Ordú 5

Toghairmeacha agus achainíocha a eisiúint

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo.

 

 

 

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, is ón bPríomh-Oifig a eiseofar gach toghairm thionscnaimh.


2. Is é an gearánaí nó a aturnae a ullmhóidh toghairmeacha tionscnaimh, agus déanfar iad a scríobh nó a chló, nó a scríobh go páirteach agus a chló go páirteach, ar pháipéar den tuairisc chéanna a ordaítear leis na Rialacha seo i gcás imeachtaí a ordaítear a chló.

3. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo, ní dhéanfar aon toghairm thionscnaimh a shannadh d’aon Bhreitheamh tráth a heisiúna.

4. Faoi réir na cumhachta chun aistriú a dhéanamh, déanfar na toghairmeacha tionscnaimh seo a leanas a shannadh, tráth a n-eisiúna, do cibé Breitheamh nó Breithiúna a shannfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile chun na toghairmeacha tionscnaimh sin a éisteacht:—

(i) Gach toghairm speisialta a bhainfidh le haon aicme áirithe éilimh.
(ii) Gach toghairm thionscnaimh a bhainfidh le haon ábhar díobh seo a leanas:—

 

(a) eastáit daoine éagtha a riaradh;

(b) comhpháirtíocht a dhíscaoileadh nó cuntais chomhpháirtíochta nó cuntais eile a thógáil;

(c) morgáistí a fhuascailt nó a fhoriamh;

(d) clannchodanna nó muirir eile ar thalamh a thógáil;

(e) na fáltais as maoin faoi aon lian nó muirear a dhíol agus a imdháileadh;

(f) iontaobhais, carthanúil nó príobháideach, a fhorghníomhú;

(g) gníomhais nó ionstraimí scríofa eile a cheartú nó a chur ar ceal nó a chealú;

(h) sainchomhlíonadh conarthaí idir díoltóirí agus ceannaitheoirí talún, lena n-áirítear conarthaí i gcomhair léasanna, maille le sainchomhlíonadh aon chonarthaí eile a ndéanfadh an Chúirt comhlíonadh a fhoraithint ina leith;

(i) eastáit réadacha, lena n-áirítear airnéisí réadacha, a idir-roinnt nó a dhíol;

(j) aon ábhair eile a bhí tráth faoi dhlínse eisiach na Cúirte Seansaireachta a bhí ann tráth, nó na Roinne Seansaireachta a bhí ann tráth den Chúirt Uachtarach Bhreithiúnais a bhí ann tráth, nó aon Bhreithimh nó Breithiúna díobhsan (seachas (i) coimircíocht naíon agus cúram eastát naíon nó (ii) ábhair arbh í Cúirt na nEastát Talún a bhí ann tráth go heisiach a dhéanadh iad a thriail tráth).

(iii) Gach toghairm thionscnaimh a bhainfidh le cibé ábhar nó ábhair eile a shonróidh Rialacha Cúirte ó thráth go chéile.


5. I gcás aon toghairme tionscnaimh a thiocfaidh faoi riail 4, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach a mbeidh an toghairm a heisiúint aige an toghairm a mharcáil agus a shannadh don Bhreitheamh a bheidh sannta mar atá luaite sa riail sin nó (má tá níos mó ná Breitheamh amháin sannta amhlaidh) do na Breithiúna a bheidh sannta amhlaidh de réir uainíochta. Déanfaidh an Máistir aon chás a mbeidh amhras nó deacracht ann a chinneadh agus beidh sannadh nó neamhshannadh aon toghairme tráth a heisiú na gan dochar do chumhacht an Mháistir an sannadh nó an neamhshannadh sin a athrú.
6. I gcás ina mbeidh toghairm thionscnaimh sannta amhlaidh faoi rialacha 4 agus 5 do Bhreitheamh áirithe, nó éiste (cibé acu í a bheith sannta nó gan a bheith sannta) ag Breitheamh áirithe, déanfaidh an t-oifigeach cuí, cibé uair is indéanta é, ainm an Bhreithimh sin a mharcáil ar gach toghairm, fógra foriarratais nó achainí ina dhiaidh sin a bhainfidh leis an ábhar céanna, nó a bheidh chomh bainteach sin leis gur den chaoithiúlacht é an Breitheamh céanna a bheith ag déileáil léi nó leis, agus déanfaidh an páirtí nó an t-aturnae a mbeidh an toghairm, an fógra foriarratais nó an achainí sin á tíolacadh nó á thíolacadh aige, más eol dó an bhaint nó an ceangal sin a bheith ann, é sin a dheimhniú. Is i bhFoirm Uimh. 5 i bhFoscríýbhinn A, Cuid I, a bheidh an deimhniú sin; agus déanfaidh an Cláraitheoir don Bhreitheamh dá mbeidh an toghairm thionscnaimh sin sannta nó ag a mbeidh an toghairm thionscnaimh sin éiste, de réir mar a bheidh, an deimhniú sin a chomhshíýniú.

7. Beidh leabhair sa Phríomh-Oifig dá ngairfear Leabhair na gCúiseanna ina dtaifeadfar na himeachta uile a thionscnófar le toghairm thionscnaimh, arna heisiúint ón bPríomh-Oifig. Taifeadfar gach toghairm go comhleanúnach in ord a heisiúna agus déanfar í a dhealú le dáta na bliana agus le huimhir in ord comhleanúnach ag tosú ar an gcéad lá d’Eanáir gach bliain, le litir aitheantais nó comhartha eile, nó gan litir nó comhartha; agus is é an dáta agus an uimhir sin, mar aon leis an gcomhartha nó an litir aitheantais (más ann), a bheidh mar uimhir thaifid an imeachta.

8. Is é lá a heisiúna an dáta a bheidh ar gach toghairm thionscnaimh agus déanfar í a fhíordheimhniú in ainm an Phríomh-Bhreithimh nó, má tá oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh, in ainm Uachtarán na hArd-Chúirte, agus déanfar í a shéalú le séala na hArd-Chúirte.

9. Déanfaidh an t-oifigeach cuí gach toghairm thionscnaimh a shéalú agus marcálfaidh sé an uimhir thaifid uirthi, agus air sin measfar í a bheith eisithe. Ní sheirbheálfar aon toghairm thionscnaimh go dtí go mbeidh sí séalaithe agus marcáilte amhlaidh.

10. Déanfar dúblach amháin nó níos mó de gach toghairm thionscnaimh a shéalú agus a mharcáil amhlaidh ar an ngearánaí nó a aturnae dá iarraidh sin.

11. Déanfaidh an gearánaí nó an páirtí eile nó a aturnae, ar thoghairm thionscnaimh a thíolacadh lena séalú , cóip, scríofa nó clóite, nó scríofa go páirteach agus clóite go páirteach, ar pháipéar den tuairisc réamhráite, den toghairm sin agus na formhuinithe go léir uirthi, a fhágáil ag an oifigeach cúý, agus déanfaidh an t-aturnae a mbeidh an chóip sin á fágáil aige, nó an gearánaí féin má tá sé ag agairt i bpearsa, an céanna a shíniú.

12. Cuirfidh an t-oifigeach a mbeidh an chóip den toghairm á glacadh aige de bhun riail 11 faoi deara go marcálfar an uimhir thaifid uirthi agus go ndéanfar í a chomhdú agus cuirfidh sé faoi deara freisin go dtaifeadfar a sonraí sin i Leabhar cuí na gCúiseanna mar a fhoráiltear anseo roimhe seo.

13. Sula n-eiseofar toghairm in imeachtaí probháide comhdófar mionnscríbhinn arna déanamh ag an ngearánaí nó ag duine de na gearánaithe mar fhíorú ar an bhformhuiniú ar an toghairm. Ar an toghairm a eisiúint taiscfidh an gearánaí san Oifig Phrobháide, mura mbeidh sin déanta aige cheana féin, caveat dar teideal maidir le heastát an duine éagtha.

14. Ní eiseofar aon toghairm a bheidh le seirbheail lasmuigh den dlínse, nó a mbeidh fógra fúithi le tabhairt lasmuigh den dlínse, gan cead ón gCúirt.

15. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, déanfar gach achainí chun na Cúirte a thíolacadh trína fágáil ag an oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig. Faoina réir sin, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den Ordú seo maidir le hachainí sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le toghairm thionscnaimh, agus déanfar tagairtí san Ordú seo do ‘‘toghairm thionscnaimh’’ agus ‘‘gearánaí’’ a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ‘‘achainí’’ agus ‘‘achainíoch’’ faoi seach.

16. Ag bun gach achainí a thíolacfar don Chúirt, agus ag bun gach cóipe di, tabharfar ráiteas i dtaobh na ndaoine, más ann, a mbeifear ar intinn í a sheirbheáil orthu, agus mura mbeifear ar intinn í a sheirbheáil ar aon duine tabharfar ráiteas sa chéill sin ag bun na hachainí agus ag bun gach cóipe di.

17. Mura dtabharfaidh an Chúirt cead dá mhalairt ní foláir dhá lá glan ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála achainí agus an lá chun í a éisteacht.

 

Leasuithe

I.R. Uimh.14 de 1989: Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

I.R. Uimh. 506 de 2005 : Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

I.R. Uimh. 149 de 2010: Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

I.R. Uimh. 9 de 2016: Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

I.R. Uimh. 404 de 2017: Rialacha na nUaschúirteanna (Orduithe 5 agus 84 (Leasú)) 2017
1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é Rialacha na nUaschúirteanna (Orduithe 5 agus 84 (Leasú)), 2017, is teideal dóibh, i ngníomh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 2017.
(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna.
(3) Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 2017, is teideal do Rialacha na nUaschúirteanna arna leasú leis na Rialacha seo
2. Leasaítear Ordú 5 de Rialacha na nUaschúirteanna trí “Uachtarán na Cúirte Achomhairc” a chur in ionad “Uachtarán na hArd-Chúirte” i riail 8.

.....