Ordú 76A

An tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012 : I.R. Uimh. 316 de 2013

I. Réamhráiteach agus Ginearálta

1. (i) San Ordú seo:-
ciallaíonn “Acht” an tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le “creidiúnaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) den Acht;

mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le “féichiúnaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) den Acht;

tá le gach ceann de na habairtí seo a leanas, “Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais”, “ordú um thacaíocht teaghlaigh”, “fiach ineisiata”, “fiach eisiata”, “comhshocraíocht dó cmhainneachta”, “Aire”, “Comhshocraýíocht Dócmhainneachta Pearsanta”, “cleachtóir dócmhainneachta pearsanta”, “príomháit chónaithe phríobháideach”, “deimhniú cosantach”, “gaol”, “socrú pinsin iomchuí”, “creidiú naí urraithe”, “fiach urraithe”, “creidiúnaí sonraithe”, “fiach sonraithe”, “céile”, “creidiúnaí neamhurraithe” agus “fiach neamhurraithe”, an bhri chéanna atá leo in alt 2(1) den Acht;

ciallaíonn “úsáideoir leictreonach” duine, nó duine laistigh d’aicme daoine, atá údaraithe, de thuras na huaire, doiciméid a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh go leictreonach de réir riail 4(i);

ciallaíonn “an tSeirbhís Dócmhainneachta” Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann arna bunú le halt 8 den Acht.

(ii) I gcás go n-eascróidh aon easaontas idir foráil d’aon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo i leith aon imeachtaí faoin Acht.

2. (i) Is é seo a leanas an teideal a bheidh ar imeachtaí faoin Acht:


“AN ARD-CHÚIRT
AN tACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA”.


(ii) Faoi réir riail 4, is ón bPríomh-Oifig a eiseofar imeachtaí faoin Acht agus déanfar aon doiciméad a cheanglaítear a thaisceadh nó a chomhdú sna himeachtaí a thaisceadh nó a chomhdú sa Phríomh-Oifig.

3. (i) Is de réir Ordú 84C a dhéanfar aon achomharc chuig an gCúirt faoi alt 183 den Acht.

(ii) Is de réir Ordú 84B a dhéanfar aon iarratas chuig an gCúirt faoi alt 19(6), alt 174, alt 179 nó alt 182(12) den Acht.

(iii) Ní bheidh feidhm ag Riail 4 maidir le himeachtaí faoin Acht a luaitear i bhfo-rialacha (1) agus (2).


II. Doiciméid in imeachtaí faoin Acht a chomhdú agus a sheachadadh go leictreonach

4. (i) D’ainneoin aon fhoráil eile de na Rialacha seo, faoi réir chomhlíonadh aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-riail (2) nó iomlán nó cuid d’aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin a chuirfidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig in iúl dó nó di, ag an úsáideoir leictreonach lena mbaineann—

(a) féadfaidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig—

(i) a údarú don tSeirbhís Dócmhainneachta nó a cheangal uirthi, agus
(ii) a údarú d’aon chleachtóir dócmhainneachta pearsanta, féichiúnaí, creidiúnaí nó páirtí eile in imeachtaí faoin Acht (nó aon aturnae a bheidh ag gníomhú d’aon pháirtí den sort sin),


aon doiciméad is féidir a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh agus aon iarratas a fhéadfar a dhéanamh chuig an gCúirt in aon imeachtaí, nó in aon aicme imeachtaí, faoin Acht nó faoin Ordú seo, nó ag aon staid nó céim sna himeachtaí sin, a sheachadadh ar an gCúirt nó a chomhdú nó a thaisceadh léi trí mheán leictreonach,

(b) aon doiciméad tionscnaimh, breithiúnas, ordú nó cinneadh ón gCúirt (lena n-áirítear aon bhreithiúnas, ordú nó cinneadh a taifeadadh sa Phríomh-Oifig nó arna eisiúint uaithi) sna himeachtaí sin, nó san aicme imeachtaí sin, a fhéadfaidh an Chúirt nó an Phríomh-Oifig a eisiúint nó a fhéadfar a eisiúint thar a ceann faoin Acht nó faoin Ordú seo, féadfar é a eisiúint chuig úsáideoir leictreonach trína tharchur trí mheán leictreonach, agus

(c) aon doiciméad nó faisnéis eile a fhéadfaidh an Chúirt nó an Phríomh-Oifig, sna himeachtaí sin, nó san aicme imeachtaí sin, a tharchur faoin Acht nó faoin Ordú seo chuig an úsáideoir leictreonach lena mbaineann, féadfar é nó í a tharchur chuig úsáideoir leictreonach trí mheán leictreonach.

(ii) Is iad na coinníollacha a luaitear i bhfo-riail (i) go mbeidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig sásta, maidir leis an úsáideoir leictreonach beartaithe (“an t-úsáideoir” san fho-riail seo):

(a) go bhfuil na crua-earraí agus an trealamh eile, aon mheáin stórála sonraí agus aon phrótacal cumarsáide a mbeidh an t-úsáideoir le feidhm a bhaint astu le linn doiciméid nó faisnéis a sheachadadh, a chomhdú, a thaisceadh nó a fháil trí mheán leictreonach, i gcomhréir leis an trealamh comhfhreagrach agus leis na meáin chomh-fhreagracha agus na prótacail chomhfhreagracha a bheidh in úsáid nó a mbainfear feidhm astu sa Phríomh-Oifig nó ina leith agus oiriúnach ar shlí eile lena n-úsáid i gcomhar leo;
(b) go n-úsáidfidh an t-úsáideoir cibé nósanna ainmniúcháin, seoltaí ríomhphoist, pasfhocail, sínithe leictreonacha, séalaí leictreonacha, sínithe digiteacha, prótacail, cóid nó tagairtí sainaitheantais uathúla nó meáin eile chun fíordheimhniú a dhéanamh ar dhoiciméid arna seachadadh, arna gcomhdú nó arna dtaisceadh trí mheán leictreonach agus a theastóidh ón oifigeach cuí don Phríomh-Oifig chun slándáil agus fíordheimhneacht na ndoiciméad sin a áirithiú (agus féadfaidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig, chun na críche sin, a cheangal go dtabharfar di ainmneacha, sínithe samplacha agus sonraí eile maidir leis na pearsana aonair a bheidh údaraithe chun gníomhú thar ceann an úsáideora);

(c) go n-úsáidfidh an t-úsáideoir cibé balla dóiteáin, uirlis fhrithvíris nó feistí nó feidhmchláir eile, más ann, a theastóidh ón oifigeach cuí don Phríomh-Oifig chun damáiste d’aon chóras faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig a sheachaint;

(d) go ndéanfaidh an t-úsáideoir cibé bearta agus go n-úsáidfidh sé nó sí cibé cleachtas nó prótacal a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig chun a chinntiú nach dtiocfaidh ábhar díobhálach, dochrach nó tarcaisneach isteach in aon chóras faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig;

(e) go ndéanfaidh an t-úsáideoir doiciméid atá le seachadadh, le comhdú, le taisceadh nó le fáil trí mheán leictreonach a fhormáidiú agus a eagrú agus más gá, iad a shainaithint, a chur i gcód, a innéacsú nó a thabhairt ar aird i bhfoirm chlóite ar aon mhodh a cheanglaítear leis na Rialacha seo nó a cheanglóidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig.

(iii) Chun críocha fho-riail (2), féadfaidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig aon chomhaontú nó prótacal a dhéanamh le duine amháin nó níos mó (lena n-áirítear úsáideoir leictreonach amháin nó níos mó), nó féadfaidh sé nó sí aon cheanglais nach foláir iad a chomhlíonadh chun é nó í a shásamh go bhfuil aon choinníoll a leagtar amach i bhfo-riail (2) comhlíonta, nó treoirlínte maidir le aon choinníollacha den sórt sin a chomhlíonadh, a fhoilsiú.
(iv) Gan dochar d’fho-riail (2), de réir alt 140(2)(b) den Acht—

(a) aon doiciméad arna tharchur ag an tSeirbhís Dócmhainneachta, agus
(b) aon deimhniú dá dtagraítear i riail 11(3) nó riail 20(3) arna tharchur ag cleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar úsáideoir leictreonach é nó í,

trí mheán leictreonach chuig córas faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig, déanfar é a fhíordheimhniú, agus déanfar sainaitheantas an duine ar ina ainm nó ar ina hainm a eisítear é a fhíorú—

(a) trína tharchur ó chóras faisnéise nó seoladh ríomhphoist de chuid na Seirbhíse Dócmhainneachta nó an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, arna ghlacadh ag an oifigeach cuí don Phríomh-Oifig chun críche na fo-rialach seo, nó
(b) trína tharchur chuig an gcóras faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig ag baint úsáid as pasfhocal arna eisiúint ag an oifigeach cuí don Phríomh-Oifig chun críche na fo-rialach seo,

gan é a bheith riachtanach síniú an duine ar ina ainm nó ar ina hainm a eisítear é a bheith corpraithe sa doiciméad.

(v) I gcás go gcinnfidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig nach bhfuil coinníoll (nó cuid d’aon choinníoll) a shonraítear i bhfo-riail (2) á chomhlíonadh nó á comhlíonadh ag úsáideoir leictreonach ar cheangal sé nó sí ar an úsáideoir sin é nó í a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí údarú nó ceanglas dá dtagraítear i bhfo-riail (1) i leith an úsáideora sin a chúlghairm nó a mhodhnú.

(vi) Déanfaidh úsáideoir leictreonach doiciméid a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh trí mheán leictreonach ar cibé ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas a bheidh curtha ar fáil sa Phríomh-Oifig nó ar fáil di:

(a) chun an céanna a tharchur i bhfoirm doiciméid leictreonaigh nó sonraí leictreonaigh struchtúrtha eile (ina bhféadfar aon cheangaltán leictreonach i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig a áireamh) chuig córas faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig chun na críche sin, agus ar mhodh agus i cibé foirm a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig, nó
(b) chun an céanna a tharchur (lena n-áirítear aon cheangaltán leictreonach) chuig cibé seoladh ríomhphoist a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig (ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-riail seo éifeacht aon doiciméid a tharchuirfear chuig aon seoladh ríomhphoist eile ach a gheofar iarbhír sa Phríomh-Oifig a neamhbhailiú).

(vii) Féadfar doiciméid nó faisnéis a bheidh le seachadadh ag an gCúirt ar úsáideoir leictreonach:

(a) a tharchur i bhfoirm doiciméid leictreonaigh nó sonraí leictreonaigh struchtúrtha eile chuig córas faisnéise an úsáideora, ar mhodh agus i cibé foirm a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig, nó
(b) a chur ar fáil don úsáideoir leictreonach ar chóras faisnéise a úsáidtear sa Phríomh-Oifig a bhfuil rochtain slán ag an úsáideoir leictreonach air, nó

(c) a tharchur chuig seoladh ríomhphoist an úsáideora sin dá dtagraítear i mír (b) d’fho-riail (2) (ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-riail seo éifeacht aon doiciméid a tharchuirfear chuig aon seoladh ríomhphoist eile ach a gheobhaidh an t-úsáideoir sin iarbhír a neamhbhailiú).

(viii) Aon doiciméad tionscnaimh in imeachtaí faoin Acht arna chur isteach lena eisiúint trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar é a eisiúint nuair a bheidh uimhir thaifid sannta dó. Aon fhógra foriarratais in imeachtaí faoin Acht arna chur isteach lena eisiúint trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar é a eisiúint nuair a bheidh dáta freagartha sannta dó.
(ix) Déanfar na doiciméid a cheanglaítear a chomhdú i dteannta aon doiciméid tionscnaimh a luaitear i bhfo-riail (8) a tharchur trí mheán leictreonach mar shraith comhad, i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig.

(x) I gcás go gcuirfear dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn isteach lena chomhdú nó lena comhdú trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar, mura gceadóidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig a mhalairt, an dearbhú reachtúil nó an mhionnscríbhinn agus gach foilseán a bheidh ag gabháil leis nó léi, san ord cuí, a tharchur i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig.

(xi) I gcás go n-eiseofar doiciméad tionscnaimh nó fógra foriarratais de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo,

(a) déileálfar, de réir alt 140(3) den Acht, le cló nó cóip den doiciméad tionscnaimh nó den fhógra foriarratais mar a tarchuireadh é nó í lena eisiúint nó lena heisiúint, nuair a eiseofar é nó í, mar an leagan bunaidh den doiciméad sin, agus
(b) féadfaidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig aon leagan clóite den doiciméad sin a dheimhniú mar chóip dheimhnithe den leagan bunaidh.

(xii) I gcás go ndéanfar dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn a chomhdú trína sheachadadh nó trína seachadadh trí mheán leictreonach de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo, coimeádfar an dearbhú reachtúil nó an mhionnscríbhinn ar a bhfuil síniú lámhscríbhinne bunaidh an teisteora go ceann tréimhse seacht mbliana ón dáta a mhionnóidh an duine a chomhdaigh an céanna trí mheán leictreonach é nó í, faoi réir aon ordú nó ordachán de chuid na Cúirte.
(xiii) Aon ordú nó deimhniú cosantach arna dhéanamh nó arna eisiúint ag an gCúirt in imeachtaí faoin Acht, fíordheimhneofar é trí uimhir thaifid na n-imeachtaí lena mbaineann a chorprú ann.

(xiv) I gcás:

(a) nach úsáideoir leictreonach páirtí in imeachtaí faoin Acht ar mian leis nó léi doiciméad lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh, nó
(b) gur mian le páirtí in imeachtaí faoin Acht doiciméad lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh mar chuid de staid nó de chéim sna himeachtaí nach úsáideoir leictreonach an pairtí sin ina leith, nó

(c) ar aon chúis, nach mbeidh foráil déanta maidir le haon socrú chun doiciméid nó faisnéis a tharchur idir an Phríomh-Oifig agus úsáideoir leictreonach trí mheán leictreonach nó nach mbeidh an socrú sin ar fáil nó in éifeacht de thuras na huaire,

féadfar doiciméid lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh trí chló den doiciméad lena mbaineann (a mbeidh, i gcás doiciméad a cheanglaítear a bheith sínithe, síniú lámhscríbhinne bunaidh air) mar aon le cóip den chéanna de réir fhorálacha na Rialacha seo agus trí aon mheán a cheadaítear leo, seachas an tOrdú seo, a sheachadadh ar an bPríomh-Oifig nó a chomhdú nó a thaisceadh léi.

III. Cásbhainistiú iarratas faoi Chuid 3 den Acht

5. (i) Ar:


(a) an dáta chun fógra foriarratais arna eisiúint faoi rialacha 8 go 10 go huile, 13, 14, 17 go 19 go huile, 22 nó 23 a chur ar ais, nó
(b) an dáta a ndearnadh aon Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt de réir riail 11, nó

(c) an dáta a ndearnadh aon Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt de réir riail 20,

nó ar aon atráthú den dáta sin, féadfaidh an Chúirt, mura n-éistfidh sí an t-iarratas, na hagóidí nó an iarraidh ar chead lena mbaineann (dá ngairtear an “ní” sa riail seo) agus cinneadh a dhéanamh ina leith, ar an dáta sin, agus i gcás go measfaidh sí gur gá déanamh amhlaidh, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh chun an ní a sheoladh tuilleadh is dealraitheach a bheith caoithiúil chun an ní a chinneadh ar mhodh a bheidh ceart, dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú, ar a n-áireofar, más cuí:

(i) ordacháin maidir le fógra i dtaobh an ní a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear modh na seirbheála agus an t-am a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, an éisteacht no éisteacht bhreise ar an ní a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar);
(ii) ordacháin maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní breise ag aon pháirtí no páirtithe;

(iii) orduithe lena socrófar teorainneacha ama;

(iv) ordacháin maidir le doiciméid a thabhairt ar aird do pháirtithe eile nó maidir le doiciméid nó fianaise bhreise a thabhairt don Chúirt;

(v) ordacháin maidir le meabhráin a mhalartú idir na páirtithe nó i measc na bpáirtithe chun go gcomhaontóidh na páirtithe nó chun go socróidh an Chúirt aon saincheisteanna fíorais nó dlí a bheidh le cinneadh sna himeachtaí, nó orduithe lena socrófar saincheisteanna den sórt sin;

(vi) ordachán go ndéanfar an ní a chinneadh ar fhianaise ó bhéal, i gcás go ndealraíonn sé don Chúirt gur dóigh go mbainfidh díospóid shubstaintiúil maidir le fíorais leis an ní nó go bhfuil sé riachtanach nó inmhianaithe thairis sin ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, orduithe a dhéanamh nó ordacháin a thabhairt i ndáil le malartú pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta idir na páirtithe);

(vii) ordacháin maidir leis na páirtithe do thabhairt aighneachtaí scríofa don Chúirt agus an céanna a sheachadadh;

(viii) ordacháin maidir le fógra i dtaobh an ní a éisteacht a fhoilsiú agus maidir le fógra a thabhairt roimh an éisteacht sin d’aon duine seachas páirtí sna himeachtaí ar mian leis nó léi éisteacht a fháil nuair a éistfear an ní.

(ii) Ar an dáta a luaitear i bhfo-riail (1) (nó ar aon atráthú den dáta sin) féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht.

IV. Comhshocraíochtaí Socraíochta Fiachais

6. (i) Faoi réir fho-riail (2), is trí fhógra foriarratais chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta arna fhorasú ar mhionnscríbhinn an fhéichiúnaí a dhéanfar iarratas chuig an gCúirt ó fhéichiúnaí ar ordú faoi alt 57(2) den Acht.
(ii) Féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaidh an féichiúnaí fógra i dtaobh an iarratais do cibé duine nó daoine a ordóidh sí.

7. (i) Féadfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta breith a lorg ón gCúirt de réir alt 61(2) den Acht trí na nithe seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Oifig:

(i) an t-iarratas ar dheimhniú cosantach faoi alt 59 den Acht thar ceann féichiúnaí;
(ii) deimhniúdechuidnaSeirbhíseDócmhainneachta(ibhFoirm Uimh. 51) sa chiall go bhfuil an t-iarratas faoi alt 59 den Acht in ord, agus

(iii) an doiciméadacht tacaíochta don iarratas faoi alt 59 den Acht (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 59(2)(f) agus (g) den Acht).

(ii) Maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír (i) d’fho-riail (1), is é a bheidh ann, san fhoirm arna forordú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoin Acht, an doiciméad tionscnaimh sna himeachtaí i dtaca leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann. Gach iarratas eile faoin Acht i dtaca leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann, déanfar é a thionscnamh sna himeachtaí arna dtionscnamh leis an iarratas sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (ii) agus (iii) d’fho-riail (1) a chur isteach.
(iii) Ar an dáta a céadsocraíodh chun an t-iarratas a bhreithniú, ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann agus an féichiúnaí lena mbaineann faoi cheangal freastal agus féadfaidh an Chúirt, tar éis di an t-iarratas a bhreithniú:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 57 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, deimhniú cosantach a eisiúint, i bhFoirm 52, de réir alt 61(2)(a) den Acht;
(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 57 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, diúltú an t-iarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, de réir alt 61(2)(b) den Acht;

(c) breithniú an iarratais a chur ar atráth agus a ordú d’oifigeach cuí na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta aon ní sa doiméadacht arna cur ar fáil a shoiléiriú nó aon doiciméadacht a fheictear don Chúirt a bheith ar iarraidh a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn breis faisnéise nó fianaise uaithi chun teacht ar bhreith faoi alt 61(2) den Acht, a ordú go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 61(3) den Acht.

(iv) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go mbeidh éisteacht ann de réir alt 61(3) den Acht, ordóidh an Chúirt don Chláraitheoir an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta arna eisiúint faoi alt 61(10) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don Chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 61(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise sin a chur ar fáil, agus
(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

(v) I gcás gur lorg an tSeirbhís Dócmhainneachta breith ón gCúirt faoi alt 61(2) den Acht de réir fho-riail (1) agus gur mian leis an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta an t-iarratas a tharraingt siar de réir alt 59(3) den Acht, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta fógra i scríbhinn i dtaobh na tarraingthe siar don tSeirbhís Dócmhainneachta, agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra sin a fháil, fógra a thabhairt don Chúirt i dtaobh an t-iarratas a bheith tarraingthe siar.

8. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 61(6) nó 61(7) den Acht chun tréimhse an deimhnithe chosantaigh a fhadú, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, ina leagfar amach na cúiseanna leis an bhfadú a lorgaítear. Ní gá aon mhionnscríbhinn a bheith mar thacaíocht leis an bhforiarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a cheangal go seachadfar mionnscríbhinn in aon chás ina measfaidh sí gur ceart agus gur riachtanach déanamh amhlaidh.

(ii) Déanfar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(iii) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, agus ní bheidh sí faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

9. (i) I gcás go ndéanfar iarratas chuig an gCúirt faoi alt 62(3) den Acht ar chead, fad a leanfaidh deimhniú cosantach de bheith i bhfeidhm, chun imeachtaí eile, forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh maidir le fiachas sonraithe i gcoinne an fhéichiúnaí nó a chuid nó a cuid maoine, maidir leis an iarratas sin—

(a) i gcás iarratas ar imeachtaí a thionscnamh, tabharfar é trí fhógra foriarratais tionscnaimh, nó
(b) i gcás iarratas ar imeachtaí a leanúint ar aghaidh nó ar fhorghníomhú nó ar phróiseas dlíthiúil eile, tabharfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh nó ina lorgaítear cead ar fhorghníomhú nó próiseas eile,

ón duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh sin, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin ina leagtar amach na cúiseanna lena lorgaítear an cead sin.
(ii) Déanfar an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais (agus cóip d’aon mhionnscríbhinn forais) a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena

mbaineann, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, trath nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(iii) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, agus ní bheidh siad faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

10. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 63 den Acht ó chreidiúnaí arb eagóir leis nó léi deimhniú cosantach a eisiúint, déanfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí ar an deimhniú cosantach lena mbaineann, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an gcreidiúnaí nó thar ceann an chreidiúnaí.

(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais an dáta a tugadh fógra i dtaobh an deimhniú cosantach a eisiúint don chreidiúnaí lena mbaineann agus na forais leis an iarratas.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta iomchuí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, de réir alt 63(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(v) Beidh gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

11. (i) Is i bhFoirm Uimh. 53 a dhéanfar fógra agóide i gcoinne Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais arna taisceadh ag creidiúnaí de réir alt 75(3) den Acht agus:

(a) beidh uimhir thaifid na n-imeachtaí ar áireamh ann;
(b) luafar ann cathain a chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta (más eol) an fógra faoi alt 75(2) den Acht chuig an gcreidiúnaí agus cathain a fuair an creidiúnaí an fógra sin;

(c) sonrófar ann go gonta na forais, a leagtar amach in alt 87 den Acht, ar a ndéantar agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais, agus

(d) daingneofar ann méid an fhiachais atá dlite don chreidiúnaí lena mbaineann.

(ii) Is i bhFoirm Uimh. 54 a bheidh fógra chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta de réir alt 76(1) den Acht i dtaobh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a bheidh ceadaithe ag cruinniú creidiúnaithe agus beidh i dteannta leis an bhfógra:

(a) cóip dhílis den deimhniú dá bhforáiltear faoi alt 75(1)(a) den Acht mar aon le toradh na vótála a rinneadh ag cruinniú na gcreidiúnaithe, i bhFoirm Uimh. 55,
(b) cóip dhílis den Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais cheadaithe, agus

(c) cóip dhílis den ráiteas dá bhforáiltear faoi alt 75(1)(c) den Acht, i bhFoirm Uimh. 56.

(iii) Tar éis an fógra sin a fháil, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta deimhniú de chuid an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena ndeimhnítear an dáta nó na dátaí ar ar cuireadh gach fógra chuig creidiúnaithe faoi alt 75(2) den Acht a thabhairt don tSeirbhís Dócmhainneachta agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta é a thaisceadh sa Chúirt go pras.
(iv) Ar fhógra dá dtagraítear i bhfo-riail (2) a fháil, déanfaidh an t-oifigeach cuí de chuid na Cúirte an Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt ar dháta nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta ar chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta an fógra dá dtagraítear in alt 75(2) den Acht, nó an dáta a bhfuair an Chúirt cóip den Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais lena mbaineann, cibé acu is dealraitheach is déanaí, agus tabharfaidh sé nó sí fógra don tSeirbhís Dócmhainneachta, don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta agus d’aon chreidiúnaí a thaisc agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais.

(v) Na forálacha de na Rialacha seo a bhfuil feidhm acu maidir le fógra agus breithniú i dtaobh ComhshocraíochtSocraíochta Fiachais, beidh feidhm acu, mutatis mutandis, maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a athrú agus aon agoidí ina coinne, mar aon le cibé modhnuithe ar na Rialacha sin (lena n-áirítear modhnuithe ar na Foirmeacha iomchuí) is gá de réir alt 82(8) den Acht.

12. (i) Ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 11(4) (nó aon atráthú den dáta sin) tabharfaidh an Chúirt (mura ndéanfaidh sí aon agóidí a éisteacht agus a chinneadh ar an dáta sin) ordacháin agus déanfaidh sí orduithe chun aon agóidí a chinneadh.

(ii) I gcás nach ndéanfaidh creidiúnaí agóid a thaisceadh leis an gCúirt laistigh den tréimhse a fhorordaítear le halt 75(3) den Acht, nó go ndéanfar agóid a thaisceadh leis an gCúirt agus go gcinnfidh an Chúirt an ní ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 11(4) ar an mbonn nár chóir an agóid a cheadú, maidir leis an gCúirt:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 78(2)(a) den Acht, ceadóidh sí teacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socaíochta Fiachais;
(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 78(2)(a) den Acht, diúltóidh sí don iarratas ar theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais a cheadú de réir alt 78(2)(b) den Acht,

(c) féadfaidh sí breithniú tuilleadh na Comhshocraíochta Socraíochat Fiachais a atráthú chuig dáta a shocróidh an Chúirt agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Chúirt de réir alt 78(3)(a) den Acht a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn tuilleadh faisnéise nó fianaise uaithi de réir alt 78(3)(b) den Acht chun teacht ar bhreith faoi alt 78(2) den Acht, ordóidh sí go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra aon tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 78(3) den Acht.

(iii) I gcás go n-ordóidh an Chúirt éisteacht de réir alt 78(3)(b) den Acht, ordóidh an Chúirt don Chláraitheoir an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna eisiúint faoi alt 78(6) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don Chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar chinneadh faoi alt 78(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise sin a chur ar fáil, agus
(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

13. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 83 den Acht chun Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a fhoirceannadh, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann.
(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais a luaitear in alt 83(1) den Acht ar a ndéantar an t-iarratas agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 83(3) den Acht.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais a luaitear in alt 81(1) den Acht lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(v) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

(vi) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 83 den Acht lena bhfoirceannfar Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais, féadfar iarratas ar ordú faoi alt 85(1)(b) den Acht a dhéanamh gan foriarratas chun na críche sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an céanna a éisteacht ar mhionnscríbhinn; i gcás go measfar gur theip ar Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais de bhua alt 84(1) den Acht, déanfar iarratas ar ordú faoi alt 85(1)(b) den Acht trí fhógra foriarratais arna fhorasú ar mhionnscríbhinn. Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil.

14. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar fhaoiseamh faoi alt 88 den Acht, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí ar an deimhniú cosantach lena mbaineann a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.

(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 88(3) den Acht.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear go ndearna an féichiúnaí ranníocaí iomarcacha le socrú pinsin iomchuí agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(v) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.


V. Comhshocraíochtaí Dócmhainneachta Pearsanta

15. (i) Faoi réir fho-riail (2), is trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta arna fhorasú ar mhionnscríbhinn ón bhféichiúnaí a dhéanfar iarratas chuig an gCúirt ó fhéichiúnaí ar ordú faoi alt 91(3) den Acht.
(ii) Féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaidh an féichiúnaí fógra i dtaobh an iarratais do cibé duine nó daoine a ordóidh sí.

16. (i) Féadfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta breith a lorg ón gCúirt de réir alt 95(2) den Acht trí na nithe seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Oifig:

(a) an t-iarratas ar dheimhniú cosantach faoi alt 93 den Acht thar ceann féichiúnaí;
(b) deimhniú de chuid na Seirbhíse Dócmhainneachta (i bhFoirm Uimh. 51) sa chiall go bhfuil an t-iarratas faoi alt 93 den Acht in ord, agus

(c) an doiciméadacht tacaíochta don iarratas faoi alt 93 den Acht (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 93(2)(f) agus (g) den Acht).

(ii) Maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír (i) d’fho-riail (1), is é a bheidh ann, san fhoirm arna forordú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoin Acht, an doiciméad tionscnaimh sna himeachtaí i dtaca leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann. Gach iarratas eile faoin Acht i dtaca leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann, déanfar é a thionscnamh sna himeachtaí arna dtionscnamh leis an iarratas sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (ii) agus (iii) d’fho-riail (1) a chur isteach.
(iii) Ar an dáta a céadsocraíodh chun an t-iarratas a bhreithniú, ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann agus an féichiúnaí lena mbaineann faoi cheangal freastal agus féadfaidh an Chúirt, tar éis di an t-iarratas a bhreithniú:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 91 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, deimhniú cosantach a eisiúint, i bhFoirm Uimh. 57, de réir alt 95(2)(a) den Acht;
(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 91 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, diultú don iarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, de réir alt 95(2)(b) den Acht;

(c) breithniú an iarratais a chur ar atráth agus a ordú d’oifigeach cuí na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta aon ní sa doiciméadacht arna cur ar fáil a shoiléiriú nó aon doiciméadacht a fheictear don Chúirt a bheith ar iarraidh a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn faisnéis nó fianaise bhreise uaithi chun teacht ar bhreith faoi alt 95(2) den Acht, a ordú go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 95(3) den Acht.

(iv) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go mbeidh éisteacht ann de réir alt 95(3) den Acht, ordóidh an Chúirt don Chláraitheoir an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, arna eisiúint faoi alt 95(10) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 95(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise sin a chur ar fáil, agus
(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

(vi) I gcás gur lorg an tSeirbhís Dócmhainneachta breith ón gCúirt faoi alt 95(2) den Acht de réir fho-riail (1) agus gur mian leis an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta an t-iarratas a tharraingt siar de réir alt 93(3) den Acht, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta fógra i scríbhinn i dtaobh na tarraingthe siar don tSeirbhís Dócmhainneachta, agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra sin a fháil, fógra a thabhairt don Chúirt i dtaobh an t-iarratas a bheith tarraingthe siar.

17. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 95(6) nó 95(7) den Acht chun tréimhse an deimhnithe chosantaigh a fhadú, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, ina leagfar amach na cúiseanna leis an bhfadú a lorgaítear. Ní gá aon mhionnscríbhinn a bheith mar thacaíocht leis an bhforiarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a cheangal go seachadfar mionnscríbhinn in aon chás ina measfaidh sí gur ceart agus gur riachtanach déanamh amhlaidh.

(ii) Déanfar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(iii) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, agus ní bheidh sí faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

18. (i) I gcás go ndéanfar iarratas chuig an gCúirt faoi alt 62(3) den Acht ar chead, fad a leanfaidh deimhniú cosantach de bheith i bhfeidhm, chun imeachtaí eile, forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh maidir le fiachas sonraithe i gcoinne an fhéichiúnaí nó a chuid nó a cuid maoine maidir leis an iarratas sin:

(a) i gcás iarratas ar imeachtaí a thionscnamh, tabharfar é trí fhógra foriarratais tionscnaimh, nó
(b) i gcás iarratas ar imeachtaí a leanúint ar aghaidh nó ar fhorghníomhú nó ar phróiseas dlíthiúil eile, tabharfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh nó ina lorgaítear cead forghníomhú a dhéanamh nó ina lorgaítear próiseas eile,

ón duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh sin, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin ina leagtar amach na cúiseanna lena lorgaítear an cead sin.
(ii) Déanfar an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais (agus cóip d’aon mhionnscríbhinn forais) a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(iii) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, agus ní bheidh siad faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

19. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 97 den Acht ó chreidiúnaí arb eagóir leis nó léi deimhniú cosantach a eisiúint, déanfar é trí fhógra foriarratais an chreidiúnaí sna himeachtaí ar an deimhniú cosantach lena mbaineann, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an gcreidiúnaí nó thar ceann an chreidiúnaí.

(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais an dáta a tugadh fógra i dtaobh an deimhniú cosantach a eisiúint don chreidiúnaí lena mbaineann agus na forais leis an iarratas.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais lena mbaineann lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 97(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(v) Beidh gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

20. (i) Is i bhFoirm Uimh. 53 a dhéanfar fógra agóide i gcoinne Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta arna taisceadh ag creidiúnaí de réir alt 112(3) den Acht agus:

(a) beidh uimhir thaifid na n-imeachtaí ar áireamh ann;
(b) luafar ann cathain a chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta (más eol) an fógra faoi alt 112(2) den Acht chuig an gcreidiúnaí agus cathain a fuair an creidiúnaí an fógra sin;

(c) sonrófar ann go gonta na forais, a leagtar amach in alt 120 den Acht, ar a ndéantar agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta, agus

(d) daingneofar ann méid an fhiachais atá dlite don chreidiúnaí lena mbaineann.

(ii) Is i bhFoirm Uimh. 54 a bheidh fógra chuig an gCúirt on tSeirbhís Dócmhainneachta de réir alt 113(1) den Acht i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a bheidh ceadaithe ag cruinniú creidiúnaithe agus beidh i dteannta leis an bhfógra:

(a) cóip dhílis den deimhniú dá bhforáiltear faoi alt 112(1)(a) den Acht mar aon le toradh na vótála a rinneadh ag cruinniú na gcreidiúnaithe, i bhFoirm Uimh. 55,
(b) cóip dhílis den Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta cheadaithe mar aon le huimhir thaifid na n-imeachtaí formhuinithe uirthi, agus

(c) cóip dhílis den ráiteas dá bhforáiltear faoi alt 112(1)(c) den Acht, i bhFoirm Uimh. 56.

(iii) Tar éis an fógra sin a fháil, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta deimhniú de chuid an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena ndeimhnítear an dáta nó na dátaí ar ar cuireadh gach fógra chuig creidiúnaithe faoi alt 112(2) den Acht a thabhairt don tSeirbhís Dócmhainneachta agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta é a thaisceadh sa Chúirt go pras.
(iv) Ar fhógra a fháil de réir fho-riail (2), déanfaidh oifigeach cuí na Cúirte an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú den chéad uair ag an gCúirt ar dháta nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta ar sheol an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta an fógra dá dtagraítear in alt 112(2) den Acht, nó an dáta a bhfuair an Chúirt cóip den Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta lena mbaineann, cibé acu is dealraitheach is déanaí, agus tabharfaidh sé nó sí fógra don tSeirbhís Dócmhainneachta, don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta agus d’aon chreidiúnaí a thaisc agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta.

(v) Na forálacha de na Rialacha seo a bhfuil feidhm acu maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, beidh feidhm acu, mutatis mutandis, maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a athrú agus aon agoidí ina coinne, mar aon le cibé modhnuithe ar na Rialacha sin (lena n-áirítear modhnuithe ar na Foirmeacha iomchuí) is gá de réir alt 119(8) den Acht.

21. (i) Ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 19(4) (nó aon atráthú den dáta sin) tabharfaidh an Chúirt (mura ndéanfaidh sí aon agóidí a éisteacht agus a chinneadh ar an dáta sin) ordacháin agus déanfaidh sí orduithe chun aon agóidí a chinneadh.

(ii) I gcás nach ndéanfaidh creidiúnaí agóid a thaisceadh leis an gCúirt laistigh den tréimhse a fhorordaítear le halt 112(3) den Acht, nó go ndéanfar agóid a thaisceadh leis an gCúirt agus go gcinnfidh an Chúirt an ní ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 19(4) ar an mbonn nár chóir an agóid a cheadú, maidir leis an gCúirt:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 115(2)(a) den Acht, ceadóidh sí teacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta;
(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 115(2)(a) den Acht, diúltóidh sí don iarratas ar theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta a cheadú de réir alt 115(2)(b) den Acht,

(c) féadfaidh sí breithniú tuilleadh na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta a atráthú chuig dáta a shocróidh an Chúirt agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta Pearsanta cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Chúirt de réir alt 115(3)(a) den Acht a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn tuilleadh faisnéise nó fianaise uaithi de réir alt 115(3)(b) den Acht chun teacht ar bhreith faoi alt 115(2) den Acht, ordóidh sí go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 115(3) den Acht.

(iii) I gcás go n-ordóidh an Chúirt éisteacht de réir alt 115(3)(b) den Acht, ordóidh an Chúirt don chláraitheoir an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna eisiúint faoi alt 115(6) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don Chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 115(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise a chur ar fáil, agus
(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

22. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar fhaoiseamh faoi alt 121 den Acht, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí ar an deimhniú cosantach lena mbaineann a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.
(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 121(3) den Acht.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear go ndearna an féichiúnaí ranníocaí iomarcacha le socrú pinsin iomchuí agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(v) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

23. (i) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 122 den Acht ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a fhoirceannadh, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí ar an deimhniú cosantach lena mbaineann a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.

(ii) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais a luaitear in alt 122(1) den Acht ar a ndéantar an t-iarratas agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 122(3) den Acht.

(iii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais a luaitear in alt 122(1) den Acht lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(iv) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(v) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

(vi) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 122 den Acht lena bhfoirceannfar Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, féadfar iarratas ar ordú faoi alt 124(1)(b) den Acht a dhéanamh gan foriarratas chun na críche sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go ndéanfar an céanna a éisteacht ar mhionnscríbhinn; i gcás go measfar gur theip ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta de bhua alt 123(1) den Acht, is trí fhógra foriarratais arna fhorasú ar mhionnscríbhinn a dhéanfar iarratas ar ordú faoi alt 124(1)(b) den Acht. Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil.


VI. Earráidí a Cheartú

24. (i) Féadfaidh an Chúirt, i gcás gur deimhin léi nach bhfulaingeodh aon duine dochar dá réir, dá rogha féin agus gan éisteacht chun na críche sin:

(a) aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann trí dhearmad a chur ar ceal, nó
(b) gan teideal aon pháirtí nó duine chun iarratas a dhéanamh faoi Ordú 28, riail 11, a theorannú, aon dearmad cléireachais in aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann, nó aon earráid a tharlóidh sa chéanna mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú.

(ii) I gcás go bhféadfar difear a dhéanamh d’aon pháirtí dá réir, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara an ní a liostú iar bhfógra don duine sin agus tar éis an duine sin a éisteacht, féadfaidh sí:

(a) aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann trí dhearmad a chur ar ceal, nó
(b) gan teideal aon pháirtí nó duine chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt faoi Ordú 28, riail 11, a theorannú, aon dearmad cléireachais in aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann, nó aon earráid a tharlóidh sa chéanna mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú.”