Ordú 66

Naín

I. Fianaise Aoise.

1. I gcás ina n-agróidh naíon mar ghearánaí, déanfar sliocht deimhnithe as clár na mbreitheanna ina dtaispeánfar dáta a bhreithe a thabhairt ar aird agus a chruthú thar a cheann sa triail nó ag an éisteacht nó ar iarraidh a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt socraíocht mholta a fhormheas agus, air sin, déanfaidh an Cláraitheoir an dáta sin a bhreacadh san ordú.

II. Socraíochtaí.

2. Ar iarratais chun ceadú na Cúirte a fháil maidir le naín a mbeidh socraíochtaí á ndéanamh acu ar phósadh faoi 18 & 19 Vic., c. 43, agus 23 & 24 Vic., c. 83, taispeánfaidh an fhianaise—

(a) aois an naín;

(b) aon tuismitheoirí nó caomhnóirí a bheith ag an naíon, nó gan aon tuismitheoirí nó caomhnóirí a bheith aige;

(c) an duine a mbeidh an naíon ina chónaí leis nó ina chónaí faoina chúram, agus, mura mbeidh aon tuismitheoirí nó caomhnóirí ag an naíon, na gaolta is neasa a bheidh ag an naíon;

(d) ionad an naín agus na dtuismitheoirí sa saol;

(e) na sonraí i dtaobh mhaoin agus spré an naín;

(f) aois an duine a mbeidh an naíon ar tí bheith pósta leis nó léi agus ionad an duine sin sa saol;

(g) maoin, spré agus ioncam an duine sin;

(h) feiliúnacht na n-iontaobhaithe molta, agus a dtoiliú chun gníomhú.

 

3. Déanfar a mbeidh molta chun socraíocht a dhéanamh i dtaobh mhaoin an naín, agus an duine a mbeidh molta go bpósfadh an naíon sin é nó í, a chur faoi bhráid na Cúirte.