Ordú 31

Agarcheisteanna, follasú agus iniúchadh

1. In aon chúis nó ábhar ina lorgófar faoiseamh mar dhamáistí nó eile ar fhoras calaoise nó sáraithe iontaobhais, féadfaidh an gearánaí, tráth ar bith tar éis a ráiteas éilimh a sheachadadh, agus féadfaidh cosantóir, tráth seachadta nó tar éis thráth seachadta a chosanta, gan aon ordú chun na críche sin, agus i ngach cúis nó ábhar eile féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gCúirt, ar cibé téarmaí i dtaobh urrúis i leith costas nó eile a ordóidh an Chúirt, agarcheisteanna a sheachadadh i scríbhinn chun na páirtithe freasúracha, nó aon pháirtí amháin nó níos mó de na páirtithe sin, a cheistiú agus nuair a sheachadfar na hagarcheisteanna sin beidh nóta ag a mbun ina luafar cad iad na hagarcheisteanna díobh sin a gceanglófar ar gach duine de na daoine sin iad a fhreagairt: ar an gcoinníoll nach seachadfaidh aon pháirtí níos mó ná sraith amháin agarcheisteanna ar an bpáirtí céanna gan ordú chuige sin; ar an gcoinníoll, freisin, go measfar gur agarcheisteanna neamhábhartha agarcheisteanna nach mbainfidh le haon ábhair a bheidh i gceist sa chúis nó san ábhar, d’ainneoin go bhféadfaidís a bheith inghlactha agus finné á chroscheistiú ó bhéal.

2. Seachadfar cóip de na hagarcheisteanna a bheartófar a sheachadadh i dteannta an fhógra um iarratas ar chead chun iad a sheachadadh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus cuirfear na hagarcheisteanna áirithe a mbeifear ag iarraidh iad a sheachadadh faoi bhráid na Cúirte agus breithneoidh sí iad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarratas sin, cuirfidh an Chúirt i gcuntas aon tairiscint a bheidh déanta ag an bpáirtí a mbeifear ag iarraidh é a agarcheistiú, chun sonraí a sheachadadh, nó admhálacha a dhéanamh, nó doiciméid a thabhairt ar aird, a bhainfidh le haon ábhar a bheidh faoi cheist. Ní thabharfar cead ach amháin i dtaobh na n-agarcheisteanna sin a mheasfar a bheith riachtanach chun an chúis nó an t-ábhar a chur de láimh go cóir nó chun costais a shábháil.

3. Nuair a bheidh costais na cúise nó an ábhair á gcoigeartú, déanfar fiosrúchán, ar thionscnamh aon pháirtí, ar chuibheas na hagarcheisteanna sin a fhoilseánú, agus más é tuairim an Mháistir Fómhais nó na Cúirte, le hiarratas ar fhiosrúchán nó gan aon iarratas, na hagarcheisteanna sin a bheith foilseánaithe go neamhréasúnach, go cráiteach, nó go míchuí ó thaobh faid, is é an páirtí ar a mbeidh locht a íocfaidh in aon chás na costais a bheidh tagtha de na hagarcheisteanna sin agus na freagraí orthu.

4. Is i bhFoirm Uimh. 8 i bhFoscríbhinn C a bheidh na hagarcheisteanna.

5. Más comhlacht corpraithe nó cuideachta chomhstoic, cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe, nó aon chomhlacht eile daoine, arna chumhachtú nó arna cumhachtú de réir dlí chun agairt nó chun bheith inagartha, ina ainm féin nó ina hainm féin, nó in ainm aon oifigigh nó aon duine eile, a bheidh in aon pháirtí i gcúis nó in ábhar, féadfaidh aon pháirtí freasúrach ordú a iarraidh á cheadú dó agarcheisteanna a sheachadadh ar aon chomhalta den chorparáid, den chuideachta nó den chomhlacht sin, nó ar aon oifigeach di nó dó, agus féadfar ordú a dhéanamh dá réir sin.

6. Aon agóid i gcoinne agarcheist amháin nó níos mó d’agarcheisteanna leithleacha a fhreagairt ar an bhforas an agarcheist nó na hagarcheisteanna a bheith scannalach nó neamhábhartha, nó gan a bheith bona fide chun críche na cúise nó an ábhair, nó na hábhair a mbeidh fiosrúchán déanta orthu gan a bheith sách ábhartha ag an gcéim sin, nó ar aon fhoras eile, féadfar í a dhéanamh sa mhionnscríbhinn mar fhreagra.

7. Féadfar aon agarcheisteanna a chur ar ceal ar an bhforas iad a bheith foilseánaithe go neamhréasúnach nó go cráiteach, nó a scriosadh amach ar an bhforas iad a bheith fadálach, leatromach, neamhriachtanach nó scannalach: agus féadfar aon iarratas chun na críche sin a dhéanamh laistigh de sheacht lá tar éis na hagarcheisteanna a sheirbheáil.

8. Déanfar agarcheisteanna a fhreagairt le mionnscríbhinn a chomhdófar laistigh de dheich lá, nó laistigh de cibé tréimhse eile ama a lamhálfaidh an Chúirt.

9. Is i bhFoirm Uimh. 9 i bhFoscríbhinn C a bheidh mionnscríbhinn mar fhreagra ar agarcheisteanna.

10. Ní chuirfear i gcoinne aon mhionnscríbhinne mar fhreagra ach déanfaidh an Chúirt, le foriarratas, cinneadh maidir le dóthanacht nó eile aon mhionnscríbhinne den sórt sin a mbeidh d’agóid déanta ina coinne nach leor í mar mhionnscríbhinn.

11. Mura bhfreagróidh aon duine a agarcheisteofar nó mura dtabharfaidh sé leorfhreagra, féadfaidh an páirtí a bheidh ag agarcheistiú ordú a iarraidh ar an gCúirt á cheangal air freagra a thabhairt, nó freagra thar an bhfreagra a bheidh tugtha a thabhairt, de réir mar a bheidh; agus féadfar ordú a dhéanamh á cheangal air freagra a thabhairt nó freagra thar an bhfreagra a bheidh tugtha a thabhairt, le mionnscríbhinn nó trí cheistiú viva voce, de réir mar a ordóidh an Chúirt.

12. (i) Féadfaidh páirtí ar bith, gan aon mhionnscríbhinn a chomhdú, ordú a iarraidh ar an gCúirt á ordú d’aon pháirtí eile in aon chúis nó ábhar follasú faoi mhionn a dhéanamh ar na doiciméid a bheidh, nó a bheidh tar éis a bheith, ina sheilbh nó faoina chumhacht agus a bhainfidh le haon ábhar a bheidh faoi cheist san imeacht. Nuair a bheidh an t-iarratas sin á éisteacht féadfaidh an Chúirt é a dhiúltú nó é a chur ar atráth, más deimhin léi nach gá an follasú sin, nó nach gá é ag an gcéim sin den chúis nó den ábhar, nó féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh ar cibé téarma i dtaobh urrúis i leith chostais an fhollasaithe nó eile, agus go ginearálta nó teoranta d’aicmí áirithe doiciméad, a mheasfar is cuí.

(ii) Ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, féadfaidh an Chúirt, in ionad a ordú mionnscríbhinn doiciméad a chomhdú, a ordú don pháirtí a mbeidh an follasú iarrtha air liosta de na doiciméid a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina chumhacht, nó tar éis bheith ina sheilbh, ina choimeád nó faoina chumhacht, agus a bhainfidh leis na hábhair a bheidh faoi cheist, a sheachadadh ar an bpáirtí freasúrach. Leanfaidh an liosta sin, a oiread agus is féidir sin, foirm na mionnscríbhinne a fhorordaítear i riail 13. Má ordaítear an liosta sin a sheachadadh ní choiscfidh sin an Chúirt ar a ordú ina dhiaidh sin mionnscríbhinn doiciméad a dhéanamh agus a chomhdú.

(iii) Ní dhéanfar ordú faoin riail seo más é, agus a mhéid arb é, tuairim na Cúirte nach gá é chun an chúis nó an t-ábhar a chur de láimh go cóir nó chun costais a shábháil.

13. Sa mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh ag páirtí a mbeidh an t-ordú sin a luaitear i riail 12 (1) déanta ina choinne, sonrófar cé acu de na doiciméid sin, más aon cheann é, a bheidh luaite san ordú sin a mbeidh sé ag cur i gcoinne é nó iad a thabhairt ar aird, agus is i bhFoirm Uimh. 10 i bhFoscríbhinn C a bheidh an mhionnscríbhinn sin.

14. Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith le linn d’aon chúis nó ábhar a bheith ar feitheamh, a ordú do pháirtí ar bith sa chúis nó san ábhar, cibé cinn is ceart leis an gCúirt de na doiciméid a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht agus a bhainfidh le hábhar ar bith a bheidh faoi cheist sa chúis nó san ábhar sin a thabhairt ar aird, faoi mhionn; agus féadfaidh an Chúirt déileáil leis na doiciméid sin, nuair a thabharfar ar aird iad, ar cibé modh a dhealróidh a bheith cóir.

15. Beidh gach páirtí i gcúis nó in ábhar i dteideal, tráth ar bith, le fógra i scríbhinn, fógra a thabhairt d’aon pháirtí eile a mbeidh tagairt déanta d’aon doiciméad ina phléadálacha nó ina mhionnscríbhinn nó ina liosta doiciméad, á fhógairt air an doiciméad sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an bpáirtí a mbeidh an fógra sin á thabhairt aige, nó ag a aturnae, agus cead a thabhairt cóipeanna a dhéanamh de; agus aon pháirtí nach ndéanfaidh de réir an fhógra sin ní bheidh de chead aige ina dhiaidh sin aon doiciméid den sórt sin a chur i bhfianaise thar a cheann féin sa chúis nó san ábhar sin, mura sásóidh sé an Chúirt gan baint a bheith ag an doiciméad sin ach lena theideal féin, agus eisean ina chosantóir sa chúis nó san ábhar, nó cúis nó leithscéal éigin eile a bheith aige is leor leis an gCúirt chun gan déanamh de réir an fhógra sin; agus sa chás sin féadfaidh an Chúirt a cheadú an doiciméad sin nó na doiciméid sin a chur i bhfianaise ar cibé téarmaí maidir le costais agus eile is cuí leis an gCúirt.

16. Is i bhFoirm Uimh. 11 i bhFoscríbhinn C a bheidh fógra d’aon pháirtí aon doiciméid a mbeidh tagairt déanta dóibh ina phléadálacha nó ina mhionnscríbhinn nó ina liosta doiciméad a thabhairt ar aird.

17. Déanfaidh an páirtí a dtabharfar an fógra sin dó, laistigh de dhá lá ó dháta faighte an fhógra sin, más rud é go mbeidh na doiciméid go léir a mbeidh tagairt déanta dóibh ann leagtha amach aige sa mhionnscríbhinn nó sa liosta sin a luaitear i riail 13, nó más rud é go mbeidh aon cheann de na doiciméid a mbeidh tagairt déanta dóibh san fhógra sin leagtha amach aige in aon mhionnscríbhinn nó liosta den sórt sin, ansin, laistigh de cheithre lá ó dháta faighte an fhógra sin, fógra a sheachadadh ar an bpáirtí a mbeidh an céanna á thabhairt aige ina luafar tráth, laistigh de thrí lá ó dháta a sheachadta, a bhféadfar na doiciméid, nó cibé doiciméad nó doiciméid díobh nach mbeidh sé ag cur i gcoinne é nó iad a thabhairt ar aird, a iniúchadh in oifig a aturnae, nó i gcás leabhar baincéirí nó leabhar cuntais eile, nó i gcás leabhar a bheidh á n-úsáid de shíor chun críocha aon trádála nó gnó, in áit a gcoimeádta de ghnáth, agus ina luafar cé acu ceann nó cinn (más aon cheann é) de na doiciméid a mbeidh sé ag cur i gcoinne é nó iad a thabhairt ar aird, agus cén foras ar a mbeifear ag cur i gcoinne é nó iad a thabhairt ar aird. Is i bhFoirm Uimh. 12 i bhFoscríbhinn C a bheidh an fógra sin.

18. (i) Mura dtabharfaidh an páirtí a mbeidh fógra faoi riail 15 seirbheáilte air an fógra sin faoin tráth le haghaidh an iniúchta, nó má chuireann sé i gcoinne an iniúchta, nó má thairgeann sé iniúchadh in áit seachas in oifig a aturnae, féadfaidh an Chúirt, ar an bpáirtí ar mian leis sin a fháil dá iarraidh sin, ordú a dhéanamh le haghaidh an iniúchta i cibé áit agus ar cibé modh is cuí léi; agus, ach amháin i gcás doiciméad a mbeidh tagairt déanta dóibh sna pléadálacha nó sna mionnscríbhínní ón bpáirtí a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ina choinne, nó a bheidh nochta sa mhionnscríbhinn uaidh nó ina liosta doiciméad, bunófar an t-iarratas sin ar mhionnscríbhinn ina dtaispeánfar cad iad na doiciméid a mbeifear ag iarraidh iad a iniúchadh, an páirtí a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige a bheith i dteideal iad a iniúchadh agus iad a bheith i seilbh nó faoi chumhacht an pháirtí eile.

(ii) Ní dhéanfar ordú faoin riail seo más é, agus a mhéid arb é, tuairim na Cúirte nach gá é chun an chúis nó an t-ábhar a chur de láimh go cóir nó chun costais a shábháil.

19. Má chuireann an páirtí ar a mbeifear ag iarraidh follasú d’aon sórt, nó iniúchadh, ina choinne sin, nó i gcoinne aon choda de, féadfaidh an Chúirt, ar bheith sásta di an ceart chun an fhollasaithe nó an iniúchta a mbeifear á iarraidh a bheith ag brath ar aon saincheist nó ceist a bheidh faoi dhíospóid sa chúis nó san ábhar a chinneadh, nó gurb inmhianaithe ar aon chúis eile aon saincheist nó ceist a bheidh faoi dhíospóid sa chúis nó san ábhar a chinneadh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an gceart chun an fhollasaithe nó an iniúchta, a ordú an tsaincheist nó an cheist sin a chinneadh ar dtús, agus an cheist i dtaobh an fhollasaithe nó an iniúchta a fhorchoimeád.

20. (i) I gcás ina n-iarrfar iniúchadh a dhéanamh ar aon leabhair ghnó, féadfaidh an Chúirt, in ionad iniúchadh ar na leabhair bhunaidh a ordú, a ordú cóip d’aon taifid iontu a thabhairt agus iad a fhíorú leis an mionnscríbhinn ó dhuine éigin a mbeidh an chóip scrúdaithe aige leis na taifid bhunaidh, agus luafar sa mhionnscríbhinn sin aon scriosadh amach, idirlíniú nó athrú a bheith nó gan a bheith sa leabhar bunaidh agus cad é an scriosadh amach, an t-idirlíniú nó an t-athrú é. Ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt, d’ainneoin an chóip sin a bheith curtha ar fáil, a ordú iniú chadh a dhéanamh ar an leabhar as a mbeidh an chóip déanta.

(ii) Más rud é, ar iarratas ar ordú le haghaidh iniúchadh a dhéanamh chuici, go n-éileofar pribhléid d’aon doiciméad, féadfaidh an Chúirt an doiciméad a iniúchadh d’fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh bhailíocht an éilimh ar phribhléid.

(iii) Féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí i gcúis nó in ábhar dá iarraidh sin tráth ar bith, agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh mionnscríbhinn nó liosta doiciméad ordaithe nó déanta cheana féin, ordú a dhéanamh á cheangal ar aon pháirtí eile a lua le mionnscríbhinn aon doiciméad sonrach nó doiciméid shonracha, a shonrófar san iarratas, a bheith nó tar éis bheith, tráth ar bith, ina sheilbh nó faoina chumhacht, agus mura mbeidh sé nó siad ina sheilbh an uair sin, cathain a bheidh sé tar éis scaradh leis nó leo, agus cad a bheidh bainte dó nó dóibh. Déanfar an t-iarratas sin le mionnscríbhinn ina luafar an teisteoir a bheith á chreidiúint an doiciméad nó na doiciméid a bheidh sonraithe san iarratas a bheith, nó tar éis bheith, tráth éigin, i seilbh nó faoi chumhacht an pháirtí ar ina choinne a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, agus baint a bheith acu leis na hábhair a bheidh faoi cheist sa chúis nó san ábhar, nó le cuid díobh.

21. Má loiceann aon pháirtí i gcomhlíonadh aon ordaithe chun agarcheisteanna a fhreagairt, nó chun doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh, dlífear é a astú. Dlífear, freisin, más gearánaí é, a chaingean a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus, más cosantóir é, dlífear a chosaint, más ann, a scriosadh amach, agus é a chur sa riocht ina mbeadh sé dá mba nach mbeadh cosaint déanta aige, agus féadfaidh an páirtí a bheidh ag agarcheistiú ordú a iarraidh ar an gCúirt chuige sin, agus féadfar ordú a dhéanamh dá réir sin.

22. Is leorsheirbheáil é ordú le haghaidh agarcheisteanna nó le haghaidh follasú nó iniúchadh, arna dhéanamh i gcoinne aon pháirtí, a sheirbheáil ar aturnae an pháirtí sin chun iarratas ar astú de dheasca gan déanamh de réir an ordaithe a fhorasú. Ach féadfaidh an páirtí a mbeidh an t-iarratas ar astú déanta ina choinne a shuíomh mar fhreagra ar an iarratas gan aon fhógra a bheith aige faoin ordú nó gan aon eolas a bheith aige ina thaobh.

23. Aturnae a mbeidh ordú i gcoinne aon pháirtí le haghaidh agarcheisteanna nó le haghaidh follasú nó iniúchadh seirbheáilte air faoi riail 22 agus a fhailleoidh, gan leithscéal réasúnach, fógra ina thaobh sin a thabhairt dá chliant, dlífear é a astú.

24. Féadfaidh aon pháirtí, i dtriail chúise, ábhair nó saincheiste, aon fhreagra amháin nó níos mó de na freagraí, nó aon chuid de fhreagra, ón bpáirtí freasúrach ar agarcheisteanna a úsáid i bhfianaise gan na freagraí eile, nó iomlán an fhreagra sin, a chur isteach; ar an gcoinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an Chúirt sa chás sin breathnú ar iomlán na bhfreagraí, agus más é a tuairim baint chomh mór sin a bheith ag aon fhreagraí eile díobh leis na cinn a bheidh curtha isteach nár chóir na freagraí sin is deireanaí a luadh a úsáid gan iad, go bhféadfaidh sí a ordú iad a chur isteach.

25. I ngach cúis nó ábhar, déanfar, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, costais an fhollasaithe, trí agarcheisteanna nó eile, a cheadú, mar chuid de chostais an pháirtí a mbeidh follasú á iarraidh aige, amhail idir páirtí agus páirtí nó idir aturnae agus cliant, i gcás ina ndéanfaidh an Chúirt an follasú sin a dheimhniú sa triail, nó , mura mbeidh aon triail ann, i gcás ina ndealróidh sé don Chúirt, nó don Mháistir Fómhais, ar fhorais speisialta a dheimhneoidh an Máistir Fómhais sin, an follasú sin a bheith iarrtha le réasún, agus sa chás sin amháin.

26. In aon chaingean i gcoinne sirriam nó cláraitheora contae, nó ag sirriam nó cláraitheoir contae, i leith aon ábhar a bhainfidh le hoifig shirriam a fheidhmiú, féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, a ordú gurb é an t-oifigeach lena mbainfidh iarbhír a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh mar fhreagra ar agarcheisteanna nó ar ordú le haghaidh follasú.

27. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le naíonghearánaithe agus naíonchosantóirí, agus maidir lena neaschairde agus lena gcaomhnóirí ad litem.

28. Ní údarófar leis an Ordú seo ordú le haghaidh follasú nó iniúchadh a dhéanamh i gcoinne faisnéiseora a bheidh ag agairt thar ceann an Stáit nó an Phobail, agus beidh gach faisnéiseoir den sórt sin i dteideal, gan ordú chun na críche sin, agarcheisteanna a sheachadadh tráth ar bith roimh uamadh na saincheiste.

29. Aon duine nach páirtí sa chúis nó san ábhar a bheidh os comhair na Cúirte agus a ndealróidh don Chúirt gur dócha dó aon doiciméid is iomchuí do shaincheist a bheidh ag teacht nó ar dóigh di teacht as an gcúis nó as an ábhar a bheith, nó tar éis bheith, ina sheilbh, ina choimeád nó faoina chumhacht, nó a bheidh nó ar dóigh dó bheith in ann fianaise is iomchuí d’aon saincheist den sórt sin a thabhairt, féadfar, le cead ón gCúirt, ar aon pháirtí sa chúis nó san ábhar sin dá iarraidh sin, a ordú dó, le hordú ón gCúirt, na hagarcheisteanna sin a fhreagairt nó na doiciméid sin a fhollasú nó a cheadú na doiciméid sin a iniúchadh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha an Ordaithe seo amhail is dá mbeadh an t-ordú sin ón gCúirt dírithe ar pháirtí sa chúis nó san ábhar sin, ar an gcoinníoll i gcónaí go ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú sin á iarraidh aige an duine sin a shlánú i leith na gcostas uile a thabhóidh an duine sin le réasún dá dheasca sin, agus go measfar gur costais de chuid an pháirtí sin a dúradh, chun críocha Ordú 99, na costais sin a bheidh tite ar an bpáirtí sin.