Ordú 18

Cúiseanna caingne a uamadh

1. Faoi réir rialacha an Ordaithe seo, féadfaidh an gearánaí cúiseanna leithleacha caingne a aontú sa chaingean chéanna; ach má dhealraíonn sé don Chúirt nach féidir aon chúiseanna caingne den sórt sin a thriail nó a chur de láimh le chéile go caoithiúil, féadfaidh an Chúirt a ordú trialacha ar leithligh a bheith ann i gcás aon chúiseanna caingne díobh sin, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun aon chúiseanna caingne díobh a chur de láimh ar leithligh.

2. Ní dhéanfar, gan cead chuige sin a fháil ón gCúirt, aon chúis chaingne a uamadh le caingean chun talamh a aisghabháil, ach amháin éilimh i leith foghailbhrabús nó riaráiste cíosa nó cíosa dhúbailte i leith an áitribh a mbeidh éileamh á dhéanamh ina leith, nó i leith aon choda de, agus i leith damáistí mar gheall ar shárú aon chonartha a mbeidh an céanna, nó aon chuid de, ar teachtadh faoi, nó mar gheall ar aon éagóir nó díobháil don áitreabh a mbeidh éileamh á dhéanamh ina leith. Ar an gcoinníoll nach gcuirfidh aon ní atá san Ordú seo cosc ar aon ghearánaí i gcaingean le haghaidh fuascailte ordú a iarraidh, nó a fháil, i gcoinne an chosantóra chun seilbh ar an maoin mhorgáistithe a thabhairt suas don ghearánaí, ar an ordú daingean le haghaidh fuascailte nó dá éis, agus nach measfar gur caingean chun talamh a aisghabháil de réir bhrí na Rialacha seo caingean den sórt sin le haghaidh fuascailte agus chun seilbh a thabhairt suas amhlaidh.

3. Ní dhéanfar éilimh ó shannaí nó ó iontaobhaí i bhféimheacht, sa cháil sin, a uamadh le haon éileamh uaidh in aon cháil eile gan cead chuige sin a fháil ón gCúirt.

4. Féadfar éilimh ó fhearchéile agus ó bhanchéile, nó ina gcoinne, a uamadh le héilimh ó cheachtar acu nó i gcoinne ceachtar acu ar leithligh.

5. Féadfar éilimh ó sheiceadóir nó ó riarthóir, nó ina choinne, sa cháil sin, a uamadh le héilimh arna ndéanamh aige nó ina choinne go pearsanta, ar an gcoinníoll go líomhnófar na héilimh is deireanaí a luaitear do theacht ann i ndáil leis an eastát a mbeidh an gearánaí nó an cosantóir ag agairt nó á agairt mar sheiceadóir nó riarthóir ina leith.

6. Féadfar éilimh arna ndéanamh ag gearánaithe i gcomhpháirt a uamadh le héilimh arna ndéanamh acu, nó ag aon duine díobh, ar leithligh, i gcoinne an chosantóra chéanna.

7. Beidh rialacha 4, 5 agus 6 faoi réir rialacha 1, 8 agus 9.

8. Aon chosantóir a líomhnóidh cúiseanna caingne leithleacha nach féidir a chur de láimh le chéile go caoithiúil a bheith aontaithe sa chaingean chéanna ag an ngearánaí, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar an gCúirt tráth ar bith lena dteorannófar an chaingean do cibé cinn de na cúiseanna caingne a fhéadfar a chur de láimh le chéile go caoithiúil.

9. Más rud é, nuair a bheidh iarratas mar a luaitear i riail 8 á éisteacht, go ndealróidh sé don Chúirt gur cúiseanna caingne iad na cúiseanna caingne sin nach féidir iad go léir a chur de láimh le chéile go caoithiúil, féadfaidh sí a ordú aon chúiseanna caingne de na cúiseanna caingne sin a fhágáil as an áireamh, agus leasuithe iarmhartacha a dhéanamh, agus féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh i dtaobh costas is cóir.