Ordú 114

Oifigigh

1. Beidh cumhacht ag gach Cláraitheoir, Cláraitheoir cúnta, Cléireach Cúirte agus Cléireach sinsearach don Ard-Chúirt nó don Chúirt Uachtarach mionnscríbhinn agus dearbhascthaí a thógáil i ngach cúis nó ábhar a bheidh ar feitheamh i gceachtar Cúirt díobhsan agus daoine a chur faoi na mionnaí agus na dearbhascthaí is gá chuige sin.

2. Nuair a bheidh oifigeach a bhainfidh le haon Chúirt ag gabháil do dhualgais a bhainfidh le gnó na Cúirte sin ar gnó é ar gá de thuras na huaire de réir dlí gur Breitheamh nó Breithiúna den Chúirt sin a dhéanfadh é, nó gur os comhair Breithimh nó Breithiúna den Chúirt sin, nó gur faoi ordú nó de bhun ordaithe Breithimh nó Breithiúna den Chúirt sin, a dhéanfaí é, urramóidh agus comhlíonfaidh sé na hordacháin uile a thabharfaidh an Breitheamh nó na Breithiúna sin dó.