Ordú 22

Íoc isteach sa chúirt agus amach aistí agus forthairiscint

1. (i) In aon chaingean i leith féich nó damáistí, nó i gcaingean aimiréalachta, féadfaidh an cosantóir, tráth ar bith tar éis dó láithreas a thaifeadadh sa chaingean agus sula mbeidh sí curtha síos i gcomhair trialach, nó tráth ar bith is déanaí ná sin le cead ón gCúirt, ar fhógra a bheith tugtha don ghearánaí, suim airgid a íoc isteach sa Chúirt mar shásamh san éileamh nó (i gcás ina mbeidh cúiseanna leithleacha caingne uamtha in aon chaingean amháin) mar shásamh i gceann amháin nó níos mó de na cúiseanna caingne.


(ii) Féadfaidh cosantóir, uair amháin, gan chead, agus ar fhógra a bheith tugtha don ghearánaí, suim bhreise airgid a íoc isteach sa Chúirt mar mhéadú ar íocaíocht a bheidh déanta faoi mhír (1) den riail seo. Ní foláir an fógra sin a thabhairt agus an íocaíocht a dhéanamh trí mhí ar a laghad roimh an dáta ar a mbeidh an chaingean liostaithe den chéad uair lena héisteacht. Tiocfaidh an taisceadh méadaithe sin, air sin, chun bheith ina shuim arna híoc isteach sa Chúirt agus is é dáta na híocaíochta méadaithe sin dáta na híocaíochta isteach sa Chúirt. Mura dtabharfar an fógra sin, agus mura ndéanfar an íocaíocht sin mar a dúradh, measfar gurb é an íocaíocht a bheidh déanta faoi mhír (1) an t-aon íocaíocht amháin isteach sa Chúirt agus forléireofar an tOrdú seo dá réir sin.

(iii) I gcaingne i leith leabhail nó béadchainte, nó i gcás ina ndéanfaidh an chosaint ceisteanna a tharraingt anuas faoi theideal chun talún nó oidhreachtán neamhchorprach, ní fhéadfar airgead a íoc isteach sa Chúirt faoin riail seo mura ndéanfar dliteanas a admháil sa chosaint.

(iv) I gcaingean ar bhanna, cúnant nó comhaontú a bheidh ag teacht faoi réim fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland) 1853, alt 145, ní bheidh íocaíocht isteach sa Chúirt faoin riail seo inghlactha ach i dtaobh sáruithe sonracha, agus ní i dtaobh na caingne iomláine.

(v) I gcás ina n-íocfar airgead isteach sa Chúirt mar shásamh i gcúis chaingne amháin nó níos mó de chúiseanna leithleacha caingne, sonrófar san fhógra an chúis chaingne nó na cúiseanna caingne a mbeidh íocaíocht á déanamh ina leith, maille leis an tsuim a bheidh á híoc i leith gach cúise caingne, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(vi) Is i bhFoirm Uimh. 4 nó Uimh. 5, de réir mar is cúý, i bhFoscríbhinn C, a bheidh an fógra, agus luafar ann cibé acu a bheidh dliteanas á admháil nó á shéanadh, agus, faoi réir riail 7, measfar é a bheith ina chuid de na pléadálacha.

2. Is dleathach d’aon chosantóir in aon chaingean chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, sula seachadfar a chosaint nó tráth a seachadta, nó, i gcás nach gceanglófar ar an gcosantóir cosaint a sheachadadh, sula gcomhdófar mionnscríbhinn mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí nó tráth a comhdaithe, nó tráth ar bith is déanaí ná sin le cead ón gCúirt, ar fhógra a thabhairt don ghearánaí, suim airgid a íoc isteach sa Chúirt i leith cíosa, maille le gealltanas na costais a bheidh tabhaithe an tráth sin a íoc ar iad a fhómhas agus a fhionnadh, agus, i gcás nach n-íocfar an céanna, go ndéanfar breithiúnas a thaifeadadh ina choinne, agus féadfaidh an gearánaí, air sin, mura nglacfaidh sé leis an tsuim sin mar lán-urscaoileadh ar an gcaingean, le costais arna bhfómhas ag an oifigeach cuí, dul ar aghaidh sa chaingean sin ar a phriacal; agus más rud é, ar an tsaincheist a thriail, go ndealróidh sé gan aon suim níos mó a bheith dlite i leith cíosa tráth seirbheála na toghairme ná an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, taifeadfar an fíorasc i bhfabhar an chosantóra.

3. I dteannta cosanta nó mionnscríbhinne á phléadáil forthairiscint a bheith déanta roimh an gcaingean, ní foláir an tsuim airgid a mbeifear ag líomhain í a bheith forthairgthe a thabhairt isteach sa Chúirt.

4. (i) I gcás ina n-íocfar airgead isteach sa Chúirt faoi riail 1 féadfaidh an gearánaí, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra a fháil á rá an t-airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ar a gcomhaontóidh na páirtithe, glacadh leis an tsuim iomlán, nó le haon suim amháin nó níos mó de na suimeanna sonraithe, mar shásamh san éileamh nó mar shásamh sa chúis chaingne nó sna cúiseanna caingne lena mbainfidh an tsuim shonraithe nó na suimeanna sonraithe, trí fhógra a thabhairt don chosantóir i bhFoirm Uimh. 6 i bhFoscríbhinn C; agus air sin beidh sé i dteideal íocaíocht na suime nó na suimeanna a mbeidh glactha léi a fháil mar shásamh mar a dúradh.

(ii) Íocfar an t-airgead leis an ngearánaí nó, ar údarás i scríbhinn uaidh, lena aturnae, agus air sin bacfar imeachtaí sa chaingean nó i leith na cúise caingne nó na gcúiseanna caingne (de réir mar a bheidh) a bheidh sonraithe.

(iii) Má ghlacann an gearánaí le hairgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt mar shásamh ina éileamh, nó má ghlacann sé le suim nó le suimeanna a bheidh íoctha i leith cúise amháin nó níos mó de na cúiseanna caingne a bheidh sonraithe, agus go dtabharfaidh sé fógra á rá é a bheith ag tréigean na cúise nó na gcúiseanna caingne eile, féadfaidh sé, tar éis ceithre lá ó dháta íoctha amach an airgid, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, na costais dá chuid a bheidh tabhaithe go dtí dáta tabhartha fógra don chosantóir de réir fhorálacha fho-riail (1) den riail seo a fhómhas, agus ocht n-uaire an chloig is daichead tar éis an fhómhais féadfaidh sé breithiúnas le haghaidh a chostas fómhasta a shíniú.

(iv) Ní bheidh feidhm ag an riail seo maidir le caingne aimiréalachta.

5. Mura ndéanfar an t-airgead go léir a bheidh sa Chúirt a thógáil amach faoi riail 4, ní íocfar amach an t-airgead a bheidh fágtha sa Chúirt ach amháin mar shásamh san éileamh nó sa chúis shonraithe chaingne nó sna cúiseanna sonraithe caingne a mbeidh sé íoctha isteach sa Chúirt ina leith agus de bhun ordaithe ón gCúirt, a fhéadfar a dhéanamh tráth ar bith roimh an triail nó le linn nó tar éis na trialach.

6. Mura nglacfaidh an gearánaí, mar shásamh san éileamh nó sa chúis chaingne a mbeidh an t-airgead íoctha isteach sa Chúirt ina leith, leis an tsuim a bheidh íoctha isteach amhlaidh ach go rachaidh sé ar aghaidh leis an gcaingean i leith an éilimh sin nó na cúise caingne sin, nó i leith aon choda den chéanna, agus nach ndéanfar níos mó ná an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt a dhámhachtain dó, ansin, mura ndéanfaidh an Breitheamh sa triail, ar chúis speisialta a shuífear agus a luafar san ordú, a mhalairt a ordú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) Más mó an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt ná an tsuim a dhámhfar don ghearánaí, aisíocfar an bhreis leis an gcosantóir agus coimeádfar an t-iarmhéid sa Chúirt.

(ii) Beidh an gearánaí i dteideal chostais na caingne anuas go dtí tráth déanta na híocaíochta sin isteach sa Chúirt, maille le costais na saincheisteanna nó na saincheiste, más ann, ar a mbeidh éirithe leis.

(iii) Beidh an cosantóir i dteideal chostais na caingne ó thráth déanta na híocaíochta sin isteach sa Chúirt seachas costais na saincheisteanna nó na saincheiste sin a dúradh.

(iv) Déanfar na costais a luaitear i míreanna (2) agus

(v) den riail seo a fhritháireamh i gcoinne a chéile; agus más rud é go mbeidh an t-iarmhéid i bhfabhar an chosantóra, déanfar méid an chéanna a shásamh pro tanto as an airgead a bheidh fágtha sa Chúirt agus, a mhéid nach leor an t-airgead a bheidh fágtha sa Chúirt chun an céanna a shásamh, beidh sé inghnóthaithe ón ngearánaí; nó más rud é go mbeidh an t-iarmhéid i bhfabhar an ghearánaí beidh méid an chéanna inghnóthaithe ón gcosantóir.

(vi) Aon airgead a bheidh fágtha sa Chúirt tar éis an t-iarmhéid (más ann) a bheidh dlite don chosantóir i leith costas mar a dúradh a shásamh íocfar amach leis an ngearánaí é.

(vii) Más rud é, in aon chás, go mbeidh an Chúirt den tuairim nach gá, chun críocha na míreanna sin roimhe seo den riail seo, an t-iarmhéid go léir dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil sa Chúirt, féadfaidh sí a ordú cibé méid de is cuí léi a íoc amach leis an ngearánaí.

(viii) Measfar an tsuim a bheidh dáfa don ghearánaí a bheith sásta tríd an airgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt a úsáid mar a dúradh.

7. (i) Luafar sa chosaint nó, i gcás nach gceanglófar ar an gcosantóir cosaint a sheachadadh, sa mhionnscríbhinn a chomhdófar mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt faoi aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo; ach ní dhéanfar, ach amháin i gcaingean ina ndéanfar cosaint forthairiscint a bheith déanta roimh an gcaingean a phléadáil, an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt amhlaidh a chur i bhfios don Bhreitheamh i dtriail aon chaingne go dtí go mbeidh gach ceist i dtaobh dliteanais agus i dtaobh mhéid an fhéich nó na ndamáistí breithnithe, agus i gcás ina mbeidh caingean (ach amháin mar a dúradh) á triail ag Breitheamh maille le giúiré, ní chuirfear i bhfios don ghiúiré airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt nó an méid airgid a bheidh íoctha.

(ii) I gcás ina mbeidh íocaíocht déanta isteach sa Chúirt ag an gcosantóir faoi riail 1 (1) tar éis a chosaint a bheith seachadta nó tar éis mionnscríbhinn a chomhdú mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí, de réir mar a bheidh, seachadfar cosaint leasaithe nó comhdófar mionnscríbhinn fhorlíontach chun forálacha mhír (1) den riail seo a chomhlíonadh. Ní bheidh aon ordú ag teastáil le haghaidh an leasaithe sin nó chun an mhionnscríbhinn fhorlíontach sin a chomhdú.

8. Féadfaidh gearánaí, mar fhreagra ar fhrithéileamh, airgead a íoc isteach sa Chúirt mar shásamh ann, faoi réir na gcoinníollacha céanna i dtaobh costas agus eile a bhaineann le híocaíocht isteach sa Chúirt ag cosantóir.

9. Ní dhéanfar airgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt faoi ordú ón gCúirt a íoc amach as an gCúirt ach amháin de bhun ordaithe ón gCúirt: Ar an gcoinníoll, i gcás ina mbeidh, sula mbeidh an chosaint seachadta, airgead íoctha isteach sa Chúirt ag an gcosantóir de bhun ordaithe faoi fhorálacha Ordú 37, go bhféadfaidh sé (mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt), le fógra i scríbhinn, an t-airgead sin go léir nó aon chuid de, maille le haon íocaíocht bhreise más gá, a leithreasú chuig éileamh iomlán an ghearánaí nó chuig aon chuid shonraithe de, nó, má dhéanann sé forthairiscint a phléadáil, go bhféadfaidh sé, lena phléadáil, an t-airgead go léir sa Chúirt, nó aon chuid de, a leithreasú mar íoc isteach sa Chúirt ar an airgead a mbeidh líomhnaithe é a bheith forthairgthe; agus measfar, air sin, maidir leis an airgead a bheidh leithreasaithe amhlaidh, gur airgead é a bheidh íoctha isteach sa Chúirt de bhun na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo a bhaineann le hairgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, nó le hairgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt i dteannta pléadála forthairiscint a bheith déanta, de réir mar a bheidh, agus beidh sé faoi réir na rialacha sin ar gach slí.

10. (i) In aon chúis nó ábhar ina ndéanfaidh naíon nó duine mímheabhrach airgead nó damáistí a éileamh, nó ina n-éileofar airgead nó damáistí thar ceann naín nó duine mhímheabhraigh, agus é ag agairt ina aonar nó i gcomhar le páirtithe eile, ní bheidh aon socraíocht nó comhréiteach nó íocaíocht nó glacadh le hairgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, roimh an triail nó le linn nó tar éis na trialach, bailí i ndáil le héilimh aon naín nó duine mhímheabhraigh den sórt sin, gan formheas na Cúirte.

(ii) Ní dhéanfar aon airgead (focal, chun críocha na rialach seo, a fholaíonn damáistí) a ghnóthófar, nó a mbreithneofar é a bheith le híoc, nó a n-ordófar é a íoc, nó a dhámhfar, nó a gcomhaontófar é a íoc, ar shlí ar bith, in aon chúis nó ábhar den sórt sin i leith na n-éileamh ó aon naíon nó duine mímheabhrach den sórt sin, trí fhíorasc nó trí shocraíocht, trí chomhréiteach, trí íocaíocht isteach sa Chúirt nó ar shlí eile, roimh an triail nó le linn nó tar éis na trialach, a íoc leis an ngearánaí nó leis an neaschara don ghearánaí nó le haturnae an ghearánaí mura n-ordóidh an Chúirt é.

(iii) Déileálfar mar a ordóidh an Chúirt leis an airgead go léir a ghnóthófar nó a mbreithneofar é a bheith le híoc nó a n-ordófar é a íoc nó a dhámhfar nó a gcomhaontófar é a íoc amhlaidh, agus féadfar a ordú amhlaidh an t-airgead sin nó aon chuid de:—

(a) a íoc isteach san Ard-Chúirt agus a infheistiú, nó go ndéileálfar leis ar shlí eile san Ard-Chúirt; nó
(b) a íoc isteach i gCúirt Chuarda, nó a aistriú chuig Cúirt Chuarda, na dúiche ina mbeidh cónaí ar an ngearánaí sin, nó i nó chuig cibé Cúirt Chuarda eile is cuí leis an gCúirt.

Féadfar Foirm Uimh. 9 agus Foirm Uimh. 10 i bhFoscríbhinn E a úsáid i gcásanna lena mbainfidh siad.

(iv) (a) Féadfaidh sé go n-áireofar sna hordacháin dá dtagraítear i mír (3) den riail seo aon ordacháin ghinearálta nó speisialta is cuí leis an gCúirt a thabhairt, lena n-áireofar (gan dochar do ghinearáltacht na forála sin thuas) ordacháin i dtaobh na slí a mbeidh an t-airgead le cur chun feidhme nó a mbeifear le déileáil leis agus i dtaobh aon íocaíochta a bheidh le déanamh, go díreach nó amach as an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, agus (i gcás airgead a aistriú chuig an gCúirt Chuarda) sula n-aistreofar chuig an gCúirt Chuarda é nó tar éis é a aistriú chuici, leis an ngearánaí nó leis an neaschara i leith airgid a bheidh íoctha, nó i leith caiteachas a bheidh tabhaithe, le haghaidh nó thar ceann nó chun tairbhe an naín nó an duine mhímheabhraigh nó eile, nó chun é a chothabháil nó eile, nó le haturnae an ghearánaí i leith costas.

(b) Déanfar deimhniú breithe gach naíonghearánaí den sórt sin a thabhairt ar aird don Chúirt, agus déanfar dáta na breithe sin a réamhaithris sa deimhniú nó san ordú ón gCúirt.

(v) Déanfaidh an t-oifigeach cuí don Phríomh-Oifig, ar iarraidh ón gCláraitheoir Contae, cóipeanna a th

abhairt dó, in aisce, de cibé doiciméid a bheidh ag teastáil ón gCúirt Chuarda in aon chúis nó ábhar ina mbeifear tar éis airgead a íoc nó a aistriú faoi mhír (3) (b) den riail seo.

(vi) Airgead a íocfar isteach sa Chúirt Chuarda nó a aistreofar chuici faoin riail seo déanfar (faoi réir aon ordaithe nó ordacháin a thabharfar sa bhreithiúnas nó san ordú chun é a íoc nó a aistriú) é a theachtadh, a infheistiú nó a chur chun feidhme, nó déileálfar leis ar shlí eile, chun tairbhe an ghearánaí sin i cibé slí is cuí leis an gCúirt Chuarda dá rogha féin agus de réir na Rialacha Cúirte Cuarda a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(vii) Ní dhéanfaidh aon ní sa riail seo dochar do lian aturnae i leith costas.

(viii) Faoi réir aon ordaithe a dhéanfaidh an Chúirt (le toiliú nó eile) i dtaobh chostais an ghearánaí nó na ngearánaithe in aon chúis nó ábhar den sórt sin, nó i dtaobh mhéid na gcostas sin nó i dtaobh mhodh a n-íoctha:—

(a) Déanfaidh an Máistir Fómhais costais an ghearánaí nó, má tá níos mó ná gearánaí amháin ann, costais na ngearánaithe go léir in aon chúis nó ábhar den sórt sin, nó na costais a bhainfidh leis na héilimh sa chúis nó san ábhar sin nó a leanfaidh astu, a fhómhas amhail idir páirtí agus páirtí, fad a bhainfidh le costais a n-ordófar don chosantóir nó d’aon pháirtí eile sa chúis nó san ábhar sin iad a íoc leis an ngearánaí nó leis na gearánaithe sin;
(b) Déanfaidh an Máistir Fómhais costais (más ann) an ghearánaí nó, má tá níos mó ná gearánaí amháin ann, costais na ngearánaithe sin go léir nach n-ordófar iad a bheith le híoc ag aon pháirtí eile nó a bheith inghnóthaithe ó aon pháirtí eile, a fhómhas amhail idir aturnae agus cliant ar fhógra a bheith tugtha don Aturnae Ginearálta do Choimircithe Cúirte, agus má tá aon chuid de na costais sin iníoctha ag aon pháirtí aosach sa chúis nó san ábhar agus an páirtí sin a bheith sui juris deimhneoidh an Máistir Fómhais méid na coda sin agus na codanna a bheidh iníoctha ag an naíon nó ag an duine mímheabhrach sin; agus ní bheidh aon chostais seachas

na cinn a dheimhneofar amhlaidh iníoctha leis an aturnae thar ceann aon ghearánaí sa chúis nó san ábhar.

(ix) Beidh feidhm ag an riail seo mutatis mutandis:—

(a) maidir le hairgead a ghnóthófar ar fhrithéileamh;
(b) maidir le hairgead a ghnóthóidh duine mímheabhrach cibé acu a bheidh sé breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne é nó nach mbeidh;

(c) maidir le haon chaingean a shocrófar thar ceann naín roimh an triail.

11. Déanfar airgead a íocfar isteach sa Chúirt nó infheistíochtaí a dhéanfar faoi fhorálacha riail 10, maille leis na díbhinní nó leis an ús orthu, a dhíol, a aistriú, nó a íoc amach leis an bpáirtí a bheidh ina dteideal, de bhun ordú na Cúirte.
12. Féadfaidh duine amháin nó níos mó de chosantóirí leithleacha a bheidh á n-agairt i gcomhpháirt nó mar mhalairt ar a chéile airgead a íoc isteach sa Chúirt faoin Ordú seo ar fhógra a bheith tugtha don chosantóir eile nó do na cosantóirí eile. Má ghlacann an gearánaí de rogha, laistigh den tréimhse ama atá ceaptha leis an Ordú seo, glacadh leis an airgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, tabharfaidh sé fógra mar atá luaite i riail 4 do gach cosantóir agus, air sin, bacfar gach imeacht eile sa chaingean nó i leith na cúise nó na gcúiseanna sonraithe caingne (de réir mar a bheidh) agus ní íocfar amach an t-airgead ach amháin de bhun ordaithe ón gCúirt ina ndéileálfar le costais iomlána na caingne nó na cúise nó na gcúiseanna caingne (de réir mar bheidh).

13. In aon chúis nó ábhar ina n-éileofar damáistí faoin Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, Cuid IV, ní dhéanfar aon airgead a bheidh íoctha isteach sa Chúirt faoin Ordú seo a íoc amach gan ordú ón gCúirt.