Ordú 24

Ábhair a thiocfaidh chun cinn fad a bheifear ag feitheamh ar an gcaingean

1. Aon fhoras cosanta a mbeidh tagtha ann dó tar éis caingean a bheith tionscanta ach sula mbeidh a chosaint seachadta ag an gcosantóir, agus sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun é sin a dhéanamh caite, féadfaidh an cosantóir é a tharraingt anuas ina chosaint, leis féin nó i dteannta foras cosanta eile; agus, más rud é, tar éis cosaint a bheith seachadta, go dtiocfaidh ann d’aon fhoras cosanta ar aon fhritháireamh nó aon fhrithéileamh a bheidh líomhnaithe inti ag an gcosantóir féadfaidh an gearánaí é a tharraingt anuas ina fhreagra, leis féin nó i dteannta aon fhorais fhreagartha eile.

2. I gcás ina dtiocfaidh ann d’aon fhoras cosanta tar éis don chosantóir cosaint a sheachadadh, nó tar éis don tréimhse ama a bheidh ceaptha chun é sin a dhéanamh a bheith caite, féadfaidh an cosantóir, agus i gcás ina dtiocfaidh ann d’aon fhoras cosanta ar aon fhritháireamh nó frithéileamh tar éis do fhreagra a bheith seachadta nó tar éis don tréimhse ama a bheidh ceaptha chun freagra a sheachadadh a bheith caite, féadfaidh an gearánaí, laistigh d’ocht lá tar éis teacht ann don fhoras cosanta sin, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin le cead ón gCúirt, cosaint bhreise nó freagra breise, de réir mar bheidh, a sheachadadh ina leagfar amach an céanna.

3. Aon uair a líomhnóidh aon chosantóir ina chosaint, nó in aon chosaint bhreise mar a luaitear i riail 2, aon fhoras cosanta a mbeidh tagtha ann dó tar éis an chaingean a thionscnamh, féadfaidh an gearánaí admháil i leith na cosanta sin (ar admháil í a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm Uimh. 7 i bhFoscríbhinn C) a sheachadadh, agus féadfaidh sé, air sin, breithiúnas le haghaidh a chostas anuas go dtí tráth pléadála na cosanta sin a shíniú, mura ndéanfaidh an Chúirt, roimh sheachadh na hadmhála sin nó ina dhiaidh sin, a mhalairt a ordú.