Ordú 130

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 : I.R. Uimh. 325 de 1998

1. San Ordú seo:
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997;

ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Faisnéise mar a mhínítear é leis an Acht;

folaíonn “breith” deimhniú a eisiúint faoi alt 25 den Acht.

2. Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thionscnófar achomharc chun na Cúirte de bhun alt 42(1), alt 42(2) nó alt 42(3).

3. Eiseofar an fógra foriarratais laistigh de cheithre seachtaine tar éis fógra maidir leis an mbreith lena mbaineann a thabhairt don duine a thionscnaíonn an t- achomharc. Déanfar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an gCoimisinéir agus ar aon duine eile dá ndéanfaidh an bhreith is ábhar don achomharc difear. Déanfar an tseirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha.

4. Is “Maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997” an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais agus is ar iarratas an achomharcóra a bheidh sé.

5. Beidh mionnscríbhinn an achomharcóra mar fhoras le gach fógra foriarratais lena dtionscnaítear achomharc agus maidir leis an mionnscríbhinn sin:

(a) luafar inti cineál na breithe ar ina coinne atá an t-achomharc á thionscnamh;
(b) foilseánfar inti cóip den bhreith, más ann;

(c) luafar inti forais an achomhairc agus an pointe dlí, más cuí;

(d) luafar inti cineál an ordacháin nó an ordaithe atá á lorg ar an gCúirt;

(e) foilseánfar inti an doiciméadacht iomchuí go léir; agus

(f) sonrófar inti cibé acu atá an t-achomharcóir ag iarraidh go n-éistfí an t-achomharc ar shlí eile seachas go poiblí.

6. Déanfar achomharc arna thionscnamh de bhun alt 42(1), (2) nó (3) a éisteacht agus a chinneadh ar mhionnscríbhinn mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt maidir le fianaise bhéil a thabhairt is dealraitheach a bheith cuí sna himthosca.
7. Déanfar aon cheist dlí a tharchuirfidh an Coimisinéir chuig an gCúirt de bhun alt 42(5) a thionscnamh trí chás sonraithe dar teideal “Maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus ar tharchur ón gCoimisinéir faoi alt 42(5)”. Síneoidh an Coimisinéir an cás sonraithe nó síneofar é thar a cheann agus déanfar é a sheirbheáil ar na páirtithe go léir san athbhreithniú faoi alt 34.

8. Beidh sa chás sonraithe sin ráiteas maidir leis na fíorais a shocróidh an Coimisinéir a mhéid a bhaineann siad leis an tarchur chuig an gCúirt agus luafar ann go cruinn an cheist dlí a tarchuireadh chuig an gCúirt lena cinneadh. Beidh i gceangal leis an gcás sonraithe na nithe seo a leanas:

(a) an bhreith i scríbhinn, más ann, ar ina leith a lorgaíodh an t-athbhreithniú de bhun alt 34;
(b) an t-iarratas ar athbhreithniú de bhun alt 34 i gcás go raibh an t-iarratas sin i scríbhinn;

(c) an doiciméadacht iomchuí eile go léir.

9. Aon pháirtí in achomharc faoi alt 42(1), (2) nó (3) nó i dtarchur faoi alt 42(5), féadfaidh sé, trí mhionnscríbhinn nó trí litir i scríbhinn nó ag an éisteacht, a iarraidh go nglacfaidh an Chúirt réamhchúraimí chun cosc a chur le faisnéis dá dtagraítear in alt 43(1)(a) agus (b) den Acht sin a nochtadh don phobal nó, más cuí, do pháirtí. Glacfaidh an Chúirt gach réamhchúram réasúnach den sórt sin is cuí léi chun críocha alt 43 den Acht cibé acu a bheidh na páirtithe, nó aon duine díobh, tar éis aon réamhchúraimí den sórt a iarraidh nó nach mbeidh.