Ordú 126

Ginearálta

1. Ní oibreoidh cúlghairm na nOrduithe agus na Rialacha a luaitear i bhFoscríbhinn Z chun aon seanriail Chúirte a athbheochan.

2. I gcás nach mbeidh aon socrú eile déanta leis na hAchtanna nó leis na Rialacha seo, fanfaidh an nós imeachta agus an cleachtas láithreach i bhfeidhm.

3. Le linn thréimhse aon fholúntais in oifig an Phríomh-Bhreithimh oibreoidh na Rialacha seo amhail is dá mbeadh na focail ‘‘Uachtarán na hArd-Chúirte’’ á n-úsáid áit ar bith a n-úsáidtear na focail ‘‘an Príomh-Bhreitheamh’’; agus le linn thréimhse aon fholúntais in oifig Uachtarán na hArdChúirte oibreoidh na Rialacha seo amhail is dá mbeadh na focail ‘‘an Príomh-Bhreitheamh’’ á n-úsáid áit ar bith a n-úsáidtear na focail ‘‘Uachtarán na hArd-Chúirte’’.

4. Measfar aon taifead in aon leabhar cúiseanna nó leabhair thaifid eile, a cheanglaítear a dhéanamh leis na Rialacha seo, a bheith déanta de réir na Rialacha sin má dhéantar é in aon ríomhaire nó in aon chineál taifeadta eile arna fhormheas ó thráth go chéile ag Uachtarán na hArd-Chúirte.

5. Féadfar aon chomhad nó taifead cúirte a choimeád i cibé foirm a fhormheasfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile.