Ordú 42E

Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas : I.R. Uimh. 156 de 2017

I. Réamhráiteach agus ginearálta

1. San Ordú seo:-

ciallaíonn “Rialacháin 2016” Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas), 2016 (I.R. Uimh. 645 de 2016).

ciallaíonn “Rialachán OECC” Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 189/59 an 27 Meitheamh 2014);

ciallaíonn “údarás inniúil” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais;

tá le “creidiúnaí” agus le “féichiúnaí” an bhrí chéanna atá leo i Rialachán OECC;

ciallaíonn “Rialachán Curtha Chun Feidhme” Rialachán Curtha Chun Feidhme (AE) 2016/1823 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear na foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L283/1 an 19 Deireadh Fómhair 2016);

ciallaíonn “údarás faisnéise” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais; tá le “breithiúnas” an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin 2016;

ciallaíonn “Ballstát” ballstát den Aontas Eorpach ach ní fholaíonn sé an Danmhairg ná an Ríocht Aontaithe;

ciallaíonn “Ballstát an fhorfheidhmithe” an Ballstát ina bhfuil an cuntas bainc atá le caomhnú á choimeád, agus

tá le “Ordú um Chaomhnú” an bhrí chéanna atá leis i Rialachán OECC;

2. (i) Féadfar gach fógra a thugann an cláraitheoir don chreidiúnaí de réir mar a cheanglaítear faoin Ordú seo nó de réir Rialachán 5 de Rialacháin 2016 a thabhairt leis an teileafón (má dhaingnítear ina dhiaidh sin é i scríbhinn le ríomhphost, le facs nó le litir a sheoltar leis an ngnáthphost réamhíoctha) nó le ríomhphost nó le cibé modh eile a mheasfaidh an Cláraitheoir a bheith leordhóthanach.

(ii) Féadfar gach fógra nó iarraidh a thugann an cláraitheoir don údarás faisnéise de réir mar a cheanglaítear faoin Ordú seo nó de réir Rialacháin 2016 a thabhairt le ríomhphost nó le cibé modh eile a aontóidh an cláraitheoir leis an údarás faisnéise.

(iii) Maidir le fógra a gceanglaítear ar chláraitheoir na Cúirte, faoi Rialachán 10(2) de Rialacháin 2016, é a thabhairt don Údarás Clárúcháin Maoine, tabharfar é trí chláraitheoir na Cúirte do tharchur cóip dheimhnithe den ordú iomchuí ón gCúirt chuig Cláraitheoir na dTeideal.

(iv) Maidir le fógra a gceanglaítear ar chláraitheoir na Cúirte, faoi Rialachán 10(4) de Rialacháin 2016, é a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí, tabharfar é trí chláraitheoir na Cúirte do tharchur cóip dheimhnithe den ordú iomchuí ón gCúirt chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí.

(v) Déanfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10.2 nó, de réir mar a bheidh, in Airteagal 36.5 de Rialachán OECC a tharchur chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe san fhoirm chuí atá leagtha amach in Iarscríbhinn III nó, de réir mar a bheidh, in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme trí oifigeach cuí na Cúirte do tharchur cóip dheimhnithe den chinneadh iomchuí chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe le ríomhphost, le facs nó le cibé modh eile a aontóidh an t-oifigeach cuí le húdarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe.


II. Iarratas chun na Cúirte ar Ordú um Chaomhnú


3. (i) Is mar a leanas a dhéanfaidh creidiúnaí iarratas chun na Cúirte ar Ordú um Chaomhnú:

(a) i gcás iarratas lena mbaineann Airteagal 5(a) de Rialachán OECC, tríd an iarratas comhlánaithe san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme a thaisceadh sa Phríomh-Oifig agus déileálfar leis mar fhoriarratas ex parte sa chaingean atá beartaithe;

(b) i gcás iarratas lena mbaineann Airteagal 5(b) de Rialachán OECC, tríd an iarratas comhlánaithe san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme a thaisceadh sa Phríomh-Oifig agus déileálfar leis mar fhoriarratas ex parte sa chaingean ar foriarratas é a fhéadfar a thaisceadh an tráth a dtugann an Chúirt an breithiúnas nó dá éis sin;

(c) i gcás iarratas lena mbaineann Airteagal 6.2 de Rialachán OECC, tríd an iarratas comhlánaithe san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme a thaisceadh sa Phríomh-Oifig agus déileálfar leis mar fhoriarratas tionscnaimh ex parte.

(ii) Déanfar gach iarratas a dhéantar de réir fho-riail (1) a fhorasú ar fhíorú ag an iarratasóir i leith na foirme iarratais comhlánaithe san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme agus ar aon fhianaise a thíolactar in éineacht leis an iarratas sin.

(iii) Déanfaidh an creidiúnaí dréacht den Ordú um Chaomhnú, san fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Rialachán Curtha Chun Feidhme, a thaisceadh in éineacht leis an iarratas, agus Cuid A di comhlánaithe de réir na dtéarmaí a lorgaítear.

(iv) Maidir leis an gcreidiúnaí, más rud é:

(a) go bhfuil ordú náisiúnta coibhéiseach faighte aige i gcoinne an fhéichiúnaí chéanna chun an t-éileamh céanna a áirithiú le linn na n-imeachtaí chun Ordú um Chaomhnú a eisiúint, comhdóidh sé mionnscríbhinn gan mhoill ina leagtar amach téarmaí an ordaithe náisiúnta choibhéisigh atá faighte i gcoinne an fhéichiúnaí agus ina ndéantar cóip den ordú sin agus aistriúchán deimhnithe air go Gaeilge nó go Béarla a fhoilseánadh agus ina soláthraítear mionsonraí faoi aon fhorghníomhú ina dhiaidh sin i leith an ordaithe náisiúnta a deonaíodh;

(b) i gcás ina mbeidh aon iarratas déanta aige ar ordú náisiúnta coibhéiseach ar diúltaíodh dó mar iarratas neamh-inghlactha nó mar iarratas nach raibh foras leis, comhdóidh sé mionnscríbhinn gan mhoill ina soláthraítear sonraí faoin gcéanna.

4. (i) Tar éis an t-iarratas a bhreithniú agus de réir na dteorainneacha ama atá leagtha amach in Airteagal 18 de Rialachán OECC:

(a) i gcás lena mbaineann Airteagal 12.1 de Rialachán OECC, mura rud é, de réir Airteagal 12.1 de Rialachán OECC, go measann an Chúirt nach cuí urrús a sholáthar in himthosca an cháis agus go ligeann sí ceanglas den sórt sin thar ceal, nó i gcás lena mbaineann Airteagal 12.2 de Rialachán OECC, má mheasann sí gur gá agus gur cuí é in imthosca an cháis, socróidh an Chúirt méid an urrúis agus cineál nó cineálacha an urrúis atá inghlactha;

(b) i gcás ina measann an Chúirt, de réir Airteagal 9.1 de Rialachán OECC, nach leor an fhianaise a sholáthraítear, féadfaidh an Chúirt a ordú go seachadfar tuilleadh fianaise doiciméadaí arna fíorú le mionnscríbhinn nó, faoi réir Airteagal 9.2 de Rialachán OECC, le fianaise béil nó leis an gcineál fianaise a éilíonn an Chúirt chun an t-iarratas a chinneadh, agus féadfaidh sí a ordú d’oifigeach cuí na Cúirte fógra dá réir sin a thabhairt don chreidiúnaí;

(c) i gcás ina measann an Chúirt, de réir Airteagal 17.3 de Rialachán OECC, go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, féadfaidh an Chúirt an tréimhse ama ar laistigh di, agus an modh ar dá réir, a fhéad- faidh an creidiúnaí an t-iarratas a chomhlánú nó a cheartú agus féadfaidh sí a ordú d’oifigeach cuí na Cúirte fógra dá réir sin a thabhairt don chreidiúnaí;

(d) i gcás lena mbaineann Airteagal 14.3 de Rialachán OECC, féadfaidh an Chúirt a ordú d’oifigeach cuí na Cúirte iarraidh ar fhaisnéis a tharchur chuig an údarás faisnéise;

(e) i ngach cás, féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt, agus cibé orduithe a dhéanamh, maidir le seoladh na n-imeachtaí ar an iarratas de réir mar is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh i gcomhréir le ceanglais Rialachán OECC agus ar mhodh atá cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú, agus

(f) cinnfidh an Chúirt an t-iarratas agus ordóidh sí dá réir sin.

(ii) Déanfaidh oifigeach cuí na Cúirte fógra a thabhairt don chreidiúnaí faoi gach ordachán maidir le méid agus cineál an urrúis is gá i leith Ordaithe um Chaomhnú.

(iii) Déanfaidh an t-oifigeach cuí fógra a thabhairt don chreidiúnaí faoi chinneadh na Cúirte maidir le hiarratas ar Ordú um Chaomhnú agus, más cuí, faoin dáta faoina bhféadfar aon achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

(iv) I gcás ina gceanglaítear urrús a thabhairt, déanfaidh an creidiúnaí cruthúnas ar dhul faoi urrús a thaisceadh leis an oifigeach cuí.

(v) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Ordú um Chaomhnú, déanfar an t-ordú a eisiúint chuig an gcreidiúnaí san fhoirm in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme tar éis cruthúnas ar dhul faoi aon urrús a éilítear a thaisceadh.

(vi) Is é an creidiúnaí an duine ar a mbeidh freagracht, de réir Airteagal 23.3 de Rialachán OECC, i ndáil le tarchur Chuid A den Ordú um Chaomhnú chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe.

(vii) Is é an creidiúnaí an duine ar a mbeidh freagracht, de réir Airteagal 28.3 de Rialachán OECC, i ndáil le tarchur na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 28.1 de Rialachán OECC chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an bhféichiúnaí.


III. Imeachtaí a eisiúint maidir le substaint an éilimh


5. (i) I gcás iarratas lena mbaineann Airteagal 5(a) de Rialachán OECC, déanfaidh an creidiúnaí cóip den toghairm thionscnaimh sna himeachtaí maidir le substaint an ábhair, arna heisiúint ón bPríomh-Oifig, a sheachadadh ar an oifigeach cuí laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le hAirteagal 10.1 de Rialachán OECC.

(ii) I gcás iarratas lena mbaineann Airteagal 6.2 de Rialachán OECC, déanfaidh an creidiúnaí cóip den doiciméad tionscnaimh eisithe, mar aon le haistriúchán deimhnithe air, más gá, go Gaeilge nó go Béarla, nó cibé fianaise eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith leordhóthanach maidir le tionscnamh imeachtaí maidir le substaint an ábhair os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici, a sheachadadh ar an oifigeach cuí laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le hAirteagal 10.1 de Rialachán OECC.

(iii) Is trí fhoriarratas iar bhfógra sa chaingean bheartaithe a dhéanfar iarratas ar fhadú na tréimhse ama de réir Airteagal 10.1 de Rialachán OECC agus ní gá mionnscríbhinn a bheith ann mar fhoras leis an bhforiarratas sin.

6. I gcás nach ndéantar fianaise ar thionscnamh imeachtaí maidir le substaint an ábhair a sheachadadh ar an oifigeach cuí laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le hAirteagal 10.1 de Rialachán OECC, agus nach bhfuil aon fhadú ar an tréimhse ama ceadaithe, déanfar an t-iarratas a liostú os comhair na Cúirte agus, más rud é nach bhfuil cruthúnas ar thionscnamh imeachtaí faighte ag an gCúirt laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 10.1 de Rialachán OECC, cúlghairfidh an Chúirt an tOrdú um Chaomhnú agus eiseoidh sí ordú cúlghairme san fhoirm in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme.


IV. Imeachtaí iardain


7. (i) Faoi réir Rialachán OECC agus Rialacháin 2016, is mar a leanas a dhéanfaidh creidiúnaí nó féichiúnaí aon cheann de na hiarratais seo a leanas chun na Cúirte:

(a) i gcás nach bhfuil aon imeachtaí ar marthain os comhair na Cúirte maidir le substaint an ábhair ná maidir leis an Ordú um Chaomhnú, trí fhógra foriarratais tionscnaimh agus is é a bheidh mar theideal air ná maidir le Rialachán OECC amhail idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí, nó

(b) i gcás ina bhfuil imeachtaí ar marthain os comhair na Cúirte maidir le substaint an ábhair nó maidir leis an Ordú um Chaomhnú, trí fhógra foriarratais sna himeachtaí:

(i) aon iarratas ó fhéichiúnaí de bhun Rialachán 8 de Rialacháin 2016 agus Airteagal 33 de Rialachán OECC;

(ii) aon iarratas ó fhéichiúnaí de bhun Rialachán 9 de Rialacháin 2016 agus Airteagal 34 de Rialachán OECC;

(iii) aon iarratas ó fhéichiúnaí nó ó chreidiúnaí de bhun Rialachán 9 de Rialacháin 2016 agus Airteagal 35 de Rialachán OECC.

(ii) Maidir le gach iarratas a dhéantar de réir fho-riail (1)—

(a) beidh sésan fhoirm atáleagtha amach in Iarscrý´bhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Curtha Chun Feidhme agus

(b) beidh mionnscríbhinn ann mar fhoras leis, arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar ceann an pháirtí tionscanta, agus féadfar an mhionnscríbhinn sin a fhormhuiniú ar an bhfoirm iarratais chomhlánaithe nó, mura ndéantar í a fhormhuiniú amhlaidh, déanfar an fhoirm iarratais chomhlánaithe a fhoilseánadh agus a fhíorú inti agus déanfar gach doiciméad eile a bhfuiltear ag seasamh air san iarratas a fhoilseánadh agus a fhíorú inti.

8. (i) Faoi réir Rialachán OECC agus Rialacháin 2016, is mar a leanas a dhéanfar aon cheann de na hiarratais seo a leanas:

(a) i gcás nach bhfuil aon imeachtaí ar marthain os comhair na Cúirte maidir le substaint an ábhair nó maidir leis an Ordú um Chaomhnú, trí fhógra foriarratais tionscnaimh agus is é a bheidh mar theideal air ná maidir le Rialachán OECC amhail idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí, nó

(b) i gcás ina bhfuil imeachtaí ar marthain os comhair na Cúirte maidir le substaint an ábhair nó maidir leis an Ordú um Chaomhnú, trí fhógra foriarratais sna himeachtaí:

(i) aon iarratas ó chreidiúnaí nó ó fhéichiúnaí de bhun Airteagal 31 de Rialachán OECC;

(ii) aon iarratas ó fhéichiúnaí de bhun Airteagal 38 de Rialachán OECC;

(iii) aon iarratas ó thríú páirtí de bhun Airteagal 39(3) de Rialachán OECC;(iv) aon iarratas eile ar fhaoiseamh de bhun Rialacháin 2016, Rialachán OECC nó an Ordaithe seo.

(ii) Maidir le gach iarratas a dhéantar de réir fho-riail (1), beidh mionnscríbhinn ann mar fhoras leis, arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar ceann an pháirtí tionscanta.

(iii) I gcás ina mbaineann iarratas den sórt sin le hOrdú um Chaomhnú arna eisiúint de réir Rialachán OECC ag cúirt de chuid Ballstáit seachas an Stát, déanfar an tOrdú um Chaomhnú agus, más gá, aistriúchán deimhnithe ar an Ordú um Chaomhnú go Gaeilge nó go Béarla, a fhoilseánadh sa mhionnscríbhinn.

9. (i) Beidh de chead ag gach duine ar a seirbheáiltear fógra faoi iarratas arna dhéanamh faoi riail 7 nó faoi riail 8 mionnscríbhinn freagartha a sheachadadh.

(ii) Ar dháta fillte fógra foriarratais tionscnaimh nó fógra foriarratais faoi riail 7 nó faoi riail 8 (nó ar aon atráthú ón dáta sin), tabharfaidh an Chúirt ordacháin, agus déanfaidh sí orduithe, maidir le seoladh na n-imeachtaí ar an iarratas de réir mar is caoithiúil leis an gCúirt chun an t-iarratas a chinneadh i gcomhréir le Rialachán OECC agus ar mhodh atá cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú agus, más cuí, féadfaidh ordacháin nó orduithe den sórt seo a leanas a bheith ann:

(a) ordacháin maidir le seirbheáil fógra faoin iarratas ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an tréimhse ama a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus féadfaidh an Chúirt, chuige sin, éisteacht an fhógra foriarratais, nó éisteacht an iarratais tuilleadh, a atráthú go dtí dáta a shonrófar);

(b) ordacháin maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní breise ag aon pháirtí nó ag aon pháirtithe;

(c) orduithe lena socraítear teorainneacha ama.

V. Ilghnéitheach


10. Faoi réir Rialachán OECC, beidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo, a mhéid a bhaineann siad le horduithe eatramhacha agus le horduithe idirbhreitheacha ón gCúirt, maidir le hOrdú um Chaomhnú arna eisiúint de réir Rialachán OECC ag cúirt de chuid Ballstáit seachas an Stát, agus, i gcás ina gceadaíonn nó ina gceanglaíonn an comhthéacs amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha de na Rialacha seo is infheidhme maidir le forfheidhmiú orduithe eatramhacha agus orduithe idirbhreitheacha ón gCúirt maidir le forfheidhmiú Ordaithe um Chaomhnú den sórt sin, fara aon mhodhnuithe is gá.

11. Déanfar iarratais chun na Cúirte ar Orduithe um Chaomhnúa shannadh do cibéBreitheamh nóBreithiúna den Ard-Chúirt a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte óam go ham.”