Ordú 56A

Idirghabháil agus próisis eile um Réiteach Díospóide Malartach : I.R. Uimh. 13 de 2018

I. Mínithe

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 2017” an tAcht Idirghabhála, 2017;

tá le gach ceann de na habairtí “idirghabháil”, “socraíocht idirghabhála” agus “idirghabhálaí” an bhrí chéanna atá leo in alt 2 d’Acht 2017;

ciallaíonn “próiseas eile um Réiteach Díospóide Malartach” comhréiteach nó cibé próiseas eile réitithe díospóide a cheadóidh an Chúirt, ach ní fholaíonn sé idirghabháil nó eadráin.

II. Idirghabháil

2. Is trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe eile a dhéanfaidh páirtí iarratas faoi alt 16(1) d’Acht 2017 agus déanfar é laistigh den tréimhse a luaitear in alt 16(4) d’Acht 2017. Maidir le hiarratas faoi alt 16(4) d’Acht 2017 go ligfear thar ceal ceanglas maidir le mionnscríbhinn, féadfar é a dhéanamh ex parte.

3. (1) Féadfaidh an Chúirt cuireadh a eisiúint chun idirghabháil a luaitear in alt 16(1) d’Acht 2017 a bhreithniú, ar fhoriarratas dá cuid féin, in aon imeachtaí sibhialta a bhfuil feidhm ag Acht 2017 maidir leo, ar aon ócáid a bheidh imeachtaí den sórt sin os comhair na Cúirte agus más rud é, tar éis dóibh cuireadh a fháil ón gCúirt, go dtabharfaidh na páirtithe breith gabháil don idirghabháil, féadfaidh an Chúirt, tar éis na páirtithe a éisteacht, cibé orduithe de réir alt 16(2) d’Acht 2017 a dhéanamh agus a mheasfaidh sí is cuí.

(2) Is trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe eile a dhéanfaidh páirtí in imeachtaí sibhialta faoi alt 19(1) d’Acht 2017 iarratas ar ordú lena gcuirfear imeachtaí ar atráth, ach ní gá go mbeidh aon mhionnscríbhinn mar fhoras leis.

4. I gcás go gcomhaontóidh na páirtithe go léir in imeachtaí sibhialta (lena n-áirítear aon tríú páirtithe) in idirghabháil ar na téarmaí de chuid ordú a bheidh le déanamh, lena n-áirítear ordú maidir le diúscairt deiridh na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt an t-ordú a dhéanamh.

5. (1) Maidir le hiarratas faoi alt 11(3) d’Acht 2017 chun téarmaí socraíochta idirghabhála a fhorfheidhmiú:

    • (a) i gcás go mbainfidh an tsocraíocht idirghabhála le himeachtaí a bheidh ar feitheamh os comhair na Cúirte, is trí fhógra foriarratais a dhéanfar é, nó

      (b) i gcás nach mbeidh aon imeachtaí ar feitheamh os comhair na Cúirte a bhainfidh le hábhar na socraíochta idirghabhála, is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a dhéanfar é.

i gceachtar cás, beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar ceann an pháirtí tionscanta ina dtaispeánfar agus ina bhfíorófar an tsocraíocht idirghabhála mar fhoras leis an iarratas sin.

(2) Déanfar cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh nó den fhógra foriarratais, den mhionnscríbhinn forais agus aon fhoilseáin a sheirbheáil ar gach páirtí eile sa tsocraíocht idirghabhála agus a chomhdú tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(3) Féadfaidh gach páirtí eile sa tsocraíocht idirghabhála mionnscríbhinn freagartha a sheirbheáil agus a chomhdú tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

6. (1) Féadfar iarratas chuig an Máistir faoi Rialachán 5(2) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idirghabháil), 2011 (I.R. Uimh. 209 de 2011) (dá ngairtear “na Rialacháin” sa riail seo) a dhéanamh trí fhoriarratas tionscnaimh ex parte a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis. Taispeánfar an comhaontú lena mbaineann san iarratas sin agus, is maidir leis an gcomhaontú sin agus maidir leis na Rialacháin an teideal a bheidh air.

(2) Faoi réir na cumhachta a thugtar don Mháistir le Rialachán 5(5) de na Rialacháin chun a cheangal ar pháirtí nach iarratasóir é nó í toiliú an pháirtí sin leis an iarratas a fhíorú, trí mhionnscríbhinn nó ar shlí eile, taispeánfar sa mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (1), an toiliú i scríbhinn ó gach páirtí eile san idirghabháil nach iarratasóir é nó í.

7. (1) Is maidir leis na himeachtaí lena mbaineann sí, an teideal a bheidh ar thuarascáil idirghabhálaí a cheanglaítear le halt 17 d’Acht 2017 agus cuirfear faoi bhráid na Cúirte í tríd an idirghabhálaí do chomhdú mionnscríbhinn lena bhfíorófar agus ina dtaispeánfar an tuarascáil sin.

(2) Maidir le hiarratas faoi alt 17(2) d’Acht 2017 ar ordachán chun an ceanglas a ligean thar ceal is ceanglas cóip den tuarascáil a thabhairt do na páirtithe seacht lá ar a laghad roimh í a chur faoi bhráid na Cúirte, féadfar é a dhéanamh ex parte.

8. Déanfar gach dearbhú reachtúil a cheanglaítear le halt 14(2) nó, de réir mar a bheidh, le halt 15(2) d’Acht 2017, a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus déanfar cóip a sheirbheáil ar an gcosantóir.

9. D’ainneoin aon fhoráil eile de na Rialacha seo, má tharchuirtear imeachtaí chun idirghabháil a dhéanamh ina leith, déanfar an tréimhse ama chun aon bheart sna himeachtaí a dhéanamh faoi aon cheann de na Rialacha sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, a ríomh amhail is dá mba rud é nach raibh an tam ag ídiú le linn tréimhse aon atrátha chun an idirghabháil a éascú.

III. Próisis eile um Réiteach Díospóide Malartach

10. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon cheann de na páirtithe nó ar fhoriarratas dá cuid féin, nuair a mheasfaidh sí is cuí agus ag féachaint d’imthosca go léir an cháis, a ordú go ndéanfar imeachtaí nó aon saincheist a bheidh iontu a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh an Chúirt is cóir agus is caoithiúil agus—

    • (i) cuireadh a thabhairt do na páirtithe próiseas eile um Réiteach Díospóide Malartach a úsáid chun na himeachtaí nó an tsaincheist a réiteach nó a chinneadh, nó

      (ii) i gcás go dtoileoidh na páirtithe, na himeachtaí nó an tsaincheist a tharchur chuig próiseas den sórt sin,

agus féadfaidh sí, chun críocha cuireadh nó tarchur den sórt sin, cuireadh a thabhairt do na páirtithe freastal ar cibé seisiún faisnéise, maidir le húsáid a bhaint as próiseas eile um Réiteach Díospóide Malartach, más ann, a shonróidh an Chúirt.

(2) I gcás go dtabharfaidh na páirtithe breith próiseas eile um Réiteach Díospóide Malartach a úsáid, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh lena bhfadaítear an tréimhse ama d’aon pháirtí chun aon fhoráil de na Rialacha seo nó aon ordú ón gCúirt sna himeachtaí a chomhlíonadh, agus féadfaidh sí cibé orduithe breise nó orduithe eile a dhéanamh a mheasfaidh an Chúirt a éascóidh úsáid éifeachtach an phróisis sin.

11. Is trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí freasúra nó chuig na páirtithe freasúra a dhéanfaidh páirtí iarratas ar ordú faoi riail 10 nó déanfar gan foriarratas den sórt sin aon tráth eile é nuair a bheidh na himeachtaí os comhair na Cúirte.

12. Ach amháin i gcás go gceadóidh an Chúirt é ar chúis speisialta a bheidh le haithris san ordú ón gCúirt, ní dhéanfar iarratas ar ordú faoi riail 10 tráth nach déanaí ná 28 lá roimh an dáta a liostófar na himeachtaí den chéad uair lena n-éisteacht.