Ordú 93

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, alt 11 (1) (d).

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige. Luafar inti an fodhlí, an t-ordú nó an ceadúnas a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh agus na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta.