Ordú 42

Forghníomhú

I. Ginearálta


1. I gcás ina n-ordófar d’aon duine le haon bhreithiúnas nó ordú aon airgead a íoc, nó aon mhaoin réadach nó phear santa a thabhairt suas do dhuine eile nó a aistriú chuige, ní gá aon éileamh a dhéanamh air sin, ach beidh de cheangal ar an duine dá n-ordófar amhlaidh géilleadh don bhreith iúnas nó don ordú sin ar é a sheirbheáil go cuí air gan éileamh.


2. Aon duine a mbeidh aon bhreithiúnas nó ordú faighte aige ar coinníoll, i gcás nach gcomhlíonfaidh sé an coinníoll sin, measfar an breithiúnas nó an t-ordú sin a bheith tar scaoilte nó tréigthe aige a mhéid a bheidh sé tairbhiúil dó féin, agus féadfaidh aon duine eile a mbeidh leas aige san ábhar, ar shárú nó neamh-chomhlíonadh an choinníll, cibé imeachtaí a thionscnamh a dhlífear leis an mbreithiúnas nó leis an ordú sa chás sin, nó cibé imeachtaí a thionscnamh a d’fhéadfadh a bheith tionscanta dá mba rud é nach mbeifí tar éis aon bhreithiúnas nó ordú den sórt sin a thabhairt nó a dhéanamh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


3. Féadfar breithiúnas chun aon duine do ghnóthú airgid, nó chun airgead a íoc le haon duine, a chur i bhfeidhm le hordú forghníomhaithe nó ar aon mhodh eile a údaraítear leis na Rialacha seo nó a bheidh údaraithe le dlí.


4. Féadfar breithiúnas chun airgead a íoc isteach sa Chúirt a chur i bhfeidhm le hordú forghabhála, nó, i gcásanna ina mbeidh astú údaraithe le dlí, trí astú.


5. Féadfar breithiúnas chun seilbh ar thalamh a ais ghabháil nó a thabhairt a chur i bhfeidhm le hordú seilbhe.


6. Féadfar breithiúnas chun aon mhaoin seachas talamh nó airgead a aisghabháil a chur i bhfeidhm—

(a) le hordú chun an mhaoin a thabhairt;
(b) le hordú astaithe;

(c) le hordú forghabhála.


7. Má cheanglaítear le breithiúnas ar aon duine aon ghníomh a dhéanamh, seachas airgead a íoc, nó staonadh ó aon ní a dhéanamh, féadfar é a chur i bhfeidhm le hordú astaithe nó trí chimiú.


8. Sna Rialacha seo folóidh an téarma ‘‘ordú forghníomh aithe’’ orduithe fieri facias, forghabhála agus astaithe, agus gach ordú ina dhiaidh sin a eiseofar chun éifeacht a thabhairt do na horduithe sin. Ciallóidh an téarma ‘‘forghníomhú a eisiúint i gcoinne aon pháirtí’’ aon phróis den sórt sin a bheidh, faoi na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, in fheidhme maidir leis an gcás, a eisiúint i gcoinne a phearsan nó a mhaoine.


9. I gcás inarb é is éifeacht do bhreithiúnas nó d’ordú go mbeidh aon pháirtí i dteideal aon fhaoisimh, faoi réir aon choinníoll nó teagmhas a chomhlíonadh nó ar aon choinníoll nó teagmhas a chomhlíonadh, féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal amhlaidh, ar an gcoinníoll nó an teagmhas a chomh líonadh, agus ar éileamh a dhéanamh ar an bpáirtí a mbeidh sé i dteideal faoisimh ina choinne, cead a iarraidh ar an gCúirt forghníomhú a eisiúint i gcoinne an pháirtí sin. Agus féadfaidh an Chúirt, má bhíonn sí sásta an ceart chun faois imh a bheith tagtha chun cinn de réir théarmaí an bhreith iúnais nó an ordaithe, a ordú go n-eiseofar forghníomhú dá réir sin, nó féadfaidh sí a ordú go ndéanfar aon saincheist nó ceist is gá chun cearta na bpáirtithe a chinneadh a thriail in aon cheann de na slite ina bhféadfar ceisteanna ag teacht chun cinn dóibh i gcaingean a thriail.


10. Ní eiseofar aon ordú forghníomhaithe mura dtabharfar ar aird, don oifigeach ar ceart dó é a eisiú int, an breithiú nas nó an t-ordú ar a mbeidh an t-ordú forghníomhaithe le heisiú int, nó có ip fhianaithe de, ag taispeáint an dáta taifeadta, agus, i gcás Breithiúnais nó ordaithe chun airgead a íoc, deimhniú arna shíniú ag an bpáirtí nó ag a aturnae, ina mbeidh cibé suim a mbeidh an páirtí ag éileamh í a bheith dlite dó tar éis gach asbhainte có ra cothromasaí, agus dé anfar an deimhniú sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig, agus déanfar an tsuim a bheidh luaite ann a thaifeadadh i gcorp an ordaithe forghníomhaithe sin mar an tsuim a bheidh le tobhach de bhun na suime a bheidh breithnithe leis an mbreithiú nas nó leis an ordú . Ní mór don oifigeach a bheith sásta go mbeidh an tréimhse chuí ama caite le go mbeidh an creidiú naí i dteideal an fhorghníomh aithe.


11. Ní eiseofar aon ordú forghníomhaithe mura ndéan faidh an páirtí a bheidh á eisiúint, nó a aturnae, praecipe a chomhdú chun na críche sin. Sa praecipe beidh teideal na cúise nó an ábhair, an tagairt don taifead, dáta an bhreith iúnais, agus an ordaithe, más ann, á ordú an forghníomhú a eisiúint, ainmneacha na bpáirtithe ar ina gcoinne, nó an ghnólachta ar i gcoinne a chuid earraí, a bheidh an for ghníomhú le heisiúint; agus beidh sé sínithe ag aturnae, nó thar ceann aturnae, an pháirtí a bheidh á eisiúint, nó ag an bpáirtí a bheidh á eisiúint más é féin a bheidh á eisiúint. Úsáidfear na foirmeacha i bhFoscríbhinn F, Cuid I.


12. Formhuineofar ar gach ordú forghníomhaithe ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh sé á eisiúint aige, agus i gcás nach mbeidh aon aturnae fostaithe chun an t-ordú a eisiúint, ansin déanfar meabhrán a fhormhuiniú air á rá é a bheith eisithe ag an bpáirtí féin agus tabharfar a sheoladh iomlán sa mheabhrán.


13. Is é lá a eisiúna an dáta a bheidh ar gach ordú for ghníomhaithe, agus fíordheimhneofar é sa tslí chéanna le toghairm thionscnaimh. Úsáidfear na foirmeacha i bhFo scríbhinn F, Cuid II.


14. I ngach cás forghníomhaithe féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal an fhorghníomhaithe an puntáiste, táillí, agus caiteachais an fhorghníomhaithe de bhreis ar an tsuim a ghnóthófar, a thobhach.


15. Formhuineofar ar gach ordú forghníomhaithe chun airgead a ghnó thú ordachán don oifigeach cuí á ordú an t-airgead a thobhach a mbeifear ag iarraidh é a ghnó thú faoin mbreithiú nas nó faoin ordú, agus ina luafar an tsuim, agus, freisin, á ordú ús a thobhach ar an airgead sin, má iarrtar é a ghnó thú , de ré ir aon dé ag faoin gcé ad sa bhliain, nó cibé ráta a chuirfear ina ionad sin de bhua alt 20 d’Acht na gCúirteanna, 1981, ó thráth taifeadta nó dé anta an bhreithiú nais nó an ordaithe, mura n-ordó far a mhalairt sa bhreithiú nas.


16. Déanfar seoladh agus tuairisc an pháirtí a n-eiseofar aon ordú forghníomhaithe ina choinne, nó cibé tuairisc eile air is féidir leis an aturnae thar ceann an pháirtí a mbeidh sé á eisiúint aige a thabhairt, a fhormhuiniú ar an ordú sin, ach ní cheadófar don pháirtí a n-eiseofar an t-ordú sin ina choinne buntáiste a bhaint as an bhformhuiniú sin gan a bheith ann, agus ní gá áit chónaithe nó tuairisc ceachtar páirtí a lua i gcorp an ordaithe sin.


17. Gach duine a mbeidh aon suim airgid nó aon chostais iníoctha leis faoi bhreithiúnas nó faoi ordú, beidh sé i dteid eal, a luaithe a bheidh an t-airgead nó na costais iníoctha, agra a dhéanamh i leith ordaithe fieri facias amháin nó níos mó chun íoc an airgid nó na gcostas a chur i bhfeidhm, ach sin faoi réir an mhéid seo a leanas:

(i) más breithiúnas nó ordú é chun an íocaíocht a dhéanamh laistigh de thréimhse a bheidh luaite ann, ní eiseofar an t-ordú sin a dúradh go dtí go mbeidh an tréimhse sin caite;
(ii) féadfaidh an Chúirt, tráth tabhartha breithiúnais nó déanta ordaithe, nó dá éis sin, forghníomhú a bhacadh go dtí cibé tráth is cuí léi.


18. Ar aon bhreithiúnas nó ordú chun suim airgid agus costais a ghnóthú nó a íoc, féadfaidh, de rogha an pháirtí a bheidh ina theideal sin, ordú forghníomhaithe amháin nó orduithe forghníomhaithe ar leith a bheith ann chun an tsuim a ghnóthú, agus chun na costais a ghnóthú, ach is i gcomhair costas amháin a bheidh an dara hordú, agus eis eofar é ocht lá ar a laghad tar éis an chéad ordaithe. Ar an gcoinníoll, más rud é, in aon imeachtaí a thionscnóidh iasachtóir airgid nó ionadaí pearsanta nó sannaí iasachtóra airgid chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasacht óir airgid, nó aon ús air, a ghnóthú, nó chun aon chomhaontú nó urrús a bhainfidh le haon airgead nó ú s den só rt sin a chur i bhfeidhm, go mbeidh breithiúnas taifeadta don ghearánaí de bhua barántais aturnae, agus go mbeidh an breithiúnas sin taifeadta tar éis dhá mhí dhéag a bheith caite ó dháta an bharántais aturnae sin, nach n-eiseofar aon ordú for ghníomhaithe gan ordú ón gCúirt, ar ordú é a gheofar ar fhoriarratas.


19. Aon pháirtí a mbeidh breithiúnas nó ordú faighte aige, nach breithiúnas nó ordú é chun airgead nó costais a íoc, nó chun talamh a aisghabháil, féadfaidh sé forghníomhú a eisiúint laistigh de cheithre lá dhéag mura n-ordóidh an Chúirt forghníomhú a eisiúint ar dháta is luaithe nó is déanaí ná sin le téarmaí nó gan téarmaí.


20. Ní fhanfaidh ordú forghníomhaithe nó ordú cimithe i bhfeidhm, má fhágtar gan forghníomhú é, ach ar feadh bliana amháin ó dháta a eisiúna, mura ndéanfar é a ath nuachan mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo; ach, le cead na Cúirte, féadfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú sin á eis iúint aige é a athnuachan, tráth ar bith roimh dhul in éag dó, go ceann bliana ó dháta na hathnuachana sin agus mar sin de ó thráth go chéile le linn don ordú athnuaite leanúint i bhfeidhm, trína mharcáil le séala na hArd-Chúirte, ar a mbeidh dáta lá, mhí agus bhliain na hathnuachana sin, nó tríd an bpáirtí sin do thabhairt fógra i scríbhinn faoin ath nuachan don sirriam, agus é sínithe ag an bpáirtí nó ag a aturnae, agus leis an séala céanna air; agus beidh éifeacht le hordú forghníomhaithe a bheidh athnuaite amhlaidh, agus beidh sé i dteideal tosaíocht a fháil, de réir thráth a chéad seachadta.


21. I gcás ina ndealróidh sé é a bheith cóir go ndéanfaí ordú seilbhe a ath-fhorghníomhú, féadfar, tráth ar bith tar éis a fhorghníomhaithe, é a athnuachan, le cead na Cúirte, go ceann bliana ó dháta na hathnuachana sin trína mharcáil, nó tríd an bhfógra a thabhairt, mar a luaitear i riail 20.


22. Ach an t-ordú forghníomhaithe, nó an fógra á ath nuachan, a airbheartóidh a bheith marcáilte le séala mar a luaitear i rialacha 20 agus 21, á thaispeáint é a bheith ath nuaite, a thabhairt ar aird, beidh sé sin ina leorfhianaise ar é a bheith athnuaite amhlaidh.


23. Amhail idir na páirtithe bunaidh i mbreithiúnas nó in ordú, féadfar forghníomhú a eisiúint tráth ar bith laistigh de shé bliana ón mbreithiúnas a ghnóthú, nó ó dháta an ordaithe.


24. Sna cásanna seo a leanas, eadhon:—

(a) i gcás sé bliana a bheith caite ón mbreithiúnas nó ón ordú, nó aon athrú a bheith tarlaithe, trí bhás nó eile, do na páirtithe a bheidh i dteideal, nó faoi dhliteanas, an fhorghníomhaithe;
(b) i gcás páirtí a bheith i dteideal an fhorghníomhaithe ar bhreithiúnas ar shócmhainní in futuro;

(c) i gcás páirtí a bheith i dteideal an fhorghníomhaithe i gcoinne aon duine de scairshealbhóirí cuid eachta ar bhreithiúnas arna thaifeadadh i gcoinne na cuideachta sin, nó i gcoinne oifigigh phoiblí nó duine eile ar ionadaí é don chuideachta sin;


féadfaidh an páirtí a bheidh á líomhain é féin a bheith i dteideal an fhorghníomhaithe cead a iarraidh ar an gCúirt forghníomhú a eisiúint dá réir sin. Féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi an páirtí a bheidh ag iarraidh an fhorghníomh aithe amhlaidh a bheith i dteideal forghníomhú a eisiúint, ordú sa chéill sin a dhéanamh, nó féadfaidh sí a ordú go mbeidh aon saincheist nó ceist is gá chun cearta na bpáirtithe a chinneadh le triail in aon cheann de na slite inar féidir aon cheist i gcaingean a thriail: agus i gceachtar cás féadfaidh an Chúirt cibé téarmaí is cóir, i dtaobh costas nó eile, a fhor chur. Ar an gcoinníoll, i gcónaí, má mhainnítear aon suim airgid a íoc an tráth a bheidh ceaptha lena híoc le haon bhreithiúnas nó ordú arna dhéanamh i gcúis nó in ábhar maidir le pó sadh, go bhfé adfar ordú fieri facias a eisiú int gan cheist ar mhionnscríbhinn ina mionnófar an breithiúnas nó an t-ordú a bheith seirbheáilte agus an íocaíocht gan a bheith déanta.


25. Féadfar gach ordú ón gCúirt in aon chúis nó ábhar a chur i bhfeidhm i gcoinne na ndaoine go léir a mbeidh sé ina cheangal orthu mar a chuirfí breithiúnas leis an éifeacht chéanna i bhfeidhm.


26. Is é an dáta a bheidh ar ordú cimithe faoin Debtors Act (Ireland), 1872 (35 & 36 Vic., c. 57), lá déanta an ord aithe sin; fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh bliana amháin ón dáta sin, agus ní fhanfaidh níos faide ná sin; ach féadfar é a athnuachan sa tslí a fhoráiltear d’orduithe forghníomhaithe le riail 20.


27. Aon duine, nach páirtí i gcúis nó in ábhar, a gheobh aidh aon ordú, nó a ndéanfar aon ordú ina fhabhar, beidh sé i dteideal umhlaíocht don ordú sin a chur i bhfeidhm leis an bpróis chéanna amhail is dá mba pháirtí sa chúis nó san ábhar sin é; agus aon duine nach páirtí i gcúis nó in ábhar, a bhféadfar umhlaíocht d’aon bhreithiúnas nó ordú a chur i bhfeidhm ina choinne, dlífear an phróis chéanna a chur air chun umhlaíocht don bhreithiúnas nó don ordú sin a chur i bhfeidhm amhail is dá mba pháirtí sa chú is nó san ábhar sin é .


28. Aon pháirtí a mbeidh breithiúnas tugtha ina choinne féadfaidh sé bac ar fhorghníomhú nó faoiseamh eile i gcoinne an bhreithiúnais sin a iarraidh ar an gCúirt, ar fhoras fíoras a bheidh tar éis teacht chun cinn ródhéanach lena bpléadáil; agus féadfaidh an Chúirt cibé faoiseamh is cóir a thabhairt ar cibé téarmaí is cóir.


29. Ní chealóidh nó ní chiorróidh aon ní san Ordú seo aon cheart atá ann go dtí seo chun aon bhreithiúnas nó ordú a chur i bhfeidhm, nó éifeacht a thabhairt dó, in aon slí, nó i gcoinne duine nó maoine ar bith.


30. Ní dhéanfaidh aon ní san Ordú seo difear don ord ina bhféadfar orduithe forghníomhaithe a eisiúint.


31. Mura ngéillfear do mandamus, arna dheonú i gcaingean nó ar shlí eile, nó d’ordú, urghaire, nó breithiúnas sainordaitheach chun aon chonradh a shain-chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad imeachtaí i leith díspeagadh i gcoinne an pháirtí neamhghéilliúil, a ordú go bhféadfaidh an páirtí a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú faighte aige, nó duine éigin eile a cheapfaidh an Chúirt, an gníomh a mbeifear tar éis a cheangal go ndéanfaí é a dhéanamh, a mhéid is féidir sin, ar chostas an pháirtí neamhghéilliúil, agus, ar an ngníomh a bheith déanta, féadfar na caiteachais a bheidh tabhaithe a fhionnadh i cibé slí a ordóidh an Chúirt, agus féadfar forghníomhú a eisiúint i leith na suime a fhionnfar amhlaidh, maille le costais.


32. Aon bhreithiúnas nó ordú i gcoinne cuideachta nach ngéillfear dó, go toiliúil, féadfar, le cead na Cúirte, é a chur i bhfeidhm trí fhorghabháil i gcoinne na maoine corparáidí, nó trí astú i gcoinne stiúrthóirí na cuideachta nó oifigeach eile di, nó trí ordú forghabhála i gcoinne a gcuid maoine.


33. Féadfar, le cead ón gCúirt, agus ar cibé téarmaí is cóir, dámhachtain a chur i bhfeidhm tráth ar bith, d’ainneoin nach mbeidh an tréimhse ama chun foriarratas a dhéanamh chun í a chur ar ceal caite.


34. I gcás ina mbeidh ordú fieri facias curtha amach agus é arna dhíriú chuig sirriam contae amháin, féadfaidh an duine a bheidh i dteideal forghníomhú a eisiúint agra a dhéanamh i leith ordaithe fieri facias eile, arna dhíriú chuig sirriam contae eile, gan freagra ar an gcéad ordú a iarraidh nó gan fanacht leis, agus sin d’ainneoin aon urghabhála nó tobhaigh pháirtigh faoin gcéad ordú, ar an gcoinníoll nach ndéanfar níos mó ná iomlán an airgid agus na gcostas a bheidh dlite don duine a mbeidh agra á dhéanamh aige i leith na n-orduithe a thobhach fúthu.


35. Is orduithe ón gCúirt a bheidh sna horduithe dá bhfor áiltear san Ordú seo agus is ón bPríomh-Oifig a eiseofar iad. Beidh siad in ionad na seaneascairí fieri facias, venditioni exponas, seilbhe, seachadta, astaithe, forghabhála agus eascairí forghníomhaithe i gcoitinne, agus beidh siad chomh héifeachtúil céanna ar gach slí leis na heascairí reamhráite faoi seach, agus beidh feidhm mutatis mutandis ag gach reacht agus achtachán a bhaineann leis na heascairí sin faoi seach maidir leis na horduithe ón gCúirt a chuirtear ina n-ionad leis seo.
II. Follasú mar chabhair d’fhorghníomhú agus in imeachtaí faoin Debtors Act (Ireland), 1872.
36. Nuair is breithiúnas nó ordú chun airgead a ghnóthú nó a íoc a bheidh i mbreithiúnas nó in ordú, féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal é a chur i bhfeidhm ordú a iarraidh ar an gCúirt á ordú go ndéanfar an féichiúnaí a bheidh faoi dhliteanas faoin mbreithiúnas nó faoin ordú sin, nó, i gcás corparáide, go ndéanfar aon oifigeach di, nó go ndéanfar aon duine eile, a cheistiú ó bhéal, os comhair breithimh nó oifig igh don Chúirt de réir mar a cheapfaidh an Chúirt, i dtaobh aon fhiacha a bheith dlite don fhéichiúnaí agus i dtaobh cad iad na fiacha sin, agus i dtaobh aon mhaoin eile a bheith ag an bhféichiúnaí, nó aon acmhainn eile, chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh agus i dtaobh cad í an mhaoin nó an acmhainn sin; agus féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh chun go bhfreastalóidh agus go gceisteofar an féichiúnaí sin, nó aon duine eile, agus chun aon leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird.


37. I gcás aon bhreithiúnais nó ordaithe seachas breith iúnas nó ordú chun airgead a ghnóthú nó a íoc, má thagann aon deacracht chun cinn i bhforghníomhú nó i gcur i bhfeidhm an bhreithiúnais nó an ordaithe nó ina thaobh sin, féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ina leith sin is cóir, á ordú go bhfreastalóidh agus go gceisteofar aon pháirtí nó go ndéanfar ní eile.


38. Is de rogha na Cúirte a bheidh costais aon iarratais faoi rialacha 36 agus 37, nó faoi ceachtar díobh, maille le costais aon imeachtaí a thiocfaidh de nó a ghabhfaidh leis.


39. Ní dhéanfaidh aon ní san Ordú seo difear d’aon cheann de na forálacha atá sna hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940.