Ordú 88

Éarlaisí árachais

1. (1) Féadfar iarratas chun na Cúirte ó chuideachta árachais nó ó Choiste Lloyd ar ordú de bhun riail 7 de na Rialacha Árachais (Éarlaisí), 1940 (R. 7 O. R. 1940, Uimh. 78), a dhéanamh ar an gcéad ásc le foriarratas ex parte chun an Mháistir, agus féadfaidh seisean an t-ordú sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an Máistir a ordú fógra faoin iarratas sin a thabhairt do cibé duine (más ann) is cuí leis.

2. I gcás ina mbeidh éarlais á coimeád ag cuideachta árachais nó ag Coiste Lloyd leis an gCuntasóir i leith aon aicme gnó árachais, is le toghairm speisialta a dhéanfaidh an chuideachta árachais nó Coiste Lloyd iarratas ar ordú chun an éarlais sin a íoc agus a aistriú amach as an gCúirt chuig an gcuideachta árachais sin nó chuig Coiste Lloyd agus seirbheálfar an toghairm speisialta sin ar an Aire Tionscail agus Tráchtála.

3. Is é teideal a chuirfear ar imeachtaí lena mbainfidh an tOrdú seo ‘‘Maidir leis an é arlais atá á coimeá d ag . . . . . . (tabhair ainm na cuideachta árachais nó Coiste Lloyd, de réir mar a bheidh, anseo) i leith ghnó árachais . . . . . . . . ’’ agus maidir leis na Rialacha Árachais (Éarlaisí), 1940, agus na hAchtanna Árachais, 1909 go 1964.