Ordú 103

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1. San Ordú seo
ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976.

2. Is le foriarratas iar bhfógra don duine a mbeidh faoiseamh á lorg ina choinne a dhéanfar iarratas ar ordú faoi Alt 27 den Acht.

3. Is é teideal a chuirfear ar an bhfógra foriarratais ná maidir leis an Acht, ar iarratas ón duine a mbeidh an t-iarratas á thionscnamh aige; luafar ann an faoiseamh a bheidh á lorg; tabharfar tuairisc na talún nó na forbartha ann a mbeifear ag iarraidh difear a dhéanamh di; luafar ann ainm agus áit chónaithe, nó seoladh le haghaidh seirbheála, an duine a mbeidh faoiseamh á lorg aige; an dáta a mbeidh sé beartaithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh; agus comhdófar sa Phríomh-Oifig é.

4. Tabharfar fógra faoin bhforiarratas don duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina choinne (an freagróir); ach, más rud é go ndealróidh sé don Chúirt, maidir le haon duine nach mbeidh fógra tugtha dó, gur chóir go mbeadh an fógra sin aige nó gur chóir go mbeadh sé tar éis bheith aige, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a dhíbhe, nó éisteacht an iarratais a chur ar atráth, ionas go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt a fhorchur.

5. Ní foláir deich lá ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

6.

(a) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé ordacháin a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise tráth éisteachta foriarratais faoi riail 2.

(b) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin i dteannta an fhógra. Déanfaidh an freagróir aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an iarratais a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de sheacht lá tar éis an mhionnscríbhinn ón iarratasóir a sheirbheáil air, agus ní foláir don fhreagróir, laistigh den tréimhse sin, cóip d’aon mhionnscríbhinn a mbeidh ar intinn aige í a úsáid a sheirbheáil ar an iarratasóir.

7. Go dtí go gcinnfear iarratas faoi Alt 27 den Acht, féadfaidh an Chúirt, ar an iarratasóir nó ar an bhfreagróir dá iarraidh sin, le hordú idirbhreitheach (nó, más deimhin léi go bhféadfadh sé go dtiocfadh mísc dholeigheasta nó thromchúiseach de mhoill, le hordú eatramhach ar iarratas ex parte), aon ordú de chineál urghaire a dhéanamh; agus chun aon mhaoin nó aon ní a choinneáil, a chaomhnú nó a iniúchadh; agus, chun gach ceann nó aon cheann de na críocha réamhráite, féadfaidh sí a údarú d’aon duine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh; agus, chun gach ceann nó aon cheann de na críocha réamhráite, féadfaidh sí a údarú aon sampla a thógáil, nó aon tuairimí a thabhairt, nó aon turgnamh a thriail, a mheasfaidh sí is cuí, is gá nó is fóirsteanach.