Ordú 65

Mionaoisigh

1. Tionscnófar imeachtaí chun coimircí Cúirte a dhéanamh de mhionaoiseach le toghairm thionscnaimh i bhFoirm Uimh. 19 i bhFoscríbhinn K, agus is ó Oifig na gCoimircithe Cúirte a eiseofar í, agus stampálfar í le séala na hArd-Chúirte (Coimircithe Cúirte).


2. Beidh gach toghairm den sórt sin le filleadh cibé lá a shocróidh Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, agus seirbheálfar í ar cibé daoine (más ann) sé lá ar a laghad roimh an lá fillte (gan lá na seirbheála a áireamh) agus i cibé slí a ordóidh an Cláraitheoir sin; ach féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar cibé daoine eile is cuí léi a sheirbheáil.


3. Déanfar leabhar, dá ngairfear Leabhar Cúiseanna, a choimeád in Oifig na gCoimircithe Cúirte, ar leabhar é ina dtaifeadfar na himeachtaí go léir den sórt sin. Déanfar gach toghairm a dhealú le dáta na bliana agus le huimhir, in ord comhleanúnach, ag tosú ar an gcéad lá d’Eanáir gach bliain, agus is é an dáta agus an uimhir sin a chomhdhéanfaidh uimhir thaifid an imeachta.


4. Luafar na nithe seo a leanas sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an toghairm:—

(a) gnéas, aois, staid sláinte agus creideamh an mhionaoisigh, maille lena ionad sa saol;
(b) an áit ina mbeidh cónaí ar an mionaoiseach agus an duine a mbeidh sé faoina chúram;

(c) an cineál agus an méid spré agus ioncaim a bheidh ag an mionaoiseach, maille le sonraí i dtaobh aon eirí a mbeidh difear á dhéanamh acu don spré agus don ioncam sin;

(d) na neasghaolta a bheidh ag an mionaoiseach, agus áiteanna cónaithe agus tuairiscí na ngaolta sin;

(e) aon chaomhnóir tiomnach a bheith ag an mionaoiseach, nó gan aon chaomhnóir tiomnach a bheith aige, agus má tá, é a bheith toilteanach, nó gan a bheith toilteanach, gníomhú faoin gCúirt;

(f) an duine a bheidh molta mar chaomhnóir an mhionaoisigh, maille le sonraí iomlána i dtaobh gach ní is iomchuí maidir lena fheiliúnacht agus a cháilíochtaí agus a thoilteanas chun gníomhú;

(g) sonraí iomlána i dtaobh a mbeidh molta i ndáil le cúram agus cothabháil, áit chónaithe, oideachas agus laethanta saoire an mhionaoisigh;

(h) na hordacháin is fóirsteanach i ndáil le maoin an mhionaoisigh;

(i) aon imeacht a bheith ar feitheamh, nó gan aon imeacht a bheith an feitheamh, i ndáil le haon mhaoin ina mbeidh aon leas ag an mionaoiseach, agus sonraí iomlána i dtaobh na n-imeachtaí sin.


5. Is maidir le hiarratas beartaithe an teideal a chuirfear ar an mionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an toghairm, agus féadfar an mhionnscríbhinn a mhionnú d’ainneoin nach mbeidh an toghairm eisithe.


6. Déanfar na mionnscríbhinní uile in ábhair maidir le mionaoisigh a chomhdú in Oifig na gCoimircithe Cúirte, agus tabharfar fógra faoin gcomhdú do na páirtithe lena mbainfidh, agus beidh na páirtithe sin i dteideal cóipeanna díobh a chur ar ordú.


7. Ar aois iomlán a shlánú dó iarrfaidh an t-iar-mhionaoiseach ordú á ordú urscaoileadh ó choimircíocht agus fiosrúchán i dtaobh na gcistí sa Chúirt nó maoine eile a mbeidh sé ina teideal agus fiosrúchán eile i dtaobh na n-éileamh, más ann, ar chostais, cothabháil nó eile i gcoinne na maoine sin.


8. Is ó Oifig na gCoimircithe Cúirte a eiseofar gach ordú in imeachtaí lena mbainfidh an tOrdú seo.