Ordú 42B

Orduithe Forghníomhaithe Eorpacha : I.R. Uimh. 3 de 2006

1. San Ordú seo:-
ciallaíonn “Rialachán Uimh. 805/2004” Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Forghníomhaithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, IO L 143/15 an 30 Aibreán 2004;
ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1869/2005” Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 ón gCoimisiún lena n-ionadaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Forghníomhaithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, IO L 300/6 an 16 Samhain 2005;

ciallaíonn “Rialacháin 2005” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forghníomhaithe Eorpach), 2005 (I.R. Uimh. 648 de 2005);

ciallaíonn “breithiúnas baile”


(a) aon bhreithiúnas ón Ard-Chúirt le haghaidh aon suime airgid nó aon ordú ón Ard-Chúirt lena gceanglaítear aon suim airgid a íoc (lena n-áirítear breithiúnas a thugtar nó ordú a dhéantar trí thoiliú nó socraíocht a ndéantar riail cúirte di), nó
(b) aon bhreithiúnas ón gCúirt Uachtarach le haghaidh aon suime airgid nó lena ndaingnítear, cibé acu a rinne sé nó nach ndearna sé an céanna a athrú, breithiúnas ón Ard-Chúirt le haghaidh aon suime airgid (lena n-áirítear breithiúnas a thugtar nó ordú a dhéantar trí thoiliú nó socraíocht a ndéantar riail cúirte di), nó

(c) aon bhreithiu´ nas a thaifeadtar sa Phrý´omh-Oifig de bhun na Rialacha seo nó ar scór aon ordaithe haghaidh aon suime airgid,


agus lena mbaineann Rialachán Uimh. 805/2004.


2. Faoi réir Rialachán Uimh. 805/2004, beidh feidhm ag forálacha Orduithe 42, 45 agus 46 de na Rialacha seo, a mhéid a bhaineann siad le breithiúnas baile, maidir le breithiúnas a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach sa Bhallstát tionscnaimh agus lena mbaineann Rialachán 7 de Rialacháin 2005, agus folóidh aon tagairt in aon cheann de na hOrduithe sin 42, 45 agus 46 do “breithiúnas”, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, tagairt do bhreithiúnas den sórt sin a deimhníodh amhlaidh agus lena mbaineann an fhoráil réamhluaite de Rialacháin 2005.
3. Faoi réir Rialachán Uimh. 805/2004, beidh feidhm ag forálacha Orduithe 42, 45 agus 46 de na Rialacha seo, a mhéid a bhaineann siad le breithiúnas baile, más cuí agus le cibé modhnuithe is gá, maidir le socraíocht chúirte dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán Uimh. 805/2004 nó maidir le hionstraim bharántúil a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach sa Bhallstát tionscnaimh agus lena mbaineann Rialachán 7 de Rialacháin 2005, agus folóidh aon tagairt in aon cheann de na hOrduithe sin 42, 45 agus 46 do “breithiúnas”, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, tagairt do shocraíocht chúirte den sórt sin nó d’ionstraim bharántúil den sórt sin a deimhníodh amhlaidh agus lena mbaineann an fhoráil réamhluaite de Rialacháin 2005.

4. (i) I gcás gur thug nó go ndearna Breitheamh den Ard-Chúirt breithiúnas baile, féadfar iarratas ar an mbreithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ag an éisteacht ag a dtugtar nó ag a ndéantar an breithiúnas baile sin, nó mura ndéanfar ag an éisteacht sin é, féadfar é a dhéanamh ex parte de réir fho-riail (2) den riail seo.

(ii) I gcás aon bhreithiúnais baile ón Ard-Chúirt seachas breithiúnas baile a dheimhnítear mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach ag an éisteacht de réir fho-riail (1) den riail seo, is ex parte chun an Mháistir a dhéanfar aon iarratas ar an mbreithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach.

(iii) I gcás gur thug nó go ndearna an Chúirt Uachtarach breithiúnas baile, is ex parte chun na Cúirte sin a dhéanfar aon iarratas ar an mbreithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach.

5. (i) Maidir le hiarratas ar bhreithiúnas baile a dheimhniú mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach, beidh mar fhoras leis, mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Máistir, an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach (de réir mar a bheidh) a mhalairt, mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh, i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn F, Cuid IV nó ina gcorpraítear na nithe atá i míreanna 2 go 5 den Fhoirm sin.

(ii) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a bheidh deimhniú arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 805/2004.

6. (i) I gcás go dtabharfar breithiúnas nó go ndéanfar ordú nó rialú go bhfuil breithiúnas baile a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach tar éis scor de bheith infhorghníomhaithe nó go bhfuil nó go raibh a infhorghníomhaitheacht arna fionraí nó arna teorannú, féadfaidh ceachtar páirtí sna himeachtaí inar tugadh an breithiúnas baile iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na cúirte ar dheimhniú a eisiúint, ina léireofar an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais baile sin, ag an éisteacht ag a dtugtar an breithiúnas is déanaí nó ag a ndéantar an t-ordú nó an rialú is déanaí.

(ii) Mura ndéantar é ag an éisteacht dá dtagraítear i bhfo-riail (1), féadfar iarratas chun na hArd-Chúirte nó (i gcás gurb í an Chúirt Uachtarach an chúirt tionscnaimh), chun na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004, a dhéanamh de réir riail 8 ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorghníomhaitheacht breithiúnais baile.

(iii) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a bheidh deimhniú arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004.

7. (i) Más rud é, ar aon achomharc chuig Breitheamh den Ard-Chúirt nó chun na Cúirte Uachtaraí, go dtugtar breithiúnas nó go ndéantar ordú, rialú nó breith maidir le breithiúnas baile a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach, féadfaidh ceachtar páirtí san achomharc sin iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Uachtaraí (de réir mar a bheidh) ar dheimhniú ionaid a eisiúint ag éisteacht an achomhairc sin, nó ar an mbreithiúnas ar an achomharc sin a thabhairt.

(ii) Mura ndéantar é an tráth dá dtagraítear i bhfo-riail (1), féadfar iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú ionaid a eisiúint a dhéanamh de réir riail 8.

(iii) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a bheidh deimhniú ionaid arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004.

8. Mura ndéantar é de réir riail 6(1) nó (de réir mar a bheidh) riail 7(1) den Ordú seo, is trí fhoriarratas chun an Mháistir nó chun na Cúirte Uachtaraí (de réir mar a bheidh) iar bhfógra don chreidiúnaí breithiúnais nó don fhéichiúnaí breithiúnais, is foriarratas a mbeidh mar fhoras leis, más gá, mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh, a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú a eisiúint ina léirítear an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorghníomhaitheacht breithiúnais baile nó a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú ionaid a eisiúint, agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 52 de na Rialacha seo maidir le haon fhoriarratas den sórt sin. Déanfar dréacht comhlánaithe den fhoirm den deimhniú a lorgaítear a fhoilseánadh le haon mhionnscríbhinn forais in aon iarratas den sórt sin, agus fíorófar sa mhionnscríbhinn forais na hábhair atá sa dréacht-deimhniú sin.

9. (i) Is chun na cúirte a dheimhnigh gur Ordú Forghníomhaithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach a cheartú nó a aistarraingt, nó chun an Mháistir i gcás go ndearna an Máistir an breithiúnas baile a dheimhniú amhlaidh. Sula ndéanfaidh sé iarratas den sórt sin, comhlánóidh an páirtí tionscnaimh an fhoirm iarratais atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 agus déanfaidh sé an fhoirm iarratais chomhlánaithe sin a sheachadadh ar an bPríomh-Oifig, nó (i gcás gurb í an Chúirt Uachtarach an chúirt tionscnaimh) ar Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, a shannfaidh dáta fillte don iarratas sin. Seirbheálfaidh an páirtí tionscnaimh cóip den fhoirm iarratais chomhlánaithe sin ar an gcreidiúnaí breithiúnais nó (de réir mar a bheidh) ar an bhféichiúnaí breithiúnais, mar aon le cóip d’aon mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh chun an t-iarratas a fhorasú. I gcás go lorgaítear ceartú, déanfar cóip d’fhoirm an deimhnithe um Ordú Forghníomhaithe Eorpach a eisíodh roimhe sin a fhoilseánadh le haon mhionnscríbhinn forais in aon iarratas den sórt sin, a bhfuil an ceartú a lorgaítear marcáilte uirthi, agus déanfar na hábhair atá sa deimhniú marcáilte sin a fhíorú sa mhionnscríbhinn forais. Déileálfar le fógra iarratais san fhoirm sin chun gach críche amhail is gur foriarratas chun na cúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an Mháistir é.

(ii) Más rud é, ar aon iarratas faoin riail seo, go gcinntear gur chóir an deimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach i leith an bhreithiúnais baile lena mbaineann a cheartú nó a aistarraingt, déanfaidh an duine ar ar iarratas uaidh a deimhníodh gur Ordú Forghníomhaithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, laistigh de sheacht lá ón gcinneadh sin, an deimhniú bunaidh um Ordú Forghníomhaithe Eorpach maidir leis an mbreithiúnais baile lena mbaineann a thaisceadh sa Phríomh-Oifig nó in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí (i gcás gurb í an Chúirt Uachtarach a dheimhnigh gur Ordú Forghníomhaithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann). I gcás ceartaithe, ceartóidh Cláraitheoir don Ard-Chúirt nó (de réir mar a bheidh) Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí an deimhniú sin agus déanfaidh sé an deimhniú ceartaithe sin a athshíniú, a athshéalú agus, faoi réir aon ordacháin a dhéantar ina leith sin, a atheisiúint chuig an duine ar ar iarratas uaidh a deimhníodh gur Ordú Forghníomhaithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann. I gcás aistarraingthe, déanfaidh an Cláraitheoir sin an deimhniú sin a chealú.

(iii) Más rud é, maidir leis an duine ar ar iarratas uaidh a deimhníodh gur Ordú Forghníomhaithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, go mainneoidh sé an deimhniú bunaidh um Ordú Forghníomhaithe Eorpach a thaisceadh de réir fho-riail (2) laistigh de sheacht lá ó chinneadh, déanfaidh an Cláraitheoir lena mbaineann, ar iarraidh ón iarratasóir, deimhniú faoi shéala na cúirte a sholáthar don iarratasóir á dheimhniú gur ceartaíodh nó (de réir mar a bheidh) gur aistarraingíodh an deimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach. Is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn F, Cuid IV a bheidh an deimhniú sin.

10. (i) Féadfaidh Cláraitheoir don Ard-Chúirt thar ceann na hArd-Chúirte nó (i gcás gur dheonaigh an Máistir iarratas ar an deimhniú lena mbaineann de réir riail 4(2), riail 8 nó riail 9) thar ceann an Mháistir, nó Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí thar ceann na Cúirte Uachtaraí, na deimhnithe seo a leanas a shíniú agus a shéalú:

(a) deimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach — breithiúnas (Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) (lena n-áirítear, chun amhras a sheachaint, an deimhniú sin arna cheartú de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 805/2004 agus de réir riail 9(2) den Ordú seo);
(b) deimhniú maidir le heaspa infhorghníomhaitheachta nó le teorainn infhorghníomhaitheachta, (Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004;

(c) deimhniú ionaid um Ordú Forghníomhaithe Eorpach, (Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004;

(d) aon deimhniú is dóigh is gá de réir riail 9(3) den Ordú seo.

(ii) Féadfaidh an Cláraitheoir lena mbaineann, ar iarraidh ón iarratasóir chuige sin, dúblach d’aon cheann de na deimhnithe dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a eisiúint.
(iii) Féadfaidh an Máistir, an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach (de réir mar a bheidh) a ordú don iarratasóir dréacht den fhoirm chomhlánaithe de dheimhniú a thaisceadh, i gcás nach bhfuiltear tar éis an dréacht-deimhniú sin a fhoilseánadh cheana féin le mionnscríbhinn atá mar fhoras leis an iarratas ar an deimhniú.

11. I gcás go ndéanfaidh creidiúnaí breithiúnais iarratas ar bhearta forghníomhaithe faoi Ordú 42, Ordú 45 nó Ordú 46 de na Rialacha seo, i leith breithiúnais a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach i mBallstát tionscnaimh seachas an Stát, déanfaidh an creidiúnaí breithiúnais sin, i dteannta na doiciméid is gá mar thaca le hiarraidh nó le hiarratas an chreidiúnaí breithiúnais ar na bearta sin a thabhairt ar aird don oifigeach cuí, na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a thabhairt ar aird don oifigeach cuí.

12. Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh chun na hArd-Chúirte, arb é “Maidir le hAirteagal 21 de Rialachán Uimh. 805/2004” an teideal a bheidh air, a dhéanfaidh féichiúnaí iarratas ar fhorghníomhú a dhiúltú faoi Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 805/2004 agus beidh mar fhoras leis an iarratas mionnscríbhinn arna mionnú ag an bhféichiúnaí nó thar ceann an fhéichiúnaí. Ach amháin i gcás go gceadóidh an Ard-Chúirt a mhalairt, ar a bheith deimhin di gur iarratas práinneach an t-iarratas, déanfaidh an féichiúnaí cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh agus den mhionnscríbhinn dá dtagraítear sa riail seo (agus d’aon fhoilseáin leis an mionnscríbhinn sin) (a) a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a shocraítear chun an fógra foriarratais tionscnaimh a éisteacht, ar an duine ar eisíodh an tOrdú Forghníomhaithe Eorpach chuige agus (b) a sheirbheáil ar cibé duine nó daoine eile a ordóidh an Ard-Chúirt.

13. (i) I gcás go mbeidh féichiúnaí tar éis agóid a dhéanamh, sa Bhallstát tionscnaimh, de réir Airteagal 23 de Rialachán Uimh. 805/2004, i gcoinne breithiúnais a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach, lena n-áirítear iarratas ar athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 805/2004, nó i gcás go mbeidh sé tar éis iarratas a dhéanamh ar dheimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach a cheartú nó a aistarraingt de réir Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 805/2004, is trí fhógra foriarratais tionscnaimh chun na hArd-Chúirte, arb é “Maidir le hAirteagal 23 de Rialachán Uimh. 805/2004” an teideal a bheidh air, a dhéanfaidh féichiúnaí iarratas ar aon fhaoiseamh faoi Airteagal 23 de Rialachán Uimh. 805/2004 agus beidh mar fhoras leis an iarratas mionnscríbhinn arna mionnú ag an bhféichiúnaí nó thar ceann an fhéichiúnaí. Leagfar amach sa mhionnscríbhinn sin go bhfuil an féichiúnaí tar éis agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach nó go bhfuil sé tar éis iarratas a dhéanamh ar dheimhniú um Ordú Forghníomhaithe Eorpach a cheartú nó a aistarraingt agus foilseánfar inti cóip d’aon doiciméad (agus, i gcás nach mbeidh an doiciméad sin i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Stáit, aistriúchán deimhnithe den chéanna) lena ndearnadh an agóid nó an t-iarratas sin.

(ii) Ach amháin i gcás go gceadóidh an Ard-Chúirt a mhalairt, ar a bheith deimhin di gur iarratas práinneach an t-iarratas, déanfaidh an féichiúnaí cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh agus den mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (1) (agus d’aon fhoilseáin leis an mionnscríbhinn sin) (a) a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a shocraítear chun an fógra foriarratais tionscnaimh a éisteacht, ar an duine ar eisíodh an tOrdú Forghníomhaithe Eorpach chuige agus (b) a sheirbheáil ar cibé duine nó daoine eile a ordóidh an Ard-Chúirt.

14. Maidir le creidiúnaí breithiúnais i leith breithiúnais a deimhníodh mar Ordú Forghníomhaithe Eorpach i mBallstát tionscnaimh seachas an Stát, beidh sé de chead aige iarratas a dhéanamh chuig an oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig chun go gcuirfear faoi deara sonraí an Ordaithe Forghníomhaithe Eorpaigh a thaifeadadh sna leabhair a choimeádtar chun na críche atá leagtha amach in Ordú 41, riail 6 sa tslí chéanna dá bhforáiltear in Ordú 41, riail 6 i ndáil le breithiúnais bhaile. Chun amhras a sheachaint, ní bheidh d’oibleagáid ar chreidiúnaí breithiúnais dá dtagraítear sa riail seo iarratas a dhéanamh chuig an oifigeach cuí chun na críche seo.