Ordú 35

Saincheisteanna fíorais gan phléadálacha

1. Nuair a bheidh na páirtithe i gcúis nó in ábhar comhaontaithe i dtaobh na gceisteanna fíorais a bheidh le breithniú eatarthu, féadfaidh siad, tar éis an toghairm a eisiúint agus sula dtabharfar breithiúnas, le toiliú na Cúirte agus le hordú uaithi, dul ar aghaidh agus aon cheisteanna fíorais den sórt sin a thriail gan pléadálacha foirmiúla; agus féadfar na ceisteanna sin a shonrú lena dtriail i saincheist i bhFoirm Uimh. 17 i bhFoscríbhinn C, agus féadfar an tsaincheist sin a thaifeadadh le haghadh trialach agus í a thriail sa tslí chéanna le haon saincheist a d’uamfaí i ngnáthchaingean, agus beidh na himeachtaí faoi rialú agus faoi dhlínse na Cúirte, sa tslí chéanna leis na himeachtaí i gcaingean.

2. Féadfaidh an Chúirt, le toiliú na bpáirtithe, a ordú go n-íocfaidh páirtí amháin de na páirtithe leis an bpáirtí eile díobh, ar chinneadh dearfa nó diúltach a dhéanamh ar shaincheist mar a luaitear i riail 1, suim airgid, arna socrú ag na páirtithe, nó a bheidh le fionnadh ar cheist a chuirfear isteach sa tsaincheist chuige sin, le costais na cúise nó an ábhair nó gan na costais sin.

3. Ar aon saincheist den sórt a luaitear i riail 1 a chinneadh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh na suime a bheidh comhaontaithe amhlaidh nó fionnta mar atá ráite thuas, le costais nó gan chostais, de réir mar a bheidh, agus féadfar forghníomhú a eisiúint láithreach ar an mbreithiúnas sin, mura gcomhaontófar a mhalairt, nó mura n-ordóidh an Chúirt bac ar fhorghníomhú in oirchill achomhairc.

4. Féadfar na himeachtaí ar shaincheist mar a luaitear i riail 1 a thaifeadadh ar thionscnamh ceachtar páirtí, agus beidh an éifeacht chéanna ag an mbreithiúnas, cibé acu a thaifeadfar nó nach dtaifeadfar é iarbhír, a bheadh ag aon bhreithiúnas eile i gcaingean chonspóidte.