Ordú 110

An tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 198

1. San Ordú seo
ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Díobhá lacha Mailíseacha, 1981.

folaíonn ‘‘Cláraitheoir Contae’’ aon leas-Chláraitheoir Contae agus aon duine a bheidh ceaptha chun gníomhú mar Chláraitheoir Contae nó leas-Chláraitheoir Contae, agus, freisin, nuair a cheadóidh an comhthéacs é, aon duine a bheidh ceaptha chun gníomhú mar Chláraitheoir don ArdChúirt ar Cuaird.

folaíonn ‘‘Cléireach Cúirte Dúiche’’ aon duine a mbeidh, de thuras na huaire, dualgais Chléireach Cúirte Dúiche á gcomhlíonadh aige.

2.

(a) I gcás cáis arna shonrú faoin Acht ag an Ard-Chúirt ar Cuaird nó ag Breitheamh Cúirte Cuarda, déanfar, ar é a bheith sínithe, é a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae nó, i gcás cáis arna shonrú faoin Acht ag an Ard-Chúirt ina suí di i mBaile Átha Cliath, le Cláraitheoir na Cúirte sin nó, i gcás cáis arna shonrú ag Breitheamh den Chúirt Dúiche, leis an gCléireach Cúirte Dúiche. A luaithe a bheidh an cás sonraithe sínithe agus taiscthe leis an gCláraitheoir Contae sin nó le Cláraitheoir sin na hArd-Chúirte nó leis an gCléireach Cúirte Dúiche sin, de réir mar a bheidh, déanfaidh sé dáta an taiscthe, ainm an pháirtí nó na bpáirtithe (más ann) a mbeidh iarrtha aige nó acu go ndéanfaí an cás a shonrú, ainm an pháirtí a mbeidh a chúram le bheith air, maille le hainmneacha agus seoltaí na n-aturnaetha (más ann) thar ceann na bpáirtithe uile agus faoi seach, a fhormhuiniú air.

(b) Déanfaidh an Cláraitheoir Contae sin nó Cláraitheoir sin na hArd-Chúirte nó an Cléireach Cúirte Dúiche sin, de réir mar a bheidh, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an taiscthe sin, fógra faoin síniú agus faoin taisceadh sin a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar gach páirtí a bheidh tar éis láithriú ar an achomharc nó ar an ábhar a mbeidh an cás arna shonrú ina leith a éisteacht, agus tarchuirfidh sé an chóip bhunaidh den chás sonraithe sin chuig Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, agus cuirfidh seisean an cás síos lena éisteacht a luaithe a bheidh na páipéir is gá in ord agus réidh, agus tiocfaidh an cás ar aghaidh lena éisteacht de réir a oird sa liosta, mura n-ordóidh an Chúirt Uachtarach a mhalairt.

3. Tar éis an fógra sin faoin síniú agus faoin taisceadh a sheirbheáil beidh aon pháirtí leasmhar i dteideal, ar iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, cóip amháin nó níos mó den chás sonraithe a fháil, ar an táille fhorordaithe a íoc.
4. Déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram an cháis shonraithe, laistigh de lá is fiche tar éis an fógra sin faoin síniú agus faoin taisceadh a sheirbheáil, cúig chóip den chás sonraithe, agus de na doiciméid (más ann) dá dtagrófar ann, a thaisceadh le Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

5. Is chun na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath a dhéanfar achomharc faoi Alt 18 (1) (b) nó 18 (2) (b) den Acht, agus is le fógra achomhairc a dhéanfar é, ar fógra é a sheirbheálfar ar gach páirtí sna himeachtaí ar lena linn a bheifear tar éis an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh a dhéanamh, laistigh de dheich lá ón dáta a mbeifear tar éis an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh a fhógairt i gcúirt oscailte. Is fógra don chéad uair a mbeidh caoi ann chuige sin tar éis deich lá a bheith caite ó dháta na seirbheála a bheidh san fhógra. Is i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn I a bheidh an fógra achomhairc sin.

6.

(a) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé ordachán a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise nuair a bheidh achomharc faoi alt 18 (l) (b) nó 18 (2) (b) den Acht á éisteacht.

(b) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an achomharc a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin i dteannta an fhógra ar gach páirtí sna himeachtaí a mbeifear tar éis an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh a dhéanamh lena linn. Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an achomhairc a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de cheithre lá dhéag tar éis mionnscríbhinn an achomharcóra a sheirbheáil, agus ní foláir don pháirtí a mbeidh mionnscríbhinn i gcoinne an achomhairc á comhdú aige amhlaidh cóip den mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar an achomharcóir laistigh den tréimhse sin.