Ordú 55

An Scrúdaitheoir

I. Cumhachtaí agus dualgais.


1. Tógfaidh an Scrúdaitheoir cibé cuntais agus seolfaidh sé cibé fiosrúcháin a ordóidh an Chúirt, agus féadfaidh sé cibé orduithe de chineál idirbhreitheach a dhéanamh a dhéanadh an Scrúdaitheoir go dtí seo, agus comhallfaidh agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais agus feidhmeanna eile a chomhalladh agus a chomhlíonadh an Scrúdaitheoir go dtí seo, nó a thabharfar nó a shannfar dó ó thráth go chéile le reacht nó le riail Chúirte.

2. Beidh cumhacht ag an Scrúdaitheoir, chun críche aon imeachtaí os a chomhair, fógráin a eisiúint, páirtithe agus finnéithe a thoghairm, daoine a chur faoi mhionn, a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird, mionnscríbhinní agus admhálacha a thógáil, agus, i gcás inarb é a bheidh i gcuntas, go páirteach, bille costas, a iarraidh ar an Máistir Fómhais cabhrú leis na costais sin a shocrú tríd an mbille sin a fhómhas, agus, nuair a ordóidh an Chúirt dó sin a dhéanamh, na páirtithe agus na finnéithe a cheistiú ar agarcheisteanna nó viva voce.

3. Dlífear próis díspeagtha a chur ar pháirtithe agus ar fhinnéithe a gceanglófar orthu freastal os comhair an Scrúdaitheora amhail mar a dhlífear próis díspeagtha a chur ar pháirtithe nó ar fhinnéithe mura ndéanfar de réir aon ordaithe ón gCúirt, nó má mhainnítear freastal, de bhun aon ordaithe ón gCúirt nó aon subpoena ad testificandum, agus dlífear na pionóis, na pionósuithe agus na hiarmhairtí sin uile mar gheall ar aon mhionnú nó dearbhascadh éithigh toiliúil éillitheach a chur ar gach duine a bheidh ag mionnú nó ag dearbhascadh os comhair an Scrúdaitheora, amhail is dá mbeifí tar éis na nithe a bheidh mionnaithe nó dearbhasctha a mhionnú nó a dhearbhascadh os comhair aon duine eile a bheidh údaraithe de réir dlí chun daoine a chur faoi mhionn, chun mionnscríbhinní a thógáil agus chun dearbhascthaí a ghlacadh.

4. Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndeimhneoidh an Scrúdaitheoir aon ríomh ar ús, nó cionroinnt aon chiste, agus go ndéanfaidh an Cuntasóir, nó duine eile, dá réir gan aon ordú eile.

5. Is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn G a bheidh an fógra á cheangal ar pháirtithe, ar fhinnéithe nó ar dhaoine eile freastal os comhair an Scrúdaitheora.

6. Tráth ar bith le linn na n-imeachtaí faoi aon ordú, féadfaidh an Chúirt nó an Scrúdaitheoir a cheangal go gceapfar caomhnóir ad litem d’aon naíon, nó d’aon duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne, a mbeidh fógra faoin ordú sin seirbheáilte air.

II. Doiciméid a bheidh le fágáil in Oifig an Scrúdaitheora.

7. I gcás imeachtaí faoi aon ordú, fágfaidh an páirtí a mbeidh na himeachtaí á dtabhairt ar aghaidh aige cóip den ordú sin in Oifig an Scrúdaitheora; deimhneoidh an páirtí sin, nó a aturnae, gur cóip dhílis í an chóip sin.

8. Déanfar nóta ina luafar ainmneacha na n-aturnaetha thar ceann na bpáirtithe go léir, agus ina dtaispeánfar cé acu de na páirtithe a mbeidh a gcúram ar na haturnaetha sin, a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora, le gach ordú, mar aon le gnáthchóipeanna den toghairm thionscnaimh, de na pléadálacha agus de na mionnscríbhinní (más ann).

9. I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoi ordú a sheirbheáil de bhun Ordú 15, riail 31, fágfaidh an páirtí a mbeidh an céanna á thabhairt ar aghaidh aige na doiciméid seo a leanas in Oifig an Scrúdaitheora—

(a) cóip, arna deimhniú aige féin nó ag a aturnae, de gach láithreas a bheidh taifeadta ag duine a mbeidh an fógra sin seirbheáilte air, agus
(b) deimhniú ón oifigeach cuí ar thaifeadadh meabhráin faoi sheirbheáil an fhógra sin ar na daoine sin nach mbeidh láithreas taifeadta acu laistigh de mhí tar éis an fógra a sheirbheáil orthu.

III. Fógra chun dul ar aghaidh.


10. Gach ordú á ordú cuntais a thógáil nó fiosrúcháin a dhéanamh déanfaidh an páirtí a bheidh i dteideal an céanna a thabhairt ar aghaidh cóip fhianaithe de a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora laistigh de dheich lá tar éis an céanna a chomhlánú agus, dá héagmais sin, beidh de chead ag aon pháirtí eile sa chúis nó san ábhar an céanna a fhágáil, agus is é an páirtí sin a thabharfaidh an t-ordú sin ar aghaidh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

11. Ar chóip den ordú a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora, tógfar amach fógra chun dul ar aghaidh faoin ordú, agus ar lá fillte an fhógra sin, más deimhin leis an Scrúdaitheoir, ó fhianaise chuí, fógra faoin ordú a bheith seirbheáilte ar na páirtithe go léir is gá, tabharfaidh sé ordacháin air sin faoin dóigh ina mbeidh gach ceann de na cuntais agus de na fiosrúcháin le tabhairt ar aghaidh, faoin bhfianaise a bheidh le tabhairt ar aird mar thaca leis, faoi na páirtithe a bheidh le freastal maidir leis na cuntais agus na fiosrúcháin leithleacha, agus faoin tréimhse ama a mbeidh gach imeacht le tionscnamh laistigh di, agus féadfar lá nó laethanta a cheapadh ar a mbeidh na páirtithe le láithriú san am a bheidh le teacht, agus féadfar gach ceann de na hordacháin sin a athrú dá éis sin, trí bhreis a chur leis nó eile, de réir mar a gheofar a bheith riachtanach. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn G a bheidh an fógra sin chun dul ar aghaidh.

12. I gcás ina n-ordó far le hordú go ndéanfaidh an Chúirt gníomhas a shocrú i gcás easaontas a bheith idir na páirtithe, eiseofar fógra chun dul ar aghaidh, agus ar lá fillte an fhógra ordófar don pháirtí a bheidh i dteideal an dréachtghníomhas a ullmhú cóip de a sheachadadh, laistigh de cibé tréimhse ama is cuí leis an Scrúdaitheoir, ar an bpáirtí a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh ina choinne, agus ordófar don pháirtí a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh amhlaidh ráiteas i scríbhinn ar na hagóidí sin aige (más ann) a sheachadadh ar an bpáirtí eile laistigh d’ocht lá tar éis an chóip sin a sheachadadh, agus cuirfear an t-imeacht ar atráth go dtí go mbeidh an tréimhse ocht lá sin caite.

13. I gcás ina ndealróidh sé, mar gheall ar asláithreacht nó ar aon leorchúis eile, nach féidir fógra faoin ordú a sheirbheáil ar aon duine nó gur chóir an tseirbheáil sin a ligean thar ceal, féadfaidh an Chúirt an tseirbheáil sin a ligean thar ceal go hiomlán, nó féadfaidh sí aon seirbheáil ionadach nó fógra trí fhógrán nó ar shlí eile a ordú in ionad na seirbheála sin.

14. I gcás ina ndéanfar seirbheáil fógra faoi ordú ar aon duine a ligean thar ceal, féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh an duine sin faoi cheangal amhail is go mbeifí tar éis é a sheirbheáil air, agus beidh sé faoi cheangal dá réir sin, ach amháin i gcás ina mbeidh an t-ordú faighte trí chalaois nó neamhnochtadh fíoras ábhartha.

15. Má dhealraíonn sé, nuair a bheidh an fógra chun dul ar aghaidh a éisteacht, nach mbeidh na páirtithe go léir is gá ina bpáirtithe sa chaingean, nó nach mbeidh fógra faoin ordú seirbheáilte orthu, féadfar ordacháin a thabhairt le haghaidh fógráin do chreidiúnaithe, agus chun na cuntais a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora, ach ní rachfar ar aghaidh leis an mbreithniú ar éilimh chreidiúnaithe agus ar na cuntais, agus ní thionscnófar aon imeacht eile, ach amháin chun na páirtithe a bheidh le seirbheáil a fhionnadh, go dtí go mbeidh na páirtithe go léir is gá seirbheáilte agus go mbeidh siad faoi cheangal, nó go mbeidh an tseirbheáil ligthe thar ceal, agus go dtí go mbeidh ordacháin tugtha i dtaobh na bpáirtithe a bheidh le freastal ar na himeachtaí.

16. De ghnáth beidh an cúrsa imeachta os comhair an Scrúdaitheora ar aon dul leis an gcúrsa imeachta sa Chúirt ar fhoriarratais. Ní thabharfar isteach aon ráiteas fíoras, cúiseamh nó frithchúiseamh, mura bhfaighfear ordachán speisialta ón gCúirt. Déanfar, má ordaítear sin, cóipeanna de chuntais, de ghníomhais nó de dhoiciméid eile, nó achomaireachtaí orthu nó sleachta astu, maille le géaga ginealaigh agus ráitis choimre, a sholáthar le haghaidh úsáid na Cúirte agus an Scrú daitheora, agus, i gcás ina n-ordó far sin, seachadfar cóipeanna ar na páirtithe eile. Ní dhéanfar aon chóipeanna de ghníomhais nó de dhoiciméid i gcás inar féidir na gníomhais nó na doiciméid bhunaidh a thabhairt isteach, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

IV. Leabhar na gCoinní.

17. Tráth tógtha amach aon fhógra chun dul ar aghaidh, nó tráth fála aon choinne, déanfar taifead ina thaobh i ‘‘Leabhar na gCoinní’’.

18. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar ábhair a bheidh ag teacht os comhair an Scrúdaitheora, nuair a bheidh siad réidh lena n-éisteacht, a thaifeadadh i liostaí laethúla, agus a thógáil de réir a n-oird ar na liostaí sin; agus leanfar de gach ábhar a thosófar go dtí go mbeidh sé críochnaithe, faoi réir cibé atráthuithe a mheasfaidh an Scrúdaitheoir, ar chúis mhaith, is gá agus ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cuí leis.

V. Freastal.

19. Ar an bhfógra chun dul ar aghaidh a éisteacht, nó tráth ar bith le linn don ordú a bheith á thabhairt ar aghaidh, i gcás ina ndealróidh sé, maidir leis an iomlán nó le haon chuid de na himeachtaí, gur féidir leasanna na bpáirtithe a aicmiú, féadfaidh an Chúirt a cheangal go bhfeidhmeoidh an t-aturnae céanna do na páirtithe a chomhdhéanfaidh gach aicme nó aon aicme, agus féadfaidh sí a ordú cé hiad na páirtithe a fhéadfaidh freastal ar na himeachtaí go léir nó ar aon chuid díobh, agus i gcás nach féidir leis na páirtithe a chomhdhéanfaidh aon aicme comhaontú faoin aturnae a bheidh le feidhmiú ar a son, féadfaidh an Chúirt an t-aturnae sin a ainmniú chun críche na n-imeachtaí os a comhair, agus i gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí de na páirtithe a chomhdhéanfaidh an aicme sin a údarú don aturnae a ainmneofar amhlaidh gníomhú ar son an pháirtí, agus go seasfaidh an páirtí air gur aturnae eile a fheidhmeoidh ar a shon, íocfaidh an páirtí sin go pearsanta na costais de chuid a aturnae féin a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis na himeachtaí os comhair na Cúirte a mbeidh an t-ainmniú sin déanta ina leith, maille le gach costas eile a chuirfear ar aon pháirtí de na páirtithe trí aturnae eile, in ionad an aturnae a bheidh ainmnithe amhlaidh, a bheith ag feidhmiú ar a shon.

20. Aon uair a bheidh an t-aturnae céanna fostaithe thar ceann dhá pháirtí nó níos mó, féadfaidh an Chúirt a cheangal gur aturnae ar leithligh, seachas gníomhaire baile an aturnae chéadluaite sin, a fheidhmeoidh ar son aon pháirtí de na páirtithe sin, agus féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth go dtí go mbeifear ag feidhmiú amhlaidh ar son an pháirtí sin.

21. Féadfaidh aon pháirtí, seachas na páirtithe a mbeidh ordaithe dóibh freastal, freastal ar a chostas féin, agus ar na costais, más ann, a thiocfaidh den fhreastal sin a íoc, nó féadfaidh sé cead chun freastal ar chostas an eastáit, nó chun stiúradh na caingne a bheith aige i dteannta nó in ionad aon pháirtí de na páirtithe a mbeidh ordaithe dóibh freastal, a iarraidh.

22. Déanfar ordú a dhréachtú, ar fhógra a bheidh le heisiúint ag an ngearánaí nó ag an bpáirtí ag a mbeidh stiúradh na caingne, nó an imeachta eile, ina luafar na páirtithe a mbeidh ordaithe dóibh freastal, maille le cibé páirtithe díobh (más ann) a mbeidh glactha de rogha acu freastal ar a gcostas féin, agus déanfar an t-ordú sin a réamhaithris i ndeimhniú an Scrúdaitheora.

VI. Fógráin do chreidiúnaithe agus d’éilitheoirí.

23. I gcás ina ndéanfar ordú á ordú cuntas ar fhiacha, ar éilimh nó ar dhliteanais, nó fiosrúchán i gcomhair oidhrí, neasghaolta nó daoine neamhfhionnta eile, eisiafar ó thairbhe an ordaithe, mura n-ordófar a mhalairt, na daoine go léir nach dtiocfaidh isteach agus nach gcruthóidh a n-éilimh laistigh den tréimhse ama a shocrófar chun na críche sin trí fhógrán. Is le fógra sa phreas, nó ar cibé slí eile a ordóidh an Chúirt, a dhéanfar an fhógairt sin.

24. I gcás inar gá fógrán chun críche aon imeachta os comhair an Scrúdaitheora, ní eiseofar ach ceann amháin, mura rud é, ar aon chúis speisialta, gur gá an dara fógrán, nó fógráin bhreise, a eisiúint. Féadfar fógrán a atheisiúint a oiread uaireanta agus i cibé slí a ordófar.

25. Déanfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú á thabhairt ar aghaidh aige na fógráin d’éilitheoirí agus do chreidiúnaithe a ullmhú, agus cuirfear faoi bhráid an Scrúdaitheora iad lena bhformheas, agus, nuair a bheidh siad formheasta, síneoidh sé iad.

26. Socrófar i bhfógráin do chreidiúnaithe agus d’éilitheoirí eile tréimhse ama ina mbeidh ar gach éilitheoir, nach creidiúnaí, teacht isteach agus a éileamh a chruthú, agus ina mbeidh ar gach creidiúnaí a ainm agus a sheoladh, maille le sonraí iomlána a éilimh, agus ráiteas ar a chuntas agus cineál an urrúis (más ann) a bheidh aige, a chur chuig seiceadóir nó riarthóir an éagaigh, nó chuig cibé páirtí eile a ordófar, nó chuig aturnae an pháirtí sin, a bheidh le hainmniú agus le tuairisciú san fhógrán. Is i gceann d’Fhoirmeacha Uimh. 3, 4, 5 agus 6 i bhFoscríbhinn G a bheidh na fógráin sin. Tráth ordaithe an fhógráin sin socrófar tráth chun na héilimh a bhreithniú.

27. Déanfaidh an duine a scrúdóidh na héilimh cóipeanna fianaithe de na mionnscríbhinní a bheidh comhdaithe ag éilitheoirí a thabhairt ar aird ag an éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

28. Ní gá d’aon chreidiúnaí nó d’aon éilitheoir eile aon mhionnscríbhinn a dhéanamh ná freastal ag tacú lena éileamh (ach amháin chun a urrús a thabhairt ar aird) mura seirbheálfar fógra air á cheangal air é sin a dhéanamh, mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

29. Tabharfaidh gach creidiúnaí ar aird, nuair a iarrfar é, an t-urrús (más ann) a bheidh aige, agus, má cheanglaítear air é le fógra i scríbhinn arna thabhairt ag seiceadóir nó riarthóir an éagaigh, nó ag cibé páirtí eile a ordóidh an Chúirt, tabharfaidh sé ar aird os comhair an Scrúdaitheora, cibé tráth a shonrófar san fhógra sin, gach gníomhas agus doiciméad eile is gá chun a éileamh a fhódú. Is i bhFoirm Uimh. 7 i bhFoscríbhinn G a bheidh an fógra.

30. I gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh aon chreidiúnaí riail 29 a chomhlíonadh ní cheadófar aon chostais dó a bhainfidh lena éileamh a chruthú, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

31. Scrúdóidh seiceadóir nó riarthóir an éagaigh, nó cibé páirtí eile a ordófar, na héilimh ó chreidiúnaithe a bheidh curtha isteach de bhun an fhógráin, agus fionnfaidh sé, a mhéid is féidir leis, cé acu de na héilimh sin a mbeidh eastát an éagaigh faoi dhliteanas cóir ina leith, agus déanfaidh sé, seacht lá glan ar a laghad roimh an tráth a bheidh ceaptha don bhreithniú, mionnscríbhinn i bhFoirm Uimh. 8 i bhFoscríbhinn G a chomhdú, ar mionnscríbhinn í a bheidh le déanamh ag cibé seiceadóir nó riarthóir, nó cibé duine de na seiceadóirí nó de na riarthóirí, nó cibé páirtí eile, i gcomhpháirt lena aturnae nó ar dhóigh eile, a ordóidh an Chúirt, agus lena bhfíorófar liosta de na héilimh i bhFoirm Uimh. 9 i bhFoscríbhinn G, a mbeidh na sonraí ina dtaobh curtha isteach de bhun an fhógráin, agus ina luafar cé acu de na héilimh sin, nó de na codanna de na héilimh sin, faoi seach, a mbeidh eastát an éagaigh faoi dhliteanas cóir ina leith, i dtuairim an teisteora, agus ina luafar é a bheith á chreidiúint na héilimh sin nó na codanna sin de na héilimh sin, faoi seach, a bheith dlite go cóir agus gur cuí iad a cheadú, agus na cúiseanna a bheidh lena chreidiúint sin.

32. I gcás inar cuí leis an Scrúdaitheoir é sin a ordú, cuirfear siar déanamh na mionnscríbhinne dá dtagraítear i riail 31 go dtí tar éis an lae a bheidh ceaptha don bhreithniú, agus ansin beidh sé faoi réir cibé ordachán a thabharfaidh an Scrúdaitheoir.

33. I gcás, ar an lá a bheidh ceaptha chun na héilimh a éisteacht, go mbeidh aon éilimh díobh gan a bheith curtha de láimh, cuirfear éisteacht na n-éileamh sin ar atráth go dtí cibé lá a shocrófar, agus i gcás ina mbeidh tuilleadh fianaise le tabhairt ar aird, féadfar tréimhse ama a ainmniú a mbeidh an fhianaise ar an dá thaobh le críochnú laistigh di agus féadfar ordacháin a thabhairt i dtaobh an mhodha ar a mbeidh an fhianaise sin le tabhairt ar aird.

34. An tráth a bheidh ceaptha chun breithniú a dhéanamh ar na héilimh ó chreidiúnaithe, nó ag aon atráthú ar an mbreithniú sin, féadfaidh an Scrúdaitheoir, dá rogha féin, aon cheann de na héilimh, nó aon chuid díobh, faoi seach, a cheadú gan cruthúnas ó na creidiúnaithe, agus a ordú go ndéanfar imscrúdú ar gach ceann nó ar aon cheann de na héilimh nach mbeidh ceadaithe, agus sonraí breise nó tuilleadh faisnéise nó fianaise maidir leis sin a éileamh, agus féadfaidh sé a cheangal ar aon chreidiúnaí freastal agus a éileamh, nó aon chuid dá éileamh, a chruthú, agus déanfar an breithniú ar na héilimh sin nach mbeidh ceadaithe an tráth sin a chur ar atráth go dtí lá a shocrófar san am sin.

35. (i) I gcás ina mbeidh an t-éileamh ó aon chreidiúnaí ceadaithe, go hiomlán nó go páirteach, gan cruthúnas ón gcreidiúnaí sin, tabharfaidh an seiceadóir nó an riarthóir, nó cibé páirtí eile a ordófar, fógra dó, á rá an t-éileamh a bheith ceadaithe, i bhFoirm Uimh. 10 i bhFoscríbhinn G.

(ii) I gcás ina gceanglófar ar aon chreidiúnaí freastal agus a éileamh, nó aon chuid dá éileamh, a chruthú, tabharfaidh an seiceadóir nó an riarthóir, nó cibé páirtí eile a ordófar, fógra dó i bhFoirm Uimh. 11 i bhFoscríbhinn G á cheangal air mionnscríbhinn a chomhdú, mar thaca lena éileamh, laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seacht lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra, agus freastal an tráth a bheidh sonraithe san fhógra sin chun breithniú a dhéanamh ar an éileamh sin. Má loiceann an creidiúnaí i gcomhlíonadh na gceanglas sin, déanfar a éileamh, nó an chuid dá éileamh is gá a chruthú, a dhícheadú.

36. Ní ghlacfar aon éileamh tar éis na tréimhse ama a bheidh socraithe leis an bhfógrán ach amháin le cead speisialta ón gCúirt. Is le foriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas ar an gcead sin agus féadfar é a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha a ordóidh an Chúirt.

37. Creidiúnaí a mbeifear tar éis a cheangal air freastal agus a fhiach a chruthú, agus a bheidh tar éis a fhiach a shuíomh, beidh sé i dteideal na gcostas a bhainfidh leis sin a dhéanamh agus is í an Chúirt a shocróidh an tsuim a cheadófar i leith na gcostas sin, mura n-ordóidh an Chúirt na costais sin a fhómhas; agus cuirfear méid na gcostas sin, nó an tsuim a cheadófar ina leith sin, leis an bhfiach a shuífear amhlaidh.

38. Déanfaidh an duine a scrúdóidh na héilimh liosta amach de na héilimh go léir a cheadófar agus fágfaidh sé leis an Scrúdaitheoir é, nuair a iarrfar é.

39. I gcás ina ndéanfar aon ordú go dtabharfaidh an Cuntasóir íocaíochtaí do chreidiúnaithe, cuirfidh an páirtí arb é a dhualgas an t-ordú sin a thabhairt ar aghaidh fógra i bhFoirm Uimh. 12, i bhFoscríbhinn G, chuig gach creidiúnaí díobh sin, nó chuig a aturnae (más ann), á rá go bhféadfar na dréachtaí a fháil ón gCuntasóir, agus déanfaidh an páirtí sin, nuair a iarrfar air é, an t-ordú sin a thabhairt ar aird, maille le haon pháipéir eile is gá chun a chur ar chumas na gcreidiú naithe sin a ndré achtaí a fhá il agus a chur á bhfaomhadh.

40. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar gach fógra a cheanglaítear leis an Ordú seo a thabhairt do chreidiúnaithe nó d’éilitheoirí eile a sheirbheáil tríd an bPríomh-Oifig ar an gcreidiúnaí nó ar an éilitheoir eile ag an seoladh a bheidh tugtha ina éileamh, nó, i gcás aturnae a bheith fostaithe ag an gcreidiúnaí sin nó ag an éilitheoir eile sin, ar an aturnae sin ag an seoladh a bheidh tugtha aige.

VII. Ús.

41. Nuair a dhéanfar cuntas ar fhiacha duine éagtha a ordú le hordú, ríomhfar ús (ach amháin i gcás eastát dócmhainneach nó i gcás ina n-ordófar a mhalairt) ar na fiacha sin, maidir le cibé fiacha díobh lena ngabhfaidh ús, de réir an ráta a ghabhfaidh leo faoi seach, agus, maidir leis na fiacha eile go léir, de réir an ráta a bheidh arna shonrú in alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, ó dháta an ordaithe.

42. Beidh creidiúnaí nach ngabhfaidh ús lena fhiach, agus a mbeidh an céanna suite aige de bhun ordaithe ón gCúirt, i dteideal úis air de réir an ráta faoin gcéad sa bhliain a dúradh, ó dháta an ordaithe, as aon sócmhainní a bheidh ar fáil chuige sin tar éis na héilimh go léir roimhe sin a shásamh.

43. I gcás ina ndéanfar ordú lena n-ordófar cuntas ar leagáidí, déanfar ús ar na leagáidí sin a ríomh de réir an ráta faoin gcéad sa bhliain a dúradh ó dheireadh bliana amháin tar éis bhás an tiomnóra, mura n-ordófar a mhalairt, nó mura ndéanfar aon tráth íoctha eile, nó aon ráta úis eile, a ordú san uacht, agus sa chás sin is de réir na huachta a ríomhfar é.

VIII. Deimhniú an Scrúdaitheora.

44. Déanfar toradh aon imeachtaí os comhair an Scrúdaitheora a lua i bhfoirm deimhnithe chomair chun na Cúirte. Mura ndéanfar ordú chun é a urscaoileadh nó a athrú, measfar an deimhniú a bheith formheasta agus glactha leis ag an gCúirt.

45. Mura ndéanfaidh imthosca an cháis a thabhairt gur gá é, ní dhéanfar an t-ordú nó aon doiciméid nó fianaise nó fáthanna a leagan amach i ndeimhniú an Scrúdaitheora, ach tagrófar ann don ordú, do na doiciméid, agus don fhianaise nó do mhíreanna áirithe den chéanna, ionas go bhfeicfear cad air a mbeidh an toradh a bheidh luaite sa deimhniú bunaithe.

46. Is i bhFoirm Uimh. 16 i bhFoscríbhinn G a bheidh deimhniú an Scrúdaitheora agus síneoidh an Scrúdaitheoir í.

47. I gcás ina ndéanfar cuntas a ordú, luafar toradh an chuntais sin sa deimhniú, agus ní leagfar amach ann é i bhfoirm sceidil, ach tagrófar ann don chuntas arna fhíorú leis an mionnscríbhinn a bheidh comhdaithe, agus sonrófar ann, leis na huimhreacha a bheidh ag gabháil leis na míreanna sa chuntas, cé acu de na míreanna sin (más ann) a bheifear tar éis a dhícheadú nó a athrú, agus luafar ann cad iad na breisithe (más ann) a bheidh déanta trí fhormhuirear nó eile, agus i gcás ina mbeidh an cuntas a bheidh fíoraithe leis an mionnscríbhinn athraithe an oiread sin gur gá athscríbhinn chóir a fháil den chuntas arna athrú, féadfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú á thabhairt ar aghaidh aige a cheangal go ndéanfar an athscríbhinn sin, agus déanfar tagairt dó ansin sa deimhniú. Déanfar na cuntais agus na hathscríbhinní (más ann) dá dtagrófar sa deimhniú a chomhdú leis an deimhniú, nó coimeádfar in Oifig an Scrúdaitheora iad agus comhdófar dá éis sin iad, de réir mar a ordóidh an Scrúdaitheoir.

48. Féadfaidh aon pháirtí nó aon duine leasmhar eile, sula mbeidh na himeachtaí os comhair an Scrúdaitheora curtha i gcrích, tuairim na Cúirte a lorg ar aon ábhar a thiocfaidh chun cinn i gcúrsa na n-imeachtaí, ar fhógra a bheith tugtha do gach duine cuí. Is i bhFoirm Uimh. 14 agus i bhFoirm Uimh. 15 i bhFoscríbhinn G a bheidh an fógra sin.

49. Déanfaidh an Scrúdaitheoir gach deimhniú, maille leis na cuntais (más ann) a bheidh le comhdú in éindí leis, a tharchur chuig an bPríomh-Oifig, mar a gcomhdófar é, agus beidh sé ina cheangal as sin amach ar na páirtithe go léir sna himeachtaí mura n-urscaoilfear nó mura n-athrófar é ar iarratas le foriarratas a mbeidh fógra faoi seirbheáilte laistigh d’ocht lá tar éis an chomhdaithe sin; ar an gcoinníoll, i gcás iarratais chun aon deimhniú a mbeidh an Cuntasóir le gníomhú air gan aon ordú eile, nó aon deimhniú ar fhaomhadh cuntas glacadóirí nó leachtaitheoirí, a urscaoileadh nó a athrú, go seirbheálfar an fógra laistigh de thrí lá tar éis an deimhniú a chomhdú.

50. Féadfaidh an Chúirt, in imthosca speisialta, ar iarratas le foriarratas chun na críche sin, a ordú deimhniú a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith tar éis dó teacht chun bheith ina cheangal ar na páirtithe.

IX. Ilghnéitheach.

51. Coimeádfar nótaí ar na himeachtaí go léir os comhair an Scrú daitheora, le dá ta cúý, ionas go ndé anfar na himeachtaí uile den sórt sin i ngach cúis nó ábhar a léiriú as a chéile, agus in ord cróineolaíoch, mar aon le gearr-ráiteas i dtaobh na gceisteanna nó na bpointí a bheidh breithnithe nó rialaithe i ngach éisteacht.

52. Déanfar gach ordú a dhéanfaidh an Scrúdaitheoir a tharchur chuig an bPríomh-Oifig, mar a gcomhdófar é.

53. Ní thabharfar éisteacht d’abhcóide in imeachtaí os comhair an Scrúdaitheora mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

54. Úsáidfear Foirmeacha Uimh. 17 go hUimh. 31 i bhFoscríbhinn G chun na críche faoi seach a luaitear iontu.