Ordú 92

Acht na dTithe, 1966

1. Is le toghairm speisialta a dhéanfar gach iarratas faoi Acht na dTithe, 1966, alt 78 (2).

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir le hAcht na dTithe, 1966, agus maidir leis an ordú ceannaigh éigeantaigh a bheidh i gceist, agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige. Luafar inti forais áirithe an iarratais agus an faoiseamh a bheidh á éileamh.

3. Seirbheálfar an toghairm, laistigh de dheich lá tar éis í a eisiúint, ar an údarás áitiúil a mbeidh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh a bheidh i gceist déanta aige agus, laistigh d’ocht lá is fiche tar éis í a eisiúint, ar an Aire Comhshaoil.

4. Is le mionnscríbhinn a thabharfar an fhianaise ag an éisteacht ach amháin a mhéid a ordóidh an Chúirt fianaise béil a thabhairt.