Ordú 73

Íocaíocht isteach sa chúirt faoin Trustee Act, 1893, agus faoin Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1877

1. I gcás inar mian le hiontaobhaí nó le duine eile taisceadh a dhéanamh sa Chúirt faoin Trustee Act, 1893, alt 42, nó faoin Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1877, alt 28 (6), déanfaidh sé agus comhdóidh sé mionnscríbhinn dar teideal maidir leis an iontaobhas nó leis an bhfiach (a thuairisceofar ionas go mbeidh sé in-idirdhealaithe) agus leis an Acht iomchuí, agus ina leagfar amach:—

(a) gearrthuairisc ar an iontaobhas agus ar an ionstraim lena mbeidh sé bunaithe, nó ar an bhfiach, agus cad is bun leis;

(b) ainmneacha na ndaoine a mbeidh leas acu san airgead, nó sna hurrú is, nó san fhiach, agus a bheidh ina theideal nó ina dteideal, nó á é ileamh nó á n-é ileamh, maille lena n-á iteanna có naithe, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreidfidh sé ;

(c) é a bheith sásta freagra a thabhairt ar gach fiosrúchán a dhéanfaidh nó a ordóidh an Chúirt agus a bhainfidh le cur chun feidhme an airgid nó na n-urrús a bheidh íoctha isteach sa Chúirt;

(d) an áit ina mbeidh aon toghairm, nó ordú, nó fogra faoi aon imeacht a bhainfidh leis an airgead nó leis na hurrúis, le seirbheáil air.

 

Cuirfear sceideal mar a fhorordaítear le hOrdú 77, riail 29, i gceangal leis an mionnscríbhinn sin.

 

2. Tabharfaidh an duine a mbeidh an taisceadh déanta aige fógra ina thaobh sin, láithreach, leis an bpost, do na daoine uile agus faoi seach a mbeidh a n-ainmneacha agus a n-áiteanna cónaithe luaite sa mhionnscríbhinn uaidh mar dhaoine a mbeidh leas acu san airgead nó sna hurrúis a bheidh taiscthe sa Chúirt, nó san fhiach, nó a bheidh ina theideal nó ina dteideal nó á éileamh nó á n-éileamh.

 

3. Dé anfar aon toghairm lena mbeidh faoiseamh á é ileamh i leith an airgid nó na n-urrús a sheirbheáil ar an duine a mbeidh an taisceadh déanta aige.

 

4. Aon duine a mbeidh leas aige san airgead nó sna hurrú is, nó a bheidh ina theideal nó ina dteideal nó á éileamh nó á n-éileamh, seirbheálfar fógra air faoi aon iarratas a dhéanfaidh an duine a mbeidh an taisceadh déanta aige.

 

5. Nuair a bheidh cearta na ndaoine a bheidh i dteideal airgid nó urrús a bheidh taiscthe sa Chúirt faoin Ordú seo fionnta, féadfaidh an Chúirt a ordú íocaíocht a dhéanamh leis na daoine a bheidh ina theideal nó ina dteideal, nó aistriú a dhéanamh chucu.