Ordú 43

Orduithe fieri facias agus forghabhála

1. I gcás ina ndealróidh sé, ar aon ordú fieri facias a chur ar ais, go mbeidh aon earraí de chuid an duine a mbeifear tar éis a ordú dó suim airgid nó costais a íoc urghafa ag an sirriam, de bhua an ordaithe sin, ach nach mbeidh siad díolta aige, beidh de chead ag an duine a mbeidh an tsuim airgid nó na costais sin iníoctha leis, díreach tar éis an t-ordú sin leis an bhfreagra sin a chomhdú mar thaifead, agra a dhéanamh i leith ordaithe venditioni exponas.

 

2. I gcás ina n-ordófar d’aon duine le haon bhreithiúnas nó ordú airgead a íoc isteach sa Chúirt nó aon ghníomh eile a dhéanamh i dtréimhse theoranta ama, agus, tar éis an breithiúnas nó an t-ordú sin a sheirbheáil go cuí, go ndiúltóidh sé nó go bhfailleoidh sé géilleadh dó de réir a riachtanais, beidh an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin á thabhairt ar aghaidh aige i dteideal, ar an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun é a chomhlíonadh a bheith caite, ordú forghabhála i bhFoirm Uimh. 17 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a eisiúint i gcoinne eastát agus earraí an duine neamhghéilliúil sin, gan aon ordú chun na críche sin a fháil ón gCúirt.

 

3. Aon duine a bheidh i dteideal ordú forghabhála a eisiúint faoi riail 2, déanfaidh sé, sula n-eiseoidh sé an t-ordú sin, iarratas chun an Mháistir chun forghabhálaí amháin nó níos mó a fhormheas, agus chun ordacháin a fháil i dtaobh a urrúis nó a n-urrúis, agus cuntasaíochta. Ar dheimhniú formheasta an duine nó na ndaoine sin ón Máistir, a chomhdófar sa Phríomh-Oifig, féadfar an t-ordú a eisiúint, arna dhíriú chuig an duine nó na daoine sin. Ní ainmneofar ach forghabhálaí amháin san ordú, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

 

4. Beidh feidhm ag Ordú 50, rialacha 16 go 25 (go huile), a mhéid is infheidhme, maidir le forghabhálaithe.