Ordú 117

Páipéar, clódóireacht agus cóipeanna de dhoiciméid

1. Is i scríbhinn a bheidh gach fógra a cheanglaítear leis na Rialacha seo a thabhairt, mura n-údaróidh an Chúirt go sainráite é a thabhairt ó bhéal.
2. Déanfar gach doiciméad a bheidh le comhdú nó le taisceadh in aon cheann de na hOifigí, nó le hullmhú lena úsáid sa Chúirt, a scríobh go soiléir soléite.

3. Is é Uachtarán na hArd-Chúirte a fhorordóidh, ó thráth go chéile, cáilíocht agus méid an pháipéir a bheidh le húsáid in aon doiciméid a bheidh le comhdú nó le taisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí nó sa Phríomh-Oifig, maille le líon na bhfocal a bheidh le scríobh ar na doiciméid sin.

4. Beidh cóipeanna de dhoiciméid a bheidh le húsáid sa Chúirt, nó a bheidh le marcáil mar chóipeanna fianaithe nó deimhnithe, ar aon dul ó thaobh foirme de leis an doiciméad bunaidh.

5. Más rud é, de bhun na Rialacha seo, go gceanglófar aon doiciméad a chló, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis:

(a) féadfar an doiciméad a chló nó a atáirgeadh trí chlóliteagrafaíocht nó trí dhúbláil stionsail, agus measfar, chun críche na Rialacha seo, gur clódóireacht é an t-atáirgeadh sin;
(b) tabharfaidh an páirtí a mbeidh an doiciméad á chló aige, arna éileamh sin i scríbhinn, aon líon cóipeanna clóite, nach mó ná deich gcinn, d’aon pháirtí eile, ar íoc astu de réir ceithre phingin an fóilió;

(c) amhail idir aturnae a mbeidh cóipeanna clóite á seachadadh aige agus a chliant, tabharfaidh an t-aturnae creidmheas i leith na suime iomláine a bheidh iníoctha ag aon pháirtí eile ar na cóipeanna clóite sin;

(d) aon pháirtí a bheidh i dteideal cóip chlóite a fháil ní cheadófar aon mhuirear dó i leith cóipe scríofa (ach amháin an tsuim a bheidh iníoctha ar an gcóip chlóite sin), mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt;

(e) i gcás ina gceanglófar an doiciméad a fhianú, fágfar cóip chlóite de ag Maoirseoir na gClóscríobhaithe, nó ag cibé oifigeach nó oifigigh a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte chun na críche sin;

(f) déanfaidh an páirtí nó an t-aturnae a mbeidh aon chóip chlóite de mhionnscríbhinn tógtha aige í a thabhairt ar aird ar gach imeacht lena mbainfidh sí;

(g) i gcás ina n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach aon doiciméad a chló, féadfaidh an Chúirt sin a ordú costas na clódóireachta a bheith ar cibé páirtithe agus le ceadú do cibé páirtithe, agus cóipeanna clóite a bheith le tabhairt ag cibé páirtithe agus do cibé páirtithe, a ordófar agus ar cibé téarmaí a ordófar.

6. I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí a bheidh i dteideal cóipe d’aon doiciméad a bheidh comhdaithe nó ullmhaithe ag páirtí eile nó thar ceann páirtí eile, ach nach gceanglófar é a chló, cóip den dociméad a éileamh ón bpáirtí sin is déanaí a luaitear agus go ngeallfaidh sé íoc aisti de réir ocht bpingin an fóilió, déanfaidh an páirtí sin is déanaí a luaitear an chóip sin a thabhairt laistigh de cheithre huaire is fiche tar éis an éilimh sin, nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a ordóidh an Chúirt, ar na muirir chuí a íoc aisti; agus mura dtabharfar an chóip sin laistigh den tréimhse ama sin a dúradh, beidh de chead ag an bpáirtí a bheidh á hiarraidh cóip a fháil ón oifig ina mbeifear tar éis an chóip bhunaidh a chomhdú agus sa chás sin ní bheidh an t-aturnae a bheidh ag mainneachtain an chóip sin a thabhairt i dteideal aon chostas i leith na cóipe a bheidh iarrtha.
7. I gcás ina ndiúltóidh páirtí nó a aturnae cóip d’aon doiciméad a sheachadadh ba chóir dó a sheachadadh, nó nach ndéanfaidh sé an chóip sin a sheachadadh laistigh den tréimhse ama réamhráite, cuirfear dhá lá glan leis an tréimhse ar chóir aon imeachtaí a bhféadfaidh sé go mbeidh siad le tionscnamh tar éis an chóip sin a fháil a thionscnamh amhlaidh laistigh di.

8. (i) Déanfar gach cóip de dhoiciméad a thabharfaidh páirtí nó a aturnae do pháirtí eile a scríobh go soiléir soléite ar pháipéar de cháilíocht bhuan a bheidh ar aon mhéid, agus ar aon dul ó thaobh foirme de, leis an doiciméad bunaidh; agus déanfaidh an t-aturnae a bheidh á tabhairt líon na bhfóiliónna sa chóip sin a dheimhniú ar an gcóip agus, má bhíonn an deimhniú sin earráideach, féadfar costais na cóipe sin a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach.

(ii) Déanfar ainm agus seoladh an pháirtí, nó ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae, a thabharfaidh cóip d’aon doiciméad a fhormhuiniú ar an gcóip sin ar an modh céanna a fhormhuinítear iad ar dhoiciméid a chomhdaítear sa Chúirt, agus beidh an páirtí sin nó an t-aturnae sin freagrach as an gcóip a bheith ina cóip dhílis den doiciméad bunaidh.

9. Déanfar an nóta a fhorordaítear le hOrdú 40, riail 11, a chló ar gach cóip chlóite de mhionnscríbhinn agus a chóipeáil ar gach cóip de mhionnscríbhinn a thabharfar d’aon pháirtí.