Ordú 38

Imeachtaí arna dtionscnamh le toghairm speisialta a éisteacht

1. Beidh gach toghairm speisialta le filleadh i gcomhair cibé lae a shocróidh an Máistir ar lá é, ach amháin sna cásanna ina dtoileoidh na páirtithe le dáta níos luaithe, nó i gcás nach gceanglófar aon seirbheáil, nach luaithe ná seacht lá ón dáta eisiúna, agus, i gcás inar gá sin, seirbheálfar í ar na páirtithe lena mbainfidh ceithre lá ar a laghad roimh an lá fillte. Déanfar mionnscríbhinn ag fíorú an éilimh a bheidh formhuinithe ar an toghairm a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus tabharfar fógra faoin gcomhdú sin do na páirtithe lena mbainfidh.

2. Féadfaidh an Chúirt a ordú an toghairm a sheirbheáil ar cibé daoine eile is cuí léi.

3. Ach amháin a mhéid a ordóidh an Chúirt a mhalairt, is le mionnscríbhinn a éistfear imeachtaí a thionscnófar le toghairm speisialta: ar an gcoinníoll go bhféadfaidh aon pháirtí ar mian leis teisteoir a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige, arna comhdú thar ceann an pháirtí fhreasúraigh, a chroscheistiú fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeidh an mhionnscríbhinn sin comhdaithe aige á cheangal an teisteoir a thabhairt ar aird lena chroscheistiú, agus mura dtabharfar an teisteoir sin ar aird dá réir sin ní úsáidfear a mhionnscríbhinn mar fhianaise gan cead speisialta ón gCúirt.

4. I gcásanna ina mbeidh dlínse ag an Máistir, beidh an chumhacht chéanna aige is a bheidh ag an gCúirt chun fianaise béil a éisteacht nó chun seirbheáil bhreise a ordú.

5. I ngach cás ina mbeidh dlínse aige, féadfaidh an Máistir an tábhar a bhreithniú é féin nó é a chur sa liosta Cúirte lena éisteacht.

6. I ngach cás nach mbeidh dlínse aige, agus i ngach cás eile a gcinnfidh sé é a chur sa liosta Cúirte lena éisteacht, aistreoidh an Máistir an toghairm, nuair a bheidh sí in ord lena héisteacht, chuig an liosta Cúirte lena héisteacht an chéad uair a bheidh caoi ann chuige.

7. Chun críocha riail 6, nó chun críche aon éisteachta os a chomhairse, féadfaidh an Máistir fad a chur leis an tréimhse ama chun mionnscríbhinní a chomhdú agus cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis agus an cás os a chomhairse a chur ar atráth de réir mar is cuí leis.

8. Má dhealraíonn sé don Chúirt ag aon chéim i gcúrsa imeachtaí a bheidh tionscanta le toghairm speisialta gur gá ceist nó ceisteanna éigin fíorais a chinneadh chun an bhreith chuí a thabhairt nó an rialú cuí a dhéanamh i dtaobh an fhaoisimh a bheidh le deonú sna himeachtaí sin nó i dtaobh aon ábhair a bheidh ag teacht chun cinn iontu, féadfaidh an Chúirt an cheist nó na ceisteanna fíorais sin a chinneadh trína ordú saincheisteanna i dtaca léi nó leo a thriail nó i cibé slí eile (go hachomair nó ar shlí eile) is caoithiúil léi chun ceartas a dhéanamh idir na páirtithe; agus féadfar fianaise i dtaobh na ceiste nó na gceisteanna fíorais sin a thabhairt ó bhéal nó le mionnscríbhinn, nó i bpáirt ó bhéal agus i bpáirt le mionnscríbhinn, de réir mar is cuí leis an gCúirt sna himthosca.

9. Ar aon toghairm speisialta a éisteacht, féadfaidh an Máistir, i gcás laistigh dá dhlínse, nó féadfaidh an Chúirt, de réir mar a bheidh, breithiúnas a thabhairt le haghaidh an fhaoisimh a ndealróidh sé an gearánaí a bheith ina theideal nó féadfaidh sé nó sí an chaingean nó an t-ábhar a dhíbhe nó féadfaidh sé nó sí an cás a chur ar atráth le haghaidh éisteachta iomlánaí amhail is dá mba le toghairm iomlánach a bheifí tar éis na himeachtaí a thionscnamh, le cibé ordacháin i dtaobh pléadálacha nó follasaithe nó socrú saincheisteanna nó eile is cuí, agus go ginearálta féadfaidh sé nó sí cibé ordú a dhéanamh is cóir leis nó léi chun na ceisteanna a bheidh i saincheist sa chaingean nó san ábhar a chinneadh.

10. Féadfaidh an Chúirt aon ordacháin speisialta is cóir léi a thabhairt a bhainfidh le cúram nó forghníomhú an ordaithe, nó lena sheirbheáil ar dhaoine nach páirtithe.