Ordú 70A

Dlí teaghlaigh : I.R. Uimh. 343 de 1997

1. (i) San Ordú seo folóidh imeachtaí dlí teaghlaigh:

(a) Aon imeacht de bhun alt 36 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 nó de bhun an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 44 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996.
(b) Iarratas de bhun alt 3 den Acht Uchtála, 1974, nó de bhun alt 3 den Acht Uchtála, 1988.

(c) Iarratas de bhun alt 3(8), 4, 5 nó 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976.

(d) Aon iarratas de bhun alt 6 nó 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1981.

(e) Aon imeacht de bhun an Achta um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, nó an Achta um Fhoréigean Baile, 1996 ar imeacht é a tionscnaíodh agus a saothraíodh san Ard-Chúirt de bhun Airteagal 34.3.1 den Bhunreacht.

(f) Iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh de bhun alt 3 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989 agus aon réamhiarratas nó aon iarratas coimhdeach a bhaineann leis an gcéanna faoi Chuid II den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995.

(g) Aon imeachtaí a aistrítear chuig an Ard- Chúirt de bhun alt 31(3) den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989.

(h) Iarratas ar fhoraithne colscartha de bhun alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 agus réamhiarratas nó iarratas coimhdeach a bhaineann leis an gcéanna faoi Chuid III den Acht sin.

(i) Iarratas chun imeachtaí i leith faoisimh a thionscnamh tar éis colscaradh nó idirscaradh lasmuigh den Stát de bhun alt 23 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995.

(j) Iarratas de bhun alt 15(A) nó alt 25 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 nó de bhun alt 18 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996.

(k) Iarratas ar dhearbhú maidir le stádas pósta faoi Chuid IV den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995.

(ii) San Ordú seo:
ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989,

ciallaíonn “Acht 1995” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995,

ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996,

ciallaíonn “na hAchtanna” gach ceann nó aon cheann de na hAchtanna dá dtagraítear i riail 1(1).
 

Tosach feidhme

2. Déanfar gach imeacht dlí teaghlaigh, seachas iarratas faoi riail 27 den Ordú seo, a thosú trí thoghairm speisialta is toghairm dlí teaghlaigh agus is é seo a leanas an teideal a bheidh uirthi:


“AN ARD-CHÚIRT
DLÍ TEAGHLAIGH


Maidir leis an Acht/le hAcht ...., 19 ... (de réir mar a bheidh)
Idir/


A.B. an tIarratasóir
agus

C.B. an Freagróir”


3. Is é “Formhuiniú Éilimh Speisialta” an teideal a bheidh ar an bhformhuiniú éilimh agus déanfar an faoiseamh a lorgaítear agus gach alt den Acht nó de na hAchtanna faoina lorgaítear an faoiseamh agus na forais ar a lorgaítear an faoiseamh a lua ann go sonrach, fairis na sonraí go léir is gá.


4. In aon imeachtaí de bhun riail 1(1) thuas, beidh na nithe seo a leanas, más infheidhme, i mionnscríbhinn lena bhfíoraítear na himeachtaí sin nó ina dtugtar freagra orthu:

(a) I gcás iarratais ar idirscaradh breithiúnach nó ar fhoraithne colscartha

(i) An dáta a phós, agus an áit ar phós, na páirtithe.
(ii) An fad ama a raibh na páirtithe ina gcónaí ar leithligh óna chéile agus seoltaí an dá pháirtí le linn an ama sin, más eol.

(iii) Sonraí iomlána faoi aon leanaí de chuid an iarratasóra nó an fhreagróra ina luafar cibé acu atá gach leanbh díobh nó aon leanbh díobh ina leanbh cleithiúnach de chuid an teaghlaigh agus luafar an bhfuil soláthar déanta do gach leanbh cleithiúnach nó d’aon leanbh cleithiúnach den sórt sin de chuid an iarratasóra nó an fhreagróra, de réir mar a bheidh, agus má tá, cén soláthar é.

(iv) Cibé acu atá aon fhéidearthacht ann go dtiocfaidh an t-iarratasóir agus an freagróir ar chomhréiteach agus má tá, cén bonn ar a bhféadfadh sé sin tarlú.

(v) Mionsonraí faoi aon fhaoiseamh pósta roimhe sin a lorgaíodh agus/nó a fuarthas agus mionsonraí faoi aon chomhaontú idirscartha roimhe sin a rinneadh idir na páirtithe. (Más cuí, is ceart cóip dheimhnithe d’aon ordú Cúirte iomchuí agus/nó d’aon Ghníomhas Idirscartha/Comhaontú Idirscartha iomchuí a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn).

(vi) An áit ina bhfuil sainchónaí ar gach páirtí ar dháta an iarratais lena dtosaítear an t-imeacht nó an áit ina raibh gnáthchónaí ar gach páirtí don bhliain roimh dháta an iarratais sin.

(vii) Mionsonraí faoi ára(i)s teaghlaigh na bpáirtithe agus/nó faoi áiteanna cónaithe eile de chuid na bpáirtithe lena n- áirítear, más iomchuí, mionsonraí faoi aon árais teaghlaigh/áiteanna cónaithe roimhe sin, agus is ceart mionsonraí faoi mhodh áitithe agus úinéireachta na n- áras/na n-áiteanna cónaithe sin a bheith iontu.

(viii) I gcás go ndéantar tagairt sa toghairm d’aon mhaoin dhochorraithe, cibé acu is talamh cláraithe nó neamhchláraithe í agus tuairisc ar na tailte/na háitribh dá dtagraítear amhlaidh.


(b) I gcás iarratais ar fhaoiseamh tar éis colscaradh coigríche nó idirscaradh lasmuigh den Stát, cibé líon de na sonraí atá ag (a) thuas is cuí agus

(i) Dáta pósta agus colscartha/idirscartha na bpáirtithe agus an áit inar phós agus inar cholscar/idirscar siad. (Más cuí, is ceart cóip dheimhnithe den fhoraithne iomlán nó den fhoraithne chríochnaitheach colscartha/idirscartha (i dteannta aistriúcháin fhíordheimhnithe uirthi, más cuí) a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn).
(ii) Sonraí faoi na comhshocraíochtaí airgeadais,maoine agus coimeádta/rochtana a oibríonn go coimhdeach leis an bhforaithne sin, agus cibé acu a rinneadh na comhshocraíochtaí sin le comhaontú nó le hordú ón gCúirt nó ar shlí eile, agus cibé acu a rinneadh na comhaontuithe sin i gcomhthráth leis an bhforaithne nó tráth eile agus a mhéid a comhlíonadh iad.

(iii) Stádas pósta láithreach agus slí bheatha láithreach gach páirtí.

(iv) Na mionsonraí go léir is iomchuí maidir leis na nithe dá dtagraítear in alt 26 d’Acht 1995.


(c) I gcás iarratais ar dhearbhú maidir le stádas pósta, cibé líon de na sonraí atá ag (a) thuas is cuí mar aon leis an méid seo a leanas:

(i) Cineál na cúise atá ag an iarratasóir le dearbhú den sórt sin a lorg.
(ii) Mionsonraí iomlána faoin bpósadh/faoin gcolscaradh/faoin neamhniú/faoin idirscaradh dlíthiúil ar ina leith a lorgaítear an dearbhú, lena n-áirítear dáta agus áit an phósta/an cholscartha/an neamhnithe/an idirscartha dhlíthiúil sin. (Más cuí, is ceart cóip dheimhnithe den deimhniú pósta/den fhoraithne cholscartha/neamhnithe/idirscartha dhlíthiúil a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn).

(iii) An modh ina gcomhlíontar ceanglais dlínse alt 29(2) d’Acht 1995.

(iv) Sonraí faoi aon imeacht roimhe sin nó faoi aon imeacht atá ar feitheamh i ndáil le haon phósadh lena mbaineann nó a bhaineann le stádas pósta páirtí in aon phósadh den sórt sin de réir alt 30 d’Acht 1995.


(d) I gcás iarratais ar shaincheisteanna maoine idir céilí a chinneadh de bhun alt 36 d’Acht 1995 nó de bhun an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 44 d’Acht 1996 maidir le daoine atá geallta dá chéile, cibé líon de na sonraí atá ag (a) thuas is cuí agus

(i) Cineál agus méid na maoine nó an airgid atá faoi dhíospóid agus tuairisc ar an gcéanna.
(ii) An staid eolais atá ag céile an iarratasóra i ndáil le seilbh nó rialú na maoine nó an airgid atá faoi dhíospóid gach tráth iomchuí.

(iii) Cineál agus méid an leasa atá á éileamh ag an iarratasóir sa mhaoin nó san airgead agus an bonn ar a ndéantar éileamh den sórt sin.

(iv) Cineál agus méid aon éilimh ar fhaoiseamh atá á dhéanamh agus an bonn ar a ndéantar aon éileamh den sórt sin.

(v) An modh ina n-éilítear gur mhainnigh, gur fhailligh nó gur dhiúltaigh an freagróir cibé íocaíocht chuí nó diúscairt chuí a dhéanamh leis an iarratasóir nó chuig an iarratasóir sna himthosca go léir agus mionsonraí faoi aon íocaíocht nó diúscairt a rinneadh iarbhír.

(vi) Mionsonraí leordhóthanacha chun a thaispeáint gur comhlíonadh na teorainneacha ama dá dtagraítear in alt 36(7) d’Acht 1995.


(e) I gcás iarratais ar fhaoiseamh as eastát céile éagtha de bhun alt 15(A) nó alt 25 d’Acht 1995 nó alt 18 d’Acht 1996, cibé líon de na sonraí atá ag (a) thuas is cuí agus

(i) Dáta agus áit an phósta agus dáta aon fhoraithne colscartha/idirscartha bhreithiúnaigh. (Déanfar an deimhniú pósta agus cóip dheimhnithe den fhoraithnecolscartha/idirscartha a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn (i dteannta aistriúchán fíordheimhnithe, más cuí sin)).
(ii) Mionsonraí faoi aon fhaoiseamh pósta a fuair an t-iarratasóir roimhe sin agus, go háirithe, orduithe cothabhála cnapshuime agus orduithe coigeartaithe maoine, más ann.

(iii) Mionsonraí faoi aon sochar a fuarthas ón gcéile éagtha, nó thar ceann an chéile éagtha, cibé acu trí chomhaontú nó ar shlí eile, agus mionsonraí faoi aon sochair a fhabhraíonn chuig an iarratasóir faoi théarmaí uacht an chéile éagtha nó ar shlí eile.

(iv) Dáta báis an chéile éagtha, an dáta a céad-deonaíodh ionadaíocht i leith eastát an chéile sin agus, más infheidhme, an dáta a tugadh fógra faoi bhás an chéile éagtha don chéile is iarratasóir agus an dáta a thug an céile is iarratasóir fógra don ionadaí pearsanta á rá go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh de bhun alt 18(7) d’Acht 1996 agus alt 15(A)(7) d’Acht 1995, de réir mar a bheidh.

(v) Stádas pósta an chéile éagtha ar dháta an bháis agus stádas pósta an iarratasóra ar dháta an iarratais agus cibé acua phós an t-iarratasóir athuair ó scaoileadh an pósadh idir an t-iarratasóir agus an céile éagtha.

(vi) Mionsonraí faoi chleithiúnaithe an chéile éagtha ar dháta an bháis agus faoi chleithiúnaithe uile an iarratasóra ar dháta an iarratais, mar aon le mionsonraí faoi aon daoine leasmhara eile.

(vii) Deimhneasc i dtaobh cé acu a rinneadh aon ordú roimhe sin de bhun alt 18(10) d’Acht 1996 nó alt 15(A)(10) d’Acht 1995.

(viii) Mionsonraí faoi luach eastát an chéile éagtha, más eol sin.

5. Maidir le haon mhionnscríbhinn den sórt sin a chomhdófar faoi riail 4, foilseánfar inti freisin, más cuí, an deimhniú a cheanglaítear faoi alt 5 nó, de réir mar a bheidh, faoi alt 6 d'Acht 1989 nó faoi alt 6 nó, de réir mar a bheidh, faoi alt 7 d'Acht 1996 agus beidh an deimhniú sin i bhFoirm Uimh. 1, 2, 3 nó 4, faoi seach, de réir mar atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis seo.
Mionnscríbhinn Acmhainne

6. (i) Gan dochar do cheart aon pháirtí sonraí faoi aon ní a lorg ar an bpáirtí eile in aon imeacht ná do cheart an pháirtí sin iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt ar ordú follasaithe agus gan dochar do dhlínse na Cúirte de bhun alt 12(25) d’Acht 1995 nó alt 17(25) d’Acht 1996, in aon chás ina lorgaítear faoiseamh airgeadais faoi cheachtar de na hAchtanna déanfaidh gach páirtí Mionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú agus a sheirbheáil san imeacht.

(ii) Is i bhFoirm Uimh. 5 mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo a bheidh an Mhionnscríbhinn Acmhainne.

(iii) Déanfar Mionnscríbhinn Acmhainne de chuid an iarratasóra a sheirbheáil in éineacht leis an mionnscríbhinn fíoraithe atá mar fhoras leis an imeacht sin agus déanfar an Mhionnscríbhinn Acmhainne de chuid aon fhreagróra nó de chuid aon pháirtí eile a sheirbheáil in éineacht leis an mionnscríbhinn freagartha san imeacht mura n-ordóidh an Máistir nó an Chúirt a mhalairt. Tar éis Mionnscríbhinn Acmhainne a sheirbheáil, féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh ar an bpáirtí eile gach ceann nó aon cheann de na hítimí dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn sin a dheimhniú laistigh de 21 lá ón iarraidh sin.

(iv) I gcás ina mainneoidh páirtí comhlíonadh a dhéanamh go cuí ar na forálacha i ndáil le Mionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú agus a sheirbheáil, de réir mar a fhoráiltear anseo roimhe seo, nó ina mainneoidh sé na nithe atá leagtha amach sa chéanna a dheimhniú go cuí, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas trí fhógra foriarratais, ordú follasaithe a dheonú agus/nó féadfaidh sí aon ordú den sórt sin a dhéanamh a mheasfaidh an Chúirt is cuí agus is gá, lena n-áirítear ordú nach mbeidh an páirtí sin i dteideal éileamh den sórt sin ar aon fhaoiseamh coimhdeach faoin Acht a dhéanamh nó a chosaint, de réir mar is cuí, ach amháin de réir mar a cheadóidh an Chúirt agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Chúirt a bheith cuí nó féadfaidh an Chúirt an t-imeacht a chur ar atráth go ceann tréimhse shonraithe ama chun a chumasú go gcomhlíonfar aon iarraidh nó ordú den sórt sin roimhe sin ón gCúirt.

Mionnscríbhinn Leasa

7. In aon chás ina bhfuil leanbh cleithiúnach nó leanaí cleithiúnacha ag na céilí nó ag ceachtar díobh, déanfar Mionnscríbhinn Leasa a chomhdú agus a sheirbheáil thar ceann an iarratasóra agus is i bhFoirm Uimh. 6 mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo a bheidh an mhionnscríbhinn sin. I gcás ina n- aontóidh an freagróir leis na fíorais arna ndeimhneasc sa Mhionnscríbhinn Leasa a bheidh comhdaithe agus seirbheáilte ag an iarratasóir, féadfaidh an freagróir Mionnscríbhinn Leasa a chomhdú agus a sheirbheáil san fhoirm mhalartach a sholáthraítear i bhFoirm Uimh. 3 den Sceideal a ghabhann leis seo. I gcás ina n- easaontóidh an freagróir leis an Mionnscríbhinn Leasa go léir, nó le haon chuid den Mhionnscríbhinn Leasa, a bheidh comhdaithe agus seirbheáilte ag iarratasóir, déanfaidh an freagróir Mionnscríbhinn Leasa ar leithligh, san Fhoirm sin Uimh. 6 atá anseo istigh, a mhionnú, a chomhdú agus a sheirbheáil laistigh de 21 lá ón dáta a seirbheáladh Mionnscríbhinn Leasa an iarratasóra.


Iarratas ex parte chun faoiseamh a lorg faoi alt 23 d’Acht 1995

8. (i) Féadfaidh iarratasóir ar fhaoiseamh faoi alt 23 d’Acht 1995 toghairm speisialta a eisiúint, ach gan í a sheirbheáil, agus a luaithe is féidir tar éis an toghairm sin a eisiúint déanfaidh sé iarratas ex parte chuig an gCúirt ar chead chun an t-iarratas ar an bhfaoiseamh a éilítear sa toghairm a dhéanamh.

(ii) Déanfaidh an t-iarratasóir na ceanglais a shonraítear in alt 27 d’Acht 1995 a fhíorú trí mhionnscríbhinn agus leagfaidh sé amach na forais shubstaintiúla ar a bhfuiltear ag brath chun faoiseamh a lorg.

(iii) Féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin, más cuí, an t-iarratas sin a dheonú nó a dhiúltú nó féadfaidh sí, in imthosca a dhealraíonn di a bheith cuí, an t-iarratas a chur ar atráth chun gur féidir leis an iarratasóir tuilleadh fianaise a chur faoi bhráid na Cúirte maidir le haon ní iomchuí.

(iv) Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chuici, go ndeonóidh an Chúirt cead chun an t-iarratas ar an bhfaoiseamh a éilítear sa toghairm a dhéanamh, féadfaidh an t-iarratasóir, air sin, dul ar aghaidh leis an toghairm a sheirbheáil ar an modh dá bhforáiltear leis na rialacha seo agus rachfar ar aghaidh leis an ní, air sin, de réir fhorálacha an Ordaithe seo.
Faoiseamh Eatramhach agus Faoiseamh Idirbhreitheach

9. (i) Maidir le hiarratas:

(a) ar réamhordú de bhun alt 6 d’Acht 1995; nó
(b) ar réamhordú de bhun alt 11 d’Acht 1996; nó

(c) ar chothabháil go dtí go ndéanfar agra de bhun alt 7 d’Acht 1995; nó

(d) ar chothabháil go dtí go dtabharfar faoiseamh de bhun alt 24 d’Acht 1995; nó

(e) ar chothabháil go dtí go ndéanfar agra de bhun alt 12 d’Acht 1996; nó

(f) ar ríomhaireachtaí de bhun alt 12(25) d’Acht 1995; nó

(g) ar ríomhaireachtaí de bhun alt 17(25) d’Acht 1996; nó

(h) ar fhaoiseamh de bhun alt 35 d’Acht 1995; nó (i) ar fhaoiseamh de bhun alt 37 d’Acht 1996; nó (j) ar fhaoiseamh de bhun alt 38(8) d’Acht 1995; nó

(k) ar fhaoiseamh de bhun alt 38(7) d’Acht 1996; nó

(l) ar thuarascáil de bhun alt 47 d’Acht 1995; nó

(m) ar thuarascáil de bhun alt 42 d’Acht 1996; nó

ar aon fhaoiseamh idirbhreitheach eile, is trí fhógra foriarratais chuig an gCúirt a dhéanfar é. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an bpáirtí eile nó ar na páirtithe eile san imeacht 14 lá iomlána roimh an dáta fillte agus, más cuí, beidh mar fhoras leis mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní na bpáirtithe lena mbaineann.

(ii) Féadfar iarratas a dhéanamh ex parte chuig an gCúirt in aon chás ina bhfuil faoiseamh eatramhach de chineál práinneach agus láithreach ag teastáil ón iarratasóir agus féadfaidh an Chúirt in aon chás, más deimhin léi gur cuí, cibé faoiseamh a dheonú nó cibé ordú a dhéanamh is dealraitheach di a bheith cuí sna himthosca.

(iii) Is ar mhionnscríbhinn a éistfear aon iarratas eatramhach nó idirbhreitheach mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. I gcás go n-éistfidh an Chúirt aon fhianaise bhéil i gcúrsa aon iarratais ex parte den sórt sin, ullmhóidh an t-iarratasóir nó aturnae an iarratasóra nóta i dtaobh na fianaise sin agus ceadóidh an Chúirt é, agus déanfar é a sheirbheáil láithreach ar an bhfreagróir, mar aon le cóip den ordú a bheidh déanta, más ann, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

Fógra d’Iontaobhaithe

10. Aon iarratasóir a lorgóidh ordú faoi Chuid II d’Acht 1995 nó faoi Chuid III d’Acht 1996, ar ordú é a dhéanfaidh difear do phinsean ar aon slí, tabharfaidh sé nó sí d’iontaobhaithe an chéanna fógra i bhFoirm Uimh. 7, mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo, lena gcuirfear an t-iarratas in iúl dóibh agus lena gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil an ceart acu uiríll a dhéanamh chuig an gCúirt i ndáil leis an iarratas sin.
 

Foriarratas ar Ordachán

11. (i) Féadfaidh iarratasóir nó freagróir, ag aon chéim, foriarratas ar ordacháin a dhéanamh chuig an gCúirt:

(a) I gcás gurb ann d’aon leanaí cleithiúnacha atá sui juris agus a ndéanfaidh nó ar dóigh go ndéanfaidh cinneadh an imeachta nó aon saincheiste sna himeachtaí difear dá leas nó dá seasamh;
(b) I gcás go lorgaítear ordú maidir le díol aon mhaoine ar ina leith atá leas ag, nó a fhéadfaidh leas a bheith ag, aon pháirtí eile;

(c) I gcás go lorgaítear ordú d’aon chineál a dhéanfaidh difear do rialacha scéime pinsin nó a cheanglóidh nach gcomhlíonfar an scéim sin; nó

(d) I gcás go ndéantar iarratas lena lorgaítear soláthar as eastát céile éagtha,

nó in aon chás eile inar cuí é. Beidh mar fhoras leis an bhfógra foriarratais sin mionnscríbhinn an iarratasóra agus sainaithneofar inti, go háirithe, an páirtí nó na páirtithe a ndéanfaidh, nó ar dóigh go ndéanfaidh, cinneadh an imeachta nó cinneadh aon saincheiste san imeacht difear dá leasanna agus ar páirtí nó páirtithe é nó iad ar chóir fógra a thabhairt dó nó dóibh faoin imeacht sin agus deis a thabhairt dó nó dóibh éisteacht a fháil.


(ii) Féadfaidh an Chúirt, ar fhoriarratas den sórt sin nó uaithi féin, cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordachán a thabhairt de bhun alt 40 d'Acht 1995 nó alt 40 d'Acht 1996 a dhealraíonn di a bheith cuí agus féadfaidh sí, i gcás go lorgaítear aon ordú a dhéanann difear do rialacha scéime pinsin, a ordú go dtabharfar fógra breise d’iontaobhaithe scéime pinsin den sórt sin de réir Fhoirm Uimh. 7 atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo nó i cibé leagan athraithe den Fhoirm sin a ordóidh an Chúirt, de réir mar is cuí.

(iii) Maidir le fógra-pháirtí ar mian leis uiríll a dhéanamh chuig an gCúirt, ach amháin i gcás go n- ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfaidh sé nó sí na huiríll sin trí mhionnscríbhinn a chomhdófar agus a sheirbheálfar ar na páirtithe go léir san imeacht laistigh de 28 lá tar éis an fógra faoi iarratas ar fhaoiseamh a sheirbheáil orthu nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a ordóidh an Chúirt.

12. Ag aon chéim féadfaidh an Chúirt a ordú go malartóidh na páirtithe in aon imeacht, ar cibé téarmaí is dealraitheach a bheith cuí, pléadálacha i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na saincheisteanna a éireoidh san imeacht idir na páirtithe, nó a éireoidh idir na páirtithe nó aon cheann díobh agus aon tríú páirtí, agus féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt i ndáil leis an ní is dealraitheach a bheith riachtanach.


Éisteacht

13. (i) Ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is trí mhionnscríbhinní na bpáirtithe a éistfear aon iarratas eatramhach nó idirbhreitheach arna dhéanamh faoi na hAchtanna, faoi réir cheart na bpáirtithe féachaint leis an bpáirtí freasúrach a chroscheistiú maidir lena mhionnscríbhinn. Féadfaidh aon pháirtí fógra le haghaidh croscheistiú a sheirbheáil i ndáil le teisteoir aon mhionnscríbhinne a seirbheáladh air.

(ii) Ach amháin i gcás go n-ordóidh an chúirt a mhalairt, is trí fhianaise bhéil ó na páirtithe a éistfear aon iarratas faoi na hAchtanna.

(iii) I gcás go lorgóidh an t-iarratasóir nó an freagróir faoiseamh de bhun alt 12 d’Acht 1995 nó alt 17 d’Acht 1996, déanfar fianaise ar luach achtúireach an tsochair faoin scéim a thabhairt trí mhionnscríbhinn arna comhdú thar ceann an iarratasóra nó an fhreagróra, de réir mar a bheidh. Maidir le mionnscríbhinn den sórt sin thar ceann iarratasóra, déanfar í a mhionnú agus a sheirbheáil ar na páirtithe go léir san imeacht agus comhdófar í 28 lá ar a laghad roimh an éisteacht agus beidh sí faoi réir an chirt chun fógra faoi chroscheistiú a sheirbheáil i ndáil leis an mionnscríbhinn. Nuair a bheidh ceann de na páirtithe tar éis fianaise ar luach achtúireach an tsochair a thabhairt ar aird trí mhionnscríbhinn den sórt a sholáthraítear anseo istigh, is fianaise a mbeartaíonn an páirtí eile a chur faoi dhíospóid, déanfaidh sé amhlaidh le mionnscríbhinn a chomhdófar 14 lá ar a laghad roimh an éisteacht, faoi réir an chirt chun fógra faoi chroscheistiú a sheirbheáil i ndáil leis an gcéanna.

14. I gcás go lorgaítear aon fhaoiseamh nár éilíodh go sonrach, féadfaidh an Chúirt na himeachtaí a chur ar atráth chun cibé leasuithe a dhéanamh ar an Toghairm Dlí Teaghlaigh is gá agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

15. (i) I gcás go bhfuil aon chaingean nó imeacht ar feitheamh san Ard-Chúirt is caingean nó imeacht a d’fhéadfaí a thosú sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche, féadfaidh aon pháirtí sa chaingean nó san imeacht sin iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar an gcaingean a tharchur nó a aistriú chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an gCúirt Dúiche (de réir mar a bheidh) agus más rud é go measfaidh an Ard-Chúirt, le linn a lánrogha a fheidhmiú, go bhfuil ordú den sórt sin ar mhaithe leis an gceartas, déanfaidh sí an chaingean nó an t-imeacht sin a tharchur nó a aistriú chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an gCúirt Dúiche (de réir mar a bheidh) lena tabhairt ar aghaidh nó lena thabhairt ar aghaidh os comhair an Bhreithimh a bheidh sannta don Chuaird sin nó (de réir mar is gá sa chás) os comhair an Bhreithimh a bheidh sannta do cibé Dúiche a dhealraíonn don Chúirt a bheith oiriúnach agus caoithiúil, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le costais nó eile a dhealraíonn a bheith cóir.

(ii) Maidir le hiarratas faoin riail seo chun caingean nó imeacht a tharchur nó a aistriú, féadfar é a dhéanamh aon tráth tar éis láithreas a thaifeadadh.

16. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 49, rialacha 1, 2,3 agus 6 maidir le haon imeacht a thosaítear faoi riail 2 thuas.

17. Féadfaidh aon fhreagróir in imeachtaí dlí teaghlaigh frithéileamh a dhéanamh ar mhodh mionnscríbhinne freagartha agus leagfar amach go soiléir i mionnscríbhinn den sórt sin an faoiseamh atá á éileamh agus na forais ar a bhfuil sé á éileamh ionann is dá mba iarratasóir é agus dá mba go raibh sé faoi réir fhorálacha an ordaithe seo.

18. In aon imeacht a aistríodh chuig an Ard-Chúirt de bhun alt 31(3) d’Acht 1989, comhdóidh an t- iarratasóir agus an freagróir araon, sa Phríomh-Oifig amhail is dá mba rud é gur tosaíodh an t-imeacht san Ard-Chúirt, agus laistigh de cheithre lá dhéag ón tráth a dhéanfar an t-ordú nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an Máistir, mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní forlíontacha a dhealróidh a bheith riachtanach chun ceanglais an ordaithe seo a chomhlíonadh, mar aon le cóip dheimhnithe den ordú lena n-aistrítear an céanna agus, air sin, déanfar an t- imeacht a liostú lena éisteacht.

19. Maidir le hiarratas a dhéanfaidh ceachtar céile nó a dhéanfar thar ceann duine chleithiúnaigh de bhun alt 18 d’Acht 1995 nó alt 22 d’Acht 1996, déanfar é chuig an gCúirt trí fhoriarratas san imeacht iar bhfógra don pháirtí lena mbaineann agus beidh mar thaca leis mionnscríbhinn lena bhfíoraítear an céanna agus leagfar amach go hiomlán ann conas agus cathain a tháinig athrú ar imthosca agus an tslí ar ar tháinig athrú orthu nó cén fhianaise nua atá ann ar dá barr is ceart don Chúirt ordú lena mbaineann an t-alt a athrú nó a urscaoileadh nó a mhodhnú thairis sin ar shlí ar bith.

20. Féadfar iarratas de bhun alt 35 d’Acht 1995 nó de bhun alt 37 d’Acht 1996 a dhéanamh chuig an gCúirt, aon tráth, trí fhoriarratas iar bhfógra san imeacht don pháirtí lena mbaineann agus beidh mar thaca leis mionnscríbhinn lena bhfíoraítear na fíorais a líomhnaítear i ndáil leis an diúscairt a bhfuiltear ag gearán mar gheall uirthi agus sonrófar ann an faoiseamh atá á éileamh agus an tslí a ndeirtear go bhfuil an diúscairt beartaithe chun an faoiseamh atá á éileamh a shárú nó chun difear a dhéanamh dó ar aon slí agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ar an bhforiarratas sin a mheastar is cuí sna himthosca agus féadfaidh sí, más gá, an foriarratas a chur ar atráth chun fógra faoin iarratas a thabhairt d’aon pháirtí a ndéanann an diúscairt a bhfuiltear ag gearán mar gheall uirthi nó diúscairt na maoine lena mbaineann difear dó.

21. Sula ndéanfar iarratas de bhun alt 8 d’Acht 1989 ar chealú a dhéanamh ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a deonaíodh, tabharfar fógra ataifeadta, a bheidh tugtha aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an iarratais agus a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn arna mionnú ag gach céile a bhfuil an cealú sin á lorg aige nó aici ina sonrófar cineál agus méid an chomhréitigh, lena n-áirítear cibé acu atá siad atosaithe ar chomhchónaí mar fhearchéile agus banchéile agus sonrófar inti freisin cibé orduithe riachtanacha coimhdeacha (más ann) a theastaíonn uathu go ndéanfaidh an Chúirt iad nó go mbreithneoidh an Chúirt ar iad a dhéanamh sna himthosca.


Faoiseamh Coimhdeach Iardain

22. Tar éis foraithne idirscartha bhreithiúnaigh nó foraithne colscartha a dheonú, aon pháirtí a lorgóidh aon fhaoiseamh coimhdeach nó aon fhaoiseamh coimhdeach eile faoi Chuid II d’Acht 1995 nó faoi Chuid III d’Acht 1996, is trí fhógra foriarratais san imeacht a dhéanfaidh sé amhlaidh. Seirbheálfar an fógra sin ar aon pháirtí lena mbaineann agus beidh an mhionnscríbhinn ón bpáirtí tionscnaimh mar fhoras leis.

Orduithe a Sheirbheáil

23. I ngach cás ina gceanglaítear ar Chláraitheoir na Cúirte cóip d’ordú a thaisceadh nó a sheirbheáil ar aon duine nó daoine nó ar aon chomhlacht féadfar an tseirbheáil nó an taisceadh sin a dhéanamh trí chóip dheimhnithe den ordú sin a sheirbheáil leis an bpost cláraithe chuig an duine nó na daoine sin nó chuig an gcomhlacht sin.
Uchtáil

24. (i) In aon imeacht de bhun alt 3 den Acht Uchtála, 1974, agus ar thoghairm a sheirbheáil ar an mBord Uchtála, déanfaidh an Bord na bearta seo a leanas:

(a) Cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar na nithe seo a leanas a chur in iúl don duine a mbeidh aontaithe aige nó aici an leanbh is ábhar don iarratas ar uchtáil a chur le huchtáil:

(i) gur tionscnaíodh an t-imeacht faoi alt 3 den Acht Uchtála, 1974, gan ainm ná céannacht na n-iarratasóirí a nochtadh don duine sin;
(ii) go bhfuil an duine sin i dteideal éisteacht a fháil agus ionadaíocht a bheith aige nó aici ar an toghairm a éisteacht.


(b) Gheobhaidh sé amach ón duine sin an fhaisnéis seo a leanas:

(i) cibé acu an mian leis an duine sin éisteacht a fháil agus ionadaíocht a bheith aige nó aici ag éisteacht toghairme den sórt sin;
(ii) cibé acu atá comhairle ar fáil don duine sin agus atá sé nó sí in ann, as a acmhainní nó a hacmhainní féin, aturnae, nó aturnae agus abhcóide, a bheith aige nó aici chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di ag éisteacht na toghairme sin;

(iii) an seoladh ag a bhféadfar fógra a thabhairt don duine sin faoin imeacht agus, go háirithe, faoi dháta aon éisteachta ag a dtabharfar éisteacht don duine sin agus ag a ndéanfar ionadaíocht dó nó di.

(ii) Ar na bearta dá bhforáiltear i bhfo-riail (1) a chríochnú, déanfaidh an Bord iarratas chuig an gCúirt ar ordacháin trí Fhoriarratas iar bhFógra do na hiarratasóirí. Ar an gcéad ásc, is trí mhionnscríbhinn a dhéanfar iarratas den sórt sin agus i gcás gurbh fhéidir cumarsáid a dhéanamh leis an duine atá i gceist áireofar ar na mionnscríbhinní sin mionnscríbhinn ón seirbhíseach nó ón oifigeach don Bhord a labhair iarbhír leis an duine sin agus a raibh cumarsáid iarbhír aige nó aici leis an duine sin. Ní dhéanfar an duine sin a shainaithint i gcorp na mionnscríbhinne ach déanfar ainm an duine sin, seoladh láithreach an duine sin agus seoladh an duine sin sa todhchaí a leagan amach i gclúdach séalaithe a fhoilseánfar i mionnscríbhinn den sórt sin. Ní osclóidh aon duine ach an Breitheamh an foilseán sin agus, mura n-ordófar é le hordachán speisialta ón gCúirt, ní dhéanfar ainm, seoladh agus céannacht an duine sin a nochtadh d’aon cheann de na páirtithe eile san agra.

(iii) Ar fhoriarratas den sórt sin ar ordacháin a éisteacht, féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi maidir leis an gcaingean a éisteacht agus, go háirithe, féadfaidh sí:

(a) socrú a dhéanamh, más gá, maidir le hionadaíocht don duine sin;
(b) dáta a shocrú chun an fhianaise agus na haighneachtaí thar ceann na n-iarratasóirí a éisteacht i gcúirt iata in éagmais duine den sórt sin ach i láthair an aturnae, nó an aturnae agus an abhcóide, a dhéanfaidh ionadaíocht don duine sin;

(c) dáta ar leithligh a shocrú chun an fhianaise agus na haighneachtaí ón duine sin agus thar ceann an duine sin a éisteacht i gcúirt iata in éagmais na n-iarratasóirí ach i láthair an aturnae, nó an aturnae agus an abhcóide do na hiarratasóirí.

(iv) Más deimhin leis an gCúirt, de réir na mionnscríbhinní a bheidh ag tacú le foriarratas den sórt sin nó de réir cibé fianaise eile, ó bhéal nó eile, a thabharfar ar aird thar ceann an Bhoird, nach féidir a fháil amach cá bhfuil an duine a chuir an leanbh lena uchtáil agus nach féidir cumarsáid a dhéanamh leis an duine sin, féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh chun an t- iarratas a éisteacht agus a chinneadh gan fógra breise a thabhairt don duine sin.

25. (i) In iarratas arna dhéanamh de bhun alt 3(1)(a) den Acht Uchtála, 1988, déanfaidh an Bord Sláinte cóip den toghairm a sheirbheáil ar na hiarratasóirí agus fíoróidh sé, le mionnscríbhinn, na cúiseanna go measann sé gur cuí an t-iarratas a dhéanamh.

(ii) In aon imeacht arna thionscnamh de bhun alt 3(1)(b) den Acht Uchtála, 1988, déanfaidh na hiarratasóirí cóip den toghairm a sheirbheáil ar an mBord Sláinte iomchuí agus, air sin, fíoróidh an Bord Sláinte, le mionnscríbhinn, na cúiseanna atá aige (de réir mar a bheidh):

(a) le diúltú iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt, nó
(b) le mainneachtain iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt agus le mainneachtain an fógra a cheanglaítear le halt 3(1)(b)(i) den Acht a sheirbheáil.

Déanfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nó Leas- Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin de chuid an Bhoird mionnscríbhinn den sórt sin a mhionnú.
(iii) In iarratas arna dhéanamh faoi fho-riail (1) nó (2) thuas, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha de riail 24 a bhaineann leis na bearta atá le déanamh ag an mBord Uchtála maidir le Bord Sláinte i ndáil leis na tuismitheoirí a líomhnaítear maidir leo gur mhainnigh siad a ndualgas a dhéanamh i leith an linbh nó na leanaí lena mbaineann.

26. (i) In iarratas chuig an gCúirt de bhun alt 6A nó alt 11(4) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 (arna gcur isteach le hailt 12 agus 13 den Acht um Stádas Leanaí, 1987, faoi seach), i gcás go bhfuil naíon faoi chúram tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1988, déanfar de réir an nóis imeachta seo a leanas:

(i) Ar thoghairm a sheirbheáil ar an mBord Uchtála, déanfaidh an Bord na bearta seo a leanas:

(a) Cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar na nithe seo a leanas a chur in iúl do na tuismitheoirí uchtaíocha ionchasacha:

(i) gur tionscnaíodh an t-imeacht faoi alt 6A nó faoi alt 11(4) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, gan ainm ná céannacht an iarratasóra nó na máthar nádúrtha a nochtadh do thuismitheoirí den sórt sin;
(ii) go bhfuil na tuismitheoirí sin i dteideal éisteacht a fháil agus ionadaíocht a bheith acu ar an toghairm a éisteacht.

(b) Gheobhaidh sé amach an fhaisnéis seo a leanas ó na tuismitheoirí sin:

(i) cibé acu an mian leo éisteacht a fháil agus ionadaíocht a bheith acu ag éisteacht na toghairme sin;
(ii) cibé acu atá comhairle ar fáil dóibh agus atá siad in ann, as a n-acmhainní féin, aturnae, nó aturnae agus abhcóide, a bheith acu chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh ag éisteacht na toghairme sin;

(iii) an seoladh ag a bhféadfar fógra a thabhairt dóibh faoin imeacht agus, go háirithe, faoi dháta aon éisteachta ag a dtabharfar éisteacht dóibh agus ag a ndéanfar ionadaíocht dóibh.

(ii) Ar na bearta dá bhforáiltear i bhfo-riail (1) a chríochnú, déanfaidh an Bord, trí Fhoriarratas iar bhFógra don athair, iarratas chuig an gCúirt ar ordacháin. Ar an gcéad ásc, is trí mhionnscríbhinn a dhéanfar iarratas den sórt sin agus áireofar ar na mionnscríbhinní sin mionnscríbhinn ón duine a labhair iarbhír leis na tuismitheoirí sin agus a raibh cumarsáid iarbhír aige nó aici leo. Ní dhéanfar na tuismitheoirí sin a shainaithint i gcorp na mionnscríbhinne ach déanfar ainm na dtuismitheoirí sin, seoladh láithreach na dtuismitheoirí sin agus seoladh na dtuismitheoirí sin sa todhchaí a leagan amach i gclúdach séalaithe a fhoilseánfar i mionnscríbhinn den sórt sin. Ní osclóidh aon duine ach an Breitheamh an foilseán sin agus, mura n-ordófar é le hordachán speisialta ón gCúirt, ní dhéanfar ainm, seoladh agus céannacht an duine sin a nochtadh d’aon cheann de na páirtithe eile san agra.

(iii) Ar fhoriarratas den sórt sin ar ordacháin a éisteacht, féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi maidir leis an gcaingean a thriail agus, go háirithe, féadfaidh sí:

(a) socrú a dhéanamh, más gá, maidir le hionadaíocht do thuismitheoirí den sórt sin agus d’athair agus máthair an linbh;
(b) dáta a shocrú chun an fhianaise agus na haighneachtaí thar ceann an iarratasóra agus na máthar nádúrtha a éisteacht i gcúirt iata in éagmais tuismitheoirí den sórt sin, ach i láthair an aturnae nó an aturnae agus an abhcóide a dhéanfaidh ionadaíocht do na tuismitheoirí sin;

(c) dáta ar leithligh a shocrú chun an fhianaise agus na haighneachtaí ó na tuismitheoirí sin agus thar ceann na dtuismitheoirí sin a éisteacht i gcúirt iata in éagmais an iarratasóra agus na máthar nádúrtha, ach i láthair aturnae nó aturnae agus abhcóide an iarratasóra agus na máthar nádúrtha.

27. Maidir le hiarratas chuig an gCúirt de bhun alt 6A(3) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 (arna chur isteach le halt 12 den Acht um Stádas Leanaí, 1987), is trí Fhoriarratas iar bhFógra don mháthair, agus ní trí thoghairm, a dhéanfar é agus is teideal den tsamhail chéanna atá i riail 2 an teideal a bheidh air agus beidh mar fhoras leis mionnscríbhinn ón athair ina lorgaítear go ndéanfar é a cheapadh ina chaomhnóir. Sa mhionnscríbhinn sin, soláthrófar cruthúnas ar atharthacht an naín sin agus foilseánfar inti an toiliú i scríbhinn ón máthair leis an athair a cheapadh ina chaomhnóir (ar toiliú é atá tar éis a bheith fianaithe ag lia-chleachtóir cláraithe nó ag aturnae) agus cóip dhílis de Dheimhniú Breithe an Naín ar ina leith is mian leis an athair go ndéanfar é a cheapadh ina chaomhnóir. Féadfaidh an Chúirt cibé cruthúnas is cuí léi ar atharthacht naín a éileamh.
28. Ní bheidh feidhm ag foráil Ordú 119, rialacha 2 agus 3, maidir le haon chúis, caingean nó imeacht faoi Ordú 70 ná faoi Ordú 70A.