Ordú 124

An éifeacht a bheidh le neamhchomhlíonadh na Rialacha

1. Ní thabharfaidh neamhchomhlíonadh na Rialacha seo go mbeidh aon imeachtaí ar neamhní mura rud é go n-ordóidh an Chúirt é, ach féadfar na himeachtaí sin a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach mar imeachtaí neamhrialta, nó a leasú, nó déileáil leo ar shlí eile ar cibé modh agus ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt.

2. Ní cheadófar aon iarratas chun aon imeacht a chur ar ceal mar gheall ar neamhrialtacht mura rud é go ndéanfar é laistigh de thréimhse réasúnach ama, ná más rud é go mbeidh aon bheart úr déanta ag páirtí an iarratais tar éis an neamhrialtacht a theacht ar eolas.

3. I gcás ina ndéanfar iarratas chun imeachtaí a chur ar ceal mar gheall ar neamhrialtacht, déanfar na hagóidí uile agus faoi seach a mbeifear ar intinn seasamh orthu a lua san fhógra foriarratais.