Ordú 47

Ordú seilbhe

1. Is é a bheidh in ordú seilbhe ordú ón gCúirt ar a mbeidh dáta an lae eisiúna agus a bheidh fíordheimhnithe ar an modh céanna a bheidh toghairm thionscnaimh fíordheimhnithe. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na reachtanna agus na hachtacháin go léir a bhaineann leis an seaneascaire seilbhe, ach amhá in a mhé id a bheidh siad modhnaithe nó aisghairthe le haon reacht nó achtachá n níos dé anaí, maidir leis an ordú ó n gCú irt a chuirtear ina ionad leis seo. Is i bhFoirm Uimh. 5 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh an t-ordú sin.

 

2. I gcás ina n-ordófar le haon bhreithiúnas nó ordú d’aon duine a bheidh ainmnithe ann seilbh ar aon tailte a thabhairt suas do dhuine éigin eile, beidh an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin á thabhairt ar aghaidh aige i dteideal, gan aon ordú chun na críche sin, agra a dhéanamh i leith ordaithe seilbhe ar mhionnscríbhinn a chomhdú ina dtaispeánfar an breithiúnas nó an t-ordú sin a bheith seirbheáilte go cuí, agus nach mbeifear tar éis géilleadh dó.

 

3. Is í an tréimhse ama nach foláir cóip den fhógra a luaitear sa Land Law (Ireland) Act, 1887, alt 7, a chomhdú sa Chúirt laistigh di lá agus fiche tar éis é a sheirbheáil, agus déanfar an chóip sin a chomhdú amhlaidh trína seachadadh ar an oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig.

 

4. Is le mionnscríbhinn, a chomhdófar leis an oifigeach cuí don Phríomh-Oifig, a chruthófar seirbheáil na bhfógraí go léir faoin Acht sin, maille le dáta nó dátaí na seirbheála sin.

 

5. Is i bhFoirm Uimh. 6 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh an t-ordú seilbhe, faoina bhféadfar seilbh ar ghabháltas a aisghabháil tar éis an tréimhse fuascailte a bheith caite, de bhun fhorálacha an ailt sin 7.

 

6. Is i bhFoirm Uimh. 7 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh an t-ordú seilbhe, trína bhforghníomhófar breithiúnas i gcaingean chun talamh a aisghabháil tar éis an bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais sin a bheith bainte de dhroim mainneachtana arna déanamh i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt chun aon tráthchuid de na riaráistí cíosa agus costas, nó cibé suim ina n-ionad sin, a íoc, a luaitear sa Land Law (Ireland) Act, 1887 (50 & 51 Vic., c. 33), alt 30.

 

7. Ar aon bhreithiúnas nó ordú chun aon talamh a aisghabháil agus chun aon fhoghailbhrabúis, riaráistí cíosa, cíos dúbailte, damáistí nó costais a ghnóthú, féadfaidh ordú forghníomhaithe amháin nó orduithe forghníomhaithe ar leith a bheith ann chun seilbh a aisghabháil agus le haghaidh na bhfoghailbhrabús, na riaráistí cíosa, an chíosa dhúbailte, na ndamáistí nó na gcostas, de rogha an pháirtí a mbeidh éirithe leis.

 

8. Ar gach ordú seilbhe a eiseofar sula mbeidh an tréimhse fuascailte caite in aon chaingean chun gabháltas lena mbainfidh na hAchtanna Dlí Talún a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa beidh ráiteas i dtaobh na suimeanna is iníoctha i leith cíosa agus an chostais ar fhuascailt; agus más rud é, tráth ar bith roimh an bhforghníomhú, go n-íocfaidh an cosantóir na suimeanna sin leis an sirriam, bacfaidh an sirriam sin an forghníomhú sin, agus formhuineoidh sé ar an ordú sin, mar fhreagra air, na cíosanna agus na costais sin a bheith faighte.

 

9. Ar gach ordú seilbhe in aon chaingean chun talamh nach mbainfidh na hAchtanna Dlí Talún léi a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa beidh ráiteas i dtaobh an mhéid cíosa a bheidh dlite an tráth sin; agus más rud é, tráth ar bith roimh an bhforghníomhú, go n-íocfaidh an cosantóir leis an sirriam an tsuim a bheidh marcáilte amhlaidh i leith cíosa agus na gcostas, bacfaidh an sirriam sin an forghníomhú sin, agus formhuineoidh sé ar an ordú sin, mar fhreagra air, an cíos agus na costais sin a bheith faighte.