Ordú 129

An tAcht um Chumhachtaí Aturnae, 1996 : I.R. Uimh. 66 de 2000

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Chumhachtaí Aturnae, 1996.

ciallaíonn ‘‘an Chúirt’’ Uachtarán na hArd-Chúirte nó cibé Breitheamh eile den Ard-Chúirt a shannfaidh an tUachtarán ó am go ham chun iarratais faoin Acht a éisteacht agus, más cuí, folóidh sí an Cláraitheoir.

ciallaíonn ‘‘an Cláraitheoir’’ Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

ciallaíonn ‘‘na Rialacháin’’ na Rialacháin um Chumhachtaí Aturnae Marthanacha, 1996 (I.R. Uimh. 196 de 1996) arna leasú leis na Rialacháin um Chumhachtaí Aturnae Marthanacha (Cinntí maidir le Cúram Pearsanta), 1996 (I.R. Uimh. 287 de 1996).

beidh le focail agus abairtí, mura léir a mhalairt d’intinn, an bhrí chéanna atá leo san Acht.

Iarratais Réamh- chlárúcháin.

2. (1) Féadfar na hiarratais seo a leanas a dhéanamh ex parte chun na Cúirte trí dhuillín ex parte:

(a) iarratas de bhun alt 8 den Acht chun aon chumhacht arna cruthú faoi chumhacht aturnae mharthanach a fheidhmiú roimh chlárú na hionstraime lena gcruthaítear an chumhacht sin;

(b) iarratas de bhun alt 9(3) den Acht chun aon cheist i dtaobh bhailíocht na cumhachta a tharchur chuig an gCúirt chun go ndéanfaidh sí cinneadh ina leith;

(c) iarratas de bhun mhír 4(2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht chun déanamh gan an ceanglas maidir le fógra a thabhairt á rá go bhfuiltear chun iarratas ar chlárúchán a dhéanamh faoi alt 9 den Acht.

(2) Beidh mar fhoras le hiarratas ex parte mionnscríbhinn ón bpáirtí leasmhar nó ón duine ag a mbeidh cumhacht aturnae, de réir mar a bheidh, agus taiscfear in Oifig na gCoimircithe Cúirte é agus leagfar amach go hiomlán ann na fíorais agus na himthosca is cúis leis an iarratas. Go háirithe, beidh na nithe seo a leanas sa mhionnscríbhinn:

(a) seoladh láithreach an deontóra;

(b) seoladh láithreach nó seoltaí láithreacha an duine nó na ndaoine dá bhfuiltear tar éis fógra a thabhairt faoi fhorghníomhú na cumhachta;

(c) an dáta a forghníomhaíodh an chumhacht aturnae mharthanach;

(d) an dáta a tugadh fógra faoin deontóir do dhéanamh forghníomhú;

(e) dáta críochnaithe an ráitis ón duine ag a mbeidh cumhacht aturnae, ar ráiteas é a fhorordaítear le Cuid C den Fhoirm sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(f) dáta críochnaithe an ráitis ón aturnae a fhorordaítear le Cuid D den Fhoirm sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(g) dáta críochnaithe an ráitis ón dochtúir a fhorordaítear le Cuid E den Fhoirm agus a cheanglaítear leis an gCéad nó leis an Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(h) an dáta a tugadh don deontóir an fógra á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán (más infheidhme);

(i) an dáta nó na dátaí a tugadh fógra, á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, do na fógra-pháirtithe is gá a fhorordaítear leis an Acht nó leis na Rialacháin, (más infheidhme);

agus déanfar an chumhacht aturnae lena mbaineann agus an doiciméadacht iomchuí eile go léir a fhoilseánadh sa mhionnscríbhinn.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas den sórt sin, cibé ordú a dhéanamh is dealraitheach a bheith cuí sna himthosca, lena n-áirítear ordú lena gcuirtear an t-iarratas ar atráth agus lena n-ordaítear go ndéanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar aon duine ar dóigh go ndéanfaidh an t-iarratas difear dó nó féadfaidh sí iarratas den sórt sin a chur ar atráth go dtí go ndéanfaidh sí, nó go gcuirfidh sí faoi deara go ndéanfar, cibé fiosrúcháin nó fiosrúcháin bhreise, más ann, is cuí léi in imthosca an cháis agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dealraitheach a bheith cóir.

Iarratas ar Chlárúchán.

3.(1) Maidir le hiarratas ar chumhacht aturnae mharthanach a chlárú, déanfar é chuig an gCláraitheoir trí iarratas ar chlárúchán a thaisceadh in Oifig na gCoimircithe Cúirte agus beidh mar fhoras leis an iarratas mionnscríbhinn ón duine nó ó na daoine ag a mbeidh cumhacht aturnae agus a bhfuil clárúchán den sórt sin á lorg aige nó acu. Is i bhFoirm Uimh. 1 atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha seo a bheidh an t-iarratas sin, a mhéid is indéanta.

(2) Déanfar na fíorais agus na himthosca is cúis leis an iarratas a leagan amach go hiomlán i mionnscríbhinn a bheidh mar fhoras le hiarratas den sórt sin. Go háirithe, beidh na nithe seo a leanas sa mhionnscríbhinn:

(a) seoladh láithreach agus stádas pósta an deontóra;

(b) seoladh láithreach nó seoltaí láithreacha (más eol) an duine nó na ndaoine dá bhfuiltear tar éis fógra a thabhairt faoi fhorghníomhú na cumhachta;

(c) an dáta a forghníomhaíodh an chumhacht aturnae mharthanach (más eol);

(d) an dáta a tugadh fógra faoin deontóir do dhéanamh forghníomhú (más eol);

(e) dáta críochnaithe an ráitis ón duine ag a mbeidh cumhacht aturnae, ar ráiteas é a fhorordaítear i gCuid C den Fhoirm sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(f) dáta críochnaithe an ráitis ón aturnae a fhorordaítear le Cuid D den Fhoirm sa Chéad nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(g) dáta críochnaithe an ráitis ón dochtúir a fhorordaítear le Cuid E den fhoirm agus a cheanglaítear leis an gCéad nó leis an Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin, de réir mar a bheidh;

(h) an dáta a tugadh don deontóir an fógra á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán;

(i) an dáta nó na dátaí a tugadh fógra, á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, don Chláraitheoir agus do na fógra-pháirtithe is gá a fhorordaítear leis an Acht nó leis na Rialacháin;

(j) deimhneasc nach ndearnadh cur isteach ná athrú in aon slí ar an gcumhacht aturnae mharthanach ó tháinig sí i seilbh an duine ag a mbeidh cumhacht aturnae agus deimhneascfar sa mhionnscríbhinn maidir leis an dáta a tháinig an chumhacht i seilbh an duine lena mbaineann ag a mbeidh cumhacht aturnae agus maidir leis an tslí inar tháinig sí ina sheilbh nó ina seilbh;

(k) ráiteas á rá gur dheimhnigh lia-chleachtóir cláraithe go bhfuil an deontóir éagumasach, nó ag éirí ghnóthaí nó a gnóthaí féin a bhainistiú nó a riaradh;

(l) déarfar inti nach bhfuil aon duine eile ann a gceanglaítear fógra a thabhairt dó de bhua fhorálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht;

agus beidh i gceangal leis an iarratas an chumhacht aturnae lena mbaineann, aon deimhniú liachta arna eisiúint de bhun alt 9(4) den Acht, aon fhógraí iomchuí (nó cóipeanna den chéanna, má tá fáil orthu) dá dtagraítear thuas agus aon doiciméadacht iomchuí eile.

(3) Déanfar an t-iarratas ar chlárúchán a sheirbheáil ar an deontóir go pearsanta agus ar na páirtithe eile go léir a fuair fógra, nó ar chóir dóibh a bheith tar éis fógra a fháil, á rá go bhfuiltear chun iarratas ar chlárúchán a dhéanamh. Ach amháin maidir le seirbheáil ar an deontóir, féadfar seirbheáil den sórt sin a dhéanamh leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig gnátháit chónaithe an duine, nó chuig an áit chónaithe is deireanaí is eol a bheith ag an duine, a bhfuil sé le tabhairt dó nó trí sheirbheáil phearsanta nó ar cibé modh ionaid a cheadóidh an Chúirt mar mhodh cuí sna himthosca ar iarratas ex parte a dhéanamh chuige sin.

(4) Féadfaidh an Chúirt, nó más cuí, féadfaidh an Cláraitheoir, in aon chás, a cheangal go bhfaighidh sí nó sé cibé cruthúnas ar sheirbheáil an fhógra i dtaobh é a bheith ar intinn ag an iarratasóir an clárúchán a lorg, nó cruthúnas ar sheirbheáil aon fhógra eile a seoladh nó a airbheartaítear a seoladh chuig aon duine, in aon chás inar dealraitheach gur gá déanamh amhlaidh agus féadfaidh sí nó sé iarratas den sórt sin a chur ar atráth go dtí go mbeidh cruthaithe, chun sástacht na Cúirte nó an Chláraitheora, de réir mar a bheidh, go ndearnadh seirbheáil den sórt sin nó gur seoladh fógra den sórt sin.

(5) In aon chás lena mbaineann alt 10(2) den Acht, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas ar chlárúchán a chur ar atráth go dtí go mbeidh cibé fiosrúcháin a dhéanfaidh sí, nó a chuirfidh sí faoi deara a dhéanamh, curtha i gcrích agus féadfaidh sí cibé ordachán is cuí léi a thabhairt i ndáil le haon fhiosrúcháin is dealraitheach is gá in imthosca an cháis.

(6) In aon chás ina bhfuiltear tar éis fógra bailí agóide in aghaidh an chlárúcháin a thabhairt, nó ar chúis dhóthanach eile, féadfaidh an Chúirt a cheangal ar pháirtí den sórt sin atá ag agóid in aghaidh an chlárúcháin mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní a chomhdú mar thaca leis na forais agóide agus déanfaidh an duine lena mbaineann ordacháin na Cúirte a chomhlíonadh i ndáil le nithe den sórt sin. Is i bhFoirm Uimh. 3 nó Uimh. 4, de réir mar a bheidh, a bheidh fógra agóide.

(7) In aon chás inar dealraitheach don Chúirt gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sí a ordú go n-éistfear ar fhianaise bhéil saincheist nó saincheisteanna a éiríonn i ndáil le hiarratas ar chlárúchán nó i ndáil le hagóid in aghaidh an chéanna agus féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt maidir le pléadálacha a mhalartú nó maidir le follasú a dhéanamh is dealraitheach is gá agus is cuí in imthosca an cháis.

(8) In aon chás ina suitear agóid in aghaidh duine ag a mbeidh cumhacht aturnae nó in aghaidh cumhachta, ach ina mbeidh cumhacht mharthanach ar marthain maidir le duine ag a mbeidh cumhacht aturnae nach ndéanann an agóid difear dó, ordóidh an Chúirt go gclárófar an chumhacht aturnae mharthanach tríd an gclárúchán a cháiliú trína shonrú ina hordú nach mbeidh an chumhacht lena mbaineann infheidhmithe nó go mbeidh sí infheidhmithe faoi réir coinníollacha nó, de réir mar a bheidh, maidir leis an gcumhacht a beartaíodh a dheonú i dtosach, nach ndéanfaidh an duine lena mbaineann ag a mbeidh cumhacht aturnae, nó nach n-airbheartóidh sé, an chumhacht sin a fheidhmiú agus, dá éis sin, beidh an chumhacht aturnae faoi réir cibé cáilíochta a bheidh sonraithe san ordú.

Iarratais Iarchlárúcháin.

4. (1) Tar éis ionstraim a chlárú, maidir le haon iarratas:

(a) chun cumhacht a shéanadh de bhun alt 11(1)(b) den Acht, nó

(b) ar an gCúirt d’fheidhmiú aon chumhachta a thugtar le halt 12(2) go (6), go huile, den Acht;

déanfar é trí fhógra foriarratais chuig an gCúirt agus taiscfear é in Oifig na gCoimircithe Cúirte. Beidh foriarratas den sórt sin i bhFoirm Uimh. 2 mar atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis seo, a mhéid is indéanta, agus beidh mar fhoras leis mionnscríbhinn ón bpáirtí tionscnaimh ina leagfar amach go hiomlán na fíorais agus na himthosca is cúis leis an iarratas a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag forálacha fho-rialacha 2 go 9 go huile de riail 3 mutatis mutandis, más infheidhme, i ndáil le haon iarratas arna thionscnamh faoin riail seo.

An Cláraitheoir.

5. (1) Déanfaidh an Cláraitheoir Clár a choimeád agus a chothabháil ina gcláróidh sé na hionstraimí go léir atá i dteideal a bheith cláraithe mar chumhacht aturnae mharthanach faoi fhorálacha an Achta. Taifeadfar i gclár den sórt sin dáta an iarratais ar chlárúchán, dáta an chlárúcháin, aon cháilíocht arna sonrú ag an gCúirt i ndáil le clárúchán agus aon iarratais maidir le clárú ionstraime a chúlghairm nó a chealú.

(2) Cothabhálfaidh an Cláraitheoir leabhar cúiseanna ina ndéanfar na hiarratais go léir arna ndéanamh faoin Acht i ndáil le haon chumhacht aturnae mharthanach (cibé acu cláraithe nó neamhchláraithe) agus toradh an chéanna a thaifeadadh. Ní bheidh an leabhar cúiseanna sin ar fáil lena iniúchadh ach amháin ag an iarratasóir, an deontóir, aon duine ar ar seirbheáladh fógra iomchuí nó cibé duine eile a cheadóidh an Cláraitheoir dá rogha féin.

(3) Déanfaidh an Cláraitheoir cóip fhianaithe de na cumhachtaí aturnae marthanacha go léir a thaisctear leis chun críche clárúcháin, nó a thaisctear sa Chúirt chun críocha aon iarratais faoin Acht, a choimeád agus a choinneáil in Oifig na gCoimircithe Cúirte agus soláthróidh sé cóipeanna fianaithe d’aon duine atá i dteideal an céanna a fháil de bhun alt 11 den Acht.

(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, in aon chás inar dealraitheach gur cuí déanamh amhlaidh, deimhniú a eisiúint á dheimhniú go ndearnadh iarratas ar chlárúchán ach nár cinneadh fós é nó go ndearnadh iarratas a raibh mar thoradh air gur cláraíodh an ionstraim lena mbaineann sé agus féadfar an deimhniú sin a thabhairt i bhFoirm Uimh. 5 san Fhoscríbhinn a ghabhann leis seo, de réir mar is cuí.

6. Is faoi rogha na Cúirte a bheidh costais aon iarratais chun na Cúirte nó costais aon agóide in aghaidh aon iarratais.


Foscríbhinn

Foirmeacha: No. 1 / No. 2 / No. 3 / No. 4 / No. 5


FOIRM UIMH. 1


Ordú 129, r3.


IARRATAS AR CHLÁRÚCHÁN:

MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHUMHACHTAÍ ATURNAE, 1996 AGUS MAIDIR LE hIONSTRAIM LENA gCRUTHAÍTEAR CUMHACHT ATURNAE MHARTHANACH


ARNA FHORGHNÍOMHÚ AG ...... AS ....... AN .... Ú LÁ DE ....... 20...

Bíodh Seo ina Fhógra go nDéanaimse/nDéanaimidne as ........ Duine/Daoine ag a mbeidh cumhacht aturnae thar ceann A.B. ........ (dá ngairtear ‘‘an Deontóir’’ anseo ina dhiaidh seo) as ......... iarratas leis seo chun na hArd-Chúirte ar chlárú na hionstraime lena gcruthaítear an Chumhacht Aturnae Mharthanach lena gceaptar mise/sinne i mo Dhuine/inár nDaoine ag a mbeidh cumhacht aturnae agus arna forghníomhú ag an Deontóir an ..... ú lá de ........ 20 ...

Tá mar fhoras leis an Iarratas seo Mionnscríbhinn ó ....... arna mionnú an .... ú lá de ..... 20 ... agus na doiciméid seo a leanas atá i gceangal leis seo:

(i) an Chumhacht Aturnae Mharthanach sin dar dáta an ..... ú lá de ..... 20

(ii) cóip d’fhógra dar dáta an ....... ú lá de ....... 20 ...

Maidir leis an Deontóir d’Fhorghníomhú na Cumhachta Aturnae Marthanaí, ar fógra é a tugadh do A.B. as ....... arb é nó í ....... (luaigh stádas nó aicme an fhógra-pháirtí de réir cheanglais an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht)

(iii) cóip d’fhógra dar dáta an ..... ú lá de ....... maidir leis an Deontóir d’Fhorghníomhú na Cumhachta Aturnae Marthanaí, ar fógra é a tugadh do C.D. as ....... arb é nó í

(luaigh stádas nó aicme etc.)

(iv) cóip d’Fhógra dar dáta an .... ú lá de ..... 20... á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, ar fógra é a tugadh don Deontóir

(v) cóip d’fhógra dar dáta an ..... ú lá de ....... 20.... á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, ar fógra é a tugadh do A.B.

(vi) cóip d’fhógra dar dáta an ..... ú lá de ..... 20.... á rá go bhfuiltear chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, ar fógra é a tugadh do C.D. [féach mír (iii)]

(vii) Mionnscríbhinní maidir le Seirbheáil na bhFógraí dá dtagraítear i míreanna (iv), (v) agus (vi) thuas

(viii) Deimhniú ón Dr ....... dar dáta an ....... ú lá de ....... 20 ....... á rá go bhfuil an Deontóir éagumasach (nó ag éirí éagumasach), mar gheall ar riocht meabhrach, ar a mhaoin nó a maoin agus a ghnóthaí nó a gnóthaí a bhainistiú.

Arna dhátú an ....... ú lá seo de ....... 20.... (aturnaetha do) Duine/Daoine ag a bhfuil cumhacht aturnae Arna dhíriú chuig:

Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte
Áras Uí Dhálaigh
Cé na gCúirteanna
Baile Átha Cliath 7

An ....... ú lá de ....... 20


FOIRM UIMH. 2


Ordú 129, r4.


FÓGRA FORIARRATAIS MAIDIR LE hIARRATAIS CHUN NA CÚIRTE (SEACHAS CHUN AN CHLÁRAITHEORA)

MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHUMHACHTAÍ ATURNAE, 1996 AGUS MAIDIR LE hIONSTRAIM LENA gCRUTHAÍTEAR CUMHACHT ATURNAE MHARTHANACH


ARNA FHORGHNÍOMHÚ AG ....... nó ag ......

AN ....... ú LÁ DE ....... 20...

IDIR

A.B.

Iarratasóir

—agus—

C.D.

Freagróir

Bíodh seo ina Fhógra go ndéanfar Iarratas an ....ú lá de ....... 20... ar 10.30 a chlog sa réamhnóin nó an chéad uair a bheidh caoi ann chuige sin dá éis sin chun na hArd-Chúirte thar ceann [Duine ag a mbeidh cumhacht aturnae/Deontóra/Páirtí Leasmhair] as ....... ar Ordú de bhun Alt ....... den Acht

Tá mar fhoras leis an Iarratas seo Mionnscríbhinn ó ........ arna mionnú an ..... ú lá de ..... 20... agus na doiciméid agus na foilseáin dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn sin lena n-áirítear na doiciméid seo a leanas:

(i) an Chumhacht Aturnae Mharthanach sin dar dáta an ..... ú lá de ....... 20...

(ii) (Leag amach i sceideal cibé doiciméid bhreise atá liostaithe i bhFoirm Uimh. 1, agus a bheidh forghníomhaithe agus atá i seilbh an Iarratasóra nó ar fáil aige) — agus tá na doiciméid sin faoi iamh istigh leis seo.

Arna dhátú an .... ú lá seo de ...... 20....

(Aturnaetha do) Duine ag a bhfuil cumhacht aturnae/Deontóir/Páirtí Leasmhar


FOIRM UIMH. 3


Ordú 129, r3(7).


FÓGRA AGÓIDE IN AGHAIDH CLÁRÚCHÁIN (ÓN DEONTÓIR):

MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHUMHACHTAÍ ATURNAE, 1996 AGUS MAIDIR LE hIONSTRAIM LENA gCRUTHAÍTEAR CUMHACHT ATURNAE MHARTHANACH


ARNA FHORGHNÍOMHÚ AG ....... AS ........ AN ....... ú LÁ DE ....... 20...

Is mise ........ as ........

agus ós mise Deontóir na hionstraime lena gcruthaítear an Chumhacht Aturnae Mharthanach arna forghníomhú agam an ..... agus lena gceaptar ........... as ............ mar Dhuine/Dhaoine ag a mbeidh cumhacht aturnae, agus ós rud é gur thug an Duine/na Daoine sin ag a mbeidh cumhacht aturnae Fógra dom dar dáta an ..... ú lá de ...... 20... á rá go raibh sé/siad chun iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar chlárú na hionstraime sin, déanaimse leis seo, agóid in aghaidh an chlárúcháin sin ar na forais seo a leanas:—

[Sonraigh cé acu de na forais atá leagtha amach in alt 10(3) a bhfuiltear ag seasamh orthu]

Arna dhátú an ....... ú lá seo de ....... 20...

(Arna shíniú)

DO: Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte
Áras Uí Dhálaigh
Cé na gCúirteanna
Baile Átha Cliath 7


FOIRM UIMH. 4


Ordú 129, r3(7).


FÓGRA AGÓIDE IN AGHAIDH CLÁRÚCHÁIN (Ó DHUINE SEACHAS AN DEONTÓIR)

MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHUMHACHTAÍ ATURNAE, 1996 AGUS MAIDIR LE hIONSTRAIM LENA gCRUTHAÍTEAR CUMHACHT ATURNAE MHARTHANACH


ARNA FHORGHNÍOMHÚ AG ....... AS AN ....... ú LÁ DE ....... 20...

Is mise ....... as ........

agus ós rud é go bhfuair mé Fógra dar dáta an .... ú lá de ....... 20...

Ó ....... as ......... an Duine/na Daoine ag a mbeidh cumhacht aturnae arna cheapadh/gceapadh ag ...... as .......... (‘‘an Deontóir’’) faoi ionstraim lena gcruthaítear an Chumhacht Aturnae Mharthanach arna forghníomhú ag an Deontóir sin an ....... ú lá de ...... 20..., ar Fógra é á rá go bhfuil sé/siad chun iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar chlárú na hionstraime sin, déanaimse leis seo, agóid in aghaidh an chlárúcháin sin ar na forais seo a leanas:—

[Sonraigh cé acu de na forais atá leagtha amach in alt 10(3) a bhfuiltear ag seasamh orthu].

Is é an gaol atá agam leis an Deontóir sin:

(nó) Níl aon ghaol agam leis an Deontóir sin

Arna dhátú an .... ú lá seo de .....

Arna shíniú ..............

DO: Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte
Áras Uí Dhálaigh
Cé na gCúirteanna
Baile Átha Cliath 7


FOIRM UIMH. 5


Ordú 129, r5(7).


DEIMHNIÚ GO bhFUARTHAS IARRATAS AR CHLÁRÚCHÁN/DEIMHNIÚ CLÁRÚCHÁIN

MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHUMHACHTAÍ ATURNAE, 1996 AGUS MAIDIR LE hIONSTRAIM LENA gCRUTHAÍTEAR CUMHACHT ATURNAE MHARTHANACH ARNA FORGHNÍOMHÚ AG A.B. AS ......


AN ....ú LÁ DE ...... 20....

Deimhním leis seo, maidir le hiarratas ar chlárú Ionstraime lena gcruthaítear an Chumhacht Aturnae Mharthanach lena gceaptar Duine/Daoine ag a mbeidh cumhacht aturnae agus arna forghníomhú ag

an Deontóir, an .. ú lá de ... 20..., go bhfuarthas iarratas den sórt sin ó ....... in Oifig na gCoimircithe Cúirte an ....ú lá de ...... 20..... [agus nár cinneadh an t-iarratas sin fós]/[agus gur cláraíodh é an ....ú lá de ..... 20...]

(*scrios cibé ceann nach infheidhme)

Arna shíniú: ...................

Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte
Áras Uí Dhálaigh
Cé na gCúirteanna
Baile Átha Cliath 7