Ordú 101

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc chun na Cúirte faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht sin, ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige, agus luafar inti an bhreith nó an tuairim a mbeidh achomharc á dhéanamh ina haghaidh agus na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Comhshaoil.