Ordú 94

Paitinní, dearthaí, trádmharcanna agus cóipcheart

I. Ginearálta.

1. San Ordú seo:

ciallaíonn ‘‘an Ceannasaí’’ an Ceannasaí Paitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna.

ciallaíonn ‘‘an tIrisleabhar’’ an tIrisleabhar Oifigiúil um Maoin Tionscail agus Tráchtála arna eisiúint ag an gCeannasaí de bhun Reachta.

2. Más rud é, de bhun alt 129 (5) den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, alt 40 (4) d’Acht na dTrádmharcanna, 1963, nó alt 65 (5) d’Acht na bPaitinní, 1964, go n-ordófar le hordú, ag ceartú aon chláir a bheidh coinnithe faoi na hAchtanna, fógra faoin gceartú a sheirbheáil ar an gCeannasaí, seirbheálfaidh an t-iarratasóir cóip fhianaithe den ordú ar an gCeannasaí agus, ar an gcóip sin a fháil dó, ceartóidh an Ceannasaí an clár dá réir sin.

3. Is le toghairm iomlánach a thionscnófar gach caingean mar gheall ar phaitinn, trádmharc nó cóipcheart a shárú, nó i leith paitinn, trádmharc nó cóipcheart a shárú, nó le haghaidh faoisimh faoi alt 131 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó alt 61 d’Acht na bPaitinní, 1964.

II. Caingne mar gheall ar shárú paitinne.

4. I gcaingean mar gheall ar shárú paitinne déanfaidh an gearánaí sonráý i dtaobh na sá ruithe ar a mbeifear ag seasamh a sheachadadh i dteannta a éilimh.

5. Sonrófar sna sonraí i dtaobh sáruithe cad iad na héilimh i sonraíocht na paitinne, a mbeidh agra á dhéanamh ina leith, a mbeifear á líomhain iad a bheith sáraithe agus tabharfar cás amháin ar a laghad de gach cineál sáraithe a mbeidh gearán á dhéanamh faoi.

6. Déanfaidh an cosantóir, má dhíospóideann sé bailíocht na paitinne, sonraí i dtaobh na n-agóidí ar a mbeidh a sheasamh mar thaca leis an neamhbhailíocht sin a sheachadadh i dteannta a chosanta.

7. Cosantóir a dhéanfaidh, faoi alt 57 d’Acht na bPaitinní, 1964, frithéileamh ar chúlghairm, déanfaidh sé sonraí i dtaobh na n-agóidí in aghaidh bhailíocht na paitinne ar a mbeidh a sheasamh mar thaca lena fhrithé ileamh a sheachadadh i dteannta a fhrithéilimh.

8. Luafar i sonraí i dtaobh na n-agóidí gach foras ar a mbeidh bailíocht na paitinne á díospóid agus tabharfar iontu cibé sonraí lena míneofar go soiléir gach saincheist a bheidh beartaithe a ardú.

9. Má tá easpa úrnuachta ar cheann de na hagóidí a bheifear á ndéanamh sna sonraí i dtaobh agóidí, luafar sna sonraí am agus áit an fhoilsithe nó na húsáide roimh ré a bheifear á líomhain, agus má líomhnaítear úsáid a bheith bainte as an aireagán roimh dháta na paitinne, sonrófar sna sonraí freisin ainmneacha na ndaoine a mbeifear á líomhain iad a bheith tar éis an úsáid roimh ré sin a bhaint as an aireagán agus cibé acu é a bheith á líomhain an úsáid roimh ré sin a bheith tar éis leanúint ar aghaidh anuas go dtí dáta na paitinne, agus mura mbeifear á líomhain sin, na dátaí is túisce agus is déanaí a mbeifear á líomhain an úsáid roimh ré sin a bheith tar éis tarlú, agus beidh sna sonraí freisin leorthuairisc (a mbeidh líníochtaí ag gabháil léi más gá) le gur féidir an úsáid roimh ré sin a bheifear á líomhain a aithint, agus má bhaineann an úsáid sin le haon innealra nó gaireas sonrófar sna sonraí cibé acu an ann don innealra nó don ghaireas sin agus cá háit ar féidir é a iniúchadh. Ní thabharfar aon fhianaise a bheidh ar neamhréir le haon ráiteas a bheidh sna sonraí sin mar thaca le haon agóid, agus ní bheidh aon fhianaise i dtaobh aon innealra nó gairis a mbeifear á líomhain úsáid a bheith bainte as roimh dháta na paitinne agus arb ann dó ar dháta seachadta na sonraí inghlactha mura rud é go gcruthófar an páirtí a bheidh ag seasamh ar an úsáid roimh ré sin, má tá an t-innealra nó an gaireas sin ina sheilbh féin, a bheith tar éis iniúchadh air a thairiscint, nó mura mbeidh sé ina sheilbh, gach dícheall a bheith déanta aige chun a chur faoi deara iniúchadh air a fháil do na páirtithe eile sna himeachtaí.

10. Féadfar, ó thráth go chéile, sonraí i dtaobh sáruithe agus sonraí i dtaobh agóidí a leasú, le cead na Cúirte, ar cibé téarmaí is cóir.

11. Féadfaidh an Chúirt, aon tráth, sonraí breise agus feabhsaithe i dtaobh sáruithe, nó sonraí breise agus feabhsaithe i dtaobh agóidí, a ordú.

12. Nuair a bheidh caingean mar gheall ar shárú paitinne nó frithéileamh nó achainí chun paitinn a chúlghairm á héisteacht nó á éisteacht, ní ghlacfar aon fhianaise, ach amháin le cead na Cúirte (a thabharfar ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt), i gcruthúnas ar aon sárú líomhnaithe nó aon agóid nach mbeidh ardaithe sna sonraí i dtaobh sáruithe nó sna sonraí i dtaobh agóidí faoi seach.

13. Ar chostais a fhómhas in aon chaingean, frithéileamh nó achainí den sórt sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(i) Má thugtar an chaingean, an frithéileamh nó an achainí chun trialach i leith aon phaitinne, ní dhéanfar aon chostais i leith aon saincheisteanna a bheidh ardaithe sna sonraí i dtaobh sáruithe nó sna sonraí i dtaobh agóidí agus a bhainfidh leis an bpaitinn sin a cheadú do na páirtithe a mbeidh na sonraí á seachadadh acu faoi seach ach amháin a mhéid a bheidh deimhnithe ag an gCúirt na sonraí sin a bheith cruthaithe agus iad a bheith réasúnach agus cuí gan féachaint do chostais ghinearálta an cháis.

(ii) Faoi réir na nithe a dúradh is faoi rogha an Mháistir Fómhais a bheidh costais na saincheisteanna a bheidh ardaithe leis na sonraí i dtaobh sáruithe agus na sonraí i dtaobh agóidí.

14. Má tá ar intinn ag an gcosantóir i gcaingean mar gheall ar shárú paitinne seasamh ar aon choinníoll a bheith curtha isteach ag an bpaitinní in aon chonradh agus ar coinníoll é a bheidh ar neamhní, de bhua alt 54 d’Acht na bPaitinní, 1964, seachadfaidh sé, i dteannta a chosanta, sonraí iomlána i dtaobh dhátaí na gconarthaí go léir, agus i dtaobh na bpáirtithe sna conarthaí go léir, a mbeidh ar intinn aige seasamh orthu mar chonarthaí a mbeidh aon choinníoll den sórt sin iontu agus i dtaobh na gcoinníollacha sonracha in aon chonradh den sórt sin a mbeidh ar intinn aige seasamh orthu mar choinníollacha a bheidh ar neamhní de bhua an ailt sin. Féadfar, ó thráth go chéile, sonraí faoin riail seo a leasú le cead na Cúirte ar cibé téarmaí i dtaobh costas agus eile is cuí leis an gCúirt.

III. Sonraíocht a leasú.

15. Maidir le hiarratas ó phaitinní faoi alt 32 d’Acht na bPaitinní, 1964, ar chead chun a shonraíocht a leasú ar mhodh séanta, ceartaithe nó mínithe, is le foriarratas sa chaingean nó sna himeachtaí a bheidh ar feitheamh os comhair na Cúirte a dhéanfar an t-iarratas sin. Déanfar fógra faoin bhforiarratas sin, mar aon le cóip den tsonraíocht arna deimhniú ag an gCeannasaí agus ina dtaispeánfar i ndúch dearg an leasú a bheidh beartaithe a dhéanamh, a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sa chaingean nó sna himeachtaí sin, agus ar an gcéad ásc ar an bpáirtí sin amháin.

16. Nuair a bheidh an foriarratas sin á éisteacht breithneoidh an Chúirt an ligfear don iarratas dul ar aghaidh agus na téarmaí i dtaobh costas nó eile ar a ligfear dó dul ar aghaidh. Má ligtear don iarratas dul ar aghaidh tabharfaidh an Chúirt ordacháin i dtaobh cibé acu a bheidh an t-iarratas sin le héisteacht ar fhianaise béil nó le mionnscríbhinn agus, más le mionnscríbhinn é, socróidh sí an tréimhse ama ina mbeidh na mionnscríbhinní sin le comhdú ag na páirtithe faoi seach agus ag aon duine eile a bheidh i dteideal éisteacht a fháil faoin Acht nó faoin riail seo.

17. Má ligtear don iarratas dul ar aghaidh déanfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas a sheirbheáil láithreach ar an gCeannasaí—

(a) cóip den fhógra foriarratais;
(b) cóip den tsonraíocht mar a dúradh;

(c) cóip fhianaithe den ordú chun ligean don iarratas dul ar aghaidh;

(d) nóta faoi ainm aturnae an iarratasóra agus faoina sheoladh i gCathair Bhaile Átha Cliath.

18. Ar na doiciméid sin a fháil don Cheannasaí cuirfidh sé faoi deara fógrán a chur isteach sa chéad eisiúint eile den Irisleabhar ina luafar—

(a) uimhir agus teideal na paitinne agus ainm an phaitinní;
(b) an leasú beartaithe;

(c) nach foláir d’aon duine ar mian leis cur i gcoinne an leasaithe fógra i scríbhinn a thabhairt d’aturnae an iarratasóra, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis na fógartha, á rá gur mian leis déanamh amhlaidh agus nach foláir dó a sheoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse a lua san fhógra sin;

(d) ainm aturnae an iarratasóra agus a sheoladh i gCathair Bhaile Átha Cliath.

19. Aon duine a thabharfaidh an fógra sin a luaitear i riail 18 beidh sé i dteideal éisteacht a fháil nuair a bheidh an foriarratas á éisteacht.
20. Laistigh de sheacht lá tar éis aon fhógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-iarratasóir, más rud é go mbeidh a sheoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse luaite san fhógra ag an duine a mbeidh sé á thabhairt aige, na cóipeanna seo a leanas a sheirbheáil ar an duine sin—

(a) cóip den fhógra foriarratais;
(b) cóip den tsonraíocht mar a dúradh;

(c) cóip den ordú chun ligean don iarratas dul ar aghaidh.

Féadfar an tseirbheáil sin a dhéanamh le litir chláraithe réamhíoctha arna cur chuig an duine sin, leis an bpost, go dtí a sheoladh le haghaidh seirbheála.
21. I gcás ina gceadóidh an Chúirt an tsonraíocht a leasú déanfaidh an t-iarratasóir cóip fhianaithe den ordú chun an leasú sin a cheadú a thaisceadh láithreach leis an gCeannasaí. Déanfaidh an t-iarratasóir freisin, má cheanglaíonn an Chúirt nó an Ceannasaí é sin air, sonraíocht nua agus líníochtaí arna leasú, agus iad sin ullmhaithe a mhéid is féidir de réir na Rialacha Maoine Tionscail a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a fhágáil in Oifig na bPaitinní.

22. Cuirfidh an Ceannasaí faoi deara an t-ordú sin a fhógairt uair amháin ar a laghad san Irisleabhar.

IV. Achainí chun paitinn a chúlghairm.

23. Aon duine a mbeidh achainí á tíolacadh aige chun paitinn a chúlghairm faoi alt 34 d’Acht na bPaitinní, 1964, seachadfaidh sé, i dteannta a achainí, sonraí i dtaobh na n-agóidí in aghaidh bhailíocht na paitinne ar a mbeidh a sheasamh mar thaca lena achainí.

24. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha rialacha 8 go 13, go huile, i dtaca le sonraí i dtaobh agóidí, maidir le hachainí den sórt sin agus leis na sonraí a bheidh le seachadadh ina teannta.

25. Beidh an freagróir san achainí sin i dteideal tosú, agus fianaise a thabhairt mar thaca leis an bpaitinn agus, má thugann an t-achainíoch fianaise lena ndéanfar bailíocht na paitinne a tháinseamh, beidh an freagróir i dteideal freagra a thabhairt.

V. Achainí chun téarma paitinne a fhadú.

26. Paitinní a mbeidh ar intinn aige achainí a thíolacadh don Chúirt faoi alt 27 d’Acht na bPaitinní, 1964, á impí go bhfadófar a phaitinn téarma eile, fógróidh sé faoi dhó san Iris Oifigiúil agus uair amháin in dhá nuachtán laethúla, ar a laghad, a bheidh á bhfoilsiú i mBaile Átha Cliath, é a bheith ar intinn aige é sin a dhéanamh.

27. Féadfaidh achainí den sórt sin baint a bheith aici le níos mó ná paitinn amháin.

28. Luafar san fhógrán—

(a) uimhir agus teideal na paitinne agus ainm an phaitinní;
(b) gurb é cuspó ir na hachainí fadú a fháil ar an bpaitinn go ceann téarma eile;

(c) an dáta ar air nó roimhe a bheidh an achainí le tíolacadh don Chúirt;

(d) nach foláir d’aon duine ar mian leis agóid a dhéanamh fógra i scríbhinn a thaisceadh sa Phríomh-Oifig laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta sin á rá é a bheith ar intinn aige agóidí a thaisceadh agus nach foláir dó seoladh laistigh den dlínse ag a bhféadfar aon doiciméad a sheirbheáil air a thabhairt san fhógra sin;

(e) ainm aturnae an phaitinní agus a sheoladh i gCathair Bhaile Á tha Cliath i gcomhair aon doiciméad a sheirbheáil ar an bpaitinní.

29. Nuair a fhoilseofar an chéad fhógrán san Iris Oifigiúil cuirfidh an paitinní cóip den fhógrán sin chuig an gCeannasaí lena chur isteach sa chéad eisiúint eile den Irisleabhar.
30. Paitinní a mbeidh ar intinn aige a achainí sin a thíolacadh, déanfaidh sé, má tá fadú ar an tréimhse ina bhféadfar an achainí sin a thíolacadh ag teastáil uaidh, iarratas chun na Cúirte, ex parte, ar ordú chun an tréimhse sin a fhadú. Féadfar an t-iarratas a dhéanamh roimh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun an achainí a thíolacadh, nó dá héis, agus beidh mionnscríbhinn chuig an bpaitinní nó chuig a aturnae ina luafar na cúiseanna leis an moill mar thaca leis. Má fhadaíonn an Chúirt an tréimhse socróidh sí san ordú sin an dáta ar air nó roimhe a thíolacfar an achainí don Chúirt, agus luafar an dáta sin sna fógráin sin.

31. Taiscfear an achainí sa Phríomh-Oifig ar nó roimh an dáta a bheidh luaite sna fógráin i gcomhair an achainí a thíolacadh.

32. Laistigh de cheithre lá tar éis an achainí a thaisceadh seirbheálfaidh an paitinní cóip den achainí ar an gCeannasaí.

33. Déanfar na nithe seo a leanas a thaisceadh i dteannta na hachainí—

(a) mionnscríbhinn ón achainíoch, nó óna aturnae, á mionnú na fógráin a fhorordaítear thuas a bheith foilsithe go cuí;
(b) cóip de gach eisiúint den Iris Oifigiúil, agus de gach ceann de na nuachtáin a dúradh, ina mbeidh na fógrá in sin;

(c) dhá chóip chlóite de shonraíocht na paitinne.

34. Seirbheálfar cóip den achainí ar gach duine a mbeidh fógra taiscthe aige á rá é a bheith ar intinn aige agóidí a thaisceadh.
35. Déanfaidh gach duine den sórt sin, laistigh de thrí sheachtain tar éis cóip den achainí a sheirbheáil air—

(a) sonraí a thaisceadh sa Phríomh-Oifig i dtaobh na n-agóidí ar a mbeidh ar intinn aige seasamh in aghaidh impí na hachainí a dheonú;
(b) cóip de na sonraí sin a sheirbheáil ar an achainíoch;

(c) dhá chóip de na sonraí sin a chur chuig an bPríomh-Aturnae Stáit. Aon duine den sórt sin a loicfidh an riail seo a chomhlíonadh measfar a agóidí a bheith tréigthe aige. Ní bheidh aon duine i dteideal cur i gcoinne impí na hachainí a dheonú ar aon fhorais nach mbeidh luaite sna sonraí sin.

36. Laistigh de shé sheachtain tar éis an achainí a thíolacadh, déanfaidh an t-achainíoch—


(a) mionnscríbhinn ón achainíoch nó óna aturnae a thaisceadh sa Phríomh-Oifig á mionnú cóip den achainí a bheith seirbheáilte ar an gCeannasaí agus ar gach duine a mbeidh fógra taiscthe aige á rá é a bheith ar intinn aige agóidí a thaisceadh;
(b) dhá chóip de chlár comhardaithe na gcaiteachas agus na bhfáltas a bhainfidh leis an bpaitinn a thaisceadh sa Phríomh-Oifig, agus beidh na cuntais sin le cruthú nuair a bheidh an achainí á héisteacht;

(c) dhá chóip den chlár comhardaithe sin a chur chuig an gCeannasaí.

37. Ar fhógra dhá lá a fháil don achainíoch tabharfaidh sé saoráidí réasúnacha don Cheannasaí, nó d’aon duine a bheidh ceaptha ina ionad aige chuige sin, chun na leabhair chuntas a iniúchadh, agus sleachta a bhaint astu, ar faoina dtreoir a bheidh beartaithe an clár comhardaithe sin a fhíorú nó ar uathu a bheidh na hábhair chun é a dhéanamh suas díorthaithe.
38. Beidh aon duine a mbeidh riail 35 comhlíonta go cuí aige i dteideal, ar a chostas féin, cóipeanna den chlár comhardaithe sin a fháil ón achainíoch.

39. Tar éis sé sheachtain a bheith caite ó thíolacadh na hachainí déanfaidh an t-achainíoch iarratas chun na Cúirte le foriarratas ar ordacháin i dtaobh na n-imeachtaí (más ann) a bheidh le tionscnamh sula n-éistfear an achainí, agus i dtaobh an mhodha chun an achainí a thriail nó aon ní eile i dtaobh na hachainí, agus i dtaobh an dáta ar a mbeidh an achainí sa liosta lena héisteacht. Seirbheálfar fógra faoin bhforiarratas sin ar an gCeannasáý agus ar gach duine a mbeidh riail 35 comhlíonta go cuí aige.

40. Ar an bhforiarratas sin a éisteacht, socróidh an Chúirt dáta chun an achainí a éisteacht agus tabharfaidh sí cibé ordacháin bhreise nó cibé ordacháin eile maidir le fógairt, seirbheáil nó eile a mheasfaidh sí is gá nó is fóirsteanach.

41. Ní cheanglófar ar an gCeannasaí, má ghlacann sé de rogha nó má ordaítear dó láithriú i gcás na ceiste faoi ghéilleadh d’impí na hachainí, fógra a thabhairt faoi aon agóid is cuí leis a dhéanamh.

42. I gcásanna ina mbeidh freasúra taifeadta in aghaidh impí achainí féadfaidh an Chúirt costais a thabhairt do na freasúróirí nó ina gcoinne, ach i gcás go ndiúltóidh an Chúirt d’impí na hachainí ní thabharfaidh sí, ach amháin in imthosca speisialta, níos mó ná sraith amháin costas idir na freasúróirí go léir.

43. Ní bheidh an Ceannasaí faoi dhliteanas i leith, nó i dteideal, aon chostas nó caiteachas.

44. Aon doiciméad a cheanglófar a sheirbheáil faoin gcuid seo den Ordú seo, féadfar é a sheirbheáil leis an bpost cláraithe arna dhíriú chuig an duine a bheidh le seirbheáil ag a sheoladh le haghaidh seirbheála.

VI. Achomhairc chun na Cúirte.

45. Is le toghairm speisialta a dhéanfar gach achomharc chun na Cúirte i gcoinne ordaithe nó breithe ón gCeannasaí nó i gcoinne dámhachtana eadránaí faoi alt 45 d’Acht na bPaitinní, 1964, nó alt 41 (3) den Acht Cóipchirt, 1963. Seirbheálfar an toghairm ar an gCeannasaí agus ar gach duine leasmhar eile (más ann).

46. Luafar sa toghairm an achomharc é i gcoinne an iomláin den ordú, den bhreith nó den dámhachtain nó gan é a bheith ach ina ghearán i gcoinne coda de nó di, agus más amhlaidh a bheidh, cad é an chuid í, agus luafar go comair freisin forais an achomhairc. Ní cheadófar don achomharcóir aon fhorais a shuíomh ag an éisteacht seachas na cinn a bheidh luaite amhlaidh, ach amháin le cead ón gCúirt, a thabharfar ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cóir léi.

47. Eiseofar an toghairm laistigh de mhí féilire ó dháta an ordaithe nó na breithe ón gCeannasaí, nó dámhachtana eadránaí (de réir mar a bheidh), a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh nó ina haghaidh, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ama a lamhálfaidh an Ceannasaí chuige sin.

48. Is trí athéisteacht a dhéanfar gach achomharc den sórt sin chun na Cúirte; agus, faoi réir fhorálacha an Achta, is ar na hábhair a mbeidh luaite ag an gCeannasaí leas a bheith bainte aige astu agus é ag teacht ar a bhreith a é istfear gach achomharc faoi alt 25 d’Acht na dTrádmharcanna, 1963, agus is ar an bhfianaise chéanna a mbeidh leas bainte aisti ag an éisteacht os comhair an Cheannasaí a éistfear gach achomharc eile. Ní thabharfar aon fhianaise bhreise, ná ní thabharfar aon ábhar breise ar aird lena bhreithniú ag an gCúirt, nuair a bheidh aon achomharc á éisteacht, gan cead speisialta ón gCúirt arna dheonú ar iarratas arna dhéanamh ag an éisteacht nó roimpi; ach ní mheasfar go gcoiscfidh aon ní sa riail seo an Ceannasaí ar ráiteas i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte de bhun alt 143 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, alt 56 (2) d’Acht na dTrádmharcanna, 1963, nó alt 65 (3) d’Acht na bPaitinní, 1964.

49. Más rud é, faoi alt 26 (10) (b) d’Acht na dTrádmharcanna, 1963, go dtiocfaidh iarratasóir chun bheith i dteideal agus go mbeidh ar intinn aige a iarratas a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn á rá é sin a bheith ar intinn aige don Cheannasaí agus do na páirtithe eile (más ann) san achomharc laistigh de mhí fé ilire tar éis an cead dá dtagraítear sna fo-ailt sin a fháil.

VII. Iarratais eile chun na Cúirte.

50. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna nó leis an Ordú seo, is le toghairm speisialta a dhéanfar gach iarratas chun na Cúirte faoi na hAchtanna Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927-1958, faoi Acht na dTrádmharcanna, 1963, faoin Acht Cóipchirt, 1963, nó faoi Acht na bPaitinní, 1964. Seirbheálfar an toghairm ar an gCeannasaí agus ar gach duine leasmhar eile (más ann).

51. I gcás ina ndéanfaidh an Ceannasaí, faoi alt 75 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, iarratas a tharchur chun na Cúirte lena thriail, déanfaidh an t-iarratasóir nó an t-achomharcóir (de réir mar a bheidh), laistigh de mhí féilire ó dháta an tarchurtha sin, iarratas chun na Cúirte le toghairm speisialta chun an t-iarratas nó an t-achomharc sin a éisteacht agus a chinneadh, agus mura rud é go ndéanfaidh sé iarratas amhlaidh measfar an t-iarratas nó an t-achomharc a bheith tréigthe aige.

52. Aon pháirtí a mbeidh breith ón gCúirt á lorg aige ar dhíospóid faoi alt 130 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó faoi alt 92 d’Acht na bPaitinní, 1964, is le toghairm speisialta a dhéanfaidh sé iarratas. I gcás inar iarratas ó phaitinní, nó ó dhílseánach dearaidh chláraithe, an t-iarratas ainmneofar mar chosantóir an tAire, ceann na Roinne Stáit lena mbainfidh, agus seirbheálfar an toghairm ar an bPríomh-Aturnae Stáit. I gcás inar iarratas ó Aire an t-iarratas, ainmneofar mar chosantóir an paitinní nó dílseánach an dearaidh chláraithe (de réir mar a bheidh).

53. I gcás ina mbeidh ordú déanta ag an Ard-Aighne faoi alt 133 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó ag an gCeannasaí nó ag an Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta faoi alt 135 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó ag an gCeannasaí faoi alt 51 d’Acht na dTrádmharcanna, 1963, faoi alt 37 den Acht Cóipchirt, 1963, nó faoi alt 72 d’Acht na bPaitinní, 1964, á ordú go ndéanfaidh aon pháirtí costais a íoc, féadfar riail Chúirte a dhéanamh den ordú sin ar an bpáirtí arb iníoctha na costais sin leis dá iarraidh sin. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh mar iarratas ex parte dar foras mionnscríbhinn dar teideal maidir leis an Acht agus na himeachtaí os comhair an Ard-Aighne, an Cheannasaí nó an Aire (de réir mar a bheidh).