Ordú 71

An Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868

1. San Ordú, seo ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868.


2. Is le hachainí a thionscnófar imeachtaí faoin Acht, agus is é teideal a chuirfear uirthi—


‘‘AN ARD-CHÚIRT
An Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868’’

 

agus díreofar mar a leanas í—

‘‘Don Ard-Chúirt.’’


3. Beidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an achainíoch, ag gabháil le gach achainí faoin Acht, lena bhfíorófar na fíorais agus na hábhair a bheidh luaite san achainí sin agus a mbeidh eolas ag an achainíoch go pearsanta orthu agus ina dteisteofar maidir le fírinne na bhfíoras agus na n-ábhar eile a bheidh líomhnaithe san achainí a bheith á creidiúint aige; agus beidh i ngach mionnscríbhinn den sórt sin séanadh ar chlaonpháirteachas le haon daoine nó duine; ar an gcoinníoll, áfach, más naíon faoi bhun ocht mbliana déag d’aois, nó duine mímheabhrach, é nó í an t-achainíoch, nó mura féidir leis an achainíoch, ar aon chúiseanna speisialta, mionnscríbhinn den sórt sin a dhéanamh, go bhféadfaidh an Chúirt nó an Máistir, ar mhionnscríbhinn ina luafar na fíorais ar mar gheall orthu gur mian go ndéanfadh duine éigin seachas an t-achainíoch an achainí a fhíorú, a cheadú, le hordú, do dhuine éigin eile a ainmneofar san ordú sin an achainí a fhíorú, agus a cheadú freisin don duine eile sin mionnscríbhinn a dhéanamh lena séanfar claonpháirteachas.