Ordú: 48

Ordú seachadta

1. Maidir le haon bhreithiúnas nó ordú chun aon mhaoin, seachas talamh nó airgead, a aisghabháil, i gcás ina n-iarrfar an breithiúnas nó an t-ordú sin a chur i bhfeidhm le hordú seachadta, féadfaidh an Chúirt, ar an ngearánaí dá iarraidh sin, a ordú go n-eiseofar forghníomhú chun an mhaoin a sheachadadh, gan rogha a thabhairt don chosantóir an mhaoin a choinneáil, ar an luach measúnaithe, más aon luach é, a íoc, agus go ndéanfaidh an sirriam, mura féidir an mhaoin a fháil, agus mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, tochsal ar an gcosantóir sna tailte agus sna hairnéisí uile is leis, i mbáillcheantar an tsirriam, go dtí go seachadfaidh an cosantóir an mhaoin; nó, de rogha an ghearánaí, go gcuirfidh an sirriam faoi deara go ndéanfar d’earraí an chosantóra luach measúnaithe, más aon luach é, na maoine.

 

2. Is i bhFoirm Uimh. 8 nó i bhFoirm Uimh. 9 (ina gcorprófar, más cuí, Foirm Uimh. 10) i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh ordú seachadta, agus nuair a eiseofar ordú seachadta, beidh an gearánaí i dteideal, leis an ordú for- ghníomhaithe céanna nó le hordú forghníomhaithe ar leith, a chur faoi deara go ndéanfar d’earraí an chosantóra na damáistí agus na costais a bheidh dáfa, maille le hús.