Ordú 15

Páirtithe

I. Ginearálta.

1. (i) Na daoine go léir a líomhnófar aon cheart chun faoisimh a bheith ar marthain iontu i leith nó de dhroim an idirbhirt chéanna nó na sraithe céanna idirbheart, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é, féadfar iad a uamadh i gcaingean amháin mar ghearánaithe, i gcás, dá dtionscnódh na daoine sin caingne ar leithligh, go dtiocfadh aon chomhcheist dlí nó fíorais chun cinn; ar an gcoinníoll, má dhealraíonn sé, ar iarratas ó aon chosantóir, go bhféadfadh an t-uamadh sin ciotaí nó moill a dhéanamh i dtriail an imeachta, go bhféadfaidh an Chúirt trialacha ar leithligh a ordú nó cibé ordú is fóirsteanach a dhéanamh.

(ii) I gcas faoin riail seo, féadfar breithiúnas a thabhairt i bhfabhar cibé duine nó daoine de na gearánaithe a chinnfear a bheith i dteideal faoisimh, le haghaidh cibé faoisimh a mbeidh an duine nó na daoine sin ina theideal, gan aon leasú, ach beidh an cosantóir, d’ainneoin nach mbeidh éirithe leis, i dteideal na gcostas dá chuid a bheidh tagtha d’aon duine nach gcinnfear a bheith i dteideal faoisimh a uamadh amhlaidh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

2. I gcás ina mbeidh caingean tionscanta in ainm an duine mhíchirt mar ghearánaí, nó i gcás ina mbeifear in amhras faoin gcaingean a bheith tionscanta in ainm an ghearánaí chirt, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi í a bheith tionscanta amhlaidh trí dhearmad bona fide, agus gur gá déanamh amhlaidh chun an fíorábhar a bheidh faoi dhíospóid a chinneadh, a ordú aon duine eile a chur ina ionad nó ina theannta mar ghearánaí, ar cibé téarmaí is cóir.

3. Más rud é, i gcaingean, go mbeidh aon duine uamtha go míchuí nó gan ghá mar chomhghearánaí, agus go mbeidh frithéileamh nó fritháireamh curtha suas ag cosantóir, féadfaidh sé a thairbhe sin a fháil trína fhrithéileamh nó a fhritháireamh a bhunú amhail i gcoinne na bpáirtithe seachas an comhghearánaí a bheidh uamtha amhlaidh, d’ainneoin mhíuamadh an ghearánaí sin nó aon imeachta dá dhroim sin.

4. Féadfar na daoine go léir a líomhnófar an ceart chun aon fhaoisimh a bheith ar marthain ina gcoinne, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é, a uamadh mar chosantóirí. Féadfar breithiúnas a thabhairt i gcoinne cibé duine nó daoine de na cosantóirí sin a chinnfear a bheith faoi dhliteanas, de réir a ndliteanas faoi seach, gan aon leasú.

5. Ní gá leas a bheith ag gach cosantóir i dtaobh an fhaoisimh uile a iarrfar, nó i dtaobh gach cúise caingne a áireofar in aon imeacht ina choinne; ach féadfaidh an Chúirt cibé ordú is cóir léi a dhéanamh chun nach gcuirfear braodar nó costas ar aon chosantóir trína cheangal air freastal ar aon imeachtaí nach mbeidh leas ar bith aige iontu.

6. Féadfaidh an gearánaí, dá rogha féin, na daoine go léir nó aon duine de na daoine a bheidh go leithleach, nó i gcomhpháirt agus go leithleach, faoi dhliteanas maidir le haon chonradh áirithe, lena n-áireofar páirtithe i mbillí malairte agus i nótaí gealltanais, a uamadh mar pháirtithe sa chaingean chéanna.

7. I gcás ina mbeidh an gearánaí in amhras i dtaobh cén duine a mbeidh sé i dteideal sásaimh uaidh, féadfaidh sé beirt chosantóir nó níos mó a uamadh, ionas go bhféadfar a chinneadh amhail idir na páirtithe go léir cén duine de na cosantóirí, más aon duine díobh é, a mbeidh dliteanas air, agus cá mhéad a bheidh sin air.

8. Féadfaidh iontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí agairt agus féadfar iad a agairt thar ceann nó mar ionadaithe na maoine nó an eastáit arb iontaobhaithe nó ionadaithe ina leith iad, gan aon duine de na daoine a mbeidh leas tairbhiúil acu san iontaobhas nó san eastát a uamadh, agus measfar iad a bheith ina n-ionadaithe do na daoine sin; ach féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú páirtithe a dhéanamh d’aon daoine díobh sin i dteannta nó in ionad na bpáirtithe a bheidh ann roimhe sin. Beidh feidhm ag an riail seo maidir le hiontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí a bheidh á n-agairt in imeachtaí chun urrús a chur i bhfeidhm trí dhíol nó eile.

9. I gcás ina mbeidh go leor daoine ann a mbeidh an leas céanna acu san aon chúis nó san aon ábhar amháin, féadfaidh duine amháin nó níos mó de na daoine sin agairt nó féadfar é nó iad a agairt, nó féadfaidh an Chúirt a údarú dó nó dóibh cosaint a dhéanamh, sa chúis nó san ábhar sin, thar ceann nó chun tairbhe na ndaoine go léir a mbeidh leas acu amhlaidh.

10. Más rud é, in imeachtaí a bhainfidh le hiontaobhas, go molfar comhréiteach, agus nach páirtithe sna himeachtaí daoine de na daoine a mbeidh leas acu sa chomhréiteach, ach go mbeidh daoine eile a mbeidh an leas céanna acu os comhair na Cúirte agus iad ag aontú leis an gcomhréiteach, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur le leas na ndaoine a bheidh as láthair an comhréiteach agus, dá gceanglófaí seirbheáil ar na daoine sin, go mbeadh sin ina chúis le costas nó moill neamhréasúnach, an comhréiteach a cheadú agus a ordú go mbeidh sé ina cheangal ar na daoine a bheidh as láthair, agus beidh siad faoi cheangal dá réir sin, ach amháin i gcás ina mbeidh an t-ordú faighte trí chalaois nó neamhnochtadh fíoras ábhartha.

11. Aon duine a bheidh ag dul ar aghaidh chun uacht a chruthú i bhfoirm shollúnta, nó chun probháid uachta a chúlghairm, féadfaidh sé, má dhéanann an uacht difear d’eastát réadach, ordú a iarraidh ar an gCúirt á údarú dó an t-oidhre ginearálta nó na hoidhrí ginearálta, nó an duine nó na daoine eile a mbeidh leas san eastát réadach sin aige nó acu, nó á chur i gcéill aige nó acu, a fhorghairm nó páirtí nó páirtithe sa chaingean a dhéanamh de nó díobh, agus féadfaidh an Chúirt, ar bheith deimhin di, le mionnscríbhinn, gan aon difear a bheith á dhéanamh ag an uacht a bheidh i gceist don eastát réadach nó nach n-airbheartófar aon difear a dhéanamh léi don eastát réadach, ordú a dhéanamh á údarú don duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige an t-oidhre ginearálta nó na hoidhrí ginearálta nó an duine nó na daoine sin a dúradh a fhorghairm; ar an gcoinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an Chúirt aon ordacháin speisialta a thabhairt a mheasfaidh sí is gá de réir an cheartais sa chás.

12. Faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus na Rialacha seo, i ngach caingean phrobháide leanfaidh na rialacha i dtaobh páirtithe agus i dtaobh forghairmeacha chun imeacht aí a thabhairt faoi aird a bhí in úsáid sa Chúirt Phrobháide díreach roimh an 1 Eanáir, 1878, de bheith i bhfeidhm. Is ón bPríomh-Oifig a eiseofar forghairmeacha chun imeachtaí a thabhairt faoi aird.

13. Ní dhéanfar aon chúis nó ábhar a threascairt de bhíthin mhí-uamadh nó neamhuamadh páirtithe, agus féadfaidh an Chúirt i ngach cúis nó ábhar déileáil leis an ábhar a bheidh faoi chonspóid a mhéid a bhainfidh sé le cearta agus le leasanna na bpáirtithe a bheidh iarbhír os a comhair.

Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, ar iarratas ó cheachtar páirtí nó gan aon iarratas, agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt, a ordú go scriosfar amach ainmneacha aon pháirtithe a bheidh uamtha go míchuí, mar ghearánaithe nó mar chosantóirí, agus go gcuirfear isteach ainmneacha aon pháirtithe, cibé acu gearánaithe nó cosantóirí iad, ba chóir a bheith uamtha, nó a bhféadfaidh sé gur gá iad a bheith os comhair na Cúirte chun a chur ar chumas na Cúirte na ceisteanna uile a bhainfidh leis an gcúis nó leis an ábhar a bhreithniú agus a shocrú go héifeachtúil agus go hiomlán. Ní chuirfear aon duine isteach mar ghearánaí ag agairt gan neaschara, nó mar neaschara do ghearánaí a bheidh faoi aon mhíchumas, gan é féin do thoiliú leis sin i scríbhinn. Gach páirtí a gcuirfear a ainm isteach amhlaidh mar chosantóir seirbheálfar toghairm nó fógra air, ar an modh a luaitear anseo ina dhiaidh seo nó ar cibé modh eile a ordóidh an Chúirt, agus ní mheasfar tús a bheith curtha leis an imeacht, amhail i gcoinne an pháirtí sin, go dtí tráth déanta an ordaithe ag cur an páirtí sin isteach.

14. Féadfar aon iarratas chun gearánaí nó cosantóir a chur isteach nó a scriosadh amach nó a ionadú a dhéanamh chun na Cúirte tráth ar bith roimh an triail, le foriarratas, nó, le linn thriail na caingne, go hachomair.

15. I gcás ina ndéanfar cosantóir a chur isteach nó a ionadú, déanfaidh an gearánaí, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, cóip leasaithe de thoghairm a chomhdú agus a thógáil amach agus seirbheálfaidh sé an toghairm sin, nó fógra ina hionad, ar an gcosantóir nua sin sa tslí chéanna ina seirbheálfar cosantóirí bunaidh. Más rud é go mbeidh ráiteas éilimh seachadta roimh chur isteach an chosantóra sin, déanfar an ráiteas sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, a leasú i cibé slí is gá nó is inmhianaithe mar gheall ar an gcosantóir nua sin a chur isteach nó a ionadú, agus déanfar cóip den ráiteas éilimh leasaithe sin a sheachadadh ar an gcosantóir nua sin tráth seirbheála na toghairme nó an fhogra air, no da éis sin laistigh de cheithre lá tar éis dó láithriú.

II. Duine faoi mhíchumas.

16. Féadfaidh naíon agairt mar ghearánaí trína neaschara ar an modh a chleachtaí go dtí seo, agus féadfaidh sé, mar an gcéanna, cosaint a dhéanamh trína chaomhnóir arna cheapadh chuige sin. Ar an naíon do shlánú lán-aoise, féadfaidh an neaschara nó an caomhnóir iarratas a dhéanamh le mionnscríbhinn chun an Chláraitheora sa Phríomh-Oifig ar dheimhniú go bhféadfaidh an gearánaí nó an cosantóir, ar naíon é le déanaí, dul ar aghaidh nó cosaint a dhéanamh ina ainm féin.

17. Féadfaidh duine mímheabhrach agairt mar ghearánaí trína chúramaí nó a neaschara, agus féadfaidh sé cosaint a dhéanamh trína chúramaí nó a chaomhnóir arna cheapadh chuige sin.

18. Ní dhéanfaidh naíon láithreas a thaifeadadh ach amháin trína chaomhnóir ad litem. Ní gá aon ordú chun an caomhnóir sin a cheapadh, ach déanfaidh agus comhdóidh an t-aturnae a bheidh ag iarraidh an láithreas sin a thaifeadadh mionnscríbhinn i bhFoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn A, Cuid II.

19. Gach naíon ar a seirbheálfar achainí nó fógra foriarratais nó doiciméad eile maidir le hábhar, láithreoidh sé tráth éisteachta an chéanna trí chaomhnóir ad litem, i ngach cás nach mbeidh socrú déanta maidir le caomhnóir speisialta a cheapadh. Ní gá aon ordú chun an caomhnóir sin a cheapadh, ach déanfaidh agus comhdóidh an t-aturnae trína mbeidh sé ag láithriú mionnscríbhinn roimh ré mar a luaitear i riail 18.

20. Sula n-úsáidfear ainm aon duine in aon chúis nó ábhar mar neaschara d’aon naíon nó d’aon pháirtí eile, nó mar insteoir, déanfaidh an duine sin údarás scríofa don aturnae a shíniú chuige sin, agus comhdófar an t-údarás san oifig chuí.

21. I ngach cúis nó ábhar ina mbeidh aon naíon nó duine mímheabhrach, cibé acu a bheidh sé breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne nó nach mbeidh, nó duine faoi aon mhíchumas eile, ina pháirtí, beidh ag aon toiliú i dtaobh an mhodha tógtha fianaise nó i dtaobh aon nóis imeachta eile, má thugann an neaschara, an caomhnóir, an cúramaí nó an duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine faoi mhíchumas é le toiliú na Cúirte, an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bheadh aige mura mbeadh an páirtí sin faoi aon mhíchumas agus go mbeadh an toiliú sin tugtha aigesean. Ar an gcoinníoll nach mbeidh aon toiliú den sórt sin a thabharfaidh cúramaí aon duine mhímheabhraigh bailí amhail idir eisean agus an duine sin, mura mbeidh sé tugtha le ceadú Uachtarán na hArd-Chúirte.


III. Riaradh agus forghníomhú iontaobhas

22. (i) In aon chás ina mbeidh ceart oidhre ghinearálta, nó an neasghaoil nó na neasghaolta, nó aicme, ag brath ar an bhforléiriú a dhéanfaidh an Chúirt ar ionstraim agus nach eol nó gur deacair a fhionnadh cé hé nó cé hiad an t-oidhre ginearálta, an neasghaol nó na neasghaolta, nó an aicme sin, agus go measfaidh an Chúirt gur caoithiúil, d’fhonn caiteachas a shábháil nó ar chúis éigin eile, go ndéanfar na ceisteanna forléiriúcháin a chinneadh sula mbeidh an t-oidhre ginearálta, an neasghaol nó na neasghaolta, nó an aicme sin, fionnta trí fhiosrúchán nó ar shlí eile, féadfaidh an Chúirt duine nó daoine éigin a cheapadh chun feidhmiú ar son an oidhre ghinearálta, an neasghaoil nó na neasghaolta, nó na haicme sin, agus beidh breithiúnas na Cúirte i láthair na ndaoine sin ina cheangal ar an oidhre ginearálta, ar an neasghaol nó na neasghaolta, nó ar an aicme a mbeifear ag feidhmiú ar a shon nó ar a son amhlaidh.

(ii) In aon chás eile ina mbeidh leas in aon imeachtaí ag oidhre ginearálta, nó ag aon neasghaol nó neasghaolta, nó ag aicme, féadfaidh an Chúirt, má dhealraíonn sé, ag féachaint do chineál agus do réim leas na ndaoine sin nó aon duine díobh, gur fóirsteanach sin toisc a dheacracht a bheadh sé na daoine sin a fhionnadh nó d’fhonn caiteachas a shábháil, duine nó daoine a cheapadh chun feidhmiú ar son an oidhre sin, nó chun feidhmiú ar son gach duine nó aon duine de na neasghaolta nó den aicme sin, agus beidh breithiúnas nó ordú na Cúirte i láthair na ndaoine a cheapfar amhlaidh ina cheangal ar na daoine a mbeifear ag feidhmiú ar a son amhlaidh.

23. Aon leagáidí iarmharach nó neasghaol a bheidh i dteideal breithiúnais nó ordaithe chun eastát pearsanta duine éagtha a riaradh féadfaidh sé é sin a fháil gan an chuid eile de na leagáidithe iarmharacha nó de na neasghaolta a sheirbheáil.

24. Aon leagáidí a mbeidh leas aige i leagáid arna muirearú ar eastát réadach, agus aon duine a mbeidh leas aige sna fáltais ó eastát réadach a mbeidh ordaithe é a dhíol, agus a bhféadfaidh sé go mbeidh sé i dteideal breithiúnais nó ordaithe chun eastát duine éagtha a riaradh, féadfaidh sé é sin a fháil gan aon leagáidí eile nó aon duine eile a mbeidh leas aige i bhfáltais an eastáit a sheirbheáil.

25. Féadfaidh aon réadtiomnaí iarmharach nó aon oidhre a bheidh i dteideal breithiúnais nó ordaithe dá shamhail sin é sin a fháil gan aon chomh-réadtiomnaí iarmharach nó aon chomhoidhre a sheirbheáil.

26. Féadfaidh aon duine de cestuis que trustent leithleacha faoi aon ghníomhas nó ionstraim a bheidh i dteideal breithiúnais nó ordaithe chun iontaobhais an ghníomhais nó na hionstraime a fhorghníomhú é sin a fháil gan aon cestui que trust eile a sheirbheáil.

27. I ngach cás caingne chun diomailt a chosc nó chun maoin a chosaint ar shlí eile, féadfaidh duine amháin agairt thar a cheann féin agus thar ceann na ndaoine go léir a mbeidh an leas céanna acu.

28. Aon seiceadóir, riarthóir nó iontaobhaí a bheidh ina theideal féadfaidh sé breithiúnas nó ordú a fháil i gcoinne aon leagáidí, neasghaoil nó cestui que trust áirithe chun an t-eastát a riaradh nó na hiontaobhais a fhorghníomhú.

29. Aon mhorgáistí nó aon eireadóir eile ar thalamh a bheidh i dteideal na tailte morgáistithe a dhíol féadfaidh sé breithiúnas nó ordú a fháil le haghaidh an díola sin gan aon mhorgáistí nó eireadóir eile, nó iontaobhaí don mhorgáistí nó don eireadóir sin, a sheirbheáil mura mbeidh an morgáistí, an t-eireadóir nó an t-iontaobhaí sin iarbhír i seilbh na dtailte faoi mhorgáiste nó faoi eire, nó ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús astu; ar an gcoinníoll i gcónaí nach measfar duine a mbeidh glacadóir nó forghabhálaí ceaptha nó fadaithe, nó ag leanúint de bheith ag fáil chíosanna agus bhrabúis na dtailte, ar agra uaidh nó chun tairbhe dó, a bheith ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús sin de réir bhrí na rialach seo.

30. Féadfaidh an Chúirt a cheangal go ndéanfar páirtí in aon chaingean nó imeacht d’aon duine, agus féadfaidh sí stiúradh na caingne nó an imeachta a thabhairt do cibé duine is cuí leis an gCúirt, agus féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh in aon chás áirithe is cóir léi chun an cosantóir a bheidh ar an taifead a chur ar aon bhonn ó thaobh costas de le páirtithe eile a mbeidh comhleas acu agus aigesean sna hábhair a bheidh i gceist.

31. Más rud é, in aon chaingean chun eastát duine éagtha a riaradh, nó chun iontaobhais aon ghníomhais nó ionstraime a fhorghníomhú, nó chun aon oidhreachtáin a idir-roinnt nó a dhíol, go mbeidh breithiúnas fógartha nó ordú déanta—

(a) i leith cuntais; nó
(b) faoi Ordú 33; nó

(c) a dhéanfaidh difear do chearta nó leasanna daoine nach páirtithe sa chaingean,

féadfaidh an Chúirt a ordú fógra faoin mbreithiúnas nó faoin ordú a sheirbheáil ar aon duine a mbeidh leas aige san eastát nó faoin iontaobhas nó sna hoidhreachtáin; agus tar éis an fhógra sin beidh na himeachtaí ina gceangal ar na daoine sin ionann is dá mbeifí tar éis páirtithe a dhéanamh díobh ó thús agus beidh de chead acu freastal ar na himeachtaí faoin mbreithiúnas nó faoin ordú. Féadfaidh aon duine a sheirbheálfar amhlaidh, laistigh de mh amháin tar éis na seirbheála sin, a iarraidh ar an gCúirt an breithiúnas nó an t-ordú a urscaoileadh nó a athrú nó cur leis.
32. Ní gá d’aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi aon bhreithiúnas nó ordú ordú a fháil á cheadú dó freastal ar na himeachtaí faoin mbreithiúnas nó faoin ordú sin, ach beidh de chead ag daoine den sórt sin freastal ar na himeachtaí tar éis láithreas a thaifeadadh sa tslí chéanna le cosantóir a mbeidh láithreas á thaifeadadh aige agus faoi réir na bhforálacha céanna.

33. Is é teideal a chuirfear ar fhógra faoi bhreithiúnas nó ordíú a sheirbheálfar de bhun riail 31 ná maidir leis an gcaingean agus déanfar meabhrán i bhFoirm Uimh. 30 i bhFoscríbhinn G a fhormhuiniú ar an bhfógra sin.

34. Déanfar meabhrán faoi sheirbheáil fógra faoin mbreithiúnas nó faoin ordú in aon chaingean faoi riail 31 ar aon duine a chomhdú sa Phríomh-Oifig ar an tseirbheáil sin a chruthú go cuí le mionnscríbhinn. Is i bhFoirm Uimh. 31 i bhFoscríbhinn G a bheidh an meabhrán.

35. Déanfar fógra faoi bhreithiúnas nó ordú a sheirbheálfar de bhun riail 31 ar naíon nó ar dhuine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne a sheirbheáil ar an modh céanna le toghairm thionscnaimh i gcaingean. Tráth ar bith le linn na n-imeachtaí faoi aon ordú den sórt sin, féadfaidh an Chúirt a cheangal go gceapfar caomhnóir ad litem d’aon naíon nó d’aon duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne agus a mbeidh fógra faoin ordú sin seirbheáilte air.

36. In aon chúis nó ábhar chun iontaobhais uachta a fhorghníomhú ní gá páirtí a dhéanamh den oidhre ginearálta, ach beidh de chead ag an ngearánaí páirtí a dhéanamh den oidhre ginearálta i gcás inar mian leis go ndéanfaí an uacht a shuíomh ina choinne.

37. Más rud é, in aon chúis, ábhar nó imeacht eile, go ndealróidh sé don Chúirt gan aon ionadaí pearsanta dlíthiúil a bheith ag aon duine éagtha a bheidh tar éis leas a bheith aige san ábhar a bheidh faoi cheist, féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh in éagmais aon duine a bheith ag feidhmiú ar son eastát an duine éagtha sin nó féadfaidh sí duine éigin a cheapadh chun feidhmiú ar son a eastáit chun críocha uile na cúise, an ábhair nó an imeachta eile ar cibé fógra do cibé daoine, más ann, is cuí leis an gCúirt, go speisialta nó go ginearálta trí fhógrán poiblí, agus beidh an t-ordú a dhéanfar amhlaidh, agus aon ordú dá dhroim sin, ina cheangal ar eastát an duine éagtha ar an modh céanna i ngach slí is a bheadh sé dá mbeadh ionadaí pearsanta dlíthiúil cuícheaptha don duine éagtha ina pháirtí sa chúis, san ábhar nó san imeacht.

38. In aon chúis nó ábhar chun eastát duine éagtha a riaradh ní bheidh páirtí ar bith seachas an seiceadóir nó an riarthóir i dteideal, gan cead chuige sin a fháil ón gCúirt, láithriú ag aon chéim ar an éileamh ó aon duine nach páirtí sa chúis nó san ábhar i gcoinne eastát an duine éagtha i leith aon fhéich nó dliteanais. Féadfaidh an Chúirt a ordú nó cead a thabhairt d’aon pháirtí eile sa chúis nó san ábhar láithriú, i dteannta nó in ionad an tseiceadóra nó an riarthóra, ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cuí leis an gCúirt.