Ordú 113

The Life Assurance Companies (Payment into Court) Act 1896

1. San Ordú seo ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Life Assurance Companies (Payment into Court) Act, 1896.

2. Cuideachta árachais ar mian léi íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt faoin Acht, cuirfidh sí faoi deara, trína rúnaí, nó trí oifigeach údaraithe eile, mionnscríbhinn a chomhdú dar teideal ‘‘Maidir le Polasaí Uimh. ..... a cuireadh i gcrích le (tabhair ainm na cuideachta anseo)’’ agus maidir leis an Acht, agus ina leagfar amach:

(a) gearrthuairisc ar an bpolasaí agus ráiteas i dtaobh na ndaoine a mbeidh teideal acu faoi, de réir théarmaí an pholasaí, maille le hainmneacha agus seoltaí na ndaoine sin, a mhéid is eol iad don chuideachta;

(b) ráiteas gairid i dtaobh na bhfógraí a bheidh faighte ag an gcuideachta lena mbeidh leas á éileamh san airgead a bheidh faoi árachas, nó teideal á éileamh chuige, na dátaí ar a mbeifear tar éis na fógraí sin a fháil, dátaí tarraingthe siar cibé fógraí (más ann) a bheifear tar éis a tharraingt siar, agus ainmneacha, agus, ach amháin i dtaca le fógraí a bheidh tarraingthe siar, seoltaí, a mhéid is eol don chuideachta iad, na ndaoine a bheidh tar éis na fógraí sin a thabhairt;

(c) ráiteas á rá, i dtuairim bhord stiúrthóirí na cuideachta, nach féidir aon leor-urscaoileadh a fháil ach trí íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt faoin Acht;

(d) an chuideachta a bheith sásta cibé suim bhreise (más ann), cibé acu is le haghaidh úis nó eile í, a ordóidh an Chúirt a íoc isteach sa Chúirt, agus aon chostais a íoc a mheasfaidh an Cúirt, in imthosca an cháis, ba chóir don chuideachta a íoc;

(e) gealltanas ón gcuideachta go dtarchuirfidh sí, láithreach, chuig an gCuntasóir aon fhógra éilimh a gheobhaidh an chuideachta tar éis an mhionnscríbhinn a dhéanamh, maille le litir ina dtagrófar do theideal na mionnscríbhinne;

(f) an áit ina bhféadfar aon toghairm, ordú, nó fógra faoi aon imeachtaí a bhainfidh leis an airgead a sheirbheáil ar an gcuideachta.

3. Cuirfear i gceangal leis an mionnscríbhinn sceideal taiscí san fhoirm chlóite chéanna le sceideal na dtaiscí a ghabhann le hordú, ina luafar teideal agus seoladh na cuideachta, méid an airgid a bheidh beartaithe a thaisceadh, agus an creidmheas mórleabhair a mbeidh an t-airgead sin le cur chuige.

4. Ní asbhainfidh an chuideachta aon chostais nó caiteachais a bhainfidh nó a ghabhfaidh leis an íocaíocht isteach sa Chúirt.

5. Ní dhéanfar aon íocaíocht isteach sa Chúirt faoin Acht i gcás ina mbeidh aon chaingean a mbeidh an chuideachta ina páirtí inti ar feitheamh i ndáil leis an bpolasaí nó leis an airgead a bheidh árachaithe leis sin, ach amháin le cead ón gCúirt a bheidh le fáil sa chaingean.

6. Tabharfaidh an chuideachta fógra faoin íocaíocht sin láithreach, leis an bpost, do na daoine uile agus faoi seach a dhealróidh ón mionnscríbhinn a bheith i dteideal an airgid, nó a dhealróidh ón mionnscríbhinn leas a bheith acu san airgead, a bheidh árachaithe agus íoctha isteach sa Chúirt, nó fógra éilimh a bheith tugtha acu don chuideachta, ach amháin i gcás ina mbeidh an fógra tarraingthe siar, agus ach amháin a mhéid nach eol don chuideachta ainm nó seoladh aon duine den sórt sin.

7. Féadfaidh aon duine a bheidh á éileamh é a bheith i dteideal an airgid a bheidh íoctha isteach sa Chúirt, nó á éileamh leas a bheith aige ann, iarratas a dhéanamh ina leith sin le toghairm speisialta.

8. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní dhéanfaidh an t-iarratasóir, ach amháin nuair a bheidh sé ag iarraidh go n-íocfaidh an chuideachta suim bhreise chostas, an toghairm sin a sheirbheáil ar an gcuideachta, ach seirbheálfaidh sé í ar gach duine, nó tabharfaidh sé fógra fúithi do gach duine, a dhealróidh, ón mionnscríbhinn ar a mbeifear tar éis íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt, a bheith i dteideal an airgid, nó leas a bheith aige ann nó éileamh a bheith aige air, agus do gach duine a mbeidh aon fhógra breise tugtha aige a bheifear tar éis a tharchur chuig an gCuntasóir mar a dúradh.

9. Is é seo a leanas an teideal a chuirfear ar an gcreidmheas mórleabhair a gcuirfear an t-airgead a thaiscfear faoin Ordú seo chuige:‘‘Maidir le Polasaí Uimh. ... ar shaol A.B. arna thógáil amach le Cuideachta .....’’

10. Déanfar cóip fhianaithe den sceideal a bheidh i gceangal leis an mionnscríbhinn a luaitear i riail 2 a fhágáil ag an gCuntasóir.

11. Ar an gCuntasóir d’fháil aon fhógra éilimh ina dhiaidh sin arna tharchur ag an gcuideachta sin de bhun an ghealltanais uathu dá dtagraítear i riail 2, coinneoidh sé an fógra sin agus taifeadfaidh sé ina leabhair é; agus ar aon deimhniú, nó cóip de chuntas ar an gciste lena mbainfidh an fógra sin, nótálfaidh sé ainm an duine a mbeidh an fógra sin á thabhairt aige, maille le dáta an fhógra.