Ordú 39
Fianaise
I. Ginearálta.
1. In éagmais aon chomhaontaithe i scríbhinn idir aturnaetha na bpáirtithe uile, agus faoi réir na Rialacha seo, is viva voce agus i gcúirt oscailte a dhéanfar na finnéithe i dtriail aon chaingne, nó ag aon mheasúnú damáistí, a cheistiú, ach féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, ar leorchúis a bheith aici, a ordú go bhféadfar aon fhíoras nó fíorais áirithe a chruthú le mionnscríbhinn, nó go bhféadfar, ar cibé coinníollacha is réasúnach leis an gCúirt, mionnscríbhinn aon fhinné a léamh ag an éisteacht nó sa triail, nó a ordú aon fhinné, ba chóir ar leorchúis éigin a fhreastal sa Chúirt a ligean thar ceal, a cheistiú le hagarcheisteanna nó ar shlí eile os comhair coimisinéara nó scrúdaitheora; ar an gcoinníoll, i gcás ina ndealróidh sé don Chúirt gur mian leis an bpáirtí eile, bona fide, go dtabharfar finné ar aird lena chroscheistiú, agus gur féidir an finné sin a thabhairt ar aird, nach ndéanfar ordú á údarú fianaise an fhinné sin a thabhairt le mionnscríbhinn.
2. Ní gá ordú chun fianaise a bheidh tógtha i gcúis nó in ábhar eile a léamh, ach féadfar an fhianaise sin, lasmuigh de gach eisceacht chóir, a léamh ar iarratais ex parte le cead na Cúirte, a bheidh le fáil trá th déanta aon iarratais den sórt sin, agus in aon chás eile, ar an bpáirtí ar mian leis an fhianaise sin a úsáid do thabhairt fógra dhá lá roimh ré do na páirtithe eile á rá é a bheith ar intinn aige an fhianaise sin a léamh.
3. Beidh cóipeanna fianaithe de gach doiciméad a bheidh comhdaithe san Ard-Chúirt inghlactha i bhfianaise i ngach cúis agus ábhar agus idir gach duine nó páirtí go feadh an mhéid chéanna a bheadh na doiciméid bhunaidh inghlactha.
II. Ceistiú finnéithe
4. Féadfaidh an Chúirt, in aon chúis nó ábhar ina ndealróidh sé gur gá sin a dhéanamh, aon ordú a dhéanamh chun aon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair na Cúirte, nó os comhair aon oifigigh don Chúirt nó aon duine eile, agus in aon áit, agus féadfaidh sí a cheadú teistíocht an fhinné sin a thabhairt ar aird i bhfianaise ar cibé téarmaí (más ann) a ordóidh an Chúirt.
5. (i) Más rud é, in aon chás, go n-ordóidh an Chúirt é, eiseofar iarraidh chun finnéithe a cheistiú in ionad coimisiúin; úsáidfear Foirm Uimh. 1 agus Foirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn D, Cuid II, don ordú sin agus don iarraidh sin, faoi seach.
(ii) I gcás ina ndéanfar ordú chun iarraidh a eisiúint chun finné nó finnéithe a cheistiú in aon tír choigríche lena mbeidh coinbhinsiún chuige sin déanta, nó lena ndéanfar coinbhinsiún, déanfar an nós imeachta seo a leanas a leanúint:—
(a) déanfaidh an páirtí a mbeidh an t-ordú sin á fháil aige gealltanas i bFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn D, Cuid II, a chomhdú sa Phríomh-Oifig;
(b) beidh ag gabháil leis an ngealltanas sin—
(i) iarraidh i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn D, Cuid II, fara cibé athruithe a ordófar san ordú chun í a eisiúint, mar aon le tiontú ar an iarraidh sin i dteanga na tíre ina mbeidh sí le forghníomhú;
(ii) cóip de na hagarcheisteanna (más ann) a bheidh le gabháil leis an iarraidh agus tiontú orthu;
(iii) cóip de na cros-agarcheisteanna (más ann) agus tiontú orthu.
(iii) I gcás ina ndéanfar ordú chun finné nó finnéithe a cheistiú os comhair údarás Consalachta na hÉireann in aon tír choigríche lena mbeidh coinbhinsiún chuige sin déanta, nó lena ndéanfar coinbhinsiún, is i bhFoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn D, Cuid II, a bheidh an t-ordú sin.
6. Féadfaidh an Chúirt in aon chúis nó ábhar, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú d’aon duine freastal chun aon scríbhinní nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a bheidh ainmnithe san ordú agus ar cuí leis an gCúirt go ndéanfaí iad a thabhairt ar aird; ar an gcoinníoll nach gcuirfear iallach ar aon duine aon scríbhinn nó doiciméad eile nach bhféadfaí iallach a chur air í nó é a thabhairt ar aird ag an éisteacht nó sa triail a thabhairt ar aird faoi aon ordú den sórt sin.
7. Aon duine nach ngéillfidh, go toiliúil, d’aon ordú á cheangal air freastal chun é a cheistiú nó chun aon doiciméad a thabhairt ar aird, measfar é a bheith ciontach i ndíspeagadh Cúirte, agus féadfar déileáil leis dá réir sin.
8. Aon duine a gceanglófar air freastal chun é a cheistiú, nó chun aon doiciméad a thabhairt ar aird, beidh sé i dteideal an airgid seolta chéanna agus na híocaíochta céanna as caiteachais agus caillteanas ama a mbeadh sé ina dteideal ar fhreastal ar thriail sa Chúirt.
9. I gcás ina n-ordófar aon fhinné nó duine a cheistiú os comhair aon oifigigh don Chúirt, nó os comhair aon duine a bheidh ceaptha chun na críche sin, déanfaidh an páirtí ar ar iarratas uaidh a bheifear tar éis an t-ordú a dhéanamh cóip den toghairm, agus de na pléadálacha, más ann, nó cóip de na doiciméid is gá chun na ceisteanna a bheidh i saincheist idir na páirtithe a chur in iúl don duine a mbeidh an ceistiú á chur aige, a thabhairt don duine a mbeidh an ceistiú á chur aige.
10. Déanfar an ceistiú i láthair na bpáirtithe, a n-abhcóidí, a n-aturnaetha, nó a ngníomhairí, agus beidh na finnéithe faoi réir a gcroscheistithe agus a n-athcheistithe.
11. Na teistíochtaí a thógfar os comhair oifigigh don Chúirt, nó os comhair aon duine eile a bheidh ceaptha chun an ceistiú a chur, cuirfidh an scrúdaitheoir síos i scríbhinn iad, nó cuirfear síos i scríbhinn ina láthair iad, ionas go mbeidh siad ina léiriú ar ráiteas an fhinné an oiread agus is féidir sin, agus nuair a bheidh siad críochnaithe léifear don fhinné iad agus síneoidh seisean iad i láthair na bpáirtithe, nó an mhéid díobh ar cuí leo freastal. Má dhiúltaíonn an finné na teistíochtaí a shíniú, síneoidh an scrúdaitheoir iad. Féadfaidh an scrúdaitheoir aon cheist a chur ar an bhfinné i dtaobh bhrí aon fhreagra, nó i dtaobh aon ábhair a thiocfaidh chun cinn le linn an cheistiúcháin. Cuirfidh an scrúdaitheoir síos sna teistíochtaí aon cheisteanna a gcuirfear ina gcoinne agus tabharfaidh sé a thuairim ina dtaobh do na habhcóidí, na haturnaetha, nó na páirtithe, agus déanfaidh sé tagairt don ráiteas sin sna teistíochtaí, ach ní bheidh cumhacht aige cinneadh a dhéanamh maidir le há bharthacht aon cheiste.
12. Aon duine a dtoghairfear air go cuí le subpoena freastal lena cheistiú, má dhiúltaíonn sé freastal, nó más rud é, tar éis dó freastal, go ndiúltóidh sé dul faoi mhionn nó aon cheist dhleathach a fhreagairt, déanfar deimhniú ar an diúltú sin, arna shíniú ag an scrúdaitheoir, a chomhdú sa Phríomh-Oifig, agus air sin féadfaidh an páirtí a bheidh ag éileamh ar an bhfinné freastal iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ex parte nó iar bhfógra ar ordú á ordú don fhinné freastal, nó dul faoi mhionn, nó aon cheist a fhreagairt, de réir mar a bheidh.
13. Má chuireann aon fhinné i gcoinne aon cheiste a chuirfear air os comhair scrúdaitheora, déanfaidh an scrúdaitheoir an cheist a bheidh curtha amhlaidh, agus agóid an fhinné ina haghaidh, a chur síos agus tarchuirfidh sé í chuig an bPríomh-Oifig lena comhdú san oifig sin, agus breithneoidh an Chúirt bailíocht na hagóide.
14. In aon chás faoi rialacha 12 agus 13, beidh cumhacht ag an gCúirt a ordú don fhinné aon chostais a thiocfaidh dá dhiúltú nó dá agóid a íoc.
15. Nuair a bheidh ceistiú aon fhinné os comhair aon scrúdaitheora curtha i gcrích, déanfaidh an scrúdaitheoir na teistíochtaí bunaidh, arna bhfíordheimhniú le síniú an scrúdaitheora, a tharchur chuig an bPríomh-Oifig, agus comhdófar san oifig sin iad.
16. Féadfaidh an duine a mbeidh an ceistiú á chur aige ar fhinné faoin Ordú seo, agus más gá sin déanfaidh sé, tuarascáil speisialta a thabhairt don Chúirt i dtaobh an cheistithe sin, agus i dtaobh iompar aon fhinné nó duine eile, nó i dtaobh aon fhinné nó duine eile a bheith as láthair, lena linn, agus féadfaidh an Chúirt cibé imeachtaí a ordú agus cibé ordú a dhéanamh is cóir léi ar an tuarascáil.
17. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Ordú seo nó mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní thabharfar aon teistíocht i bhfianaise le linn éisteacht nó thriail na cúise nó an ábhair gan toiliú ón bpáirtí a bhféadfar an teistíocht sin a thairiscint ina choinne, mura deimhin leis an gCúirt an teisteoir a bheith marbh, nó thar dhlínse na Cúirte, nó gan a bheith in ann, de dheasca breoiteachta nó éiglíochta eile, freastal ar an éisteacht nó ar an triail — in aon cheann de na cásanna sin beidh na teistíochtaí arna ndeimhniú faoi láimh an duine a mbeidh an ceistiú á chur aige inghlactha i bhfianaise, lasmuigh de gach eisceacht chóir, gan cruthúnas ar an síniú leis an deimhniú sin.
18. Féadfaidh aon oifigeach don Chúirt nó aon duine eile, a n-ordófar dó an ceistiú a chur ar aon fhinné nó aon duine, daoine a chur faoi mhionn.
19. Féadfaidh aon pháirtí in aon chúis nó ábhar, le subpoena ad testificandum nó duces tecum, a cheangal ar aon fhinné freastal os comhair oifigigh don Chúirt, nó os comhair duine eile a bheidh ceaptha chun an ceistiú a chur, d’fhonn a fhianaise a úsáid ar aon imeacht sa chúis nó san ábhar sa tslí chéanna a mbeadh de cheangal ar an bhfinné sin freastal agus dul faoi cheistiú ag an éisteacht nó sa triail; agus aon pháirtí nó finné a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige a bheidh le húsáid nó a úsáidfear ar aon imeacht sa chúis nó san ábhar beidh de cheangal air, ar an subpoena sin a sheirbheáil air, freastal os comhair an oifigigh nó an duine sin lena chroscheistiú.
20. Fianaise a thógfar tar éis aon chúis nó ábhar a éisteacht nó a thriail tógfar í sa tslí chéanna, an oiread agus is féidir sin, le fianaise arna tógáil i dtriail nó in oirchill trialach.
21. An cleachtas i ndáil le ceistiú, le croscheistiú agus le hathcheistiú finnéithe i dtriail bainfidh sé le fianaise a thógfar in aon chúis nó ábhar ag aon chéim agus beidh feidhm aige maidir léi.
22. Beidh cleachtas na Cúirte maidir le fianaise i dtriail, nuair a chuirfear i bhfeidhm é maidir le fianaise a bheidh le tógáil os comhair oifigigh don Chúirt nó duine eile in aon chúis nó ábhar tar éis na héisteachta nó na trialach, faoi réir aon ordachán speisialta a thabharfar in aon chás.
23. Ní dhéanfar, gan cead speisialta ón gCúirt, aon mhionnscríbhinn nó teistíocht a bheidh comhdaithe nó déanta roimh uamadh na saincheiste in aon chúis nó ábhar a ghlacadh le linn éisteacht nó thriail na cúise nó an ábhair, mura rud é, laistigh d’aon mhí amháin tar éis uamadh na saincheiste nó laistigh de cibé tréimhse ama is faide ná sin a lamhálfar le cead speisialta ón gCúirt, go mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an bpáirtí a mbeidh ar intinn aige an mhionnscríbhinn nó an teistíocht a úsáid don pháirtí freasúrach faoina mbeidh ar intinn aige ina leith sin.
24. Féadfar an fhianaise go léir a thógfar le linn éisteacht nó thriail aon chúise nó ábhair a úsáid in aon imeachtaí ina dhiaidh sin sa chúis chéanna nó san ábhar céanna.
III. Subpoena
25. I gcá s ina mbeartófar a iarraidh go n-eiseofáý subpoena, déanfar praecipe chun na críche sin, i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn D, Cuid I, agus ina mbeidh ainm nó gnólacht agus áit chláraithe ghnó an aturnae a bheidh ag déanamh iarratais amhlaidh, a sheachadadh agus a chomhdú sa Phríomh-Oifig i ngach cás.
26. Is i bhFoirm Uimh. 2, 3, 4 nó 5 i bhFoscríbhinn D, Cuid I, a bheidh subpoena.
27. Féadfar subpoena go bhfreastalóidh finné os comhair an Mháistir nó an Scrúdaitheora a eisiúint ón bPríomh-Oifig de dhroim nóta ón Máistir nó ón Scrúdaitheoir, de réir mar a bheidh.
28. I gcás inar gá sin nó ina mbeidh sin ag teastáil beidh trí ainm i ngach subpoena, seachas subpoena duces tecum, ach féadfaidh aon líon ainmneacha is mó ná sin a bheith ann.
29. Ní áireofar níos mó ná triúr in aon subpoena duces tecum amháin, agus beidh de chead ag an bpáirtí a bheidh á iarraidh sin subpoena a iarraidh le haghaidh gach duine má mheastar gur gá nó gurb inmhianaithe sin.
30. Ní eiseofar aon subpoena chun aon taifead a bheidh i gcoimeád an Phámháistir Ghinearálta, nó oifigigh eile don Stát, a thabhairt ar aird gan ordú ón gCúirt; agus ní bheidh sé d’oibleagáid ar an oifigeach sin a mbeidh aon taifead den sórt sin ina choimeád é a aistriú faoin ordú sin as an taisclann ina mbeidh sé curtha gan an t-ordú sin, a sheirbheálfar air leis an subpoena duces tecum.
31. Aon oifigeach don Chúirt a gceanglófar air freastal le haon taifead nó doiciméad in aon chúirt nó áit, seachas i mBaile Átha Cliath, beidh sé i dteideal a cheangal go ndéanfaidh an t-aturnae nó an páirtí ar mian leis go bhfreastalóidh sé leorshuim airgid a thaisceadh leis faoi chomhair na dtáillí córa agus na muirear agus na gcaiteachas cóir a bheidh air i leith an fhreastail sin, agus go ngeallfaidh sé aon táillí córa breise agus aon mhuirir agus aon chaiteachais chóra bhreise a íoc a bhféadfaidh sé nach nglanfaidh an taisceadh sin iad go hiomlán.
32. San aga idir aon subpoena a eisiúint agus é a sheirbheáil féadfaidh an páirtí a mbeidh iarratas á dhéanamh aige air sin aon earráid in ainmneacha páirtithe nó finnéithe a cheartú, agus féadfaidh sé é a chur á athshéalú ar praecipe ceartaithe a fhágáil i leith an subpoena sin, agus na focail ‘‘arna athrú agus arna athshéalú’’ marcáilte air, agus é sínithe le hainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige.
33. Déanfar subpoena a sheirbheáil trí chóip de a sheachadadh, a mbeidh ainm agus seoladh an aturnae nó an pháirtí a mbeidh sé á eisiúint aige formhuinithe uirthi, agus tríd an gcóip bhunaidh de a thabhairt ar aird san am céanna.
34. Ní bheidh aon bhailíocht ag seirbheáil aon subpoena mura ndéanfar an tseirbheáil laistigh de dhá sheachtain déag tar éis dháta an subpoena.
IV. Buanú fianaise
35. Aon duine a thiocfadh, sna himthosca a mbeidh líomhnaithe aige iad a bheith ann, ar aon teagmhas do tharlú sa todhchaí, chun bheith i dteideal aon onóra, teidil, dínite, nó oifige, nó aon eastáit nó leasa in aon mhaoin, réadach nó pearsanta, agus nach féidir leis an ceart chuici nó chuige, nó an t-éileamh uirthi nó air, a thabhairt chun trialach sula dtarlóidh an teagmhas sin, féadfaidh sé caingean a thionscnamh chun aon fhianaise a bhuanú a fhéadfaidh a bheith ábhartha chun an ceart nó an t-éileamh sin a shuíomh.
36. I ngach caingean chun fianaise i dtaobh aon onóra, teidil, dínite, nó oifige, nó aon ábhair nó ní eile a bhféadfaidh sé go mbeidh aon eastát nó leas ag an Stát ann, a bhuanú féadfar cosantóir a dhéanamh den Ard-Aighne, agus i ngach imeacht ina bhféadfar na teistíochtaí a bheidh tógtha in aon chaingean den sórt sin, ina mbeifear tar éis cosantóir a dhéanamh amhlaidh den Ard-Aighne, a thairiscint i bhfianaise, beidh na teistíochtaí sin inghlactha d’ainneoin aon agóide in aghaidh na dteistíochtaí sin ar an bhforas an Stát gan a bheith ina pháirtí sa chaingean ina mbeifear tar éis na teistíochtaí sin a thógáil.
37. Ní cheisteofar finnéithe chun fianaise a bhuanú mura mbeidh caingean tionscanta chuige sin.
38. Ní dhéanfar aon chaingean chun fianaise finnéithe a bhuanú a chur síos i gcomhair trialach.
V. Fianaise a fháil do bhinsí coigríche
39. Más rud é, faoin Foreign Tribunals Evidence Act, 1856, nó faoin Extradition Act, 1870, alt 24, go mbeidh aon ábhar sibhialta nó tráchtála, nó aon ábhar cóiriúil, ar feitheamh os comhair cúirte nó binse tíre coigríche, agus go léireofar don Chúirt, le commission rogatoire, nó le litir iarrata nó fianaise eile dá bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, gur mian leis an gcúirt nó leis an mbinse sin fianaise aon fhinné nó finnéithe laistigh den dlínse a fháil i ndáil leis an ábhar sin, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ex parte ó aon duine a suífear é a bheith údaraithe go cuí chun an t-iarratas a dhéanamh thar ceann na cúirte nó an bhinse coigríche sin, agus ar an commission rogatoire, nó ar an litir iarrata, nó ar an bhfianaise eile de bhun an Foreign Tribunals Evidence Act, 1856, alt 2, nó cibé fianaise eile a theastóidh ón gCúirt, a thabhairt ar aird, cibé ordú nó orduithe a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt d’éirim na nAchtanna thuasluaite i gcomhréir leis an Foreign Tribunals Evidence Act, 1856, alt 1.
40. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn D, Cuid III, a bheidh ordú a dhéanfar faoi riail 39.
41. Féadfar a ordú an ceistiú a chur os comhair aon duine chirt chuí a ainmneoidh an duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige, nó os comhair duine de na hoifigigh don Chúirt, nó os comhair cibé duine cháilithe eile, is cuí leis an gCúirt.
42. (i) Mura bhforálfar dá mhalairt san ordú le haghaidh ceistiú, déanfaidh an duine a mbeidh an ceistiú á chur os a chomhair, ar é a bheith curtha i gcrích, é a chur ar aghaidh go dtí an Máistir, agus ar é a fháil dó, cuirfidh an Máistir deimhniú, i bhFoirm Uimh. 2, i bhFoscríbhinn D, Cuid III, arna dheimhniú go cuí lena úsáid lasmuigh den dlínse, ag gabháil leis, agus cuirfidh sé na teistíochtaí arna ndeimhniú amhlaidh, maille leis an commission rogatoire nó an litir iarrata (más ann), ar aghaidh go dtí an tAire Gnóthaí Eachtracha lena dtarchur chuig an gcúirt choigríche nó chuig an mbinse coigríche a mbeidh siad ag teastáil uaithi nó uaidh.
(ii) I gcás inar mian leis an gcúirt choigríche nó leis an mbinse coigríche é, déanfaidh an Máistir an teistíocht a sheoladh go díreach go dtí an Consal nó an t-oifigeach eile don rialtas coigríche in Éirinn lena tarchur chuig an gcúirt choigríche nó chuig an mbinse coigríche.
43. Féadfar a ordú le hordú a dhéanfar faoi riail 39 go gcuirfear an ceistiú sin i cibé slí a bheidh iarrtha leis an commission rogatoire nó litir iarrata ón gcúirt choigríche nó ón mbinse coigríche, nó a mbeidh curtha in iúl inti í a bheith de réir chleachtas nó cheanglais na cúirte nó an bhinse sin, nó a bheidh iarrtha, ar an gcúis chéanna, ag an iarratasóir ar an ordú sin. In éagmais aon ordacháin speisialta den sórt sin a bheith tugtha san ordú le haghaidh ceistiú, déanfar an ceistiú sa tslí a fhorordaítear i gCuid II den Ordú seo.
44. I gcás ina dtarchuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha commission rogatoire, nó litir iarrata, mar a luaitear i riail 39, chuig an bPríomh-Aturnae Stáit á chur in iúl gurb inmhianaithe éifeacht a thabhairt don chéanna gan a cheangal ar na gníomhairí in Éirinn d’aon pháirtí de na páirtithe sa chaingean nó san ábhar sa tír choigríche iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, féadfaidh an Príomh-Aturnae Stáit cibé iarratais agus cibé bearta is gá a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don commission rogatoire sin, nó don litir iarrata sin, de réir rialacha 39 go 43 (go huile).
.
.
.
.
.
.
52. [7] (1) Sa riail seo:
ciallaíonn “Údarás Lárnach” Údarás Lárnach Ballstáit den Aontas Eorpach arna ainmniú de réir Airteagal 15 de Rialachán 2016 chun feidhmeanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán 2016 a chomhlíonadh;
ciallaíonn “Rialachán 2016” Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012;
tá le “doiciméid phoiblí” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 3 de Rialachán 2016 agus forléireofar “doiciméad poiblí” dá réir sin.
(2) Aon doiciméad a airbheartóidh gur doiciméad poiblí é lena mbaineann Rialachán 2016 (nó cóip dheimhnithe, de réir bhrí Airteagal 3(7) de Rialachán 2016, de dhoiciméad poiblí), beidh sé inghlactha i bhfianaise mar dhoiciméad poiblí den sórt sin, gan cruthúnas ar aon nós imeachta foirmiúil chun barántúlacht sínithe nó an cháil inar ghníomhaigh an duine a shínigh an doiciméad nó, más cuí, céannacht an tséala nó an stampa a bheidh ar an doiciméad a dheimhniú, más rud é go mbeidh sé inghlactha thairis sin.
(3) In aon chás ina mbeidh amhras réasúnach ar an gCúirt maidir le barántúlacht doiciméid phoiblí nó cóipe deimhnithe a thabharfar ar aird de réir fho-riail (2), féadfaidh sí a ordú go ndéanfar aon bheart a cheadaítear le hAirteagal 14 de Rialachán 2016 chun deireadh a chur leis an amhras sin. In aon chás den sórt sin, déanfaidh an Chúirt, ina cuid ordachán, na forais ar a mbeidh siad bunaithe a leagan amach.
52A. (1) Sa riail seo:
ciallaíonn “Údarás Lárnach” Údarás Lárnach Stáit Chonarthaigh arna ainmniú de réir Airteagal 5 den Choinbhinsiún;
4 [139]
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún lena gCuirtear Deireadh le Dlisteanú Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpach arna dhéanamh
sa Bhruiséil an 25ú Bealtaine, 1987;
ciallaíonn “Stát Conarthach” Stát is páirtí sa Choinbhinsiún, seachas an Stát, agus folaíonn sé Stát a bhfuil dearbhú déanta aige de bhun Airteagal 6(3)
den Choinbhinsiún;
ciallaíonn agus folaíonn “doiciméad” aon doiciméad nó doiciméid ar doiciméid phoiblí iad de réir bhrí Airteagal 1 den Choinbhinsiún, ach ní fholaíonn sé “doiciméad poiblí” de réir bhrí riail 52, lena mbaineann Rialachán 2016.
(2) Aon doiciméad a airbheartóidh gur doiciméad poiblí é de réir bhrí Airteagal 1 den Choinbhinsiún, beidh sé inghlactha i bhfianaise mar dhoiciméad poiblí den sórt sin, gan cruthúnas ar aon nós imeachta foirmiúil chun barántúlacht sínithe nó an cháil inar ghníomhaigh an duine a shínigh an doiciméad nó, más cuí, céannacht an tséala nó an stampa a bheidh ar an
doiciméad a dheimhniú, más rud é go mbeidh sé inghlactha thairis sin.
(3) In aon chás ina mbeidh amhras tromaí, agus cúis mhaith leis, ar an gCúirt i ndáil le haon doiciméad a thabharfaí ar aird, maidir le barántúlacht an tsínithe nó leis an gcáil inar ghníomhaigh an duine a shínigh an doiciméad nó le céannacht nó séala an stampa a bheidh ar an doiciméad, féadfaidh sí a ordú go n-iarrfar cibé faisnéis a mheasfaidh sí is iomchuí, de réir Airteagal 4 den Choinbhinsiún, ar Údarás Lárnach an Stáit óna mbeidh an ionstraim nó an doiciméad tagtha. In aon chás den sórt sin, déanfaidh an Chúirt, ina cuid ordachán, na forais ar a mbeidh siad bunaithe a leagan amach.
(4) Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 40, riail 7, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is gá i ndáil le haird bhreithiúnach a thabhairt ar shéala nó ar shíniú, de réir mar a bheidh, aon ionadaí nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta, aon bhreithimh, aon chúirte nó aon nótaire phoiblí a bheidh údaraithe go dleathach chun daoine a chur faoi mhionn in aon cheann de na Stáit Chonarthacha.
(5) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon doiciméad lena mbeidh feidhm ag Rialachán 2016 nó ag an gCoinbhinsiún maidir leis agus ní bheidh feidhm ag Codanna VIII agus IX maidir le doiciméad den sórt sin.”
.
.
.
.
[7] Ordú 39, riail 52 curtha ina ionad agus riail 52A curtha isteach le IR 139 de 2019, le héifeacht an 25 Aibreán 2019.