le foriarratas nó eile) a bhreithniú mar iarratas pearsanta, ach is trí aturnae a dhéanfar é, mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


79. Aon uair a thiocfaidh sé chun bheith riachtanach, i gcúrsa iarratas a dhéanamh i bpearsa, ordacháin na Cúirte a fháil, ní rachfar ar aghaidh leis an iarratas go dtí go mbeidh na hordacháin sin faighte.


80. Is san Oifig Phrobháide a ullmhófar agus a mhionnófar na páipéir is gá faoi chomhair an deonaithe a mbeidh iarratas déanta air. Féadfaidh iarratasóir na páipéir sin, nó aon cheann díobh, arna líonadh, a thabhairt leis, áfach, agus má bhíonn siad cruinn féadfar iad a ghlacadh, ach más rud é go mbeidh siad mionnaithe cheana féin, athmhionnófar iad. Ón uair a ghlacfar aon pháipéir san Oifig Phrobháide ní thabharfar amach iad ach amháin in imthosca speisialta le cead ón Oifigeach Probháide.
XXX. Ilghnéitheach.
81. Déanfaidh gach iarratasóir ar dheonú probháide nó litreacha riarachá in deimhniú ar bhá s nó adhlacadh an é agaigh a thabhairt ar aird, nó cúis shásúil a thabhairt i dtaobh gan é a thabhairt ar aird.


82. Ní dhéanfar, in aon chás, aon lá a mbeidh an Oifig Phrobháide dúnta go dleathach a áireamh sa tréimhse ama a bheidh socraithe le rabhadh nó le forghairm chun láithreas a thaifeadadh, nó le subpoena chun páipéar tiomnach a thabhairt isteach.


83. Beidh de chead ag an Oifigeach Probháide gníomhú ar dheimhniú Leas-Choimeádaí nó Leas-Choimeádaí Cúnta na dTaifead (nó, má bhíonn siadsan as láthair, ar dheimhniú oifigigh d’Oifig na dTaifead Poiblí arna ainmniú ag an Leas-Choimeádaí chun na críche sin), á dheimhniú gur dealraitheach gan aon uacht a bheith cruthaithe, nó gur dealraitheach gan aon riarachán a bheith deonaithe i leith earraí nó eastát duine éagtha, nó gan aon uacht neamhchruthaithe nó doiciméad tiomnach de chuid an duine éagtha sin a bheith i measc na dTaifead le linn aon tréimhse sonraithe, a bheidh ar áireamh sa tréimhse dá mbeidh na taifid ar phrobháidí, riaracháin agus uachtanna neamhchruthaithe aistrithe chuig Oifig na dTaifead Poiblí, ach amháin cibé ceann a bheidh luaite sa deimhniú sin, chun gach intinne agus críche, amhail is dá mbeadh cuardach déanta san oifig sin ag oifigeach don Oifig Phrobháide.


84. Is i cibé foirm a fhorordóidh an tOifigeach Probháide ó thráth go chéile de réir imthosca an cháis a bheidh an Deimhniú a cheanglaítear ar oifigeach cuí na Cúirte a thabhairt faoin Customs and Inland Revenue Act, 1881, alt 30, arna leasú leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, chun críocha an Finance Act, 1894.


85. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le codaisíleacha ar an gcuma chéanna is a bheidh feidhm aige maidir le huachtanna.


86. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis, is iad na foirmeacha i bhFoscríbhinn Q, Cuid I, i gcás inarb infheidhme iad, a úsáidfear. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis roimh an 1 Eanáir, 1967, is iad na foirmeacha a bhí in úsáid go dtí seo i dtaca le heastáit den sórt sin a úsáidfear.


87. Ar iarratais ex parte i gcúiseanna agus in ábhair phrobháide, taiscfear páipéar foriarratais leis an Oifigeach Probháide dhá lá glan roimh an lá a dtairgfear nó a ndéanfar an foriarratas sin nó an t-iarratas sin, maille le mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní ina mbeidh aon fhíorais a bheidh le cur in iúl don Chúirt mar thaca leis an gcéanna. Beidh ráiteas gairid sa pháipéar foriarratais i dtaobh na bpríomhfhíoras a bheidh mar fhoras leis an bhforiarratas nó leis an iarratas, agus críochnóidh sé leis na téarmaí ina mbeidh an foriarratas le déanamh. Ní bheidh aon fhíorais sa ráiteas sin nach mbeidh mionnscríbhinn nó doiciméid oifigiúla mar thaca leo, agus luafar sa pháipéar foriarratais aon riail a bheidh déanta ag an Oifigeach Probháide ar ábhar an fhoriarratais nó an iarratais.


88. Leagfar amach i bpáipéir fhoriarratais i gcúiseanna agus in ábhair phrobháide teideal agus cuspóir na cúise nó an imeachta a bheidh os comhair na Cúirte, ainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe sa chúis nó san ábhar sin, na himeachtaí a bheidh tar éis bheith sa chúis cheana féin, agus dátaí na n-imeachtaí sin, impí an pháirtí a mbeidh an foriarratas á dhéanamh thar a cheann agus, go haicearrach, na himthosca ar a mbeidh sé bunaithe. Má bhíonn an páipéar foriarratais a thairgfear easnamhach in aon cheann de na sonraí sin thuas, ní ghlacfar é gan cead ón Oifigeach Probháide. Ar an bpáipéar foriarratais a thaisceadh san Oifig Phrobháide, fágfar freisin san Oifig Phrobháide na mionnscríbhinní a bheidh mar thaca leis an bhforiarratas agus cóip d’aon scríbhinn pháipéir thiomnach a mbeidh tagairt déanta di iontu agus, má éilíonn an tOifigeach Probháide sin, aon doiciméid bhunaidh a mbeidh tagairt déanta dóibh sna mionnscríbhinní sin nó a mbeidh tagairt le déanamh dóibh nuair a bheidh an foriarratas á éisteacht; nó i gcás ina mbeidh na mionnscríbhinní nó na doiciméid sin comhdaithe nó taiscthe cheana féin, déanfar iad a lorg, a chuardach, agus a thaisceadh leis an oifigeach cuí, lena gcur, leis an bpáipéar foriarratais, chuig an gCúirt.


89. (1) Déanfar láithreas in ábhair lena mbainfidh an tOrdú seo a thaifeadadh san Oifig Phrobháide.


(2) Is ón Oifig Phrobháide a eiseofar gach ordú ón gCúirt sna hábhair sin.