Ordú 109

An tAcht um Chumainn Tionscail agus Soláthair (Leasú), 1978

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach iarratas faoi alt 16 nó alt 26 den Acht um Chumainn Tionscail agus Soláthair (Leasú), 1978 (dá ngairtear ‘‘an tAcht’’ san Ordú seo).

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht agus leis an alt iomchuí, agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige. Luafar inti forais áirithe an iarratais agus an faoiseamh a bheidh á lorg.

3. I gcás inarb é Cláraitheoir na gCara-Chumann a eiseoidh an toghairm seirbheálfar í ar an gcumann nó ar an gcomhar creidmheasa (de réir mar a bheidh) a mbeidh an faoiseamh á lorg ina leith.

4. I gcás inar cumann nó comhar creidmheasa (de réir mar a bheidh) a eiseoidh an toghairm seirbheálfar í ar Chláraitheoir na gCara-Chumann.

5. Ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, féadfar na himeachtaí a éisteacht i ndlísheomra.

6. Is le foriarratas iar bhfógra (nó, i gcásanna práinneacha, le hiarratas ex parte), dar teideal maidir leis an Acht agus leis an alt iomchuí, agus ar iarratas ón duine a bheidh á dhéanamh, a dhéanfar gach iarratas faoi alt 14 nó faoi alt 23 den Acht ar ordú chun duine a cheistiú.

7. Déanfar gach iarratas chun cumann a fhoirceannadh faoi alt 19 den Acht de réir fhorálacha Ordú 74 amhail is dá mba chuideachta an cumann, ach sin faoi réir aon mhodhnuithe is gá.