Ordú 115

Orduithe ó na hUaschúirteanna : I.R. Uimh. 485 de 2014

1. (1) Déanfar gach ordú ón gCúirt Uachtarach, ón gCúirt Achomhairc, agus ón Ard-Chúirt, nuair a bheidh sé dréachtaithe, a dhátú faoin lá den tseachtain, faoin mí agus faoin mbliain a mbeifear tar éis an céanna a dhéanamh, mura n-ordóidh an Chúirt sin a mhalairt, agus beidh éifeacht leis dá réir sin. Déanfar gach ordú den sórt sin a thabhairt agus a chomhlánú a luaithe is caoithiúil.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach cuí an dáta comhlánaithe a fhormhuiniú ar an ordú.

2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha seo:

(a) is ó Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí a eiseofar gach ordú ón gCúirt Uachtarach, ar an gcoinníoll go bhféadfar ordú forghníomhaithe a eisiúint ón bPríomh-Oifig;

(b) is ó Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc a eiseofar gach ordú ón gCúirt Achomhairc, ar an gcoinníoll go bhféadfar ordú forghníomhaithe a eisiúint ón bPríomh-Oifig;

(c) is ón bPríomh-Oifig a eiseofar gach ordú eile.

3. Féadfaidh Cláraitheoir dréacht d’aon ordú a bheartófar a eisiúint a chur faoi bhráid na bpáirtithe sna himeachtaí agus trácht a iarraidh ar fhoirm an ordaithe sula n-eiseofar é.