Ordú 75C

An tAcht um Chúiteamh dInfheisteoirí : I.R. Uimh. 270 de 2001

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Chúiteamh d’Infheisteoirí, 1998;

beidh le “Riarthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 2(1) den Acht;

ciallaíonn “an tÚdarás Maoirseachta" an tÚdarás Maoirseachta dá dtagraítear in alt 8(1) den Acht;

2. Is trí thoghairm speisialta a thionscnófar iarratas chun na Cúirte de bhun alt 26 nó alt 28(1) nó (5), nó alt 33(4), nó achomharc chun na Cúirte de bhun alt 31(2) nó alt 35(7). I gcás achomhairc arna thionscnamh de bhun alt 35(7) nó i gcás iarratais arna thionscnamh de bhun alt 28(5), déanfar an t-achomharc nó an t-iarratas sin a thionscnamh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an ordacháin nó an diúltaithe nó na tairisceana íocaíochta, de réir mar a bheidh. Is é “Maidir leis an Acht um Chúiteamh d’Infheisteoirí, 1998” agus Maidir leis an alt iomchuí den Acht sin, an teideal a bheidh ar an toghairm speisialta, ar iarratas ón duine a thionscnóidh an t-iarratas nó an t-achomharc agus luafar inti go beacht an t-ordachán nó an cinneadh nó an diúltú ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas nó an t-achomharc a thionscnamh agus cineál an fhaoisimh a bheidh á lorg ón gCúirt.

3. Is í mionnscríbhinn an duine a thionscnóidh an t-iarratas nó an t-achomharc a bheidh mar fhoras leis an toghairm speisialta. Déanfar an toghairm agus an mhionnscríbhinn a sheirbheáil ar na páirtithe go léir is gá.

4. Déanfaidh an Chúirt achomharc a dhéanfar nó iarratas a thionscnófar de bhun an Achta a éisteacht agus a chinneadh ar mhionnscríbhinn mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt maidir le fianaise bhéil a thabhairt is dealraitheach a bheith cuí sna himthosca.

5. I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta iarratas chun na Cúirte ar ordú lena ndéanfar ordachán a dhaingniú, déanfar an méid seo a leanas sa mhionnscríbhinn forais:—

(a) i gcás gur tugadh an t-ordachán i scríbhinn, foilseánfar an t-ordachán sin inti;

(b) i gcás nár tugadh an t-ordachán i scríbhinn, déanfar cineál an ordacháin a bheidh tugtha a thuairisciú go beacht inti;

(c) luafar inti an bonn ar dá réir a tháinig an tÚdarás Maoirseachta ar an tuairim nach bhfuil an t-ordachán a bheidh tugtha faoi alt 27 den Acht á chomhlíonadh;

(d) sonrófar inti an faoiseamh atá á lorg ón gCúirt chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán.

6. I gcás go ndéanfaidh riarthóir iarratas chun na Cúirte de bhun alt 33(4), déanfar an méid seo a leanas sa mhionnscríbhinn forais:—

(a) sonrófar inti cineál na ceiste a ardófar i ndáil lena fheidhm nó lena feidhm faoin Acht ar ina leith a bheidh gá ag an riarthóir le hordacháin;

(b) sonrófar inti an gníomh atá beartaithe ag an riarthóir;

(c) foilseánfar an doiciméadacht iomchuí go léir inti, lena n-áirítear aon ráiteas nó ráiteas eatramhach a bhaineann le híocaíochtaí cúitimh a bheartaítear a dhéanamh le hinfheisteoirí incháilithe.

7. I gcás go dtionscnóidh gnólacht infheistíochta achomharc de bhun alt 31(2) d’Acht 1998 i gcoinne cinnidh a bheidh beartaithe ag an Údarás Maoirseachta, déanfar an t-achomharc sin a thionscnamh laistigh de thrí seachtaine ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin gcinneadh atá beartaithe. Maidir leis an mionnscríbhinn forais i ndáil le haon achomharc den sórt sin:—

(a) foilseánfar inti cóip den doiciméad ina dtabharfar fógra don ghnólacht infheistíochta faoin gcinneadh atá beartaithe;

(b) sonrófar inti foras achomhairc an ghnólachta infheistíochta i ndáil leis an gcinneadh atá beartaithe.

8. I gcás go ndéanfaidh cliant gnólachta infheistíochta achomharc a thionscnamh, de bhun alt 35(7), i gcoinne aon diúltaithe íocaíocht a dhéanamh faoi alt 34 nó i gcoinne mhéid aon íocaíochta arna déanamh faoin alt sin, sonrófar sa mhionnscríbhinn forais na forais ar a líomhnaítear go bhfuil an diúltú sin nó an íocaíocht bheartaithe sin éagórach nó neamhdhóthanach, de réir mar a bheidh.