Ordú 105B

An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca), 2006 : I.R. Uimh. 190 de 2008

1. Maidir le hachomharc chun na Cúirte ar phonc dlí faoi alt 16(6) den Acht Sláinte (Scéim Aisíoca), 2006, ó dhuine a ndéanann cinneadh ón mbreithneoir achomharc difear dó nó di, déanfar é a thionscnamh agus a sheoladh de réir Ordú 84C.

2. Áireofar an tAire Sláinte agus Leanaí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar pháirtithe fógra san fhógra foriarratais tionscnaimh lena dtionscnófar an t-achomharc sin (ach amháin i gcás gurb é an t-achomharcóir ceachtar díobh).

3. Ar an dáta chun an fógra foriarratais tionscnaimh a chur ar ais (nó ar aon atráthú den éisteacht sin), féadfaidh an Chúirt, tar éis di aon aighneachtaí arna ndéanamh ag an Aire Sláinte agus Leanaí nó ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a éisteacht, ordú a dhéanamh lena ndéanfar ceachtar de na páirtithe sin nó an dá pháirtí a uamadh mar fhreagróirí san achomharc.