Ordú 84

Athbhreithniú breithiúnach agus orduithe a fhearfaidh ar shaoirse an duine

1. (i) Dé anfar orduithe habeas corpus, orduithe certiorari, orduithe mandamus, orduithe toirmisc agus orduithe astaithe a fhianú in ainm an Phríomh-Bhreithimh nó, má tá oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh, in ainm Uachtarán na hArd-Chúirte, arna séalú le séala na hArd-Chúirte agus dar dáta lá a n-eisiúna.


(ii) Ní fholaíonn an abairt ‘‘ordú habeas corpus’’ ordú arna dhéanamh de bhun Airteagal 40, alt 4, den Bhunreacht.


(iii) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar gach ordú dá dtagraítear sa riail seo a sheirbheáil go pearsanta ar an duine a mbeidh sé dírithe chuige.

I. Habeas corpus.

2. Is le foriarratas ex parte ar ordú coinníollach a dhéanfar iarratas ar ordú habeas corpus ad subjiciendum.


3. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt

(a) is le mionnscríbhinn a dhéanfar an t-iarratas ar ordú habeas corpus ad subjiciendum agus is é teideal a chuirfear air go haicearrach ná maidir leis an ábhar a bheidh faoi cheist agus maidir leis an Habeas Corpus Act, 1782,
(b) ní dheonó far aon ordú habeas corpus ad subjiciendum i gcás ina gceisteofar bailíocht aon bharántais, ordaithe cimithe, ciontaithe nó taifid, mura ndéanfar, tráth tairgthe an iarratais, cóip den bharántas, den ordú cimithe, den chiontú nó den taifead sin, arna fíorú le mionnscríbhinn, a thabhairt ar aird don Chúirt, nó cuntas chun sástacht na Cúirte a thabhairt ina neamhthabhairt ar aird.


4. Seirbheálfar an t-ordú habeas corpus ad subjiciendum go pearsanta ar an duine a mbeidh sé dírithe chuige, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. Más rud é go mbeidh an t-ordú dírithe chuig séiléir nó oifigeach poiblí eile, seirbheálfar é trína fhágáil aigesean nó ag a sheirbhíseach nó ag a ghníomhaire san áit ghaibhnithe nó srianta, nó i cibé slí a ordóidh an Chúirt.


5. Féadfaidh an Chúirt, ar an bhforiarratas chun daingniú d’ainneoin cúis a bheith suite, a ordú corp an duine a bheidh faoi choinneáil a thabhairt ar aird os comhair na Cúirte nó an duine sin a scaoileadh as an gcoinneáil sin.


6. Comhdófar gach ordú coinníollach habeas corpus sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar é, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn forais (más ann), laistigh de dheich lá ó lá a fhógartha, mura lamhálfaidh an Chúirt tuilleadh ama, agus mura ndéanfar sin beidh an t-ordú coinníollach sin arna urscaoileadh.


7. Mura n-ordófar a mhalairt leis an ordú coinníollach, déanfar cúis a shuíomh laistigh de dheich lá tar éis an t-ordú sin a sheirbheáil.


8. I gcás ina suífear cúis, is le mionnscríbhinn a dhéanfar é. Luafar go comair sa mhionnscríbhinn, de bhreis ar na fíorais a dteisteofar ina dtaobh, na forais ar a mbeifear ag seasamh mar chúis. Comhdófar an mhionnscríbhinn sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar fógra faoin gcomhdú ar an iarratasóir nó ar a aturnae laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chun cúis a shuíomh.


9. (i) I gcás cúis a bheith suite mar a dúradh, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh ar an gCúirt, le foriarratas iar bhfógra, an t-ordú coinníollach a dhaingniú, go hiomlán nó go páirteach, d’ainneoin na cúise suite.


(ii) Seirbheálfar fógra faoin bhforiarratas sin ar an bpáirtí a mbeidh cúis á suíomh aige, nó ar a aturnae, laistigh de shé lá tar éis dó fógra faoin gcomhdú a sheirbheáil de bhun riail 8 nó, i gcás cúis a bheith suite ag níos mó ná páirtí amháin, ansin laistigh de shé lá tar éis an fógra deiridh de na fógraí sin a sheirbheáil, agus mura seirbheálfar an fógra foriarratais sin ar an bpáirtí sin, beidh sé i dteideal ordaithe i gcúrsa lena gceadófar an chúis shuite agus lena n-ordófar na costais a bheidh tabhaithe aige ag suíomh cúise dó a fhómhas agus go n-íocfaidh an t-iarratasóir iad.


10. I gcás nach mbeidh cúis suite sa tslí agus laistigh den tréimhse ama a dúradh, beidh an t-iarratasóir i dteideal, ar mhionnscríbhinn seirbheá la an ordaithe choinníollaigh maille le deimhniú á dheimhniú gan aon chúis a bheith suite a chomhdú, ordú taoibhe a fháil lena ndaingneofar an t-ordú coinníollach (mura mbeidh a mhalairt ordaithe leis an ordú coinníollach).


11. I gcás nach dtabharfar an corp ar aird, is le mionnscríbhinn a bheidh le déanamh ag an bpáirtí a mbeidh an t-ordú habeas corpus dírithe chuige a thabharfar freagra ar an ordú agus beidh cibé freagra iomlán inti is gá sna himthosca ar an líomhain á líomhain an duine a bheith faoi choinneáil.


12. Mura ngéillfidh an duine a mbeidh ordú habeas corpus dírithe chuige don ordú sin féadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, le mionnscríbhinn seirbheála agus neamhghéillte, ar astú mar gheall ar dhíspeagadh. Le linn saoire féadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar bharántas chun an duine a mbeidh díspeagadh déanta aige a ghabháil, lena thabhairt os comhair na Cúirte, le bannaí a chur air láithriú ag na chéad suíonna eile ina dhiaidh sin, le freagairt sa díspeagadh sin aige, nó lena chimiú chun príosúin d’uireasa bannaí.


13. Féadfar iarratas chun príosúnach a thabhairt i láthair chun fianaise a thabhairt in aon chúis nó ábhar, sibhialta nó coiriúil, os comhair aon Chúirte, a dhéanamh chun na Cúirte le mionnscríbhinn.


II. Astú mar gheall ar Dhíspeagadh.

14. Is le foriarratas ex parte a dhéanfar iarratas ar ordú astaithe mar gheall ar dhíspeagadh.

III. Bannaí.


15. (i) Is le foriarratas iar bhfógra don Phríomh-Aturnae Stáit, dar foras an mhionnscríbhinn ón iarratasóir, a dhéanfar iarratas ar bhannaí ó dhuine i gcoimeád.


(ii) Is é teideal a chuirfear ar imeachtaí:


AN ARD-CHÚIRT MAIDIR LE hIARRATAS AR BHANNAÍ
AN POBAL (AR AGRA AN STIÚRTHÓRA IONCHÚISEAMH POIBLÍ)

. V .

AR FEITHEAMH FAOI LÁTHAIR SA CHÚIRT

I

 

nó sa chéill chuí.


(iii) I gcás nach mbeidh aon aturnae ag iarratasóir, féadfaidh an Chúirt an riachtanas maidir le fógra foriarratais agus mionnscríbhinn a ligean thar ceal, agus ina ionad sin tabharfaidh sí gach ordachán cuí lena n-áirítear ordachán á ordú an t-iarratasóir a thabhairt os comhair na Cúirte ar dháta agus ag am a shonrófar, agus a dtabharfar fógra faoi don Phríomh-Aturnae Stáit, agus d’fhonn na hordacháin sin a thabhairt féadfaidh an Chúirt an t-iarratasóir a éisteacht.


(iv) Measfar, i gcás inar cuí, go bhfolaíonn tagairtí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí tagairtí don Ard-Aighne.

IV. Cúirtbhannaí.

16. Déanfar gach cúirtbhanna arna admháil ar dhíchur ordaithe, nó imeachta eile, nó chun go láithreoidh nó go bhfreagróidh aon pháirtí sa Chúirt, nó i leith dea-iompair, a tharchur chuig an bPríomh-Oifig agus a chomhdú inti, tar éis é a admháil.


17. Ní dhéanfar aon chúirtbhanna a fhorghéilleadh nó a eistréatadh gan ordú ón gCúirt. Déanfar fógra um iarratas ar aon ordú den sórt sin a sheirbheáil ar na páirtithe a mbeidh na cúirtbhannaí sin tugtha acu.


V. Athbhreithniú breithiúnach.

18. (i) Is trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, de réir fhorálacha an Ordaithe seo, a dhéanfar iarratas ar ordú certiorari, mandamus, toirmisc nó quo warranto.


(ii) Féadfar iarratas ar dhearbhú nó ar urghaire a dhéanamh trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, agus, ar iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, féadfaidh an Chúirt an dearbhú nó an urghaire a bheidh éilithe a dheonú má mheasann sí, ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(a) cineál na n-ábhar a bhféadfar faoiseamh a dheonú ina leith trí ordú mandamus, toirmisc, certiorari nó quo warranto,
(b) cineál na ndaoine agus na gcomhlachtaí a bhféadfar faoiseamh a dheonú ina gcoinne trí ordú den sórt sin, agus

(c) imthosca uile an cháis,


go mbeadh sé cóir caoithiúil an dearbhú nó an urghaire a dheonú ar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach.


19. Ar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach féadfar aon fhaoiseamh a luaitear i riail 18 (1) nó (2) a éileamh in ionad nó i dteannta aon fhaoisimh eile a luaitear amhlaidh má eascraíonn sé as an ábhar céanna, nó má bhaineann sé nó má tá sé bainteach leis an ábhar céanna, agus in aon chás féadfaidh an Chúirt aon fhaoiseamh a dheonú a luaitear i rialacha 18 (1) nó (2) a mheasfaidh sí a bheith cuí d’ainneoin nach mbeidh sé éilithe go sonrach.


20. (i) Ní dhéanfar aon iarratas ar athbhreithniú breithiúnach mura mbeidh cead faighte ón gCúirt de réir na rialach seo.


(ii) Déanfar iarratas ar an gcead sin le foriarratas ex parte dar foras—

(a) fógra i bhFoirm Uimh. 13 i bhFoscríbhinn T ina mbeidh ráiteas ina mbeidh na nithe seo a leanas:

(i) ainm, seoladh agus tuairisc an iarratasóra,
(ii) an faoiseamh a bheidh á lorg agus na forais ar a mbeidh sé á lorg,

(iii) ainm agus áit chláraithe ghnó aturnaetha (más ann) an iarratasóra, agus

(iv) seoladh an iarratasóra le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse (más é féin a bheidh ag gníomhú); agus


(b) mionnscríbhinn lena bhfíorófar na fíorais ar a mbeifear ag seasamh.

Is é teideal a chuirfear ar an mionnscríbhinn sin:—

AN ARD-CHÚIRT
ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

IDIR

A.B. ... Iarratasóir

agus

C.D. ... Freagróir

 

(iii) Féadfaidh an Chúirt a mbeidh iarratas ar chead á éisteacht aici a cheadú ráiteas an iarratasóra a leasú, cibé acu trí fhorais fhaoisimh éagsúla nó bhreise a shonrú nó ar shlí eile, ar cibé téarmaí, más ann, is cuí léi.


(iv) Ní dheonóidh an Chúirt cead mura measfaidh sí leorleas san ábhar lena mbainfidh an t-iarratas a bheith ag an iarratasóir.


(v) I gcás ina lorgófar cead chun ordú certiorari a iarraidh chun aon bhreithiúnas, ordú, ciontú nó imeacht eile a bheidh faoi réir achomhairc a dhíchur d’fhonn é a neamhniú, agus go mbeidh tréimhse ama ceaptha chun an t-achomharc a thionscnamh, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas ar chead a chur ar atráth go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó go mbeidh an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh caite.


(vi) Má dheonaíonn an Chúirt cead, féadfaidh sí cibé téarmaí i dtaobh costas is cuí léi a fhorchur agus féadfaidh sí gealltanas i dtaobh damáistí a éileamh.


(vii) I gcás ina ndéanfar cead a dheonú chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh, ansin—

(a) más ordú toirmisc nó certiorari an faoiseamh a bheidh á lorg agus go n-ordóidh an Chúirt amhlaidh, oibreoidh an deonú mar bhac ar na himeachtaí lena mbainfidh an t-iarratas go dtí go gcinnfear an t-iarratas nó go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt;
(b) má lorgaítear aon fhaoiseamh eile, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, cibé faoiseamh eatramhach a dheonú sna himeachtaí a d’fhéadfaí a dheonú i gcaingean a bheadh tionscanta le toghairm iomlánach.


21. (i) Is go pras a dhéanfar iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh agus, in aon chás, laistigh de thrí mhí ó dháta eascartha foras don iarratas a chéaduair, nó sé mhí i gcás inar certiorari an faoiseamh a bheidh á lorg, mura measfaidh an Chúirt cúis mhaith a bheith ann chun an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar an t-iarratas.


(ii) I gcás inar ordú certiorari i leith aon bhreithiúnais, ordaithe, ciontaithe nó imeachta eile an faoiseamh a bheidh á lorg, measfar gurb é dáta an bhreithiúnais, an ordaithe, an chiontaithe nó an imeachta sin dáta eascartha foras don iarratas a chéaduair.


(iii) Ní dochar na míreanna roimhe seo d’aon fhoráil reachtúil arb é is éifeacht di an tréimhse ama a theorannú ar laistigh di a fhéadfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.


22. (i) Is le fógra foriarratais tionscnaimh a dhéanfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach mura n-ordóidh an Chúirt gur le toghairm iomlánach a dhéanfar é.


(ii) Ní foláir an fógra foriarratais nó an toghairm a sheirbheáil ar gach duine dá ndéanfaidh sé nó sí difear go díreach agus i gcás ina mbainfidh sé nó sí le haon imeachtaí i gCúirt nó os comhair Cúirte agus gurb é cuspóir an iarratais iallach a chur ar an gCúirt nó ar oifigeach don Chúirt aon ghníomh a dhéanamh i ndáil leis na himeachtaí, nó iad a neamhniú nó aon ordú a bheidh déanta iontu a neamhniú, ní foláir an fógra nó an toghairm a sheirbheáil freisin ar Chléireach nó ar Chláraitheoir na Cúirte agus, i gcás ina mbeidh aon agóid le déanamh i gcoinne iompar an Bhreithimh, ar an gCléireach nó ar an gCláraitheoir thar ceann an Bhreithimh.


(iii) Ní foláir fógra foriarratais nó toghairm, de réir mar a bheidh, a sheirbheáil laistigh de 14 lá tar éis cead a dheonú, nó laistigh de cibé tréimhse eile a ordóidh an Chúirt. D’éagmais seirbheála laistigh den tréimhse ama sin rachaidh an bac ar imeachtaí dá dtagraítear i riail 20 (7) in eág. I gcás foriarratais iar bhfógra beidh sé le filleadh i gcomhair an chéad lae foriarratas a bheidh ar fáil tar éis 10 lá a bheith caite ó dháta a sheirbheála, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


(iv) Aon fhreagróir a mbeidh ar intinn aige cur i gcoinne an iarratais ar athbhreithniú breithiúnach trí fhoriarratas iar bhfógra comhdóidh sé ráiteas sa Phríomh-Oifig ina leagfar amach go comair na forais don chur i gcoinne sin agus, má táthar ag seasamh ar aon fhíorais ann, mionnscríbhinn ag fíorú na bhfíoras sin. Déanfaidh an freagróir sin cóip den ráiteas sin agus den mhionnscríbhinn sin (más ann) a sheirbheáil ar gach páirtí tráth nach déanaí ná seacht lá ó dháta seirbheála an fhógra foriarratais nó cibé tréimhse eile a ordóidh an Chúirt. Beidh ainm agus áit chláraithe ghnó aturnae (más ann) an fhreagróra ar áireamh sa ráiteas.


(v) Ní foláir mionnscríbhinn ina dtabharfar ainmneacha agus seoltaí gach duine ar a mbeidh an fó gra foriarratais nó an toghairm seirbheá ilte, maille leis na há iteanna ina mbeifear agus na dátaí ar a mbeifear tar éis é nó í a sheirbheáil orthu, a chomhdú sula n-éistfear an foriarratas nó an toghairm agus, más rud é nach mbeidh aon duine ba chóir a sheirbheáil faoin riail seo seirbheáilte, ní foláir é sin agus an chúis leis a lua sa mhionnscríbhinn; agus beidh an mhionnscríbhinn os comhair na Cúirte nuair a bheidh an foriarratas á éisteacht nó an toghairm á héisteacht.


(vi) Más rud é, nuair a bheidh an foriarratas á éisteacht nó an toghairm á héisteacht, gur dóigh leis an gCúirt nach mbeifear tar éis aon duine a sheirbheáil ba chóir, cibé acu faoin riail seo nó eile, a bheith seirbheáilte, féadfaidh an Chúirt an éisteacht a chur ar atráth ar cibé téarmaí (más ann) a ordóidh sí ionas go bhféadfar an fógra nó an toghairm a sheirbheáil ar an duine sin.


23. (i) Ní foláir cóip den ráiteas mar thaca le hiarratas ar chead faoi riail 20, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn fhíoraithe, a sheirbheáil leis an bhfógra foriarratais nó leis an toghairm agus, faoi réir mhír (2), ní sheasfar ar aon fhorais nó ní lorgófar aon fhaoiseamh ag an éisteacht ach amháin na forais agus an faoiseamh a bheidh leagtha amach sa ráiteas.


(ii) Fé adfaidh an Chúirt, nuair a bheidh an foriarratas á é isteacht nó an toghairm á hé isteacht, a cheadú don iarratasó ir nó don fhreagróir a ráiteas a leasú, cibé acu trí fhorais fhaoisimh, nó chuir i gcoinne, éagsúla nó bhreise a shonrú nó ar shlí eile, ar cibé téarmaí, más ann, is cuí léi agus féadfaidh sí a cheadú tuilleadh mionnscríbhinní a úsáid má dhéileálann siad le hábhair nua a bheidh ag teacht de mhionnscríbhinn aon pháirtí eile san iarratas.


(iii) I gcás ina mbeidh ar intinn ag an iarratasóir nó ag an bhfreagróir cead a iarraidh chun a ráiteas a leasú, nó chun tuilleadh mionnscríbhinní a úsáid, tabharfaidh sé fógra faoina mbeidh ar intinn aige agus faoi aon leasú beartaithe do gach páirtí eile.


24. (i) Ar iarratas a dhéanamh chuici ar athbhreithniú breithiú nach féadfaidh an Chúirt, faoi réir mhír (2), damáistí a dhámhachtain don iarratasóir más rud é—

(a) go mbeidh ar áireamh aige sa ráiteas mar thaca lena iarratas ar chead faoi riail 3 éileamh ar dhamáistí a bheidh ag teacht d’aon ábhar lena mbainfidh an t-iarratas, agus
(b) gur deimhin leis an gCúirt, dá mbeifí tar éis an t-éileamh a dhéanamh i gcaingean shibhialta i gcoinne aon fhreagróra nó aon fhreagróirí arna tionscnamh ag an iarratasóir tráth déanta a iarratais, go mbeadh damáistí dáfa dó.


(ii) Beidh feidhm ag Ordú 19, riail 5 agus riail 7, maidir le ráiteas a bhainfidh le héileamh ar dhamáistí faoi mar atá feidhm aige maidir le pléadáil.


25. (i) Féadfar aon iarratas idirbhreitheach a dhéanamh chun na Cúirte in imeachtaí i leith iarratais ar athbhreithniú breithiúnach. Sa riail seo folaíonn ‘‘iarratas idirbhreitheach’’ iarratas ar ordú faoi Ordú 31, nó Ordú 39, riail 1, nó ar ordú chun na himeachtaí a dhíbhe le toiliú na bpáirtithe.


(ii) I gcás inar ordú mandamus an faoiseamh a bheidh á lorg, nó ina mbeidh ordú mandamus ar áireamh ann, beidh an cleachtas agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Ordú 57 infheidhme sa mhéid gur féidir é sa chás.


26. (i) Nuair a bheidh aon fhoriarratas nó aon toghairm faoi riail 22 á éisteacht nó á héisteacht, aon duine ar mian leis go dtabharfaí éisteacht dó i gcoinne an fhoriarratais nó na toghairme, agus a ndealróidh sé don Chúirt gur duine cuí é le héisteacht a thabhairt dó, tabharfar éisteacht dó, d’ainneoin nach mbeidh fógra faoin bhforiarratas nó an toghairm seirbheáilte air.


(ii) I gcás inar ordú certiorari chun aon imeachtaí a dhíchur d’fhonn iad a neamhniú an faoiseamh a bheidh á lorg, nó ina mbeidh ordú certiorari chun na críche sin ar áireamh ann, ní fhéadfaidh an t-iarratasóir bailíocht aon ordaithe, barántais, cimithe, ciontaithe, ionchoisne nó taifid a cheistiú, mura rud é, roimh éisteacht an fhoriarratais nó na toghairme, go mbeidh cóip de, arna fíorú le mionnscríbhinn, taiscthe san Ard-Chúirt aige nó go dtabharfaidh sé cuntas chun sástacht na Cúirte a mbeidh an foriarratas á éisteacht nó an toghairm á héisteacht aici i leith a loicthe déanamh amhlaidh. Más gá, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaidh an duine a mbeidh ordú certiorari le díriú ina choinne taifead den bhreithiúnas, den chiontú nó den bhreith faoina mbeidh gearán déanta.


(iii) I gcás ina ndéanfar ordú certiorari in aon chás dá dtagraítear i mír (2), ordófar, faoi réir mhír (4), leis an ordú na himeachtaí a neamhniú láithreach ar iad a aistriú isteach san Ard-Chúirt.


(iv) I gcás inar ordú certiorari an faoiseamh a bheidh á lorg agus gur deimhin leis an gCúirt forais a bheith ann chun an bhreith lena mbainfidh an t-iarratas a neamhniú, féadfaidh an Chúirt, i dteannta í a neamhniú, an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte, an bhinse nó an údaráis lena mbainfidh, le hordachán á ordú é a athbhreithniú agus teacht ar bhreith de réir chinntí na Cúirte.


(v) I gcás inar dearbhú, urghaire nó damáistí an faoiseamh a bheidh á lorg agus go mbreithneoidh an Chúirt nach ceart é a dheonú ar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ach go bhféadfadh sé go mbeadh sé deonaithe dá mba rud é go mbeifí tar éis é a lorg i gcaingean shibhialta, i gcoinne aon fhreagróra nó aon fhreagróirí, arna tionscnamh le toghairm iomlá nach ag an iarratasó ir trá th dé anta a iarratais, fé adfaidh an Chúirt, in ionad an t-iarratas a dhiúltú, a ordú leanúint de na himeachtáý amhail is dá mbeifí tar é is iad a thionscnamh le toghairm iomlánach.


(vi) I gcás inar ordú mandamus an faoiseamh a bheidh á lorg nó ina mbeidh ordú mandamus ar áireamh ann, ní rachaidh na himeachtaí ar ceal de bhíthin an freagróir d’fháil bháis, d’éirí as oifig nó do chur as oifig ach féadfar, le hordú ón gCúirt, leanúint díobh agus iad a sheoladh ina ainm nó in ainm chomharba oifige an duine sin nó a chomharba le ceart.


(vii) Ag aon chéim d’imeachtaí i dtoirmeasc, nó de chineál quo warranto, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon pháirtí nó ar fhoriarratas uaithi féin, éisteacht iomlánach a ordú, fara cibé ordacháin i dtaobh pléadálacha, follasaithe nó eile is cuí, agus air sin déanfar gach imeacht eile a stiúradh amhail i gcaingean arna tionscnamh le toghairm iomlánach agus féadfaidh an Chúirt cibé breithiúnas a thabhairt agus cibé ordú a dhéanamh amhail is dá mba éisteacht iarratais ar dhaingniú ordaithe choinníollaigh chun cúis a shuíomh í an triail.


27. Úsáidfear na foirmeacha i bhFoscríbhinn T sna himeachtaí uile faoin Ordú seo.