Ordú 119

An modh chun breithiúna a aitheasc; róbaí an bhinse agus an bharra

1. Déanfar Breithiúna na nUaschúirteanna a aitheasc i nGaeilge nó i mBéarla faoina dteidil agus a n-ainmneacha faoi seach, agus féadfar tagairt dóibh mar ‘‘An Chúirt’’ i nGaeilge nó ‘‘The Court’’ i mBéarla.
2. Caithfidh Breithiúna na nUaschúirteanna, ar gach ócáid, le linn na suíonna, lena n-áirítear súýonna den Phríomh-Chúirt Choiriúil, an éide seo a leanas, eadhon, cóta dubh agus veist de dhéanamh agus d’ábhar caighdeánach, mar a bhíodh á gcaitheamh ag Abhcóide Sinsir, fallaing dhubh de phoiplín Éireannach agus de dhéanamh agus d’ábhar caighdeánach, bandaí bána, agus peiriúic den chineál ar a dtugtar an pheiriúic bheag nó an pheiriúic bhobáilte.

3. Nuair a bheidh siad sa chúirt, láithreoidh Abhcóide Sinsir agus Sóisir agus iad gléasta in éide dhorcha, agus i róbaí agus bandaí agus le peiriúicí den sórt a chaitheadh Abhcóide Sinsir agus Sóisir faoi seach go dtí seo, agus ní thabharfar éisteacht d’aon Abhcóide in aon chás le linn na suíonna mura mbeidh sé gléasta amhlaidh.