Ordú 41
Foriarratas ar bhreithiúnas agus breithiúnas a thaifeadadh
1. Ach amháin mar a bhforáiltear leis na hAchtanna nó leis na Rialacha seo go bhféadfar breithiúnas a fháil in aon slí eile, is le foriarratas ar bhreithiúnas a gheofar breithiúnas na Cúirte.
2. I gcás ina mbeifear tar éis a ordú saincheisteanna a thriail, nó saincheisteanna nó ceisteanna fíorais a chinneadh in aon slí, féadfaidh an gearánaí, lena n-áirítear an gearánaí i bhfrithéileamh, foriarratas ar bhreithiúnas a chur síos a luaithe a chinnfear na saincheisteanna nó na ceisteanna sin. Mura gcuirfidh sé síos foriarratas den sórt sin, agus mura dtabharfaidh sé fógra ina thaobh sin do na páirtithe eile laistigh de dheich lá tar éis dá cheart chun déanamh amhlaidh teacht i gcúrsa, ansin, tar éis na deich lá sin a bheith caite féadfaidh aon chosantóir, lena n-áirítear an cosantóir i bhfrithéileamh, foriarratas ar bhreithiúnas a chur síos, agus fógra ina thaobh sin a thabhairt do na páirtithe eile.
3. I gcás ina mbeifear tar é is a ordú saincheisteanna a thriail, nó saincheisteanna nó ceisteanna fíorais a chinneadh in aon slí, agus nach mbeifear tar éis ach cuid de na saincheisteanna nó na ceisteanna fíorais sin a thriail nó a chinneadh, féadfaidh aon pháirtí a mheasfaidh nach gá, de bharr thoradh na trialach nó an chinnidh sin, an chuid eile díobh a thriail nó a chinneadh, nó gurb inmhianaithe de bharr an toraidh sin triail nó cinneadh na coda eile sin a iarchur, cead a iarraidh ar an gCúirt chun foriarratas ar bhreithiú nas a chur síos, gan fanacht leis an triail nó leis an gcinneadh sin; agus féadfaidh an Chúirt, má s deimhin léi gur fóirsteanach dé anamh amhlaidh, an cead sin a thabhairt, ar cibé té armáý, má s ann, a dhealróidh a bheith cóir, agus féadfaidh sí aon ordachá in a thabhairt a dhealróidh a bheith inmhianaithe i dtaobh triail na saincheisteanna eile fíorais a iarchur.
4. Ach amháin le cead ón gCúirt, ní dhéanfar aon fhoriarratas ar bhreithiúnas a chur síos tar éis bliain a bheith caite ón tráth a mbeidh an páirtí a bheidh ag féachaint lena chur síos tar éis teacht ar dtús chun bheith i dteideal é sin a dhéanamh.
5. Féadfaidh an Chúirt, ar fhoriarratas ar bhreithiúnas, gach tátal fíorais, nach mbeidh ar neamhréir le cinneadh an ghiúiré, a bhaint, agus, más deimhin léi an t-ábhar go léir a bheith os a comhair is gá chun na ceisteanna a bheidh faoi dhíospóid, nó aon cheist díobh, a chinneadh go críochnaitheach, nó chun aon fhaoiseamh a bheidh lorgtha a dhámhachtain, féadfaidh sí breithiúnas a thabhairt dá réir sin, nó féadfaidh sí, más dóigh léi gan dóthain ábhar a bheith os a comhair chun a chur ar a cumas breithiúnas a thabhairt, a ordú an foriarratas a chur ar gcúl lena bhreithniú tuilleadh, agus a ordú cibé saincheisteanna nó ceisteanna a thriail, nó a chinneadh, agus cibé cuntais agus fiosrúcháin a thógáil agus a dhéanamh, is cuí léi.
6. Déanfar sonraí i dtaobh gach breithiúnais nó ordaithe ón Ard-Chúirt agus ón gCúirt Uachtarach a thaifeadadh i leabhair chuí a choimeádfar chun na críche sin agus comhdófar an breithiúnas nó an t-ordú sa Phríomh-Oifig. Déanfar cóip de gach breithiúnas nó ordú ón gCúirt Uachtarach a chomhdú, freisin, in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí. Gach breithiúnas nó ordú a bheidh fógartha nó déanta ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach, measfar é a bheith taifeadta go cuí ar é a bheith comhdaithe amhlaidh, agus déanfar a thaifeadadh a dhátú faoi dháta an lae a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin tugtha nó déanta, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
7. Soláthrófar dúblach de gach breithiúnas nó ordú ón bPríomh-Oifig gan táille don aturnae nó don duine a mbeidh an táille á híoc aige ar an mbreithiúnas sin nó ar an ordú sin; agus in aon chás ina gceanglófar le haon riail, nó ordú, nó le cleachtas na Cúirte, an breithiúnas nó an t-ordú bunaidh a thabhairt ar aird nó a sheirbheáil, is leor an dúblach a thabhairt ar aird nó a sheirbheáil.
8. I ngach breithiúnas a thabharfar nó i ngach ordú a dhéanfar in aon chúis nó ábhar á cheangal ar aon duine gníomh a dhéanamh a bheidh ordaithe leis an mbreithiúnas nó leis an ordú sin, luafar an tréimhse ama, nó an tréimhse ama tar éis an breithiúnas nó an t-ordú a sheirbheáil, ina mbeidh an gníomh le déanamh; agus beidh meabhrán sna focail nó sa chéill seo a leanas formhuinithe ar an gcóip den bhreithiúnas nó den ordú a sheirbheálfar ar an duine a mbeidh ceangailte air géilleadh dó, seachas ordú á ordú do mhorgáisteoir seilbh a thabhairt do mhorgáistí nó ordú faoi alt 62, fo-alt (7), den Acht um Chlárú Teidil, 1964, eadhon:—
‘‘Má fhaillíonn tusa, A.B., atá ainmnithe istigh, géilleadh don bhreithiúnas nó don ordú seo faoin tréimhse ama atá ceaptha ann, dlífear próis fhorghníomhaithe lena n-áirítear príosúnacht a chur ort d’fhonn iallach a chur ort géilleadh don bhreithiúnas nó don ordú sin.’’
9. Beidh i ngach breithiúnas nó ordú, cibé slí a bhfaighfear é, chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ráiteas i dtaobh na suimeanna is iníoctha i leith cíosa agus costas fuascailte.
10. Déanfar na suimeanna a bheidh le lua amhlaidh i leith cíosa, mura bhfionnfar go cuí ar dhóigh eile iad, agus na costais faoi seach, a fhionnadh, i leith cíosa, le mionnscríbhinn ón ngearánaí, óna ghníomhaire, óna ghlacadóir, nó óna chléireach, tráth taifeadta an bhreithiúnais, agus, i leith costas (mura mbeidh siad tomhaiste ag an gCúirt), le deimhniú ón Máistir Fómhais ar na costais sin tráth ar bith sula n-eiseofar ordú seilbhe nó sula seirbheálfar fógra faoin Land Law (Ireland) Act, 1887, alt 7.
11. I gcás ina bhforáiltear faoi na hAchtanna nó faoi na Rialacha seo, nó ar dhóigh eile, go bhféadfar aon bhreithiúnas a thaifeadadh ar aon mhionnscríbhinn a chomhdú nó ar aon doiciméad a thabhairt ar aird, scrúdóidh an t-oifigeach an mhionnscríbhinn nó an doiciméad a thabharfar ar aird, agus más rialta di nó dó, agus má tá gach ní a bheidh ceangailte de réir dlí inti nó ann, déanfaidh sé breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin.
12. I gcás ina bhféadfar leis na hAchtanna nó leis na Rialacha seo, nó ar dhóigh eile, aon bhreithiúnas a thaifeadadh de bhun aon ordaithe nó deimhnithe, nó freagra ar aon ordú, is leorúdarás don oifigeach chun breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin an t-ordú, an deimhniú nó an freagra sin a thabhairt ar aird.
13. I gcás ina ndéanfar tarchur chun an Mháistir chun an tsuim a fhionnadh ina mbeidh breithiúnas críochnaitheach le taifeadadh, déanfar deimhniú an Mháistir a chomhdú san oifig chuí nuair a thaifeadfar breithiúnas.
14. D’ainneoin fhorá lacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853 (16 & 17 Vic., c. 113), ailt 223 agus 224, fé adfar breithiú nas i ngach caingean a thaifeadadh ar thoiliú aon chosantóra arna thabhairt ag a aturnae.
15. In aon chúis nó ábhar ina mbeidh an cosantóir tar éis láithriú trí aturnae, ní dhéanfar aon ordú chun breithiúnas a thaifeadadh le toiliú mura dtabharfaidh an t-aturnae sin toiliú an chosantóra. I gcás nach mbeidh an cosantóir tar éis láithriú, nó i gcás ina mbeidh sé tar éis láithriú i bpearsa, ní dhéanfar aon ordú den sórt sin mura bhfreastalóidh an cosantóir os comhair na Cúirte agus mura dtabharfaidh sé a thoiliú i bpearsa, nó mura ndéanfaidh aturnae ag gníomhú dó thar a cheann a thoiliú i scríbhinn a fhianú.
16. Tráth ar bith laistigh de dheich mbliana ó fhorghníomhú aon bharántais aturnae chun breithiúnas a thaifeadadh ar bhanna, féadfar breithiúnas a thaifeadadh air gan cheist sa Phríomh-Oifig, ach tar éis na tréimhse sin ní thaifeadfar aon bhreithiúnas ar aon bharántas aturnae, mura n-ordóidh an Chúirt é, ar fhoriarratas; agus is ar fhoras mionnscríbhinne, ina luafar an méid a bheidh dlite fós de bhun an bhanna agus an bharántais sin, agus an cháil ina mbeidh an t-iarratasóir á éileamh teideal a bheith aige, agus an t-oibleagáideoir a bheith ina bheatha i gcónaí, a dhéanfar an t-iarratas ar gach ordú den sórt sin, agus, i gcás inar gá sin, beidh ábhar sa mhionnscríbhinn sin is leor chun an cás a thabhairt amach as Reacht na dTréimhsí, agus i gcás ina mbeifear ag seasamh, chun na críche sin, ar airgead a íoc, luafar inti cé a dhéanfaidh, agus cé leis a ndéanfar, an íocaíocht sin. Ar an gcoinníoll, in imeachtaí ag iasachtóir airgid nó ag ionadaí pearsanta nó sannaí iasachtóra airgid chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasachtóir airgid, nó aon ús ar an airgead sin, a ghnóthú, nó chun aon chomhaontú nó urrús a bhainfidh le haon airgead nó le haon ús den sórt sin a chur i bhfeidhm, nach dtaifeadfar breithiúnas ar aon bharántas aturnae go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag caite ó dháta an bharántais aturnae sin mura n-ordóidh an Chúirt é, ar ordú é a gheofar ar fhoriarratas.
17. I gcás ina ndéanfar aon bhreithiúnas a thaifeadadh de bhua barántais aturnae, comhdófar an barántas, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, tráth taifeadta an bhreithiúnais sin sa Phríomh-Oifig, agus i gcásanna ina mbeidh an barántas corpraithe sa bhanna, comhdófar an banna féin, agus coimeádfar leabhar san Oifig sin, ina dtaifeadfar, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ainmneacha na bpáirtithe i ngach breithiúnas den sórt sin, agus dáta taifeadta gach breithiúnais den sórt sin, le tagairtí cuí don chomhad.
18. Ní gá aon bhreithiúnas nó ordú a rollú.
19. Úsáidfear na foirmeacha breithiúnais i bhFoscríbhinn E.